Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0003

    Cás T-3/22: Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2022 – ZHPLK/Coimisiún

    IO C 84, 21.2.2022, p. 47–48 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 84, 21.2.2022, p. 18–19 (GA)

    21.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 84/18


    Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2022 – ZHPLK/Coimisiún

    (Cás T-3/22)

    (2022/C 84/67)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Zheshartsky LPK OOO (Zheshart, An Rúis) (ionadaí: P. Vander Schueren agus E. Gergondet, dlíodóirí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Maíonn an tIarratasóir gur cheart don Chúirt Ghinearálta:

    a dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha;

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 2021/1930 ón gCoimisiún an 8 Samhain 2021 lena bhforchuirtear dleacht fhrithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (1) (an “Rialachán atá faoi chonspóid”), a mhéid a bhaineann sé leis an iarratasóir, a chur ar neamhní, agus

    a ordú go n-íocfaidh an cosantóir na costais arna dtabhú ag an iarratasóir i ndáil leis na himeachtaí seo.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean, tá an t-iarratasóir ag brath ar shé shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, ag líomhain go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(10) agus Airteagal 2(10)(i) de Rialachán (AE) 2016/1036 (2) (“bun-Rialachán”), trí phraghas onnmhairiúcháin an iarratasóra a choigeartú le haghaidh coimisiúin a íoctar le Trade House ar dhíolacháin intíre, in ionad an ghnáthluacha do mhéid iomlán na gcoimisiún sin a choigeartú.

    2.

    An dara saincheist dlí, ag líomhain go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(10)(e) nó, mar mhalairt air sin, ar Airteagal 2(10)(k) den bhun-Rialachán, trí mhainneachtain aisíocaíochtaí costas iompair a chur san áireamh agus an praghas onnmhairiúcháin á choigeartú.

    3.

    An tríú saincheist dlí, ag líomhain mar mhalairt air sin, go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(6) den bhun-Rialachán agus gur theip air cúiseanna a lua trí bhíthin nár chuir sé aisíocaíochtaí costas iompair san áireamh le linn costais díolacháin, ghinearálta agus riaracháin an iarratasóra ar an margadh intíre a chinneadh.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí, ag líomhain go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur theip air cúiseanna a lua agus gur sháraigh sé an ceart chun riarachán fónta trí shraithadhmad ar mhínla cearnóige a áireamh i raon feidhme an táirge lena mbaineann nó, mar mhalairt air sin, go ndearna sé earráidí follasacha measúnú, gur theip air cúiseanna a lua, gur sháraigh sé an ceart chun riarachán fónta agus ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 3(2) agus Airteagal 3(6) den bhun-Rialachán trí theip ar shraithadhmad ar mhúnla cearnóige a mheasúnú ar leithligh chun críocha díobhála agus cúisíochta.

    5.

    An cúigiú saincheist dlí, ag líomhain go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 3(2) den bhun-Rialachán agus gur sháraigh sé an ceart chun dea-riaracháin trí fhigiúirí allmhairiúcháin a chinneadh bunaithe ar shonraí nach féidir brath orthu.

    6.

    An séú saincheist dlí, ag líomhain go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 3(6) agus 3(7) den bhun-Rialachán agus gur sháraigh sé an ceart chun dea-riarachán trí mhainneachtain a bhreithniú, ina mheasúnú cúisíochta, go bhfuil deighleoga margaidh éagsúla ann, chomh maith le tionchar fachtóirí aitheanta eile is cúis le díobháil a dhéanamh.


    (1)  IO 2021, L 394, lch. 7.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016, L 176, lch. 21).


    Top