Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022TN0002

    Cás T-2/22: Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2022 – Sveza Verkhnyaya Sinyachikha agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

    IO C 84, 21.2.2022, p. 46–47 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 84, 21.2.2022, p. 17–18 (GA)

    21.2.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 84/17


    Caingean arna tabhairt an 4 Eanáir 2022 – Sveza Verkhnyaya Sinyachikha agus Páirtithe Eile v an Coimisiún

    (Cás T-2/22)

    (2022/C 84/66)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóirí: Sveza Verkhnyaya Sinyachikha NAO (Verkhnyaya Sinyachikha, an Rúis) agus 6 Eile (ionadaithe: P. Vander Schueren agus E. Gergondet, dlíodóirí)

    Cosantóir: an Coimisiún Eorpach

    An t-ordú atá á lorg

    Iarann na hiarratasóirí ar an gCúirt Ghinearálta:

    A dhearbhú go bhfuil an chaingean inghlactha;

    Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1930 ón gCoimisiúin lena bhforchuirtear dleacht frithdhumpála chinntitheach agus lena mbailítear go cinntitheach an dleacht shealadach arna forchur ar allmhairí de shraithadhmad beithe de thionscnamh na Rúise (1) (“an Rialachán atá faoi chonspóid”), a mhéid a bhfuil feidhm aige maidir leis na hiarratasóirí, a chur ar neamhní; agus

    A ordú don chosantóir na costais arna dtabhú ag na hiarratasóirí i ndáil leis na himeachtaí a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí.

    Mar thaca leis an gcaingean, maíonn an t-iarratasóir sé shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(10)(i) de Rialachán (AE) 2016/1036 (2) (“an Bunrialachán”) ó tharla gur mhainnigh sé na hiarratasóirí agus Sveza-Les a mheas mar eintiteas eacnamaíoch aonair agus gur choigeartaigh sé an praghas onnmhairiúcháin le haghaidh mhéid na gcoimisiún a íocadh le Sveza-Les nó, ina mhalairt de chás, go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(10) agus 2(10)(i) den Bhunrialachán ó tharla gur mhainnigh sé gnáthluach na huasmharcála a fuair Sveza-Les le haghaidh díolacháin intíre a choigeartú.

    2.

    An dara saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(6) den Bhunrialachán trí neamhaird a dhéanamh ar an díbhinn a fuair Sveza-Les ó Sveza Uralskiy agus SGA á mheas aige ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh.

    3.

    An tríú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe agus gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 2(6) den Bhunrialachán a ghníomhaigh sé ó tharla gurbh ar tháirgeadh agus ar dhíolachán Sraithadhmaid a leithdháil sé na costais arna dtabhú ag Sveza-Les i ndáil le seirbhísí bainistíochta agus SGA á mheas aige ar mhaithe leis an ngnáthluach a ríomh.

    4.

    An ceathrú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur mhainnigh sé na cúiseanna a lua agus gur sháraigh sé an ceart chun dea-rialacháin trí Shraithadhmad cearnógach a áireamh i raon an táirge lena mbaineann nó, ina mhalairt de chás, go ndearna sé earráidí follasacha measúnaithe, gur mhainnigh sé na cúiseanna a lua, gur sháraigh sé an ceart chun dea-riaracháin agus gur de shárú ar Airteagail 3(2) agus 3(6) den Bhunrialachán a ghníomhaigh sé ó tharla gur mhainnigh sé Sraithadhmad cearnógach a mheas ar leithligh chun críoch gortaithe agus cúisíochta.

    5.

    An cúigiú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe, gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagal 3(6) den Bhunrialachán agus gur sháraigh sé an ceart chun dea-riaracháin de bharr gur chinn sé na figiúirí allmhairiúcháin bunaithe ar shonraí neamhiontaofa.

    6.

    An séú saincheist dlí lena n-éilítear go ndearna an cosantóir earráidí follasacha measúnaithe déanta ag an gcosantóir, gur ghníomhaigh sé de shárú ar Airteagail 3(6) agus 3(7) den Bhunrialachán agus gur sháraigh sé an ceart chun dea-riaracháin ó tharla nár bhreithnigh sé, ina mheasúnú cúisíochta, gur ann do dheighleoga éagsúla an mhargaidh, chomh maith le tionchar fachtóirí aitheanta eile is cúis le gortú.


    (1)  IO 2021, L 394, lch. 7.

    (2)  Rialachán (AE) 2016/1036 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2016 maidir le cosaint i gcoinne allmhairí dumpáilte ó thíortha nach baill den Aontas Eorpach iad (IO 2016, L 176, lch. 21).


    Top