This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62022TN0248
Case T-248/22: Action brought on 6 May 2022 — Mordashov v Council
Cás T-248/22: Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Mordashov v An Chomhairle
Cás T-248/22: Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Mordashov v An Chomhairle
IO C 244, 27.6.2022, p. 42–43
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 41–42
(GA)
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/41 |
Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Mordashov v An Chomhairle
(Cás T-248/22)
(2022/C 244/58)
Teanga an cháis: an Fhraincis
Páirtithe
Iarratasóir: Alexey Mordashov (Cherepovets, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus L. Burguin, Dlíodóirí)
Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh
An t-ordú atá á lorg
Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:
— |
Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337/CBES ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (1) a neamhniú a mhéid a liostaítear an t-iarratasóir in Uimh. 695 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin; |
— |
Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/336 an 28 Feabhra 2022 (2) a neamhniú a mhéid a liostaítear an t-iarratasóir in Uimh. 695 den iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin; |
— |
a ordú a don Chomhairle na costais a íoc. |
— |
ina theannta sin, forchoimeádann an t-iarratasóir an ceart chun cúiteamh a éileamh i leith damáiste ábhartha agus morálta a fulaingíodh mar thoradh ar neamhdhleathacht na ngníomhartha a chonspóidtear. |
Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.
Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.
1. |
An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua. |
2. |
An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid shoiléir mheasúnaithe. |
3. |
An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha. |
(1) Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1).
(2) Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1).