EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022XC0224(04)

Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún 2022/C 88/07

PUB/2021/974

IO C 88, 24.2.2022, p. 58–64 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

24.2.2022   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 88/58


Foilsiú teachtaireachta maidir le leasú caighdeánach a fhormheas ar an tsonraíocht táirge le haghaidh ainm in earnáil an fhíona dá dtagraítear in Airteagal 17(2) agus Airteagal (3) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún

(2022/C 88/07)

Foilsítear an teachtaireacht seo i gcomhréir le hAirteagal 17(5) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2019/33 ón gCoimisiún (1).

TEACHTAIREACHT MAIDIR LE LEASÚ CAIGHDEÁNACH LENA LEASAÍTEAR AN DOICIMÉAD AONAIR

“Crémant de Bordeaux”

PDO-FR-A0488-AM06

Dáta na teachtaireachta: 26 Samhain 2021

TUAIRISC AR AN LEASÚ AGUS NA CÚISEANNA ATÁ LEIS

1.   Cód Geografach Oifigiúil

Rinneadh na bardais sa cheantar geografach agus an limistéar in aice láimhe a thabhairt cothrom le dáta leis an gCód Geografach Oifigiúil.

Leasaíodh pointe 6 doiciméad aonair.

2.   Cineálacha fíonchaor

Cuireadh na cineálacha fíonchaor Muscadelle B, Sauvignon B, Sauvignon gris G agus Semmillon B isteach chun fíonta súilíneach rosé a tháirgeadh.

Bhí na cineálacha fíonchaor sin i measc na gcineálacha fíonchaor a úsáideadh chun fíonta súilíneach geala a tháirgeadh.

I gcomhréir leis sin, cuireadh teorainn le húsáid na bhfíonta geala in umair na bhfíonta súilíneacha rosé.

Is féidir úire áirithe a thabhairt do na fíonta, ach na cineálacha fíonchaor sin a chur isteach, saintréithe orgánaileipteacha na bhfíonta súilíneach rosé á gcaomhnú san am céanna.

Leis an leasú seo, ní mhodhnaítear an Doiciméad Aonair.

3.   Forálacha agra-chomhshaoil

Cuireadh na forálacha agra-chomhshaoil seo a leanas leis an tsonraíocht:

Ní mór na fréamhstoic mharbha a bhaint amach as na dáileachtaí agus tá cosc ar aon stóráil fréamhstoc marbh ar na dáileachtaí.

Tá cosc ar shrianadh iomlán salachair ar na ndáileachtaí.

Déanann gach oibreoir a innéacs minicíochta cóireála (TFI) a ríomh agus a thaifeadadh.

Is éard a bheartaítear leis na leasuithe sin an t-éileamh sochaíoch i dtaca le laghduithe ar úsáid táirgí cosanta plandaí agus an comhshaol a chur san áireamh ar bhealach níos fearr.

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis na leasuithe sin.

4.   Fómhar an fhíona a iompar

Sonraítear dálaí iompar na bhfíonchaor trí na nithe seo a leanas a chur isteach:

Ní bheidh méid na gcoimeádán níos mó ná 1,20 x 1,00 m ar leithead ná 0,80 m ar airde, le hairde lódála nach mó ná 0,60 m. Idir buaint na bhfíonchaor agus an fáscadh, ní mór nach mó ná 24 uair an chloig an t-am a chaitear.

Leis an leasú seo is féidir a sheachaint nach mbrúitear na fíonchaora linn a n-iompair agus bíonn feabhas ar cháilíocht na bhfíonchaor dá bhrí sin.

Leasaíodh pointe 5.1 doiciméad aonair dá réir sin.

5.   Fáscadh

Sonraítear go scaoiltear na fíonchaora isteach sa chantaoir gan iad a bheith brúite ná scriosta.

Sa mhéid seo soiléirítear nach mór na fíonchaora a bheith iomlán chun críocha rialaithe.

Leis an leasú seo, ní mhodhnaítear an Doiciméad Aonair.

6.   Homaiginiú

Sonraítear freisin nach mór don déantóir fíona is oibreoir go bhfuil acu bealach inar féidir an licéar dáileogachta a homaiginiú leis an bhfíon trí chreathadh a bhaint as na buidéil, ar cuireadh siúcra iontu, cúpla uair le linn an dhímhoirtithe.

Fágann sé sin gur féidir a áirithiú go ndéantar na buidéil a homaiginiú i gceart, i gcás na bhfíonta leath-thirime go háirithe.

Leis an leasú seo, ní mhodhnaítear an Doiciméad Aonair.

7.   An suíomh stórala

Sonraítear i gcás na stórála nach mór don oibreoir a chruthú trí aon mheán atá ar fáil go bhfuil aige suíomh stórala nach mó 14 °C ná a uasteocht le linn an choipthe thánaistigh agus nach mó ná 20 °C a uasteocht suas go dtí an dímhoirtiú.

Is é is aidhm don leasú seo an leas is fearr is féidir a bhaint as an gcoipeadh tánaisteach trí thimpeallacht chobhsaí a áirithiú.

Leis an leasú seo, ní mhodhnaítear an Doiciméad Aonair.

8.   Dáta na gluaiseachta idir coimeádaithe údaraithe stórais

Scriostar pointe 5(b) de Roinn IX de Chaibidil 1 maidir le dáta theacht i gcúrsaíocht na bhfíonta idir coimeádaithe údaraithe stórais.

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis an leasú sin.

9.   Beart idirthréimhseach

Baineadh na bearta idirthréimhseacha a chuaigh in éag den tsonraíocht táirge

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis an leasú sin.

10.   Dearbhú éilimh dímhoirtithe

Cuirtear dearbhú éilimh dímhoirtithe in ionad an dearbhaithe éilimh.

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis an leasú sin.

11.   Coigeartú na bpríomhphointí atá le seiceáil

Na príomhphointí a sheiceáil maidir leis an dearbhú éilimh dímhoirtithe agus leis na fíonta tar éis dímhoirtithe.

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis an leasú sin.

12.   Tagairt don chomhlacht cigireachta

Rinneadh athbhreithniú ar fhoclaíocht na tagartha don chomhlacht cigireachta chun an fhoclaíocht a chomhchuibhiú leis na sonraíochtaí táirge eile. Is leasú eagarthóireachta amháin atá sa leasú seo.

Ní cheanglaítear aon leasú ar an Doiciméad Aonair leis an leasú sin.

DOICIMÉAD AONAIR

1.   Ainm(ainmneacha)

“Crémant de Bordeaux”

2.   Cineál an táisc gheografaigh

STFC – Sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint

3.   Catagóirí táirgí finiúna

5.

Ciallaíonn fíon súilíneach ar ardchaighdeán

4.   Tuairisc ar an bhfíon / na fíonta

Fíonta súilíneacha geala nó rosé, iad ar ardchaighdeán

TUAIRISC GHEARR I SCRÍBHINN

Is neart alcóil nádúrtha de réir toirte ≥ 9 % atá sna fíonta.

Tar éis an choipthe thánaistigh:

bíonn neart alcóil iomlán ≥ 11 % de réir toirte sna fíonta;

bíonn cion aigéadacht sho-ghalaithe ≤ 18meq/L sna fíonta;

bíonn cion dé-ocsaíde sulfair iomlán ≤ 150 mg/L sna fíonta;

i gcás ina ndéantar úrfhíon a shaibhriú, neart alcóil iomlán ≤ 13 % de réir toirte.

Is dath geal a bhíonn ar na fíonta, bíonn cúradh leanúnacha fada leo agus iarbhlas fada torthaíoch orthu.

Fíonta úra corraithe is ea na fíonta geala, bíonn mionsúilíní iontu agus gné lonrach orthu, nuair a tháirgtear iad as na cineálacha fíonchaor Sauvignon B agus Semillon B go háirithe. Téann bolaithe aramatacha na bhfíonta in aibíocht le linn dóibh a bheith ag aosú ar an moirt, bolaithe lena dtugtar an t-im nó an t-arán rósta chun cuimhne.

Na fíonta rosé áfach, is ó chineálacha fíonchaor Merlot N agus Cabernet Franc N den chuid is mó a tháirgtear iad sin, agus is ar a mbolaithe torthaíocha a aithnítear iad sin. Tá na fíonta sin ceaptha lena n-ól agus iad óg.

Saintréithe anailíseacha ginearálta

Neart alcóil uasta iomlán (% de réir toirte)

 

Neart alcóil uasta iarbhír (% de réir toirte)

 

Aigéadacht iomlán íosta

i milleachoibhéisí in aghaidh an lítir

Aigéadacht sho-ghalaithe uasta (i milleachchoibhéisí in aghaidh an lítir)

 

Uaschion dé-ocsaíde sulfair (i milleagraim in aghaidh an lítir):

 

5.   Cleachtais déanta fíona

5.1.   Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

1.   Dlús plandála – Spásáil

Cleachtas saothraithe

Is é dlús íosta na bhfiniúnacha le linn na plandála 4 000 planda in aghaidh an heicteáir. Ní fhéadfaidh spásáil is mó ná 2.50 méadar a bheith idir na rónna ná ní fhéadfaidh spásáil is lú ná 0.85 méadar a bheith ar an ró céanna;

Féadfar an dlús plandála sin a laghdú go 3 300 planda in aghaidh an heicteáir. Sa chás sin, ní fhéadfaidh an spásáil idir rónna na bhfíniúnacha a bheith níos mó ná 3 mhéadar agus an spásáil idir plandaí ar an ró céanna, ní fhéadfaidh sí a bheith níos lú ná 0,85 méadar.

2.   Rialacha prúnála

Cleachtas saothraithe

Ní údaraítear ach gearrphrúnáil agus fadphrúnáil.

I gcás na gcineálacha fíonchaor Merlot N, Muscadelle B agus Sémillon B, ní fhéadfaidh líon is mó ná 50 000 bachlóg in aghaidh an heicteáir a bheith ann ná 20 bachlóg in aghaidh an phlanda.

I gcás na gcineálacha fíonchaor eile, ní fhéadfaidh líon is mó ná 60 000 bachlóg in aghaidh an heicteáir a bheith ann agus 22 planda in aghaidh an phlanda;

Déantar an phrúnáil ag céim na nduilleog neamhfhillte (céim 9 Lorenz) ar a dhéanaí.

3.   Na fíonchaora a iompar

Cleachtas saothraithe

Is i gcoimeádáin neamhshéalaithe a iompraítear na fíonchaora. Ní bheidh méid na gcoimeádán níos mó ná 1,20 x 1.00 m ar leithead ná 0.80 m ar airde, le hairde lódála nach mó ná 0.60 m. Idir buaint na bhfíonchaor agus an fáscadh, ní mór nach mó ná 24 uair an chloig an t-am a chaitear.

4.   Glacadh agus fáscadh

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Na fíonchaora chun fíonta geala a tháirgeadh, cuirtear isteach sa chantaoir iad agus iad iomlán.

Tá toirmeasc ar aon chóras scriúnna héiliciúla a úsáid chun na fíonchaora a shíothlú nó a bhrú.

Tá cosc ar úsáid a bhaint as aon chóras scriúnna héiliciúla nó as aon chóras cantaoirí ina bhfuil slabhraí chun na fíonchaora a fháscadh.

Tá feiste meáite éigeantach, é curtha in oiriúint don chineál coimeádán a úsáidtear lena mbuain.

Ní mór na fíonchaora a bheith slán agus iad á soláthar agus á n-iompar go dtí an gcantaoir. Aon chóras nó aon mhodh “frith-phlúchta” lena ndéantar dochar do shláine na bhfíonchaor, ní mór é a athbhreithniú nó deireadh a chur leis.

Ní mór an chantaoir a lódáil in aon ghníomh amháin agus an chainníocht ag freagairt do thoilleadh na cantaoire. Ní dhéantar cainníocht is lú a lódáil ach go heisceachtúil.

Ní mór na húrfhíonta a chodánú.

Na súnna a scaoiltear amach as córas iompair na bhfíonchaor, déantar iad a scagadh. Ní chuirtear na súnna sin san áireamh agus méid an fháscaidh deiridh á ríomh. Ní mór iad a sheoladh lena ndriogadh roimh an 31 Iúil sa bhliain fíona reatha.

Ní mór an chantaoir a ní gach lá.

Ní mór na coimeádáin bhuainte a ní gach lá.

Ní mór gur éasca urlár ionad glactha agus fáscaidh na bhfíonchaor a ghlanadh.

5.   Saibhriú

Cleachtais fhíoneolaíocha shonracha

Maidir le bunfhíonta a rinneadh a shaibhriú, is cion siúcra coiptheach ≤ 5 g/l atá iontu.

Ní mó an neart alcóil iomlán de réir toirte atá sna fíonta ná 13 %, tar éis saibhriú.

5.2.   Tairgeachtaí uasta

1.

78 heictilítear in aghaidh an heicteáir

6.   Limistéar geografach críochaithe

Déantar na fíonchaora a bhuain, táirgtear na fíonta, forbraítear na fíonta agus déantar iad a aosú, i gcríocha na mbardas seo a leanas nó i gcodanna de na bardais i roinn Gironde, ar bhonn Chód Geografach Oifigiúil an 1 Feabhra 2021: Abzac, Aillas, Ambarès-et-Lagrave, Ambès, Anglade, Arbanats, Arcins, Arsac, Artigues-près-Bordeaux, Arveyres, Asques, Aubiac, Auriolles, Auros, Avensan, Ayguemorte-les-Graves, Bagas, Baigneaux, Barie, Baron, Barsac, Bassanne, Bassens, Baurech, Bayas, Bayon-sur-Gironde, Bazas, Beautiran, Bégadan, Bègles, Béguey, Bellebat, Bellefond, Belvès-de-Castillon, Bernos-Beaulac, Berson, Berthez, Beychac-et-Caillau, Bieujac, Birac, Blaignac, Blaignan-Prignac, Blanquefort, Blasimon, Blaye, Blésignac, Bommes, Bonnetan, Bonzac, Bordeaux, Bossugan, Bouliac, Bourdelles, Bourg, Branne, Brannens, Braud-et-Saint-Louis, Brouqueyran, Bruges, Budos, Cabanac-et-Villagrains, Cabara, Cadarsac, Cadaujac, Cadillac, Cadillac-en-Fronsadais, Camarsac, Cambes, Camblanes-et-Meynac, Camiac-et-Saint-Denis, Camiran, Camps-sur-l’Isle, Campugnan, Canéjan, Capian, Caplong, Carbon-Blanc, Cardan, Carignan-de-Bordeaux, Cars, Cartelègue, Casseuil, Castelmoron-d’Albret, Castelnau-de-Médoc, Castelviel, Castets et Castillon, Castillon-la-Bataille, Castres-Gironde, Caudrot, Caumont, Cauvignac, Cavignac, Cazats, Cazaugitat, Cénac, Cenon, Cérons, Cessac, Cestas, Cézac, Chamadelle, Cissac-Médoc, Civrac-de-Blaye, Civrac-sur-Dordogne, Civrac-en-Médoc, Cleyrac, Coimères, Coirac, Comps, Coubeyrac, Couquèques, Courpiac, Cours-de-Monségur, Cours-les-Bains, Coutras, Coutures, Créon, Croignon, Cubnezais, Cubzac-les-Ponts, Cudos, Cursan, Cussac-Fort-Médoc, Daignac, Dardenac, Daubèze, Dieulivol, Donnezac, Donzac, Doulezon, Escoussans, Espiet, Etauliers, Eynesse, Eyrans, Eysines, Faleyras, Fargues, Fargues-Saint-Hilaire, Flaujagues, Floirac, Floudès, Fontet, Fossés-et-Baleyssac, Fours, Francs, Fronsac, Frontenac, Gabarnac, Gaillan-en-Médoc, Gajac, Galgon, Gans, Gardegan-et-Tourtirac, Gauriac, Gauriaguet, Générac, Génissac, Gensac, Gironde-sur-Dropt, Gornac, Gours, Gradignan, Grayan-et-l’Hôpital, Grézillac, Grignols, Guillac, Guillos, Guîtres, Haux, Hure, Illats, Isle-Saint-Georges, Izon, Jau-Dignac-et-Loirac, Jugazan, Juillac, La Brède, La Lande-de-Fronsac, La Réole, La Rivière, La Roquille, La Sauve, Labarde, Labescau, Ladaux, Lados, Lagorce, Lalande-de-Pomerol, Lamarque, Lamothe-Landerron, Landerrouat, Landerrouet-sur-Ségur, Landiras, Langoiran, Langon, Lansac, Lapouyade, Laroque, Laruscade, Latresne, Lavazan, Le Bouscat, Le Fieu, Le Haillan, Le Nizan, Le Pian-Médoc, Le Pian-sur-Garonne, Le Pout, Le Puy, Le Taillan-Médoc, Le Tourne, Le Verdon-sur-Mer, Léogeats, Léognan, Les Artigues-de-Lussac, Les Billaux, Les Eglisottes-et-Chalaures, Les Esseintes, Les Lèves-et-Thoumeyragues, Les Peintures, Les Salles-de-Castillon, Lesparre-Médoc, Lestiac-sur-Garonne, Libourne, Lignan-de-Bazas, Lignan-de-Bordeaux, Ligueux, Listrac-de-Durèze, Listrac-Médoc, Lormont, Loubens, Loupes, Loupiac, Loupiac-de-la-Réole, Ludon-Médoc, Lugaignac, Lugasson, Lugon-et-l’Ile-du-Carnay, Lussac, Macau, Madirac, Maransin, Marcenais, Margaux-Cantenac, Margueron, Marimbault, Marions, Marsas, Martignas-sur-Jalle, Martillac, Martres, Masseilles, Massugas, Mauriac, Mazères, Mazion, Mérignac, Mérignas, Mesterrieux, Mombrier, Mongauzy, Monprimblanc, Monségur, Montagne, Montagoudin, Montignac, Montussan, Morizès, Mouillac, Mouliets-et-Villemartin, Moulis-en-Médoc, Moulon, Mourens, Naujac-sur-Mer, Naujan-et-Postiac, Néac, Nérigean, Neuffons, Noaillac, Noaillan, Omet, Ordonnac, Paillet, Parempuyre, Pauillac, Pellegrue, Périssac, Pessac, Pessac-sur-Dordogne, Petit-Palais-et-Cornemps, Peujard, Pineuilh, Plassac, Pleine-Selve, Podensac, Pomerol, Pompéjac, Pompignac, Pondaurat, Porchères, Porte-de-Benauge, Portets , Préchac, Preignac, Prignac-et-Marcamps, Pugnac, Puisseguin, Pujols, Pujols-sur-Ciron, Puybarban, Puynormand, Queyrac, Quinsac, Rauzan, Reignac, Rimons, Riocaud, Rions, Roaillan, Romagne, Roquebrune, Ruch, Sablons, Sadirac, Saillans, Saint-Aignan, Saint-André-de-Cubzac, Saint-André-du-Bois, Saint-André-et-Appelles, Saint-Androny, Saint-Antoine-du-Queyret, Saint-Antoine-sur-l’Isle, Saint-Aubin-de-Blaye, Saint-Aubin-de-Branne, Saint-Aubin-de-Médoc, Saint-Avit-de-Soulège, Saint-Avit-Saint-Nazaire, Saint-Brice, Saint-Caprais-de-Bordeaux, Saint-Christoly-de-Blaye, Saint-Christoly-Médoc, Saint-Christophe-de-Double, Saint-Christophe-des-Bardes, Saint-Cibard, Saint-Ciers-d’Abzac, Saint-Ciers-de-Canesse, Saint-Ciers-sur-Gironde, Sainte-Colombe, Saint-Côme, Sainte-Croix-du-Mont, Saint-Denis-de-Pile, Saint-Emilion, Saint-Estèphe, Saint-Etienne-de-Lisse, Sainte-Eulalie, Saint-Exupéry, Saint-Félix-de-Foncaude, Saint-Ferme, Sainte-Florence, Sainte-Foy-la-Grande, Sainte-Foy-la-Longue, Sainte-Gemme, Saint-Genès-de-Blaye, Saint-Genès-de-Castillon, Saint-Genès-de-Fronsac, Saint-Genès-de-Lombaud, Saint-Genis-du-Bois, Saint-Germain-de-Grave, Saint-Germain-de-la-Rivière, Saint-Germain-d’Esteuil, Saint-Germain-du-Puch, Saint-Gervais, Saint-Girons-d’Aiguevives, Sainte-Hélène, Saint-Hilaire-de-la-Noaille, Saint-Hilaire-du-Bois, Saint-Hippolyte, Saint-Jean-de-Blaignac, Saint-Jean-d’Illac, Saint-Julien-Beychevelle, Saint-Laurent-d’Arce, Saint-Laurent-des-Combes, Saint-Laurent-du-Bois, Saint-Laurent-du-Plan, Saint-Laurent-Médoc, Saint-Léon, Saint-Loubert, Saint-Loubès, Saint-Louis-de-Montferrand, Saint-Macaire, Saint-Magne-de-Castillon, Saint-Maixant, Saint-Mariens, Saint-Martial, Saint-Martin-de-Laye, Saint-Martin-de-Lerm, Saint-Martin-de-Sescas, Saint-Martin-du-Bois, Saint-Martin-du-Puy, Saint-Martin-Lacaussade, Saint-Médard-de-Guizières, Saint-Médard-d’Eyrans, Saint-Médard-en-Jalles, Saint-Michel-de-Fronsac, Saint-Michel-de-Lapujade, Saint-Michel-de-Rieufret, Saint-Morillon, Saint-Palais, Saint-Pardon-de-Conques, Saint-Paul, Saint-Pey-d’Armens, Saint-Pey-de-Castets, Saint-Philippe-d’Aiguille, Saint-Philippe-du-Seignal, Saint-Pierre-d’Aurillac, Saint-Pierre-de-Bat, Saint-Pierre-de-Mons, Saint-Quentin-de-Baron, Saint-Quentin-de-Caplong, Sainte-Radegonde, Saint-Romain-la-Virvée, Saint-Sauveur, Saint-Sauveur-de-Puynormand, Saint-Savin, Saint-Selve, Saint-Seurin-de-Bourg, Saint-Seurin-de-Cadourne, Saint-Seurin-de-Cursac, Saint-Seurin-sur-l’Isle, Saint-Sève, Saint-Sulpice-de-Faleyrens, Saint-Sulpice-de-Guilleragues, Saint-Sulpice-de-Pommiers, Saint-Sulpice-et-Cameyrac, Sainte-Terre, Saint-Trojan, Saint-Vincent-de-Paul, Saint-Vincent-de-Pertignas, Saint-Vivien-de-Blaye, Saint-Vivien-de-Médoc, Saint-Vivien-de-Monségur, Saint-Yzan-de-Soudiac, Saint-Yzans-de-Médoc, Salaunes, Salleboeuf, Samonac, Saucats, Saugon, Sauternes, Sauveterre-de-Guyenne, Sauviac, Savignac, Savignac-de-l’Isle, Semens, Sendets, Sigalens, Sillas, Soulac-sur-Mer, Soulignac, Soussac, Soussans, Tabanac, Taillecavat, Talais, Talence, Targon, Tarnès, Tauriac, Tayac, Teuillac, Tizac-de-Curton, Tizac-de-Lapouyade, Toulenne, Tresses, Uzeste, Val-de-Livenne, Val de Virvée, Valeyrac, Vayres, Vendays-Montalivet, Vensac, Vérac, Verdelais, Vertheuil, Vignonet, Villandraut, Villegouge, Villenave-de-Rions, Villenave-d’Ornon, Villeneuve, Virelade, Virsac, Yvrac.

7.   Príomhchineál fíonchaor (nó príomhcineálacha fíonchaor)

 

Cabernet franc N

 

Cabernet-Sauvignon N

 

Carmenère N

 

Cot N - Malbec

 

Merlot N

 

Muscadelle B

 

Petit Verdot N

 

Sauvignon B - Sauvignon blanc

 

Sauvignon gris G - Fié gris

 

Semillon B

8.   Tuairisc ar an nasc nó ar na naisc

Tairbhíonn an limistéar geografach tairbhe de dhálaí aeráide measartha aonchineálacha atá fabhrach do tháirgeadh an fhíona, é suite i ngiorracht do dhobharlaigh mhóra uisce (an tAigéan Atlantach, inbhear an Gironde, gleannta an Garonne agus an Dordogne), a bhfuil ról tábhachtach acu maidir le rialú na teochta. Mar sin féin, tionchar seo an aigéin maidir le fuacht an earraigh a mhaolú, téann sé i laghad de réir mar a imítear ón bhfarraige nó na gleannta mór, i dtreo limistéir foraoise Landes, Saintonge agus Double Périgourdine. Tá míniú sa mhéid seo ar an bhfíoras gur beag fíonghort atá le fáil ar imill thuaidh agus thiar-theas an limistéir gheografaigh. Amach as na 538 bardas atá i Roinn Gironde, síneann an ceantar seo thar chríoch 497 bardas díobh, gan an chuid thiar theas den roinn a chur san áireamh, áit nach gcleachtar an fhíonóireacht, í dírithe ar an bhforaoiseacht.

Is in aeráid aigéanach a fhástar cineálacha fíonchaor Bordeaux, agus ón seachtú agus ón ochtú haois déag i leith, ní mór dóibh échalas [cuaillí taca] agus ina dhiaidh sin treilísí forleathana chun buaint fhíonchaor dea-dháilte a áirithiú chomh maith le hachar duillí atá leordhóthanach le haghaidh sintéis cheart clóraifille agus barr aibíochta.

Nuair a bhaineann na fíonchaora amach barr aibíochta, áirithítear cothromaíocht den scoth idir an siúcra agus an aigéadacht, rud atá riachtanach le haghaidh úire na fíonta agus an choipthe thánaistigh.

Mar thoradh ar na cineálacha éagsúla ithreacha agus nochta, tá cineálacha éagsúla á roghnú agus á n-oiriúnú de réir shaintréithe na timpeallachta, agus tá míniú sa mhéid seo ar an gclaonadh stairiúil i dtreo na bhfíonta cumaisc. Is féidir ceithre chineál ar leith a aithint dá réir sin:

ithreacha cré-aolchloiche agus ithreacha marlacha aolchloiche, talamh ar minic í le fáil ar leicne an chnoic áit a mbíonn rath ar Merlot N;

ithreacha siliciúla agus iad measctha le créanna agus le heilimintí aolchloiche, oiriúnach chun Merlot N agus Sauvignon B a fhás;

ithreacha láiste (boulbènes) ina bhfuil gnéithe siliciúla míne, arb ithreacha níos éadroime iad atá oiriúnach chun fíonta geala a tháirgeadh;

ithreacha gairbhéalacha comhdhéanta de ghairbhéal, grianchloch dhobharchaite agus gaineamh measartha garbh a fhoirmíonn léibhinn dhea-dhraenáilte atá te agus oiriúnach chun fíniúnacha a fhás, Cabernet Sauvignon N go háirithe.

Leis an taithí mhór seo atá ag na déantóirí fíona le fíonóireacht ar leithligh na gcineálacha fíonchaor, agus an tuiscint atá acu ar na cineálacha féin agus ar an traidisiún a bhaineann leo, éiríonn leo leanúnachas ar leith a áirithiú maidir le cothromaíocht aigéadachta na bhfíonta.

Áirithítear glaineacht na súnna trí shláine na bhfíonchaor a chaomhnú ón mbuain agus le linn a n-iompair, agus tríd na rialacha dochta maidir le fáscadh atá leagtha síos sa tsonraíocht táirge. Tá an suilfítiú teoranta riachtanach chun dea-chaighdeán an choipthe thánaistigh a áirithiú. Nuair a dhéantar na fíonta a aosú ar an moirt, forbraítear mionbholaithe na bhfíonta, agus cuirtear lena gcastacht dá réir.

Bhí fíonghoirt Bordeaux riamh oscailte ar an gcuid eile ar an domhan a bhuí lena phort agus lena dhlúthchaidrimh le náisiúin eile, rud a chuir leis an trádáil láidir chórasach a bunaíodh go luath ann. De thairbhe na nuálaíochtaí teicniúla a forbraíodh ann agus a tháinig thar tír isteach, cothaíodh dinimiceas ar leith sna gabháltais lenar féidir an tuiscint áitiúil a neartú, a fhorbairt agus roinnt, le meas i gcónaí ar na seanchleachtais.

Ó bunaíodh caidreamh gradamach le Sasana sa dara haois déag go dtí gur tosaíodh ar a bheith ag díriú ar mhargaí na hÁise atá anois ag cur suime sna táirgí fíona, tá déantóirí fíona Bordeaux in ann iad féin a chur in oiriúint de na forbairtí is déanaí sa mhargadh agus urraim á tabhairt san am céanna do thimpeallacht an fhíonghoirt. Tá éagsúlacht mhór ann dá bhrí sin agus tá fianaise ar an dinimiceas sin i bhfíonta “Crémant de Bordeaux”, a bhfuil borradh fúthu.

Cé nach bhfuil in “Crémant de Bordeaux” ach cuid de tháirgeadh fíona Bordeaux, tá léiriú iontu ar chumhacht na gcineálacha fíonchaor traidisiúnta agus ar chumas stairiúil déantóirí fíona Bordeaux maidir le glacadh le teicnící nua fíonóireachta agus le nuálaíocht. Cibé acu fíon geal nó rosé, is éard atá in “Crémant de Bordeaux” meascán idir cineálacha fíonchaor Bordeaux le modhanna fíonóireachta an choipthe thánaistigh.

Is dath geal a bhíonn ar “Crémant de Bordeaux”, bíonn cúradh leanúnacha fada leis agus iarbhlas fada torthaíoch air.

Fíonta úra corraithe is ea na fíonta geala, bíonn mionsúilíní iontu agus gné lonrach orthu, nuair a tháirgtear iad as na cineálacha fíonchaor Sauvignon B agus Semillon B go háirithe.

Téann bolaithe aramatacha na bhfíonta in aibíocht le linn dóibh a bheith ag aosú ar an moirt, bolaithe lena dtugtar an t-im nó an t-arán rósta chun cuimhne.

Na fíonta rosé áfach, is ó chineálacha fíonchaor Merlot N agus Cabernet Franc N den chuid is mó a tháirgtear iad sin, agus is ar a mbolaithe torthaíocha a aithnítear iad sin. Tá na fíonta sin ceaptha lena n-ól agus iad óg.

9.   Tuilleadh coinníollacha riachtanacha (pacáistiú, lipéadú, ceanglais eile)

Lipéadú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll bhreise:

Forálacha forlíontacha maidir le lipéadú

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Marcáiltear ainm an tsonrúcháin tionscnaimh faoi chosaint ar an gcorc, ar an gcuid laistigh de mhuineál an bhuidéil.

Agus fíonta a bhfuil ainmniúchán tionscnamh cláraithe acu á lipéadú, féadfar an t-aonad geografach níos leithne “Vin de Bordeaux” nó “Grand Vin de Bordeaux” a shonrú. Ó thaobh airde ná leithead de, níor cheart gur mhó méid na litreacha a úsáidtear don aonad geografach níos leithne seo ná dhá thrian de mhéid na litreacha san ainm ar an sonrúchán tionscnaimh faoi chosaint.

Pacáistiú

Creat dlíthiúil:

Reachtaíocht náisiúnta

Cineál coinníll bhreise:

Pacáistiú sa limistéar geografach críochaithe

Tuairisc ar an gcoinníoll:

Ní mór gach oibríocht táirgthe a chur i gcrích sa limistéar geografach, ó bhuain na bhfíonchaor go dtí an dímhoirtiú.

Is trí choipeadh tánaisteach go heisiach i mbuidéil ghloine, a dhéantar na fíonta.

Ní mór na fíonta a phacáistiú sa limistéar geografach, próiseas an choipthe thánaistigh sa bhuidéal á chur san áireamh.

Maidir leis an mbuidéalú isteach sna buidéil ghloine ina ndéantar an coipeadh tánaisteach, ní féidir sin a dhéanamh ach 3 mhí tar éis dháta fhómhar an fhíona agus tráth nach luaithe ná an 1 Nollaig tar éis na buainte.

Cuirtear na fíonta ar an margadh le haghaidh an tomhaltóra tar éis tréimhse aosaithe íosta 12 mhí ón dáta buidéalaithe, agus tráth nach luaithe ná mí amháin tar éis an dímhoirtithe.

Nasc chuig an tsonraíocht táirge

http://info.agriculture.gouv.fr/gedei/site/bo-agri/document_administratif-7df3447f-384a-4f7a-819e-2971ef1ae277


(1)  IO L 9, 11.1.2019, lch. 2.


Top