Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0244

    Cás C-244/22: Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 – NQ v Mara-Tóni Bt.

    IO C 244, 27.6.2022, p. 19–20 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 244, 27.6.2022, p. 18–19 (GA)

    27.6.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 244/18


    Iarraidh ar réamhrialú ón Fővárosi Törvényszék (an Ungáir) a taisceadh an 6 Aibreán 2022 – NQ v Mara-Tóni Bt.

    (Cás C-244/22)

    (2022/C 244/24)

    Teanga an cháis: an Ungáiris

    An chúirt a rinne an tarchur

    Fővárosi Törvényszék

    Páirtithe sna príomhimeachtaí

    Iarratasóir: NQ

    Cosantóir: Mara-Tóni Bt.

    Idiragraithe: Foudre Kft. agus Tasavill Bt.

    Na ceisteanna a tharchuirtear:

    1)

    An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagail 3(1)(b) de Threoir 2008/104/CE (1) gnóthas a fhostaíonn, gan údarú stáit, oibrithe, a oibríonn, déanta na fírinne, do phríomhaí dá cuid i gcáil sannaí?

    2)

    An gcumhdaítear le raon feidhme Airteagail 3(1)(b) de Threoir [2008/104] oibrithe a bhfuil caidreamh fostaíochta acu le gnóthas a shannann iad le creat an chonartha oibrithe, ar ghnóthas eile chun críche oibre, agus an cumann a thugann fostaíocht dóibh an ceann a sholáthraíonn an t-ábhar, na huirlisí agus na treoracha riachtanacha dóibh chun an obair a dhéanamh?

    3)

    Sa mhéid, bunaithe ar an méid sin thuas, go gcaithfear an t-iarratasóir agus na leictreoirí a cháiliú mar oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireacht oibre sealadaí, an leantar dá mheas gurb ionann aonad eacnamaíoch agus grúpa áirithe saothair, a leanann do ghníomhaíocht eacnamaíoch a dhéanamh do ghnóthais éagsúla a bhaineann leis an gcomhluadar céanna, fiú amháin nuair atá na gnóthais seo in éagmais údarú stáit chun sannadh sealadach oibrithe le gníomhaireachtaí oibre sealadaí a chur i bhfeidhm go dleathach, ní i gcáil sannóra ná i gcáil sannaí, agus á chur san áireamh chomh maith, i gcás an tsannta sealadaigh oibrithe ar ghníomhaireachtaí oibre sealadaí, nár déanadh, i bprionsabal, aistriú sócmhainní?

    4)

    Sa mhéid go gcáilítear na hoibrithe thuasluaite mar aonad eacnamaíoch, agus iad i gcáil ghrúpa saothair áirithe chomh maith, an gcumhdaítear iad le raon feidhme Airteagail 1(1) de Threoir 2001/23/CE, (2) d’ainneoin gur oibrithe gníomhaireachta sealadacha do ghníomhaireacht oibre sealadaí iad?


    (1)  Treoir 2008/104/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 19 Samhain 2008 maidir le hobair ghníomhaireachta shealadach (IO L 327, 5.12.2008, lch. 9).

    (2)  Treoir 2001/23/CE ón gComhairle an 12 Márta 2001 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le cosaint chearta na bhfostaithe i gcás aistriú gnóthas, gnóthaí nó codanna de ghnóthais nó de ghnóthaí (IO L 82, 22.3.2001, lch. 16.).


    Top