Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0314

    Cás T-314/22: Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – an Pholainn v an Coimisiún

    IO C 276, 18.7.2022, p. 19–19 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    18.7.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 276/19


    Caingean arna tabhairt an 25 Bealtaine 2022 – an Pholainn v an Coimisiún

    (Cás T-314/22)

    (2022/C 276/27)

    Teanga an cháis: an Pholainnis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Poblacht na Polainne (ionadaí: B. Majczyna, Gníomhaire)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg:

    An cinneadh ón gCoimisiún Eorpach atá sa litir dar dáta an 16 Bealtaine 2022, maidir le fritháireamh na méideanna i leith na n-íocaíochtaí pionósachalaethúla a d’ordaigh Leas-Uachtarán na Cúirte Breithiúnais an 20 Meán Fómhair 2021 (Poblacht na Seice v an Pholainn, C-121/21 R, EU:C:2021:752) don tréimhse idir an 18 Eanáir 2022 agus an 3 Feabhra 2022, a neamhniú;

    A ordú don Choimisiún Eorpach na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, ardaíonn an t-iarratasóir dhá saincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena líomhnaítear easpa inniúlachta an Choimisiúin agus sárú ar Airteagail 101 agus 102, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 98, de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, a mhéid a chuireann sé an nós imeachta maidir le haisghabháil méideanna dlite trí fhritháireamh since nach raibh ann do na méideanna sin a thuilleadh. Áitíonn an t-iarratasóir nach raibh aon bhunús dlí ag an gCoimisiún chun an cinneadh atá faoi chonspóid a ghlacadh os rud é go raibh éifeachtaí ordú an 20 Meán Fómhair 2021 tar éis dul in éag go cúlghabhálach toisc gur tháinig Rialtas na Polainne agus Rialtas na Seice ar chomhaontú cairdiúil, inar comhaontaíodh aon éileamh a bhí ag an dá pháirtí a tharscaoileadh agus Cás C-121/21 (2) a bhaint ó chlár na Cúirte Breithiúnais.

    2.

    An dara saincheist dlí lena líomhnaítear sárú ar Airteagal 296 CFAE agus Airteagal 41(2)(c) agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh sa mhéid nach bhfuil ráiteas leordhóthanach ar na cúiseanna sa chinneadh atá faoi chonspóid. Áitíonn an t-iarratasóir gur mhainnigh an Coimisiún, agus an cinneadh atá faoi chonspóid á ghlacadh aige, ráiteas ar na cúiseanna a thabhairt, de réir mar a cheanglaítear air leis an gConradh agus le cásdlí na Cúirte Breithiúnais, maidir leis an mbunús dlí leis an nós imeachta arna chur chun feidhme leis an gcinneadh sin chun na méideanna dlite a aisghabháil.


    (1)  Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena n-aisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO 2018 L 193, lch. 1).

    (2)  Ordú an 4 Feabhra 2022, Poblacht na Seice v an Pholainn (Mine de Turów), C-121/21, nár foilsíodh, EU:C:2022:82.


    Top