27.6.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 244/41


Caingean arna tabhairt an 6 Bealtaine 2022 – Mordashov v An Chomhairle

(Cás T-248/22)

(2022/C 244/58)

Teanga an cháis: an Fhraincis

Páirtithe

Iarratasóir: Alexey Mordashov (Cherepovets, an Rúis) (ionadaithe: T. Bontinck, A. Guillerme agus L. Burguin, Dlíodóirí)

Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337/CBES ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 (1) a neamhniú a mhéid a liostaítear an t-iarratasóir in Uimh. 695 den iarscríbhinn a ghabhann leis an gCinneadh sin;

Rialachán Cur chun Feidhme (AE) Uimh. 2022/336 an 28 Feabhra 2022 (2) a neamhniú a mhéid a liostaítear an t-iarratasóir in Uimh. 695 den iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán sin;

a ordú a don Chomhairle na costais a íoc.

ina theannta sin, forchoimeádann an t-iarratasóir an ceart chun cúiteamh a éileamh i leith damáiste ábhartha agus morálta a fulaingíodh mar thoradh ar neamhdhleathacht na ngníomhartha a chonspóidtear.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir trí shaincheist dlí.

1.

An chéad saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar an gceart chun cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus ar an oibleagáid cúiseanna a lua.

2.

An dara saincheist dlí lena n-éilítear earráid shoiléir mheasúnaithe.

3.

An tríú saincheist dlí lena n-éilítear sárú ar phrionsabal na comhréireachta agus ar chearta bunúsacha.


(1)  Cinneadh (CBES) Uimh. 2022/337 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena leasaítear Cinneadh Uimh. 2014/145/CBES maidir le bearta sriantacha i bhfianaise gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d'’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 59, lch. 1).

(2)  Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2022/336 ón gComhairle an 28 Feabhra 2022 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) 269/2014 maidir le bearta sriantacha i ndáil le gníomhaíochtaí lena mbaintear an bonn d’iomláine chríochach, de cheannasacht agus de neamhspleáchas na hÚcráine nó ar bagairt iad na gníomhaíochtaí sin ar an méid sin (IO 2022 L 58, lch. 1).