Επιλέξτε τις πειραματικές λειτουργίες που θέλετε να δοκιμάσετε

Το έγγραφο αυτό έχει ληφθεί από τον ιστότοπο EUR-Lex

Έγγραφο 62020CA0162

    Cás C-162/20 P: Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 – WV v an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (Achomharc – Seirbhís shibhialta – Oifigigh – Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh – an chéad mhír d’Airteagal 60 – Asláithreacht neamhrialta – Raon feidhme – Asbhaint as saoire bhliantúil – Pá a choinneáil siar – Oifigigh a mhainnigh a n-oibleagáidí faoi Airteagail 21 agus 55 de na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh)

    IO C 171, 25.4.2022, σ. 4 έως 4 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 171, 25.4.2022, σ. 3 έως 3 (GA)

    25.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 171/3


    Breithiúnas na Cúirte (an Seachtú Dlísheomra) an 3 Márta 2022 – WV v an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS)

    (Cás C-162/20 P) (1)

    (Achomharc - Seirbhís shibhialta - Oifigigh - Rialacháin Foirne Oifigigh an Aontais Eorpaigh - an chéad mhír d’Airteagal 60 - Asláithreacht neamhrialta - Raon feidhme - Asbhaint as saoire bhliantúil - Pá a choinneáil siar - Oifigigh a mhainnigh a n-oibleagáidí faoi Airteagail 21 agus 55 de na Rialacháin Foirne a chomhlíonadh)

    (2022/C 171/04)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: WV (ionadaí: É. Boigelot, avocat)

    Páirtithe eile sna himeachtaí: an tSeirbhís Eorpach Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) (ionadaithe: S. Marquardt agus R. Spáč, i gcáil Gníomhairí, le cúnamh ó Troncoso Ferrer, abogado, agus F.-M. Hislaire, avocat)

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Déantar ordú Chúirt Ghinearálta an Aontais Eorpaigh an 29 Eanáir 2020, WV v SEAE (T 471/18, nár foilsíodh, EU:T:2020:26), a neamhniú.

    2)

    Déantar cinneadh na Seirbhíse Eorpaí Gníomhaíochta Seachtraí (SEGS) an 27 Samhain 2017 lena ngabhann coinneáil siar pá suas le 72 lá féilire dá bharr agus cinneadh SEGS an 2 Bealtaine 2018 lena ndiúltaítear do ghearán an iarratasóra arna thaisceadh an 3 Eanáir 2018 a neamhniú.

    3)

    Ordaítear do SEGS na méideanna a asbhaineadh go míchuí óna pá, arb ionann iad agus 71,5 lá, a aisíoc leis an iarratasóir. Iompróidh na méideanna sin ús de réir ráta 5 % in aghaidh na bliana ó dháta a n-asbhainte.

    4)

    Íocfaidh SEGS, i dteannta a chostais féin, na costais a thabhaigh WV ag an gcéad chéim agus san achomharc seo.


    (1)  IO C 320 an 28.09.2020


    Επάνω