Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022IR0194

    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

    COR 2022/00194

    IO C 301, 5.8.2022, p. 40–44 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    5.8.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 301/40


    Tuairim ó Choiste Eorpach na Réigiún — Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

    (2022/C 301/07)

    Rapóirtéir:

    Elio DI RUPO (BE/PSE), Céad-Aire na Vallúine

    Doiciméad tagartha:

    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle, chuig an mBanc Ceannais Eorpach, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún Geilleagair an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch

    COM(2021) 662 final (níl leagan Gaeilge ann)

    MOLTAÍ BEARTAIS

    TÁ COISTE EORPACH NA RÉIGIÚN (CnaR)

    1.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an Teachtaireacht ón gCoimisiún Eorpach The EU economy after COVID-19: implications for economic governance agus an toilteanas atá léirithe aige sa teachtaireacht sin na rialacha eacnamaíocha agus buiséadacha a leasú, lena n-áirítear an tionchar a bhí agus atá ag géarchéim COVID-19 a chur san áireamh; á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin an fógra maidir le togra reachtach a thíolacadh faoi lár 2022;

    2.

    den tuairim nach mór na tograí ó na saoránaigh a pléadh i gcomhthéacs na Comhdhála ar Thodhchaí na hEorpa a chur san áireamh freisin san athchóiriú ar chreat rialachais eacnamaíoch na hEorpa;

    3.

    ag meabhrú na dtorthaí, go háirithe na torthaí sin a leagadh síos sna tuarascálacha ar Bharaiméadar 2020 agus ar Bharaiméadar 2021 (1), a léiríonn go bhfuil an tionchar iltaobhach a bhí agus atá ag géarchéim COVID-19 éagothrom agus go bhfuil gnéithe réigiúnacha i gceist leis. Cuireann an tionchar sin leis na difríochtaí a bhí ann cheana idir réigiúin sna Ballstáit agus san Aontas, toisc na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha a bheith fós i mbrollach an chatha, ní hamháin chun cur i gcoinne na paindéime agus na n-éifeachtaí atá aici, ach chun bearta a chur chun feidhme a thacóidh le daoine agus le gnólachtaí agus lena ndéanfar réidh le haghaidh téarnamh inbhuanaithe céim ar chéim;

    4.

    á thabhairt dá aire go bhfuil saoránaigh ann ar fud an Aontais atá ag iarraidh ar na húdaráis phoiblí, na Ballstáit, na réigiúin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha cabhrú leo agus iad ag tabhairt aghaidh ar iarmhairtí phaindéim COVID-19 agus ar an aistriú glas agus an t-aistriú digiteach atá á éileamh ag an Aontas Eorpach agus freisin, faoi láthair, ar iarmhairtí an chogaidh san Úcráin;

    5.

    á chur i bhfáth go raibh easpa mór infheistíochta i roinnt Ballstát fiú sular tharla géarchéim COVID-19, mar shampla san athnuachan bonneagair agus foirgneamh, agus gur cuireadh infheistíochtaí poiblí ar athlá le go bhféadfaí iarrachtaí áirithe chun dul i ngleic leis an ngéarchéim a mhaoiniú. Dá fhaide a chuirfear na hinfheistíochtaí sin ar an méar fhada, áfach, is daoire a bheidh siad;

    6.

    á thabhairt dá aire go bhfuil tráth cinniúnach ann don Aontas Eorpach agus go mbeidh air teacht ar mhodhanna agus ar acmhainní lena bhféadfaidh sé comhtháthú agus rathúnas shaoránaigh na hEorpa a áirithiú;

    Ag dul i ngleic leis an ngéarchéim

    7.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó an rath a bhí ar an gclár SURE, clár a mhaoinítear le bannaí arna n-eisiúint ag an gCoimisiún Eorpach; á iarraidh ar an gCoimisiún a áirithiú go ndéanfar an obair leantach chuí trí Pháipéar Bán a thíolacadh, ina gcuirfí i láthair, bunaithe ar mheasúnú ar an gclár SURE, na roghanna beartais le haghaidh scéim bhuan Eorpach athárachais dífhostaíochta;

    8.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó freisin an rath a bhí ar na bannaí glasa a eisíodh faoin tionscnamh NextGenerationEU – an eisiúint bannaí glasa is mó ar domhan – lena gcuirtear leis an maoiniú a thugtar d’infheistíochtaí i ngníomhú ar son na haeráide tríd an tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta;

    9.

    á thabhairt le fios athuair go dtacaíonn sé le gníomhachtú an chlásail éalaithe ghinearálta atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis, rud a tharla den chéad uair riamh i stair an limistéir euro. Bhí gníomhachtú an chlásail sin an-tábhachtach don chaoi ar éirigh leis na Ballstáit, na réigiúin agus na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha dul i ngleic leis an ngéarchéim trí bheith in ann leas iomlán a bhaint as na cistí poiblí chun iarmhairtí phaindéim COVID-19, iarmhairtí sóisialta go háirithe, a mhaolú;

    10.

    á chur i bhfáth go bhfuil sé léirithe ag an gcogadh san Úcráin go bhfuil tábhacht san Aontas Eorpach le neamhspleáchas fuinnimh agus nach mór dlús a chur leis an aistriú fuinnimh; imníoch, áfach, go bhfágfaidh aicmiú na cumhachta gáis agus núicléiche mar fhuinneamh inbhuanaithe sa Rialachán maidir le Tacsanamaíocht go dtabharfar dreasachtaí a thagann salach ar an méadú tapa atá faoin bhfuinneamh inbhuanaithe;

    11.

    á thabhairt le fios gur oth leis go bhfuil méadú tagtha ar an bhfiachas poiblí de thoradh na mbeart sin: d’ardaigh an fiachas poiblí 13 phointe céatadáin in 2020, agus baineadh amach 92 % den olltáirgteacht intíre (OTI) san Aontas, agus 100 % di sa limistéar euro (2);

    12.

    den tuairim go bhfágfadh sé, dá ndéanfaí an clásal éalaithe atá sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis a dhíghníomhachtú faoi láthair, i bhfianaise an reachta ina bhfuil an creat rialachais eacnamaíoch agus na géarchéime fuinnimh, na héagobhsaíochta geopholaitiúla agus an téarnaimh ó phaindéim COVID-19, gurbh é an toradh a bheadh ar an laghdú fiachais a theastódh dá leithéid go mba ghá filleadh ar na beartais déine, agus go mbeadh costas mór eacnamaíoch, sóisialta agus comhshaoil i gceist leis; á iarraidh, dá bhrí sin, go bhfanfadh an clásal éalaithe ginearálta i ngníomh go dtí go gcuirfear creat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe i bhfeidhm a luaithe is féidir;

    13.

    ag tacú leis an measúnú a rinne an Bord Fioscach Eorpach ar an ngá atá le hathchóiriú a dhéanamh ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis chun inbhuanaitheacht an fhiachais phoiblí a bhaint amach, agus gan ach príomhriail oibríochtúil amháin a bheith ann, is é sin tagarmharc maidir leis an gcaiteachas poiblí, le go bhféadfaí an cóimheas fiachais a laghdú de réir a chéile go dtí leibhéal inmharthana ar luas a bheadh in oiriúint do na cúinsí náisiúnta (3);

    Creat rialachais athbhreithnithe

    14.

    á chur i bhfáth go mbíonn tionchar nach beag ag creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa ar gach leibhéal rialtais, agus go háirithe ar na rialtais áitiúla agus réigiúnacha ós rud é gur orthusan a thiteann sé aon trian den chaiteachas poiblí beagnach, agus níos mó ná leath na hinfheistíochta poiblí san Aontas ina iomláine, a riar, cé gurb ann d’éagsúlachtaí móra ó Bhallstát go chéile (4);

    15.

    á thabhairt le fios an athuair go bhfuil cúig mhórlocht ar an gComhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis agus ar ghnéithe eile de chreat rialachais eacnamaíoch na hEorpa: drochéifeachtaí comh-thimthriallacha, róchastacht, easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta, nach leor an aird a thugtar ar tháscairí a bhaineann leis an bhforbairt inbhuanaithe agus an dea-bhail, agus, ar deireadh, easpa trédhearcachta agus dlisteanachta daonlathaí;

    16.

    den tuairim nach mór próiseas trédhearcach ceaptha beartas a áirithiú sa chreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe trí pháirt a thabhairt do pharlaimintí Eorpacha agus náisiúnta agus, ag brath ar inniúlachtaí inmheánacha na mBallstát, do thionóil pharlaiminteacha a bhfuil cumhachtaí reachtacha acu. Ní mór páirt a thabhairt freisin do na húdaráis áitiúla agus réigiúnacha, na comhpháirtithe sóisialta, an tsochaí shibhialta agus lucht léinn;

    17.

    den tuairim nach mór a chur san áireamh sa chreat athbhreithnithe freisin an leibhéal an-ard fiachais phoiblí is gá a ísliú de réir a chéile, óir ní fhéadfaí é a laghdú go mór thar oíche ar na cúiseanna a leanas: géarchéim COVID-19, an costas a bhaineann le tubaistí nádúrtha agus cúinsí eisceachtúla eile, na difríochtaí móra idir na Ballstáit agus laistigh díobh, an socrú nua maicreacnamaíoch (rátaí bannaí an-íseal, beartas airgeadaíochta teoranta agus éiginnteacht mhór maidir le boilsciú, rátaí úis agus an margadh saothair), an gá le beartais déine a sheachaint, agus tosaíochtaí comhshaoil, fuinnimh, teicneolaíochta agus sóisialta;

    18.

    á thabhairt le fios an athuair go bhfuil sé i bhfabhar deireadh a chur leis an gcinnteoireacht d’aon toil i réimse an chánachais, ionas go bhféadfadh an tAontas Eorpach na cinntí is gá a dhéanamh trí thromlach cáilithe, mar a dhéantar i réimsí beartais eile, toisc go bhfágann sé gur féidir dul chun cinn a dhéanamh maidir leis an troid i gcoinne mí-úsáid cánach agus maidir le comhroinnt faisnéise idir na Ballstáit. Leis an bhforáil sin, leantar de na hinniúlachtaí náisiúnta, réigiúnacha nó áitiúla a urramú maidir le cánacha a bhailiú nó rátaí cánach a shocrú;

    19.

    á áitiú an athuair go mbeadh na rialacha atá le cur i bhfeidhm sothuigthe ag na rialtais náisiúnta, réigiúnacha agus áitiúla agus ag an bpobal; á chur in iúl gur díol sásaimh dó, ina leith sin, go dtacaíonn an Coimisiún le rialacha cánach níos simplí ina n-úsáidfí táscairí soiléire; á mheabhrú gur den ríthábhacht é cobhsaíocht fhritimthriallach a choigeartófaí go timthriallach a chur san áireamh;

    20.

    den tuairim nach ar chaiteachas cliste amháin ba cheart creat rialachais atá dírithe ar bhuiséid fhónta a áirithiú a bhunú, ach ar ioncam fónta agus cothrom freisin; á mheabhrú go bhfágann seachaint cánach agus calaois chánach go mbíonn na buiséid phoiblí gann sna céadta billiún euro gach bliain san Aontas agus go bhfuil an comhrac i gcoinne na calaoise cánach ar cheann de na príomhréimsí ar mhian le méid mór daoine san Eoraip beart níos láidre ón Aontas ina leith;

    21.

    den tuairim nach mór don rialachas eacnamaíoch cothromaíocht a aimsiú idir, ar thaobh amháin, táscairí a bhaineann leis an smacht buiséadach agus, ar an taobh eile, táscairí a bhaineann leis an gcomhtháthú sóisialta agus le soláthar bonneagair agus seirbhísí de leas ginearálta eacnamaíoch, amhail an tsláinte phoiblí agus an dea-bhail; den tuairim, dá bhrí sin, nach mór cuspóirí sóisialta agus eacnamaíocha eile a chur san áireamh i gcreat rialachais eacnamaíoch athbhreithnithe, i gcomhréir leis an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha ina bhfuil níos mó táscairí éagsúla, lena n-áirítear rátaí dífhostaíochta. Níor cheart tosaíocht níos ísle a thabhairt do na hábhair imní sin i gcomparáid le táscairí a bhfuil baint acu leis an smacht buiséadach;

    22.

    á mholadh arís go leathnófaí an nós imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha chun táscairí tánaisteacha a bhaineann le héagothromaíochtaí réigiúnacha a chur san áireamh ann; den tuairim go bhféadfaí a chur san áireamh ann freisin an dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme na spriocanna forbartha inbhuanaithe (SDGanna), ar spriocanna iad a thacaíonn ní hamháin le cosaint an chomhshaoil ach le critéir shóisialta, eacnamaíocha agus rialachais freisin, agus a dtacaíonn 193 stát ar fud an domhain leo;

    23.

    á thabhairt le fios go mbíonn éifeachtaí difriúla i réigiúin éagsúla ag na bearta ceartaitheacha a dhéantar mar chuid de na nósanna imeachta um míchothromaíochtaí maicreacnamaíocha sna Ballstáit agus go ndéanann na bearta sin dochar go háirithe do réigiúin ina bhfuil geilleagair nach bhfuil chomh héagsúlaithe sin, amhail na réigiúin is forimeallaí, a bhfuil srianta struchtúracha agus eisceachtúla orthu mar a shainítear in Airteagal 349 CFAE. Bíonn na réigiúin sin an-íogair do thurraingí eisginiúla agus bíonn tionchar níos mó ag beartais eacnamaíocha chrapthacha ar laghdú na hinfheistíochta agus na fostaíochta iontu;

    Cur chun cinn ciallmhar na hinfheistíochta poiblí

    24.

    den tuairim fós gurb é creat rialachais eacnamaíoch na hEorpa is cúis, go pointe áirithe, leis an titim mhór san infheistíocht phoiblí a tharla tar éis ghéarchéim an limistéir euro toisc nach gcuirtear san áireamh ann go leormhaith an difríocht idir an caiteachas reatha agus caiteachas infheistíochta fadtéarmaí. Idir 2009 agus 2018, thit an infheistíocht phoiblí 20 % ar an iomlán san Aontas (mar sciar de OTI). Bhí titim beagnach 25 % ar an infheistíocht a rinne údaráis áitiúla agus réigiúnacha agus bhí sin chomh híseal le 40 % i roinnt de na Ballstáit is measa a buaileadh le linn na géarchéime (5); den tuairim go bhfuil sé tábhachtach a áirithiú nach dtarlódh a leithéid arís tar éis ghéarchéim COVID-19; á thabhairt dá aire go bhféadfadh ról cinniúnach a bheith ag infheistíocht an leibhéil áitiúil agus réigiúnaigh sa téarnamh eacnamaíoch;

    25.

    á chur i bhfáth gur shuígh an Bord Fioscach Eorpach go bhféadfadh na Ballstáit sin a bhfuil ráta ard infheistíochta poiblí acu laghdú suntasach a dhéanamh ar an infheistíocht sin le linn an nós imeachta um easnamh iomarcach (6), agus gur thug an Coimisiún féin faoi deara nár chuir an creat buiséadach cosc ar an laghdú infheistíochta sin (7);

    26.

    á chur i bhfáth go raibh CnaR den bharúil cheana féin sa tuairim uaidh maidir leis an teachtaireacht léirmhínitheach (2015) ón gCoimisiún faoin ábhar sin (8) go raibh an tsolúbthacht atá ann faoi láthair le haghaidh infheistíochtaí sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis róshriantach agus rótheoranta. Ina theannta sin, níor iarr ach dhá Bhallstát an tsolúbthacht sin agus, fiú sa dá chás sin, is an-bheag an tionchar a bhí aici;

    27.

    á chur i bhfáth go bhfuil ar an Aontas Eorpach, ag an am céanna, déileáil le héileamh mór ar mhaoiniú chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin atá roimhe faoi láthair: EUR 600 billiún sa bhliain dar leis an gCoimisiún don aistriú glas agus don aistriú digiteach (9), agus beagnach EUR 200 billiún sa bhliain le haghaidh bonneagar sóisialta (10);

    28.

    den tuairim go bhféadfadh sé tarlú, sa chomhthéacs reatha ina bhfuil éileamh mór ar infheistíocht, go bhfágfadh díspreagadh an bhuiséadaithe easnaimh le haghaidh na hinfheistíochta poiblí mar a dhéantar sa chreat airgeadais reatha, lena n-áirítear infheistíochtaí ó údaráis áitiúla agus réigiúnacha, go spreagfaí tearcinfheistíocht, rud a dhéanfadh dochar do na glúine atá le teacht agus spriocanna na todhchaí, amhail spriocanna aeráide an Aontais;

    29.

    á chur in iúl gur díol sásaimh dó gur aithin an Coimisiún go soiléir go bhfuil gá leis an gcreat rialachais chun infheistíochtaí a spreagadh, go háirithe infheistíochtaí poiblí a chuireann leis an aistriú glas, an t-aistriú digiteach agus an athléimneacht;

    30.

    á iarraidh an athuair, mar atá iarrtha aige go minic cheana, i gcás chaiteachas poiblí na mBallstát agus na n-údarás áitiúil agus réigiúnach ar chómhaoiniú na gCistí Struchtúracha agus Infheistíochta i gcomhréir leis na huasteorainneacha comhfhreagracha do chómhaoiniú AE, nár cheart an caiteachas sin a áireamh mar chaiteachas poiblí nó struchtúrach comhionann mar atá sainithe sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis: “riail óir an chómhaoinithe”; á chur i bhfáth a thábhachtaí atá infheistíochtaí poiblí, amhail infheistíocht san aistriú inbhuanaithe glas, digiteach agus sóisialta agus chun iomaíochas na hEorpa a áirithiú, do na glúine atá le teacht agus gur cheart caitheamh leo go hiomchuí;

    31.

    á chur i bhfáth, i ngeall ar an gcineál tionscadail a fhaigheann tacaíocht ó na Cistí Struchtúracha agus Infheistíochta, go dtacódh riail óir den chineál sin, go háirithe, leis na hiarrachtaí atá á ndéanamh chun dul i ngleic leis na mórdhúshláin atá ann faoi láthair agus tosaíochtaí Eorpacha a chur chun feidhme. Orthu sin tá an comhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach; neartú na hathléimneachta; beartais shóisialta, chomhshaoil agus dhigiteacha a chur chun feidhme, etc. Trí thosaíocht a thabhairt dóibh sin sa chreat airgeadais, chuirfí le comhtháthú ginearálta na mbeartas Eorapch;

    32.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún, tar éis dó na tograí uaidh a athfhoirmliú chun an damáiste eacnamaíoch agus buiséadach de dheasca COVID-19 a chur san áireamh, Páipéar Bán a thíolacadh maidir le hathchóiriú an chreata rialachais eacnamaíoch trí, b’fhéidir, riail óir den chineál sin a bhunú i gcomhréir leis na huasteorainneacha comhfhreagracha do chómhaoiniú AE. Ba cheart don Choimisiún le linn an mheasúnaithe a dhéanfaidh sé uirlisí eile a mheas, amhail riail an chaiteachais, lena bhforchuirfí, ar bhonn an fháis eacnamaíoch treochta agus ar bhonn leibhéal an fhiachais, uasteorainn ar fhás bliantúil chaiteachas iomlán an rialtais. D’fhágfadh uasteorainn dá leithéid go gcuirfí le muinín an phobail tríd an trédhearcacht a spreagadh, ualaí riaracháin a laghdú agus cothromaíocht a bhaint amach idir an smacht buiséadach agus dóthain acmhainní don infheistíocht phoiblí;

    33.

    á mheabhrú gur infheistíocht ar son leas coiteann na hEorpa is ea an caiteachas sin agus go bhfuil cruthúnas ann ar an éifeacht ghiarála atá aige ó thaobh an fháis inbhuanaithe de agus maidir leis an gcomhtháthú críochach a chur chun cinn;

    34.

    ag iarraidh, ina theannta sin, “riail óir” maidir leis an gcomhtháthú glas agus sóisialta a thabhairt isteach, le nach n-áireofaí sna cuntais na hinfheistíochtaí poiblí i dtionscadail atá dírithe ar an aistriú chuig sochaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil, an gheilleagair agus na sochaí de, mar a shainmhínítear sna SDGanna agus sa Chomhaontú Glas, toisc go n-aithnítear go bhfuil na hinfheistíochtaí sin bunriachtanach ní hamháin i ndáil leis an téarnamh tar éis ghéarchéim COVID-19, ach i ndáil le rathúnas agus cáilíocht saoil na nglún atá le teacht freisin;

    35.

    á mholadh mar réiteach eile a d’fhéadfaí a úsáid na rialtais áitiúla agus réigiúnacha a dhíolmhú ón oibleagáid rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm. In 2019, bhí an infheistíocht phoiblí san earnáil sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh cothrom le 49,2 % den infheistíocht phoiblí iomlán (11), agus níl san ollfhiachas in earnáil rialtais áitiúil an Aontais Eorpaigh ach 6,0 % d’olltáirgeacht intíre an Aontais Eorpaigh (12), rud nach cúis, dá bhrí sin, le fiachas poiblí ard. Thairis sin, ní charnann na rialtais áitiúla fiachas ach chun infheistíocht a dhéanamh agus ní chun cobhsú maicreacnamaíoch a dhéanamh leis an gcaiteachas reatha, agus bíonn na rialtais áitiúla faoi réir fhormhaoirseacht an rialtais réigiúnaigh nó náisiúnta ar a mbuiséad inmheánach. Áitíonn an Coiste go láidir ar an gCoimisiún féachaint an bhféadfaí údaráis áitiúla a dhíolmhú ón oibleagáid rialacha an Chomhshocraithe Cobhsaíochta agus Fáis a chur i bhfeidhm;

    36.

    den tuairim gur gá, i gcoitinne, an prionsabal “gan dochar a dhéanamh don chomhtháthú”, prionsabal atá luaite sa Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir leis an 8ú Tuarascáil faoin gComhtháthú, a chur san áireamh d’fhonn comhlántacht an bheartais comhtháthaithe agus beartais eile an Aontais agus na sineirgí eatarthu a áirithiú, agus a sheachaint, ar an gcaoi sin, go gcuirfí isteach ar phróiseas an chóineasaithe nó go méadófaí ar na héagothromaíochtaí réigiúnacha;

    37.

    ag iarraidh ar an gCoimisiún togra reachtach a thíolacadh, idir seo agus deireadh 2022, chun athmhúnlú a dhéanamh ar an gcreat rialachais eacnamaíoch, athmhúnlú a bheadh bunaithe, go háirithe, ar chur chun feidhme na rialacha “óir” sin agus riail an chaiteachais, le go bhféadfaí cothromaíocht a bhaint amach idir an smacht buiséadach agus dóthain acmhainní don infheistíocht phoiblí;

    38.

    á mholadh, mar sin féin, d’fhonn a áirithiú go mbeadh an caiteachas arna shainaithint ag na rialtais mar chaiteachas a thagann faoi cheann de na rialacha “óir” sin i gcomhréir leis na rialacha, go mbeadh cur i bhfeidhm na rialacha sin faoi réir dianfhaireachais ar dhá leibhéal: na comhairlí náisiúnta neamhspleácha cánach agus an Bord Fioscach Eorpach, a chuirfeadh tuarascálacha bliantúla poiblí faoi bhráid na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa;

    Athbhreithniú suntasach ar an Seimeastar Eorpach

    39.

    á chur i bhfáth go bhfuil easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta ó thaobh athchóirithe a dhéanamh i gceist sa rialachas eacnamaíoch a chuirtear chun feidhme sa chleachtas trí thimthriall comhordaithe an tSeimeastair Eorpaigh;

    40.

    á chur i bhfáth freisin nár sainmhíníodh riamh i dtéacsanna dlí AE raon feidhme na n-athchóirithe a mheastar faoin Seimeastar Eorpach, go háirithe i ndáil lena n-ábharthacht agus lena mbreisluach ar leibhéal an Aontais. Fágann an easpa sainmhínithe sin go bhfuil teorainn leis an gcaidreamh a d’fhéadfadh a bheith ann idir na hathchóirithe a dhéantar ar an leibhéal náisiúnta agus beartais an Aontais (reachtaíocht agus cláir airgeadais), rud a chruthaíonn fadhb maidir le prionsabal na coimhdeachta;

    41.

    den tuairim gur cheart na ceanglais maidir leis an gcomhshaol agus an comhtháthú sóisialta atá sainithe in SDGanna na Náisiún Aontaithe, spriocanna a gheall an tAontas Eorpach agus na Ballstáit a bhaint amach faoi 2030, a chur chun feidhme sa Seimeastar Eorpach ar bhonn cothrom agus i gcomhréir leis na spriocanna eacnamaíocha agus airgeadais;

    42.

    den tuairim láidir gur dócha go bhfágfaidh an togra le haghaidh cód iompair maidir le rannpháirtíocht na n-údarás áitiúil agus réigiúnach sa Seimeastar Eorpach (13) go leigheasfar easpa éifeachtúlachta agus éifeachtachta an tSeimeastair, toisc go gcuirfear an dearcadh áitiúil agus réigiúnach san áireamh ar bhealach níos fearr, agus go bhfuil cur chun feidhme an togra sin fós riachtanach, go háirithe ós rud é go bhfuil na pleananna náisiúnta i gcomhthéacs na Saoráide Téarnaimh agus Athléimneachta bunaithe, i bpáirt, ar mholtaí tír-shonracha an tSeimeastair Eorpaigh;

    43.

    den tuairim go bhfágfadh coigeartú dúbailte den sórt sin ar an Seimeastar Eorpach, maidir leis na cuspóirí agus leis na próisis oibriúcháin, go neartófaí dlisteanacht dhaonlathach an tSeimeastair agus chóras rialachais eacnamaíoch an Aontais ina iomláine, dlisteanacht atá i bhfad ró-lag faoi láthair.

    An Bhruiséil, 27 Aibreán 2022

    Uachtarán Choiste Eorpach na Réigiún

    Apostolos TZITZIKOSTAS


    (1)  Coiste Eorpach na Réigiún, Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais, 2020, 12 Deireadh Fómhair 2020 agus Baraiméadar Bliantúil Réigiúnach agus Áitiúil an Aontais, 2021, 12 Deireadh Fómhair 2021.

    (2)  An Coimisiún Eorpach, European Economic Forecast for Autumn 2021, Páipéar Institiúideach 160, Samhain 2021.

    (3)  Féach Tuarascáil Bhliantúil 2021 an Bhoird Fhioscaigh Eorpaigh: https://bit.ly/3HqqvIQ.

    (4)  Figiúirí 2018. Foinse: Eurostat, cóid sonraí: TEC00023 agus TEC00022.

    (5)  Eurostat, cód sonraí: TEC00022

    (6)  An Bord Fioscach Eorpach, Assessment of EU fiscal rules with a focus on the six and two-pack legislation, lch. 76.

    (7)  An Coimisiún Eorpach, Economic governance review [Athbhreithniú ar an rialachas eacnamaíoch] (COM(2020) 55 final, 5 Feabhra 2020).

    (8)  Tuairim ó CnaR An úsáid is fearr a bhaint as an tsolúbthacht laistigh de na rialacha sa Chomhshocrú Cobhsaíochta agus Fáis (COR-2015-01185) (IO C 313, 22.9.2015, lgh. 22), rapóirtéir: Olga Zrihen (BE/PSE), a glacadh an 9 Iúil 2015 (níl leagan Gaeilge ann).

    (9)  An Coimisiún Eorpach, The EU economy after COVID-19: implications for economic governance [Geilleagar an Aontais Eorpaigh tar éis COVID-19: impleachtaí don rialachas eacnamaíoch], COM(2021) 662 final, 19 Deireadh Fómhair 2020.

    (10)  Doiciméad Inmheánach Oibre de chuid an Choimisiúin Eorpaigh, Identifying Europe’ s recovery needs [Riachtanais téarnaimh na hEorpa a shainaithint], SWD(2020) 98 final, 27 Bealtaine 2020.

    (11)  Foinse: Cuntais náisiúnta Eurostat.

    (12)  Foinse: Cuntais náisiúnta Eurostat.

    (13)  Tuairim ó CnaR Feabhas a Chur ar Rialachas an tSeimeastair Eorpaigh: Cód Iompair maidir le Rannpháirtíocht na nÚdarás Áitiúil agus Réigiúnach (COR-2016-05386) (IO C 306, 15.9.2017, lch. 24) rapóirtéir: Rob Jonkman (NL/ECR), a glacadh an 11 Bealtaine 2017 (níl leagan Gaeilge ann).


    Top