EUR-Lex Rochtain ar dhlí an Aontais Eorpaigh

Fill ar leathanach baile EUR-Lex

Is sliocht ón suíomh gréasáin EUR-Lex atá sa doiciméad seo

Doiciméad 62019CJ0508

Breithiúnas na Cúirte (Mór-Dhlísheomra) 2022 Márta 22.
M.F. v J.M.
Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – Gá leis an léirmhíniú arna iarraidh chun go bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt – Coincheap – Tionscnamh imeachtaí araíonachta i gcoinne breitheamh de ghnáthchúirt – Ainmniú na cúirte araíonachta inniúla chun na himeachtaí sin a éisteacht agus a chinneadh ag Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn) – Caingean shibhialta maidir le heaspa caidreamh fostaíochta idir Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta sin agus an Chúirt Uachtarach – Easpa inniúlachta na cúirte a rinne an tarchur chun bailíocht ceapacháin breithimh den Chúirt Uachtarach a scrúdú agus neamh-inghlacthacht caingne den sórt sin de bhun an dlí náisiúnta – Neamh-inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú.
Cás C-508/19.

Tuarascálacha cúirte - ginearálta - an rannán ‘Eolas faoi bhreitheanna neamhfhoilsithe’

Aitheantóir ECLI: ECLI:EU:C:2022:201

 BREITHIÚNAS NA CÚIRTE (an Mór-Dhlísheomra)

22 Márta 2022 ( *1 )

(Tarchur chun réamhrialú – Airteagal 267 CFAE – Gá leis an léirmhíniú arna iarraidh chun go bhféadfaidh an chúirt a rinne an tarchur breithiúnas a thabhairt – Coincheap – Tionscnamh imeachtaí araíonachta i gcoinne breitheamh de ghnáthchúirt – Ainmniú na cúirte araíonachta inniúla chun na himeachtaí sin a éisteacht agus a chinneadh ag Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn) – Caingean shibhialta maidir le heaspa caidreamh fostaíochta idir Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta sin agus an Chúirt Uachtarach – Easpa inniúlachta na cúirte a rinne an tarchur chun bailíocht ceapacháin breithimh den Chúirt Uachtarach a scrúdú agus neamh-inghlacthacht caingne den sórt sin de bhun an dlí náisiúnta – Neamh-inghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú)

I gCás C‑508/19,

IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ón Sąd Najwyższy (Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych) [Cúirt Uachtarach (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta), an Pholainn], trí bhreith an 12 Meitheamh 2019, a fuarthas ag an gCúirt an 3 Iúil 2019, sna himeachtaí idir

M. F.

agus

J. M.,

idiragraithe:

Prokurator Generalny,

Rzecznik Praw Obywatelskich,

tugann AN CHÚIRT (an Mór-Dhlísheomra),

agus í comhdhéanta mar seo a leanas: K. Lenaerts, Uachtarán, L. Bay Larsen, Leas-Uachtarán, A. Prechal (Rapóirtéir), K. Jürimäe, C. Lycourgos, E. Regan, S. Rodin agus N. Jääskinen, Uachtaráin Dlísheomra, M. Ilešič, F. Biltgen agus A. Kumin, Breithiúna,

Abhcóide Ginearálta: E. Tanchev,

Cláraitheoir: M. Aleksejev, Ceann Aonaid,

ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn agus i ndiaidh éisteacht an 22 Meán Fómhair 2020,

agus tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:

M. F., ag W. Popiołek, radca prawny,

J. M., aige féin,

an Prokurator Generalny, ag M. Słowińska, R. Hernand, A. Reczka agus S. Bańko,

an Rzecznik Praw Obywatelskich, ag M. Taborowski agus P. Filipek,

Rialtas na Polainne, ag B. Majczyna, S. Żyrek agus A. Dalkowska, i gcáil Gníomhairí,

an Coimisiún Eorpach, ag, ar dtús, K. Herrmann, P. Van Nuffel agus H. Krämer agus, ansin, ag K. Herrmann agus P. Van Nuffel, i gcáil Gníomhairí,

tar éis éisteacht le tuairim an Abhcóide Ghinearálta ag éisteacht an 15 Aibreán 2021,

an Breithiúnas seo a leanas:

Breithiúnas

1

Baineann an iarraidh ar réamhrialú seo le léirmhíniú ar Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, Airteagal 267 CFAE agus Airteagal 47 den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (“an Chairt”).

2

Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí idir M. F. agus J. M. maidir le hiarratas chun a shuí nach raibh aon chaidreamh fostaíochta idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach, an Pholainn).

An dlí náisiúnta lena mbaineann

An Bunreacht

3

Seo a leanas foclaíocht Airteagal 144(2) agus (3) de Konstytucja Rzeczypospolitej Polskiej (Bunreacht Phoblacht na Polainne; “an Bunreacht”):

“2.   D’fhonn a bheith bailí, ní mór do ghníomhartha oifigiúla Uachtarán na Poblachta a bheith comhshínithe ag Cathaoirleach Chomhairle na nAirí, a ghlacfaidh, leis sin, go bhfuil sé freagrach don Sejm [(Seomra Íochtarach de Pharlaimint na Polainne)].

3.   Ní bheidh feidhm ag forálacha mhír 2 sna cásanna seo a leanas:

[...]

(17) ceapachán breithiúna;

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

4

De bhun Airteagal 179 den Bhunreacht, ceapfaidh Uachtarán Phoblacht na Polainne (“Uachtarán na Poblachta”) na breithiúna, ar thogra ón Krajowa Rada Sądownictwa (Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna, an Pholainn; “KRS”) ar feadh tréimhse neamhchinntithe.

Cód an nós imeachta sibhialta

5

Foráiltear le hAirteagal 189 den Kodeks postępowania cywilnego (Cód an nós imeachta sibhialta):

“Féadfaidh achomharcóir iarratas a thionscnamh os comhair na cúirte chun a shuí gurb ann nó nach ann do chaidreamh dlíthiúil nó do cheart, ar choinníoll go bhfuil leas dlisteanach aige i gcaingean a thabhairt.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach

6

Tháinig Ustawa o Sądzie Najwyższym (an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach) an 8 Nollaig 2017 (Dz. U. 2018, mír 5) i bhfeidhm an 3 Aibreán 2018. Rinneadh leasú ar an Dlí sin roinnt uaireanta.

7

Bunaíodh, inter alia, leis an Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach, dlísheomra nua sa chúirt sin ar a dtugtar Izba Dyscyplinarna (Dlísheomra Araíonachta).

8

Foráiltear mar a leanas le hAirteagal 27(1) den Dlí sin:

“Beidh na cásanna seo a leanas faoi dhlínse an Dlísheomra Araíonachta:

(1)

cásanna araíonachta:

(a)

maidir le breithiúna den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)],

(b)

arna scrúdú ag an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] maidir le himeachtaí araíonachta arna seoladh de bhun na ndlíthe seo a leanas:

[...]

an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna [...],

[...]

[...]

(2)

cásanna maidir le dlí an tsaothair agus an árachais shóisialta a bhaineann le breithiúna den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)];

[...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

9

Foráiltear le hAirteagal 31(1) den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach:

“Tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCéad Uachtarán den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], foilseoidh Uachtarán na Poblachta in Monitor Polski [(Iris Oifigiúil Phoblacht na Polainne)] líon na bhfolúntas do bhreithúna sna Dlísheomraí éagsúla den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

10

Faoi Airteagal 33(1) den Dlí sin:

“Bunófar an caidreamh fostaíochta atá ag breitheamh den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] ar thabhairt na hionstraime lena gceaptar é. [...]”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna

11

Foráiltear le ustawa – Prawo o ustroju sądów powszechnych (an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna) an 27 Iúil 2001, arna leasú (Dz. U. 2018, mír 23; “an Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna”), in Airteagal 110:

“1.   In imeachtaí araíonachta maidir le breithiúna, is iad na cúirteanna seo a leanas a dhéanfaidh breithniú:

(1)

ag an gcéad chéim:

(a)

na cúirteanna araíonachta a ghabhann leis na cúirteanna achomhairc, i bhfoirmíocht de thriúr breithiúna;

[...]

3.   Ní cheadaítear don chúirt araíonachta faoina dlínse a fheidhmíonn an Breitheamh atá mar ábhar do na himeachtaí araíonachta na cásanna dá dtagraítear i mír 1, pointe 1(a), a éisteacht agus a chinneadh. Is é an tUachtarán den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] a ainmneoidh an chúirt araíonachta inniúil chun an cás a éisteacht agus a chinneadh, agus é ag stiúradh obair an Dlísheomra Araíonachta arna iarraidh sin don oifigeach araíonachta.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An Dlí maidir le KRS

12

Rialaítear KRS le ustawa o Krajowej Radzie Sądownictwa (an Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna) an 12 Bealtaine 2011 (Dz. U. 2011, Uimh. 126, mír 714), arna leasú, go háirithe, ag ustawa o zmianie ustawy o Krajowej Radzie Sądownictwa oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus dlíthe áirithe eile) an 8 Nollaig 2017 (Dz. U. 2018, mír 3), agus ag ustawa o zmianie ustawy – Prawo o ustroju sądów powszechnych oraz niektórych innych ustaw (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna agus dlíthe áirithe eile) an 20 Iúil 2018 (Dz. U. 2018, mír 1443; “an Dlí maidir le KRS”).

13

Foráiltear le hAirteagal 37(1) den Dlí maidir le KRS:

“Dá mba rud é gur chuir roinnt iarratasóirí iarratas isteach ar phost mar bhreitheamh, dhéanfadh [KRS] na hiarratais go léir a cuireadh isteach a scrúdú agus a mheas go comhpháirteach. Sa chás sin, ghlacfadh [KRS] rún lena n‑áireofaí a chinntí maidir le togra amháin i leith ceapachán don phost mar bhreitheamh a chur ar aghaidh i leith na n‑iarratasóirí uile.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

14

Faoi Airteagal 43(2) den Dlí sin:

“Mura ndéanann na rannpháirtithe uile sa nós imeachta agóid in aghaidh an rúin dá dtagraítear in Airteagal 37(1), beidh an rún críochnaitheach don chuid ina n‑áirítear an cinneadh gan togra le haghaidh ceapachán don phost mar bhreitheamh a chur ar aghaidh maidir leis na rannpháirtithe nár thionscain achomharc, faoi réir fhorálacha Airteagal 44(1)(b).”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

15

Luaitear in Airteagal 44 den Dlí sin:

“1.   Féadfaidh rannpháirtí sa nós imeachta achomharc a thionscnamh os comhair an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] ar an bhforas go bhfuil an rún [ó KRS] neamhdhleathach, mura bhforáiltear a mhalairt le forálacha ar leith. [...]

1(a)   I gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán breithimh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], tabharfar na hachomhairc os comhair an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin, an Pholainn)]. Sna cásanna sin, ní féidir caingean a thionscnamh os comhair an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)]. Ní féidir achomharc os comhair an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)] a bhunú ar phléadáil dlí lena líomhnaítear go ndearnadh measúnú mícheart ar chomhlíonadh na gcritéar, ag na hiarratasóirí, a cuireadh san áireamh agus an cinneadh maidir le togra le haghaidh ceapachán don phost mar bhreitheamh a chur ar aghaidh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] á dhéanamh.

1(b)   Mura ndéanann na rannpháirtithe uile sa nós imeachta agóid in aghaidh an rúin dá dtagraítear in Airteagal 37(1), sna cásanna aonair a bhaineann leis an gceapachán don phost mar bhreitheamh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], beidh an rún sin críochnaitheach, don chuid ina n‑áirítear an cinneadh chun togra le haghaidh ceapachán don phost mar bhreitheamh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] a chur ar aghaidh agus don chuid ina n‑airítear an cinneadh gan togra le haghaidh ceapachán don phost mar bhreitheamh chuig an gcúirt chéanna a chur ar aghaidh, maidir leis na rannpháirtithe sa nós imeachta nár thionscain achomharc.

[...]

4.   I gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán breithimh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], is ionann an neamhniú, a dhéanann an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)] ar an rún [ó KRS] gan togra le haghaidh ceapachán don phost mar bhreitheamh den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] a chur ar aghaidh agus glacadh le hiarratas an rannpháirtí sa nós imeachta a thionscain an t-achomharc, le haghaidh folúntas mar bhreitheamh den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], post nach bhfuil deireadh tagtha leis an nós imeachta dó os comhair [KRS] ar dháta fógartha chinneadh an [Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin)], nó, i gcás gur theip ar nós imeachta den sórt sin, le haghaidh an chéad fholúntais eile mar bhreitheamh den [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] a fhoilseofar.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

16

Cuireadh mír 1(a) d’Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS isteach san Airteagal sin le Dlí an 8 Nollaig 2017 lena leasaítear an Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus dlíthe áirithe eile, a tháinig i bhfeidhm an 17 Eanáir 2018, agus cuireadh míreanna 1(b) agus 4 isteach san Airteagal sin le Dlí an 20 Iúil 2018 lena leasaítear an Dlí maidir le hEagrúchán na nGnáthchúirteanna agus dlíthe áirithe eile, a tháinig i bhfeidhm an 27 Iúil 2018. Sula ndearnadh na leasuithe sin, b’éigean na caingne dá dtagraítear i mír 1(a) a thionscnamh os comhair an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] i gcomhréir le mír 1 d’Airteagal 44.

17

Le breithiúnas an 25 Márta 2019, dhearbhaigh an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachta, an Pholainn) go raibh Airteagal 44(1)(a) den Dlí maidir le KRS ar neamhréir le hAirteagal 184 den Bhunreacht, ar an bhforas, go bunúsach, nach raibh údar leis an dlínse a tugadh don Naczelny Sąd Administracyjny (Ard‑Chúirt Riaracháin) le mír 1(a) i bhfianaise chineál na gcásanna lena mbaineann, shaintréithe eagrúcháin na cúirte sin agus an nós imeachta curtha i bhfeidhm ag an gcúirt sin. Sa bhreithiúnas sin, chuir an Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachta) in iúl freisin gurb é an toradh a bhí ar an dearbhú de mhíbhunreachtúlacht sin “gur gá go bhfoirceanntar gach imeacht cúirte bunaithe ar an bhforáil aisghairthe atá ar feitheamh” [aistriúchán neamhoifigiúil].

18

Ina dhiaidh sin, leasaíodh Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS le ustawa o zmianie ustawy o Krajowej Radzie Sądownictwa oraz ustawy ‐ Prawo o ustroju sądów administracyjnych (an Dlí lena leasaítear an Dlí maidir le Comhairle Náisiúnta na mBreithiúna agus an Dlí maidir le hEagrúchán Díospóidí Riaracháin) an 26 Aibreán 2019 (Dz. U. 2019, mír 914; “Dlí an 26 Aibreán 2019”), a tháinig i bhfeidhm an 23 Bealtaine 2019. Foráiltear an méid seo a leanas le mír 1 d’Airteagal 44 ó shin i leith:

“Féadfaidh rannpháirtí sa nós imeachta achomharc a thionscnamh os comhair an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)] ar an bhforas go bhfuil an rún [ó KRS] neamhdhleathach, mura bhforáiltear a mhalairt le forálacha ar leith. Ní féidir achomharc a thionscnamh i gcásanna aonair a bhaineann le ceapachán breithimh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)].”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

19

Ina theannta sin, foráiltear le hAirteagal 3 de Dhlí an 26 Aibreán 2019“[nach] rachaidh na hachomhairc i gcoinne na rún [ó KRS] i gcásanna aonair maidir le ceapachán breithimh chuig an [Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach)], a tionscnaíodh ach nár tugadh breithiúnas iontu roimh theacht i bhfeidhm an Dlí seo, ar aghaidh chun breithiúnais de bharr fheidhmiú an dlí.”

[aistriúchán neamhoifigiúil]

An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tarchuireadh i gcomhair réamhrialú

20

Is breitheamh den Sąd Rejonowy w P. (Cúirt Dúiche P., an Pholainn) í M. F. An 17 Eanáir 2019, chinn an Leas-Oifigeach Araíonachta le freagracht as cásanna a bhaineann le breithiúna ag suí sna gnáthchúirteanna imeachtaí araíonachta a thionscnamh in aghaidh M. F. mar gheall ar mhoilleanna a líomhnaíodh a bhí ann sna himeachtaí a raibh sí ag déanamh breithniú orthu agus moilleanna a líomhnaíodh a bhí ann maidir le dréachtú na bhforas dá cinntí. Ghlac J. M., mar Uachtarán den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) agus é ag stiúradh obair an Dlísheomra Araíonachta den chúirt sin, an 28 Eanáir 2019, bunaithe ar Airteagal 110(3) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, ordú lenar ainmníodh an Sąd Dyscyplinarny przy Sądzie Apelacyjnym w [...] (Cúirt Araíonachta a ghabhann leis an gCúirt Achomhairc de [...], an Pholainn) mar chúirt araíonachta inniúil chun an nós imeachta araíonachta sin a éisteacht agus a chinneadh ag an gcéad chéim.

21

I ndiaidh ghlacadh an ordaithe sin, thionscain M. F. caingean os comhair an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) faoi Airteagal 189 de Chód an Nós Imeachta Sibhialta, chun a shuí nach raibh aon chaidreamh fostaíochta idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), de réir bhrí Airteagal 33(1) den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach, de bharr neamhrialtachtaí a raibh tionchar acu ar a cheapachán mar bhreitheamh chuig an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach). D’iarr M. F. freisin go gcuirfear gach duine a ceapadh mar bhreitheamh chuig an Dlísheomra Araíonachta sin as oifig agus go n‑ainmneofar an Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta) den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) chun breithniú a dhéanamh ar an gcaingean sin. Ar deireadh, d’iarr M. F. go ndéanfar ordú eatramhach, le linn na bpríomhimeachtaí ina n-iomlán, chun an nós imeachta araíonachta a tionscnaíodh ina leith a chur ar fionraí.

22

Mar thaca lena caingean, mhaígh M. F. go raibh ceapachán J. M. don phost mar bhreitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) neamhéifeachtach toisc gur thug Uachtarán na Poblachta dó ar an 20 Mean Fómhair 2018 an ionstraim lenar ceapadh J. M., cé go raibh rún KRS an 23 Lúnasa 2018, lenar moladh ceapachán J. M. don phost sin, ina ábhar de chaingean a thionscain iarratasóir nár moladh a cheapachán de bhun an rúin sin, an 17 Meán Fómhair 2018 os comhair an Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin), de bhonn Airteagal 44(1)(a) den Dlí maidir le KRS. Ina theannta sin, líomhnaítear go ndearnadh an nós imeachta roghnúcháin lena mbaineann i ndiaidh teachtaireacht ó Uachtarán na Poblachta a glacadh ar bhonn Airteagal 31(1) den Dlí maidir leis an gCúirt Uachtarach agus a foilsíodh an 29 Meitheamh 2018, teachtaireacht nach raibh an comhshíniú aireachta ba ghá ag gabháil léi.

23

Le cinneadh an 6 Bealtaine 2019, thug an Chéad Uachtarán den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) an fhreagracht don Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta) den chúirt sin iarratas M. F. a scrúdú agus, inter alia, an t‑iarratas ar ordú eatramhach a rinne sí.

24

Agus scrúdú á dhéanamh aige ar an iarratas deireanach sin, tá amhras ar an Dlísheomra sin, arb é an chúirt a rinne an tarchur sa chás idir lámha é, maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais. Measann an chúirt sin, mar réamhphointe, go n‑eascraíonn an nasc idir an cás sna príomhimeachtaí agus an dlí sin ón bhfíoras nach bhfuil prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí a chumhdaítear leis an dlí sin infheidhme amháin in imeachtaí os comhair cúirteanna náisiúnta ina gcuireann na cúirteanna sin dlí substainteach an Aontais i bhfeidhm. Tá an prionsabal sin infheidhme freisin i gcásanna ina bhfuil sé iomchuí measúnú a dhéanamh an gcomhlíonann Ballstát a oibleagáid, a eascraíonn as Airteagal 4(3) agus an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, chun a áirithiú go gcomhlíonann comhlachtaí ar féidir leo, mar chúirteanna nó mar bhinsí de réir bhrí dhlí an Aontais, breithniú a dhéanamh sna réimsí a chumhdaítear leis sin, na ceanglais a eascraíonn as an bprionsabal sin agus, go háirithe, an ceanglas go mbeidh na comhlachtaí sin ina gcúirteanna neamhspleácha agus neamhchlaonta a bunaíodh roimhe sin le dlí. Dá bhrí sin, ba cheart an ceanglas sin a chomhlíonadh nuair a thugann Ballstát an chumhacht do chomhlacht ar nós an chosantóra sna príomhimeachtaí an chúirt inniúil a ainmniú chun imeachtaí araíonachta arna dtionscnamh i gcoinne breithiúna a éisteacht agus a chinneadh.

25

Maidir leis sin, maíonn an chúirt a rinne an tarchur, ar an gcéad dul síos, cé gur féidir caitheamh leis an nasc reachtúil idir breitheamh agus an chúirt ina bhfuil sé nó sí in oifig mar chaidreamh fostaíochta agus gur féidir a shuí gur ann dó i gcomhthéacs an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 189 de Chód an Nós Imeachta Sibhialta, gur léir ó chásdlí an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) gurb é atá i gceist le dul in oifig breithimh, lena dtugtar an ceart chun cumhacht bhreithiúnais a fheidhmiú, ná caidreamh dlíthiúil a bhaineann leis an dlí poiblí agus ní leis an dlí sibhialta. Sna himthosca sin, ní cás sibhialta a d’fhéadfadh teacht faoi raon feidhme Chód an Nós Imeachta Sibhialta, go háirithe Airteagal 189 di, í caingean, ar nós na caingne sna príomhimeachtaí, chun a shuí nach raibh breitheamh in oifig. Mar sin féin, ní bheadh aon nós imeachta ann, faoin dlí náisiúnta, chun agóid a dhéanamh i gcoinne na hionstraime lenar cheap Uachtarán na Poblachta breitheamh.

26

Sna himthosca sin, measann an chúirt a rinne an tarchur go mbraitheann inghlacthacht iarratais amhail an t‑iarratas sna príomhimeachtaí ar cé acu ar ghá nó nár ghá, i gcomhthéacs normatach náisiúnta den sórt sin, dlí an Aontais a léirmhíniú sa chaoi go dtabharfaí leis an chumhacht di, nach bhfuil aici faoin dlí náisiúnta, chun a shuí, i gcomhthéacs imeachtaí amhail na príomhimeachtaí, nach ndeachaigh an cosantóir lena mbaineann in oifig mar bhreitheamh. Maidir le hinghlacthacht an iarratais ar ordú eatramhach atá os comhair na cúirte sin agus dlínse na cúirte sin chun é a éisteacht agus a chinneadh, bheadh siadsan faoi réir inghlacthacht an iarratais sin sna príomhimeachtaí.

27

De réir na cúirte a rinne an tarchur, d’fhéadfadh an dlínse sin agus an inghlacthacht sin eascairt go díreach as dlí an Aontais i gcás inar glacadh ionstraim cheapacháin an bhreithimh lena mbaineann, mar a tharla sa chás seo, de shárú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí, ós rud é gur thug údaráis na Polainne faoi aon athbhreithniú breithiúnach a eisiamh maidir le comhoiriúnacht na rialacha nó na nósanna imeachta náisiúnta maidir le breithiúna a cheapadh le dlí an Aontais ag céim roimh thabhairt na hionstraime ceapacháin.

28

Maidir leis sin, deir an chúirt sin go raibh, roimhe sin, de bhun Airteagal 43 agus Airteagal 44(1) agus, ansin, Airteagal 43, Airteagal 44(1) agus (1)(a) den Dlí maidir le KRS, an fhéidearthacht ann athbhreithniú breithiúnach a dhéanamh ar an rún lena molann KRS duine lena bheith ceaptha mar bhreitheamh chuig an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach). Mar sin féin, cé gur tionscnaíodh an nós imeachta chun breithiúna a glaodh orthu chuig an Dlísheomra nua araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) a cheapadh agus, inter alia, gur ceapadh, mar thoradh air sin, an cosantóir sna príomhimeachtaí, agus cé gur chuir iarratasóirí éagsúla don phost mar bhreitheamh den Dlísheomra nua sin in iúl go raibh sé ar intinn acu caingne a thionscnamh ar bhonn na bhforálacha sin, chuir reachtóir na Polainne mír 1(b), d’aon ghnó, isteach in Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS,, inar foráladh nach mbeadh sé de thoradh ar chaingne den sórt sin as sin amach go gcuirfí bac ar na ceapacháin a bhí beartaithe.

29

Ina theannta sin, tar éis don Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin), le cinneadh an 21 Samhain 2018, ceist a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú, thug an cás sin údar, le breithiúnas an 2 Márta 2021, A. B. agus páirtithe eile (Ceapadh Breithiúna chuig an gCúirt Uachtarach – Caingean) (C‑824/18, an “breithiúnas A. B. agus páirtithe eile”, EU:C:2021:153), maidir le cé acu an gcoisctear nó nach gcoisctear le dlí an Aontais leasuithe amhail na leasuithe a raibh tionchar acu ar Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS, ghlac reachtóir na Polainne, ag féachaint do bhreithiúnas an 25 Márta 2019 ón Trybunał Konstytucyjny (Cúirt Bhunreachta), dá dtagraítear i mír 17 den bhreithiúnas seo, Dlí an 26 Aibreán 2019 chun, ar thaobh amháin, a fhógairt nach rachadh na cásanna ar feitheamh os comhair an Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin) ar aghaidh chun breithiúnais, cásanna amhail na cásanna a thug údar don tarchur chun réamhrialú seo. Ar an taobh eile, leasófar arís, leis an Dlí sin, Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS chun aon deis a eisiamh, amach anseo, chun imeachtaí dlí a thionscnamh i gcoinne rún ó KRS lena moltar ceapachán iarratasóra mar bhreitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach).

30

Sa dara háit, tugann an chúirt a rinne an tarchur faoi deara, i gcomhthéacs na gcásanna uamtha as ar eascair, idir an dá linn, breithiúnas an 19 Samhain 2019, A. K. agus páirtithe eile (Neamhspleáchas Dhlísheomra Araíonachta na Cúirte Uachtaraí) (C‑585/18, C‑624/18 agus C‑625/18, “breithiúnas A. K. agus páirtithe eile”, EU:C:2019:982), gur tarchuireadh ceisteanna chun na Cúirte, maidir le comhoiriúnacht forálacha náisiúnta a bhaineann leis an gcaoi a mbunaítear agus a gceaptar comhaltaí den Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) le dlí an Aontais. I gcomhthéacs mar sin, bhí ar an bhfeidhmeannas staonadh ó na ceapacháin sin a dhéanamh go dtí go raibh rialú tugtha ag an gCúirt agus ag an gcúirt náisiúnta a tharchuir ceisteanna chun na Cúirte i gcomhair réamhrialú.

31

Sa tríú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchuir an é, de thoradh ar an bhfíoras gur ceapadh J. M. mar bhreitheamh chuig an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) tar éis caingean a bheith tionscnaithe in aghaidh an rúin ó KRS lenar moladh an ceapachán sin agus gur cuireadh tús leis an nós imeachta ceapacháin le hionstraim ó Uachtarán na Poblachta gan an comhshíniú aireachta a bhí de dhíth de bhun Airteagal 144(3) den Bhunreacht, gur sáraíodh prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí agus, níos sonraí, gur sáraíodh an ceanglas maidir le binse “arna bhunú roimh ré le dlí”, de réir bhrí Airteagal 47 den Chairt.

32

Sa cheathrú háit, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur di féin an bhféadfaí cur i gcoinne stádas duine mar bhreitheamh ar an aon fhoras amháin nach ionann an comhlacht ar ceapadh an duine sin chuige, eadhon, sa chás seo, an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), agus cúirt de réir bhrí dlí an Aontais toisc nach gcomhlíontar an ceanglas neamhspleáchais is gá leis.

33

Sa chúigiú háit, agus i bhfianaise na mbreithnithe atá comhchosúil leo siúd a thug údar leis na ceisteanna a cuireadh faoi bhráid na Cúirte Breithiúnais sna cásanna uamtha atá mar chúis, ó shin, leis an mbreithiúnas A. K. agus páirtithe eile, tá an chúirt a rinne an tarchur den tuairim, toisc nach cúirt ná binse de réir bhrí dlí an Aontais é an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), a dtugtar dó leis an dlí náisiúnta an dlínse chun díospóid ar nós na díospóide sna príomhimeachtaí a éisteacht agus a chinneadh, ní mór di féin an dlínse chun an díospóid sin a éisteacht agus a chinneadh a ghlacadh uirthi féin.

34

Ba sna himthosca sin a chinn an Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta) den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú:

“(1)

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) agus Airteagal 6(3) CAE, arna léamh i gcomhar le hAirteagal 47 den [Chairt] agus an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú sa chaoi go bhféadfadh, in imeachtaí chun a shuí nach ann do chaidreamh fostaíochta, cúirt céime deiridh de Bhallstát a chinneadh nach breitheamh an duine ar a ndírítear ionstraim, lena gceaptar an duine sin mar bhreitheamh chuig an gcúirt sin, a glacadh ar bhonn forálacha atá contrártha le prionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí nó ar bhealach neamhréireach leis an bprionsabal sin, i gcás ina gcuirtear bac d’aon ghnó ar an gceist sin a scrúdú roimh thabhairt na hionstraime sin?

(2)

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 47 den [Chairt], arna léamh i gcomhar le hAirteagal 267 CFAE, a léirmhíniú sa chaoi gurb ann do shárú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí i gcás ina n‑eisítear ionstraim lena gceaptar breitheamh tar éis don chúirt náisiúnta ceist maidir le léirmhíniú ar dhlí an Aontais a tharchur i gcomhair réamhrialú, a bhfuil an measúnú ar chomhoiriúnacht na bhforálacha náisiúnta faoinar tugadh an ionstraim sin le dlí an Aontais faoi réir an fhreagra a gheofar ar an gceist sin?

(3)

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3), Airteagal 6(3) CAE agus Airteagal 47 den [Chairt] a léirmhíniú sa chaoi go ndéantar sárú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí toisc nach ráthaítear rochtain ar an gceartas, i gcás ina n-eisítear ionstraim lena gceaptar breitheamh tar éis nós imeachta ceapacháin a rinneadh de shárú tromchúiseach ar fhorálacha dlí an Stáit sin a rialaíonn ceapachán breithiúna?

(4)

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 47 den [Chairt], arna léamh i gcomhar leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú sa chaoi go ndéantar sárú ar phrionsabal na cosanta breithiúnaí éifeachtaí nuair a chruthaíonn an reachtóir náisiúnta, i gcúirt céime deiridh de Bhallstát, eintiteas eagraíochtúil nach cúirt é de réir bhrí dhlí an Aontais?

(5)

An gá an dara fomhír d’Airteagal 19(1), Airteagal 2, Airteagal 4(3) CAE agus Airteagal 47 den [Chairt], arna léamh i gcomhar leis an tríú fomhír d’Airteagal 267 CFAE, a léirmhíniú sa chaoi nach bhféadfadh na ceisteanna maidir le caidreamh fostaíochta a bheith ann agus maidir le stádas breithimh de dhuine ar a ndírítear ionstraim lena gceaptar mar bhreitheamh é chuig cúirt céime deiridh de Bhallstát a bheith cinnte ag eintiteas eagraíochtúil den chúirt céime deiridh sin, agus an t-eintiteas sin, atá inniúil de bhun dhlí náisiúnta an Stáit sin, comhdhéanta go heisiach de dhaoine a bhfuil locht lena n‑ionstraimí ceapacháin de bharr na bhfabhtanna dá dtagraítear i gceisteanna 2 go 4, sa tslí nach cúirt ná binse é de réir bhrí dhlí an Aontais, ach [nach mór iad a bheith cinnte] ag eintiteas eagraíochtúil eile den chúirt céime deiridh sin, [eintiteas] a chomhlíonfadh na ceanglais i ndáil le cúirt nó binse de bhun dhlí an Aontais?”

An nós imeachta os comhair na Cúirte

An t-iarratas ar an nós imeachta brostaithe a chur i bhfeidhm

35

D’iarr an chúirt a rinne an tarchur go gcuirfear an tarchur chun réamhrialú idir lámha faoi réir nós imeachta brostaithe de bhun Airteagal 105 de Rialacha Nós Imeachta na Cúirte Breithiúnais. Mar thaca lena hiarratas, d’áitigh an chúirt sin go raibh bonn cirt le cur i bhfeidhm an nós imeachta sin, ar an gcéad dul síos, i bhfianaise go raibh gá uirthi rialú a thabhairt maidir leis an iarratas ar ordú eatramhach a bhí os a comhair laistigh den tréimhse seacht lá arna leagan síos leis an dlí náisiúnta. Ar an dara dul síos, chomh maith leis an gcás idir lámha, bheadh na freagraí ar na ceisteanna a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais le haghaidh réamhrialú cinntitheach maidir leis an bhféidearthacht chun caingne a thabhairt amach anseo chun a shuí nach ann do chaidreamh fostaíochta maidir le roinnt áirithe breithiúna a ceapadh le déanaí chuig Dlísheomraí éagsúla den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) agus a ndearnadh a gceapachán faoi choinníollacha a bhí comhchosúil go hiomlán nó go páirteach leis na coinníollacha faoina ndearnadh ceapachán an chosantóra sna príomhimeachtaí. Ar an tríú dul síos, d’fhéadadh na freagraí sin, dá mba ghá, bac a chur le ceapacháin den sórt sin a dhéanamh amach anseo.

36

Foráiltear le hAirteagal 105(1) de na Rialacha Nós Imeachta, ar iarratas ón gcúirt nó ón mbinse a rinne an tarchur nó, go heisceachtúil, uaidh féin, féadfaidh Uachtarán na Cúirte a chinneadh, tar éis dó an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go gcuirfear nós imeachta brostaithe i bhfeidhm maidir le tarchur chun réamhrialú i gcás go n-éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama.

37

Ní mór a mheabhrú gurb ionann nós imeachta brostaithe den sórt sin agus ionstraim nós imeachta atá ceaptha chun freagairt d’éigeandálaí urghnácha (breithiúnas an 21 Nollaig 2021, Randstad Italia, C‑497/20, EU:C:2021:1037, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

38

Sa chás seo, chinn Uachtarán na Cúirte, an 20 Lúnasa 2019, tar éis an Breitheamh is Rapóirtéir agus an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, nach raibh sé iomchuí glacadh leis an iarratas dá dtagraítear i mír 35 thuas.

39

Maidir leis sin, is léir ó na ráitis san ordú tarchuir, go bhféachann M. F., lena caingean shibhialta chun a shuí nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), go bunúsach, le go ndéanfar, ar dtús, an cinneadh lenar ainmnigh J. M., ag gníomhú dó ina cháil mar Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), an chúirt araíonachta inniúil chun na himeachtaí araíonachta ina coinne a éisteacht agus a chinneadh a chur ar fionraí go sealadach agus, ar an dara dul síos, le go gcinnfear nach bhfuil éifeacht ag an gcinneadh sin.

40

Ar dtús, maidir leis an gcúinse gur tháinig, go háirithe, iarratas ar orduithe eatramhacha os comhair na cúirte a rinne an tarchur, is iomchuí a mheabhrú nach féidir leis an bhfíoras go ndearnadh tarchur chun réamhrialú i gcomhthéacs imeachtaí náisiúnta lena gceadaítear glacadh beart mar sin, agus leis an bhfíoras sin amháin, a shuí go n‑éilíonn nádúr an cháis go ndéileálfar leis laistigh d’achar gearr ama (féach, chuige sin, ordú Uachtarán na Cúirte an 18 Deireadh Fómhair 2017, Weiss agus páirtithe eile, C‑493/17, nár foilsíodh, EU:C:2017:792, mír 12 agus an cásdlí dá dtagraítear).

41

Anuas air sin, níl an soiléiriú atá á lorg, maidir le cé acu an sáraíonn nó nach sáraíonn cinneadh J. M., lena n‑ainmnítear an chúirt araíonachta inniúil chun na himeachtaí araíonachta arna dtionscnamh i gcoinne M. F. a éisteacht agus a chinneadh, dlí an Aontais, ina chúis le héigeandáil urghnách lena dtabharfar údar le cur i bhfeidhm an nós imeachta brostaithe.

42

Ar deireadh, ní dhócha ach oiread go bhfuil an fhéidearthacht go bhféadfadh freagra ón gCúirt Bhreithiúnais ar na ceisteanna a tarchuireadh chuici sa chás seo, thar thoradh na díospóide sna príomhimeachtaí, an bealach a réiteach do chaingne eile, chun a shuí nach bhfuil caidreamh fostaíochta ann, i gcoinne breithiúna eile a ceapadh le déanaí chuig an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) nó go gcabhródh sé le bac a chur ar cheapacháin eile chomhchosúla amach anseo, den nádúr chun go gcuirfí an nós imeachta brostaithe i bhfeidhm sa chás idir lámha.

43

Ina theannta sin, sa chás seo, cuireadh san áireamh freisin, mar is léir ó mhíreanna 29, 30 agus 33 den bhreithiúnas seo, go raibh roinnt de na hábhair is cúram don chúirt a rinne an tarchur, ar a raibh na ceisteanna a luaitear sa chás seo bunaithe, go bunúsach, ina n-ábhar, nuair a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais iad, do tharchuir eile chun réamhrialú a bhí ag céimeanna próiseála sách chun cinn.

An t‑iarratas chun an chéim ó bhéal den nós imeachta a athoscailt

44

I ndiaidh na céime scríofa den nós imeachta, chualathas argóintí ó bhéal ó na páirtithe lena mbaineann, ina measc sin, Rialtas na Polainne, ag éisteacht a tionóladh an 22 Meán Fómhair 2020. Thug an tAbhcóide Ginearálta a Thuairim an 15 Aibreán 2021, tráth a tháinig deireadh, dá bhrí sin, leis an gcéim ó bhéal den nós imeachta.

45

Le doiciméad arna thaisceadh i gClárlann na Cúirte an 7 Bealtaine 2021, d’iarr Rialtas na Polainne go n‑athosclófar an chéim ó bhéal den nós imeachta.

46

Mar thaca leis an iarratas sin, bhraith an rialtas sin ar an bhfíoras go raibh difríochtaí sa chur chuige idir, ar thaobh amháin, an tuairim a thug an tAbhcóide Ginearálta sa chás seo agus, ar an taobh eile, tuairim an Abhcóide Ghinearálta Hogan sa chás Repubblika (C‑896/19, EU:C:2020:1055) agus breithiúnas an 20 Aibreán 2021, Repubblika (C‑896/19, EU:C:2021:311), maidir leis an measúnú ar phróiseas ceapacháin breithiúna náisiúnta sna Ballstáit éagsúla i bhfianaise dhlí an Aontais.

47

Tá Rialtas na Polainne den tuairim freisin go bhfuil údar le hathoscailt na céime ó bhéal den nós imeachta, sa chás seo, toisc nár thug an tAbhcóide Ginearálta aird leordhóthanach, ina Thuairim sa chás idir lámha, agus lena n-easaontaíonn an rialtas sin, d’argóintí an rialtais sin, sa chaoi go bhfuil easpa oibiachtúlachta ag baint leis an Tuairim sin.

48

Chuige sin, is iomchuí a mheabhrú, ar an gcéad dul síos, nach bhforáiltear le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh ná leis na Rialacha Nós Imeachta don fhéidearthacht, do na páirtithe dá dtagraítear in Airteagal 23 den Reacht, barúlacha a thíolacadh mar fhreagra ar Thuairim an Abhcóide Ghinearálta (breithiúnas an 6 Márta 2018, Achmea, C‑284/16, EU:C:2018:158, mír 26 agus an cásdlí dá dtagraítear).

49

Ar an dara dul síos, faoin dara fomhír d’Airteagal 252 CFAE, déanfaidh an tAbhcóide Ginearálta, ag gníomhú dó le neamhchlaontacht agus neamhspleáchas iomlán, aighneachtaí réasúnaithe i gcúirt oscailte ar chásanna ina n-éilítear a rannpháirtíocht i gcomhréir le Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh. Níl an Chúirt Bhreithiúnais faoi cheangal ag Tuairim an Abhcóide Ghinearálta ná ag an réasúnaíocht ba bhun leis an Tuairim sin. Dá bhrí sin, ní féidir le heasaontas páirtí le Tuairim an Abhcóide Ghinearálta, beag beann ar na ceisteanna a scrúdaíonn an tAbhcóide Ginearálta ina Thuairim, a bheith ina fhoras ann féin a thugann údar le hathoscailt an nós imeachta ó bhéal (breithiúnas an 6 Márta 2018, Achmea, C‑284/16, EU:C:2018:158, mír 27 agus an cásdlí dá dtagraítear).

50

Maidir le líomhaintí Rialtas na Polainne maidir le heaspa oibiachtúlachta i dTuairim an Abhcóide Ghinearálta sa chás seo, is leor a thabhairt faoi deara nach bhfuil an cúinse go measann an rialtas sin nár cuireadh a argóintí san áireamh go leordhóthanach sa Tuairim sin, ná sa Tuairim, dá dtagraítear go mór mór sa Tuairim sin, a thug an tAbhcóide Ginearálta sa chás ar déileáladh leis ar bhealach comhordaithe leis an gcás idir lámha agus ba bhun le breithiúnas an 6 Deireadh Fómhair 2021, W. Ż. (Dlísheomra um Rialú Urghnách agus Gnóthaí Poiblí na Cúirte Uachtaraí – Ceapachán) (C‑487/19, EU:C:2021:798), in aon chás, de nádúr chun easpa oibiachtúlachta mar sin a shuí.

51

I gcomhréir le hAirteagal 83 dá Rialacha Nós Imeachta, féadfaidh an Chúirt, cinnte, tráth ar bith, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, a ordú go n‑athosclófar an chéim ó bhéal den nós imeachta, go háirithe má mheasann sí nach bhfuil dóthain faisnéise os a comhair nó i gcás, tar éis clabhsúr a chur leis an gcuid sin den nós imeachta, ina dtíolacfadh páirtí fíoras nua a mbeadh a chineál ina thoisc chinntitheach ar bhreith na Cúirte Breithiúnais.

52

Sa chás seo, áfach, measann an Chúirt Bhreithiúnais, tar éis an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, go bhfuil, tar éis dheireadh an nós imeachta i scríbhinn agus na héisteachta os a comhair, an fhaisnéis go léir is gá chun rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú seo. Thairis sin, tugann sí faoi deara nach léiríonn an t-iarratas a rinne Rialtas na Polainne chun an chéim ó bhéal den nós imeachta a athoscailt aon fhíoras nua de nádúr a d’fhéadfadh tionchar a imirt ar an gcinneadh a iarrtar uirthi a thabhairt.

53

Sna himthosca sin, níor cheart a ordú go n‑athosclófar an chéim ó bhéal den nós imeachta.

Na ceisteanna arna dtarchur chun réamhrialú

Dlínse na Cúirte

54

Dar leis an Prokurator Generalny (Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí, an Pholainn), tagann imeachtaí, ar imeachtaí iad chun a shuí nach bhfuil caidreamh fostaíochta ag duine mar bhreitheamh agus nach raibh sé, dá bhrí sin, in ann, go dleathach, an chúirt araíonachta inniúil a ainmniú chun imeachtaí araíonachta arna dtionscnamh i gcoinne breithimh eile a éisteacht agus a chinneadh, faoin dlí náisiúnta agus faoi inniúlacht na mBallstát amháin, sa tslí nach dtagann na himeachtaí sin faoi raon feidhme dhlí an Aontais. Dá bhrí sin, dar leis, níl aon dlínse ag an gCúirt chun freagra a thabhairt ar an iarraidh seo ar réamhrialú.

55

Maidir leis, go sonrach, an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, níl dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais léirmhíniú a dhéanamh ach amháin a mhéid a iarrtar go sonrach ar an gcúirt a rinne an tarchur dlí an Aontais a chur i bhfeidhm sa chás atá os a comhair, rud nach bhfuil i gceist sa chás seo. In aon chás, fiú dá nglacfaí le léirmhíniú níos forleithne ar an bhforáil sin, bheadh an fhoráil fós neamhábhartha sa chás seo, ós rud é, ar thaobh amháin, nuair a ainmníonn sé an comhlacht inniúil mar chúirt araíonachta, nach dtugann Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) rialú ar na saincheisteanna substainteacha de dhíospóid aonair ag deireadh nós imeachta sáraíochta. Ar an taobh eile, níl an chumhacht ag an Uachtarán sin chun cinntí eile a ghlacadh a bhaineann le ceisteanna a thagann faoi raon feidhme dhlí an Aontais.

56

Maidir leis sin, is iomchuí a mheabhrú, mar is léir ón gcásdlí socair, fiú má thagann eagrúchán an cheartais sna Ballstáit faoi inniúlacht na mBallstát, fágann sin fós, agus an inniúlacht sin á cur i bhfeidhm acu, go bhfuil iallach ar na Ballstáit na ceanglais a eascraíonn dóibh, as dlí an Aontais, a chomhlíonadh, agus d’fhéadfadh sé sin a bheith ann, go háirithe, maidir le rialacha náisiúnta a bhaineann le glacadh cinntí lena gceaptar breithiúna agus, más amhlaidh, rialacha maidir leis an athbhreithniú breithiúnach is infheidhme i gcomhthéacs nósanna imeachta ceapacháin mar sin agus rialacha lena rialaítear an córas araíonachta do bhreithiúna (féach, chuige sin, breithiúnais an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19,EU:C:2021:596, míreanna 56 agus 61 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 36 agus an cásdlí dá dtagraítear).

57

Thairis sin, baineann na hargóintí a chuir an Príomh-Ionchúisitheoir Poiblí ar aghaidh, go bunúsach, le raon feidhme na bhforálacha de dhlí an Aontais dá dtagraítear sna ceisteanna a tarchuireadh agus, dá bhrí sin, le léirmhíniú na bhforálacha sin. Tá sé soiléir, áfach, go dtagann léirmhíniú den sórt sin faoi dhlínse na Cúirte Breithiúnais de bhun Airteagal 267 CFAE (féach, de réir analaí, breithiúnas an 16 Samhain 2021, Prokuratura Rejonowa w Mińsku Mazowieckim agus páirtithe eile, C‑748/19 go C‑754/19, EU:C:2021:931, mír 37 agus an cásdlí dá dtagraítear).

58

Dá bhrí sin, tá dlínse ag an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar an iarraidh ar réamhrialú idir lámha.

Inghlacthacht

59

Beag beann ar na hagóidí éagsúla a chuireann J. M., an Príomh‑Ionchúisitheoir Poiblí agus Rialtas na Polainne in iúl maidir le hinghlacthacht na hiarrata ar réamhrialú, tá sé tábhachtach a mheabhrú, de bhun an chásdlí shocair, gur faoin gCúirt Bhreithiúnais í féin atá sé chun na dálaí faoina dtarchuireann an chúirt náisiúnta na ceisteanna chuici a imscrúdú, d’fhonn a dlínse féin nó inghlacthacht na hiarrata atá os a comhair a fhíorú (féach, chuige sin, breithiúnais an 24 Aibreán 2012, Kamberaj, C‑571/10, EU:C:2012:233, mír 41 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus ordú an 6 Meán Fómhair 2018, Di Girolamo, C‑472/17, nár foilsíodh, EU:C:2018:684, mír 25).

60

Maidir leis sin, tá sé curtha i dtreis go rialta ag an gCúirt gur ionstraim le haghaidh comhar idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta é an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, trína gcuireann an Chúirt Bhreithiúnais na heilimintí léirmhínithe de dhlí an Aontais ar fáil do na cúirteanna náisiúnta atá de dhíth orthu chun na díospóidí atá os a gcomhair a réiteach agus go dtagann réasúnú den tarchur chun réamhrialú ní ó fhoirmiú tuairimí comhairleacha maidir le ceisteanna ginearálta nó hipitéiseacha, ach ón mbunriachtanas chun teacht ar réiteach éifeachtúil ar dhíospóid (féach, chuige sin, breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz v Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear).

61

Mar is léir ó fhoclaíocht Airteagal 267 CFAE, ní mór “gá” a bheith leis an réamhrialú atá á lorg chun a chur ar chumas na cúirte a rinne an tarchur “breithiúnas a thabhairt” sa chás atá os a comhair (breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz v Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear).

62

Tá sé curtha in iúl ag an gCúirt Bhreithiúnais arís agus arís eile mar sin gur léir ó fhoclaíocht agus ó struchtúr Airteagal 267 CFAE araon go nglactar leis, leis an nós imeachta um réamhrialú, go háirithe, go bhfuil díospóid ar feitheamh os comhair na gcúirteanna náisiúnta, agus go bhfuil ar na cúirteanna sin rialú a thabhairt sa díospóid sin ina bhfuil siad in ann an breithiúnas arna thabhairt faoin nós imeachta um réamhrialú a chur san áireamh (breithiúnas an 26 Márta 2020, Miasto Łowicz v Prokurator Generalny, C‑558/18 agus C‑563/18, EU:C:2020:234, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear).

63

Sa chás seo, is iomchuí a chur chun suntais ag an tús, mar is léir ón ordú tarchuir, go lorgaítear, cinnte, leis an gcaingean shibhialta a thionscain an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, dearbhú go foirmiúil nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach). Mar sin féin, léiríonn tuairisc na díospóide sna príomhimeachtaí san ordú sin nach bhfuil agóid á déanamh ag M. F. an oiread céanna sin nach bhfuil ann do chaidreamh conarthach nó reachtúil idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) ina gcáil, faoi seach, d’fhostaí agus d’fhostóir nó nach bhfuil cearta nó oibleagáidí ann a d’eascródh as caidreamh fostaíochta den sórt sin idir na páirtithe sa chaidreamh sin, ach go ndéanann sí agóid i gcoinne na n-imthosca faoinar ceapadh J. M. mar bhreitheamh chuig Dlísheomra Araíonachta na cúirte sin. Mar is léir ón tuairisc sin, tríd an gcaingean sin a thabhairt, féachann M. F., go bunúsach, le hagóid a dhéanamh, i ndáiríre, i gcoinne an chinnidh lenar ainmnigh J. M., i gcáil breitheamh agus mar Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), de bhun Airteagal 110(3) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, an chúirt araíonachta inniúil chun na himeachtaí araíonachta arna dtionscnamh i gcoinne M. F. a éisteacht agus a chinneadh ag an gcéad chéim.

64

Mar thaca lena caingean sna príomhimeachtaí, áitíonn M. F., mar sin, go bunúsach, ag féachaint do na himthosca faoinar ceapadh J. M., gurb é a ghlac an cinneadh ainmniúcháin sin ná duine nach breitheamh neamhspleách agus neamhchlaonta arna cheapadh roimh ré le dlí é agus, dá bhrí sin, nach ráthaítear a ceart bunúsach chun triail chóir a fháil sna himeachtaí araíonachta arna dtionscnamh ina coinne os comhair na cúirte araíonachta sin.

65

Ina theannta sin, is iomchuí a thabhairt faoi deara, i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, go n‑iarrann M. F, inter alia, go gcuirfí na himeachtaí araíonachta sin ar fionraí le hordú idirbhreitheach. Mar is léir ón ordú tarchuir, ba ag tráth an imscrúdaithe a bhain go sonrach leis an iarratas sin ar ordú idirbhreitheach gur chinn an chúirt a rinne an tarchur bac a chur ar na himeachtaí agus an iarraidh ar réamhrialú idir lámha a tharchur chun na Cúirte Breithiúnais.

66

Maidir leis an tslí a bhfuil sé mar aidhm ag an gcaingean sna príomhimeachtaí cinneadh dearbhaithe a fháil d’fhonn bac a chur ar shárú ar cheart atá faoi bhagairt thromchúiseach, is iomchuí, cinnte, a mheabhrú, a mhéid a cheadaítear leis an dlí náisiúnta don chineál sin caingne agus mhéid a chinn an chúirt a rinne an tarchur go raibh an chaingean os a comhair inghlactha ar bhonn an chirt sin, nach faoin gCúirt Bhreithiúnais atá sé an measúnú sin a chur faoi amhras, sa chaoi go bhféadfadh na ceisteanna a tharchuir an chúirt náisiúnta sin freagairt do riachtanas oibiachtúil le haghaidh réiteach díospóidí a thagann os a comhair go minic (féach, chuige sin, breithiúnas an 15 Nollaig 1995, Bosman, C-415/93, EU:C:1995:463, míreanna 64 agus 65).

67

Sa chás seo, áfach, is iomchuí a thabhairt faoi deara, ina hordú tarchuir, go sonraíonn an chúirt a rinne an tarchur, nuair a thugtar caingean shibhialta os a comhair chun a shuí nach bhfuil aon chaidreamh dlíthiúil ann mar atá sna príomhimeachtaí, nach bhfuil an dlínse aici, de bhun an dlí náisiúnta is infheidhme, chun rialú a thabhairt ar rialtacht na hionstraime lenar ceapadh an duine lena mbaineann mar bhreitheamh, agus nach féidir inghlacthacht na caingne sin a bhunú ar bhonn an dlí náisiúnta sin.

68

I ndáil leis sin, is iomchuí a mheabhrú, i bprionsabal, go nglactar leis, leis an gcomhar idir an Chúirt Bhreithiúnais agus na cúirteanna náisiúnta dá bhforáiltear in Airteagal 267 CFAE, go bhfuil dlínse ag an gcúirt a rinne an tarchur chun rialú a thabhairt ar an díospóid sna príomhimeachtaí, ionas nach measfaí nach bhfuil siad ach hipitéiseach amháin (ordú an 6 Meán Fómhair 2018, Di Girolamo, C‑472/17, nár foilsíodh, EU:C:2018:684, mír 31).

69

Cé go bhféadfadh sé nár sin a bheadh ann i gcúinsí áirithe eisceachtúla (féach, chuige sin, breithiúnas A. K. agus páirtithe eile, mír 166 agus an cásdlí dá dtagraítear, agus breithiúnas A. B. agus páirtithe eile, mír 150), ní fhéadfaí glacadh le réiteach mar sin sna himeachtaí idir lámha.

70

Sa chéad áit, agus faoi mar a tugadh le fios i míreanna 63 go 65 den bhreithiúnas seo, is léir ón tuairisc ar an díospóid sna príomhimeachtaí atá san ordú tarchuir, cé go lorgaítear, go foirmiúil, dearbhú nach bhfuil aon chaidreamh fostaíochta idir J. M. agus an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), caidreamh nach bhfuil baint ar bith ag an iarratasóir sna príomhimeachtaí leis, déantar iarracht, leis an gcaingean a thionscain an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí, bailíocht cheapachán J. M. mar bhreitheamh chuig an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) a chur faoi amhras, d’fhonn, sa chaoi sin, teacht ar réiteach ar cheist dhlíthiúil maidir leis an nós imeachta araíonachta atá ina coinne faoi láthair os comhair cúirte eile, eadhon imeachtaí dlí atá éagsúil ó na himeachtaí arna dtionscnamh sna príomhimeachtaí agus ina leith a iarrann an t‑iarratasóir ar an gcúirt a rinne an tarchur ordú idirbhreitheach a dhéanamh le hiad a chur ar fionraí.

71

Dá bhrí sin, tá dlúthbhaint ag na ceisteanna a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais sa chás seo le díospóid nach í an díospóid sna príomhimeachtaí agus nach bhfuil ach coimhdeach léi í an díospóid sna príomhimeachtaí i ndáiríre, sa chaoi, leis na ceisteanna sin, go bhféachann an chúirt a rinne an tarchur lena mheasúnú an bhfuil ceapachán J. M. mar Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) agus an t‑ainmniúchán a rinne an breitheamh sin den chúirt araíonachta a éistfeadh agus a chinnfeadh imeachtaí araíonachta cosúil leo siúd a bhfuil an t‑iarratasóir sna príomhimeachtaí mar ábhar dóibh comhoiriúnach le dlí an Aontais agus, ar deireadh, an binse neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimh ré le dlí de réir bhrí an dara fomhír d’Airteagal 47 den Chairt í an chúirt araíonachta a d’ainmnigh J. M. chun na himeachtaí sin maidir leis an iarratasóir sin a éisteacht agus a chinneadh. Sna himthosca sin, bheadh ar an gCúirt, d’fhonn measúnú iomlán a dhéanamh ar raon feidhme na gceisteanna sin agus freagra iomchuí a thabhairt orthu, aird a thabhairt ar na tosca ábhartha a thréithríonn an díospóid eile sin seachas í féin a theorannú do chomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí, mar a éilítear le hAirteagal 267 CFAE.

72

Sa dara háit, dealraíonn sé, in éagmais ceart i leith gníomh díreach in aghaidh cheapachán J. M. mar Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) nó in aghaidh ghníomh J. M. lenar ainmníodh an chúirt araíonachta freagrach as scrúdú a dhéanamh ar an díospóid sin, go bhféadfadh M. F. agóid a dhéanamh, os comhair na cúirte sin, ag líomhain go ndéanfaí sárú, leis an ngníomh sin, ar a ceart go dtabharfadh binse neamhspleách agus neamhchlaonta arna bhunú roimh ré le dlí rialú sna himeachtaí sin.

73

I ndáil leis sin, tá sé tábhachtach a chur in iúl, tar éis an iarraidh seo ar réamhrialú a thaisceadh, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais nár chomhlíon Airteagal 110(3) agus Airteagal 114(7) den Dlí maidir leis na Gnáthchúirteanna, a mhéid a thugtar leo d’Uachtarán an Dlísheomra Araíonachta den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) an chumhacht lánroghnach chun an chúirt araíonachta, a bhfuil dlínse chríche aici chun imeachtaí araíonachta arna dtionscnamh i gcoinne bhreithiúna na ngnáthchúirteanna a éisteacht agus a chinneadh, a ainmniú, is é sin le rá, na breithiúna a d’fhéadfadh é a bheith orthu dlí an Aontais a léirmhíniú agus a chur i bhfeidhm, an ceanglas a eascraíonn as an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE, lena bhforáiltear nach mór imeachtaí mar sin a bheith scrúdaithe ag binse “arna bhunú le dlí” [breithiúnas an 15 Iúil 2021, an Coimisiún v an Pholainn (Córas araíonachta do bhreithiúna), C‑791/19, EU:C:2021:596, mír 176].

74

A mhéid a éilítear le ceanglas den sórt sin, ní mór a mheas, thairis sin, go bhfuil éifeacht dhíreach ag an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE (féach, de réir analaí, breithiúnas A. B. agus páirtithe eile, mír 146), sa tslí go n‑éilítear leis an bprionsabal de thosaíocht dhlí an Aontais ar chúirt araíonachta a ainmníodh d’fhonn na forálacha náisiúnta, dá dtagraítear sa mhír roimhe agus ar a mbonn a rinneadh an t‑ainmniúchán sin, a fhágáil gan feidhm, agus, dá bhrí sin, a dhearbhú nach bhfuil dlínse aici chun na himeachtaí os a comhair a éisteacht agus a chinneadh.

75

Sa tríú háit, is léir ó na mínithe san ordú tarchuir, mar a dhéantar achoimre orthu i míreanna 27 go 29 den bhreithiúnas seo, agus ón bhfoclaíocht féin atá sa chéad cheist a tarchuireadh chun réamhrialú go bhfuil nasc idir na ceisteanna a cheap an chúirt a rinne an tarchur sa chás seo agus an tslí a ndearna reachtóir na Polainne athmhúnlú d’aon ghnó ar an ord dlíthiúil náisiúnta d’fhonn bac a chur, as sin amach, ar an bpróiseas chun breithiúna a cheapadh chuig an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) a bheith ina ábhar d’athbhreithniú breithiúnach éifeachtach. Sa chomhthéacs sin, tá an chúirt a rinne an tarchur in amhras an bhféadfadh sí, ag féachaint, go sonrach, do chuspóir agus d’éifeachtaí an athmhúnlaithe reachtaigh sin, a mheas go bhfuil dlínse aici, faoi dhlí an Aontais, chun athbhreithniú den sórt sin a dhéanamh i gcomhthéacs na díospóide sna príomhimeachtaí.

76

Ar an gcéad dul síos, mar is léir ó mhír 22 den bhreithiúnas seo, bhí rún KRS an 23 Lúnasa 2018, lenar moladh go gceapfaí J. M. mar bhreitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) ina ábhar do chaingean a thionscain, ar bhonn Airteagal 44(1)(a) den Dlí maidir le KRS, os comhair an Naczelny Sąd Administracyjny (Ard-Chúirt Riaracháin), iarratasóir nár moladh a cheapachán de bhun an rúin sin.

77

Ar an dara dul síos, maidir leis na leasuithe reachtacha, a cháin an chúirt a rinne an tarchur agus dá dtagraítear i míreanna 28 agus 29 den bhreithiúnas seo, a rinne difear i ndiaidh a chéile d’Airteagal 44 den Dlí maidir le KRS, tá sé tábhachtach a chur chun suntais, ó taisceadh an iarraidh seo ar réamhrialú, gur chinn an Chúirt Bhreithiúnais, inter alia, sa chuid oibríochtúil den bhreithiúnas A.B. agus páirtithe eile, nach mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuireann sé bac ar fhorálacha náisiúnta lena leasaítear staid an dlí náisiúnta atá i bhfeidhm agus de bhun a leithéide:

ar thaobh amháin, in ainneoin go dtaisceann iarratasóir ar phost mar bhreitheamh de chúirt, ar nós an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), caingean i gcoinne cinneadh comhlachta amhail KRS gan glacadh lena iarratas, ach iarratais na n‑iarratasóirí eile a chur ar aghaidh chuig Uachtarán na Poblachta, is cinneadh críochnaitheach é a mhéid go gcuirtear na hiarratasóirí eile ar aghaidh leis, sa tslí nach bhfuil an chaingean sin ina bac ar cheapachán na n-iarratasóirí sin ag Uachtarán na Poblachta agus nach bhféadfaí measúnú nua a dhéanamh, ar bhonn neamhniú féideartha den chinneadh sin a mhéid nár cuireadh an t-iarratasóir ar aghaidh le haghaidh ceapacháin, ar an staid ina bhfuil an t-iarratasóir d’fhonn bronnadh a d’fhéadfadh a bheith ann den phost lena mbaineann, agus

ar an taobh eile, ní féidir caingean den sórt sin a bhunú ar phléadáil go ndearnadh measúnú mícheart ar chomhlíonadh na gcritéar, ag na hiarratasóirí, a cuireadh san áireamh nuair a rinneadh an cinneadh maidir le cur i láthair an togra le haghaidh ceapacháin,

i gcás ina ndealraíonn sé, mar a d’iarr an Chúirt ar an gcúirt a rinne an tarchur sa chás ba bhun leis an mbreithiúnas sin measúnú a dhéanamh ar bhonn na dtosca ábhartha uile, go bhfuil na forálacha de chineál a eascraíonn amhras dlisteanach astu, in intinní na ndlíthithe, maidir le frithsheasmhacht na mbreithiúna, ar cheap Uachtarán na Poblachta iad ar bhonn chinntí KRS, maidir le tosca seachtracha, go háirithe, le tionchair dhíreacha nó indíreacha na gcumhachtaí reachtacha agus feidhmeannais, agus maidir lena neodracht i leith leasanna iomaíocha os a gcomhair agus, gur dhócha, mar sin, go mbeadh an chuma ar na breithiúna sin go bhfuil easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta acu a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don mhuinín nach mór don cheartas a chothú i measc dlíthithe i sochaí dhaonlathach faoi réir an smachta reachta.

78

Sa chuid oibríochtúil sin, chinn an Chúirt, thairis sin, i gcás leasuithe ar an ord dlíthiúil náisiúnta lena gceiltear, ar dtús, dlínse ar chúirt náisiúnta chun rialú a thabhairt sa chéad chéim agus sa chéim dheiridh i gcaingne arna dtionscnamh ag iarratasóirí ar phoist mar bhreitheamh de chúirt ar nós an Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach) i gcoinne cinntí ó chomhlacht ar nós KRS gan a n-iarratais a chur ar aghaidh le haghaidh ceapacháin, ach chun iarratais de chuid iarratasóirí eile a chur os comhair Uachtarán na Poblachta d’fhonn ceapachán a dhéanamh do na poist sin, lena ndearbhaítear, ar an dara dul síos, go gcuirtear deireadh le caingne den sórt sin atá ar feitheamh go fóill, ag eisiamh go bhféadfaí leanúint leis an scrúdú dóibh sin nó go bhféadfaí iad a ath‑thionscnamh, agus, ar an tríú dul síos, lena gceiltear, sa tslí sin, ar chúirt náisiúnta mar sin an fhéidearthacht chun freagra a fháil ar na ceisteanna a tharchuir sí chun na Cúirte:

ní mór Airteagal 267 CFAE agus Airteagal 4(3) CAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac leo ar leasuithe den sórt sin i gcás inar léir, mar a d’iarr an Chúirt ar an gcúirt a rinne an tarchur sa chás ba bhun le breithiúnas A.B. agus páirtithe eile measúnú a dhéanamh ar bhonn na dtosca ábhartha uile, go raibh sé mar éifeacht shonrach ag na leasuithe sin bac a chur ar an gCúirt Bhreithiúnais rialú a thabhairt ar cheisteanna le haghaidh réamhrialú amhail na ceisteanna a tharchuir an chúirt sin chuici agus aon deis a eisiamh, do chúirt náisiúnta, chun ceisteanna comhchosúla a athlua arís amach anseo;

ní mór an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE a léirmhíniú sa chaoi go gcuirtear bac leis ar leasuithe den sórt sin i gcás inar léir, nuair atá an fhreagracht ar an gcúirt a rinne an tarchur measúnú a dhéanamh ar bhonn na dtosca ábhartha uile, go bhfuil na leasuithe sin de chineál a eascraíonn amhras dlisteanach astu, in intinní na ndlíthithe, maidir le frithsheasmhacht na mbreithiúna, ar cheap Uachtarán na Poblachta iad ar bhonn chinntí KRS, maidir le tosca seachtracha, go háirithe, le tionchair dhíreacha nó indíreacha na gcumhachtaí reachtacha agus feidhmeannais, agus maidir lena neodracht i leith leasanna iomaíocha os a gcomhair agus, gur dhócha, mar sin, go mbeadh an chuma ar na breithiúna sin go bhfuil easpa neamhspleáchais agus neamhchlaontachta acu a d’fhéadfadh dochar a dhéanamh don mhuinín nach mór don cheartas a chothú i measc na ndlíthithe i sochaí dhaonlathach faoi réir an smachta reachta.

79

Ar deireadh, luaigh an Chúirt sa chuid oibríochtúil sin den bhreithiúnas, i gcás ina gcruthaítear sáruithe den sórt sin ar dhlí an Aontais, nach mór an prionsabal de thosaíocht an dlí sin a léirmhíniú sa chaoi go gceanglaítear ar an gcúirt a rinne an tarchur sa chás ba bhun le breithiúnas A. B. agus páirtithe eile na forálacha náisiúnta lena mbaineann a fhágáil gan feidhm i bhfabhar chur i bhfeidhm na bhforálacha náisiúnta a bhí i bhfeidhm roimhe sin agus an t‑athbhreithniú breithiúnach dá bhforáiltear sna forálacha deireanacha sin á dhéanamh í féin.

80

Ar an tríú dul síos, is iomchuí a mheabhrú, i míreanna 129 agus 156 den bhreithiúnas sin in A.B. agus páirtithe eile, gur chuir an Chúirt chun suntais, go háirithe, go bhféadfadh sáruithe den sórt sin ar an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE teacht chun cinn in imthosca ina ndealraíonn sé go bhfuil na tosca ábhartha uile lena dtréithrítear próiseas ceapacháin chuig poist mar bhreitheamh de chúirt uachtarach náisiúnta, i gcomhthéacs dlíthiúil agus fíorasach náisiúnta ar leith, agus, go háirithe, na himthosca faoina gceiltear go tobann na leigheasanna breithiúnacha a bhí ann go dtí an pointe sin maidir le próiseas ceapacháin mar sin nó faoina scriostar éifeachtacht na modhanna sásaimh sin, de chineál go n-eascraíonn astu, in intinní na ndlíthithe, amhras de chineál córasach maidir le neamhspleáchas agus neamhchlaontacht na mbreithiúna a ainmníodh ag deireadh an phróisis sin.

81

Mar sin féin, chuir an Chúirt chun suntais freisin, i míreanna 129 agus 156, go bhféadfadh sé nach fadhb a bheidh ann an fhéidearthacht nach mbeadh deis ann chun leigheas breithiúnach a fháil i gcomhthéacs próiseas ceapacháin den sórt sin, i gcásanna áirithe, i bhfianaise na gceanglas a eascraíonn as dlí an Aontais, go háirithe an dara fomhír d’Airteagal 19(1) CAE. Ní mór a rá, maidir leis sin, go bhféachtar, go bunúsach, le caingean ar nós na caingne sna príomhimeachtaí, le neamhbhailíocht erga omnes a shuí maidir le ceapachán an chosantóra sna príomhimeachtaí do phost mar bhreitheamh den Sąd Najwyższy (Cúirt Uachtarach), cé nach n‑údaraítear, agus nár údaraíodh riamh, faoin dlí náisiúnta do na dlíthithe uile cur i gcoinne ceapachán breithiúna trí chaingean dhíreach le haghaidh ceapachán mar sin a neamhniú nó a neamhbhailiú.

82

I bhfianaise an mhéid sin roimhe seo agus ós rud é gurb é an fheidhm a chuirtear de chúram ar an gCúirt Bhreithiúnais le hAirteagal 267 CFAE ná na heilimintí a theastaíonn maidir le léirmhíniú dhlí an Aontais a chur ar fáil d’aon chúirt den Aontas chun díospóidí iarbhír os a comhair a réiteach, agus an córas iomlán de leigheasanna breithiúnacha atá ar fáil do pháirtithe á chur san áireamh go háirithe sa chomhthéacs sin, is iomchuí a mheas go dtéann na ceisteanna a tarchuireadh chun na Cúirte Breithiúnais sa tarchur chun réamhrialú seo thar raon feidhme an chúraim bhreithiúnaigh atá ar an gCúirt Bhreithiúnais faoi Airteagal 267 CFAE (féach, de réir analaí, breithiúnas an 11 Márta 1980, Foglia, 104/79, EU:C:1980:73, mír 12).

83

Sna himthosca sin, ní mór a dhearbhú go bhfuil an tarchur chun réamhrialú idir lámha neamh-inghlactha.

Costais

84

Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na príomhpháirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte náisiúnta, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a cuireadh faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe.

 

Ar na forais sin, rialaíonn an Chúirt Bhreithiúnais (an Mór‑Dhlísheomra) mar seo a leanas:

 

Tá an iarraidh ar réamhrialú ón Sąd Najwyższy (Izba Pracy i Ubezpieczeń Społecznych) [Cúirt Uachtarach (Dlísheomra um Shaothar agus Slándáil Shóisialta), an Pholainn] neamh‑inghlactha.

 

Sínithe:


( *1 ) Teanga an cháis: an Pholainnis.

Barr