Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Conradh na Róimhe (CEE)

Conradh na Róimhe (CEE)

 

ACHOIMRE AR:

An Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (Conradh CEE)

CÉN AIDHM A BHÍ LEIS AN GCONRADH?

  • Cuireadh ar bun faoin gconradh Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) lenar tugadh le chéile sé thír (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, an Ísiltír agus Lucsamburg) chun oibriú i dtreo comhtháthú agus fás eacnamaíoch, trí bhíthin na trádála.
  • Cruthaíodh leis cómhargadh ar bhonn shaorghluaiseacht na nithe seo a leanas:
    • earraí,
    • daoine,
    • seirbhísí,
    • caipiteal.
  • Síníodh é an tráth céanna le conradh eile faoinar bunaíodh an Comhphobal Eorpach d’Fhuinneamh Adamhach (Euratom).
  • Rinneadh Conradh na Róimhe a leasú roinnt uaireanta, agus anois tugtar an Conradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh air.

PRÍOMHPHOINTÍ

Aidhmeanna

  • Ba é aidhm CEE agus an chómhargaidh:
    • na dálaí trádála agus táirgthe a athrú ó bhonn ar chríoch a shé bhall, agus
    • a bheith ina chéim i dtreo aontú polaitiúil níos dlúithe a dhéanamh ar an Eoraip.

Spriocanna sonracha

Chomhaontaigh na sínitheoirí an méid seo a leanas a dhéanamh:

  • na fothaí a leagan síos d’aontas buandlúite idir pobail na hEorpa
  • ascnamh eacnamaíoch agus sóisialta a dtíortha a áirithiú le comhghníomhaíocht chun na bacainní trádála agus na bacainní eile eatarthu a dhíchur;
  • feabhas a chur ar dhálaí maireachtála agus oibre a gcuid saoránach;
  • trádáil chothromúil agus iomaíocht chóir a áirithiú;
  • na difríochtaí eacnamaíocha agus sóisialta idir réigiúin éagsúla CEE a laghdú;
  • srianta ar an trádáil idirnáisiúnta a dhíothú de réir a chéile trí chomhbheartas trádála;
  • cloí le prionsabail Chairt na Náisiún Aontaithe;
  • a n-acmhainní a chomhthiomsú d’fhonn an tsíocháin agus an tsaoirse a chaomhnú agus a neartú agus a ghairm ar na pobail eile san Eoraip a pháirtíonn a mbarrshamhail luí isteach leis na hiarrachtaí sin.

An cómhargadh

Déantar an méid seo a leanas sa chonradh:

  • bunaítear cómhargadh, ina gcomhaontaíonn na tíortha a shínigh é a mbeartais eacnamaíocha a ailíniú de réir a chéile;
  • cruthaítear limistéar eacnamaíoch aonair ina bhfuil saor-iomaíocht idir cuideachtaí. Leagtar síos ann an bunús le haghaidh comhchuibhiú a dhéanamh ar na coinníollacha lena rialaítear an trádáil i dtáirgí agus seirbhísí de bhreis orthu siúd atá clúdaithe cheana féin ag na conarthaí eile (an Comhphobal Eorpach do Ghual agus Chruach (ECSC) agus Euratom);
  • cuirtear cosc ginearálta ar chomhaontuithe sriantacha agus ar fhóirdheontais rialtais a d’fhéadfadh difear a dhéanamh do thrádáil idir na sé thír;
  • áirítear tíortha agus críocha thar lear na sé bhall sna socruithe sin agus san aontas custaim, d’fhonn a bhforbairt eacnamaíoch agus shóisialta a chur chun cinn.

An tAontas Custaim

  • Faoin gconradh, rinneadh cuótaí (i.e. uasteorainneacha ar allmhairí) agus dleachtanna custaim idir na sé shínitheoir a dhíothú.
  • Bunaíodh faoi comhtharaif eachtrach ar allmhairí ó áit lasmuigh de CEE, a cuireadh in ionad na dtaraifí a bhí ag na stáit éagsúla roimhe sin.
  • Bhí comhbheartas trádála ag gabháil leis an aontas custaim. Leis an mbeartas sin, atá á bhainistiú ar leibhéal CEE agus nach mbainistítear a thuilleadh ar an leibhéal náisiúnta, déantar idirdhealú idir an t-aontas custaim agus rud nach bhfuil ann ach comhlachas saorthrádála.

Comhbheartais

Institiúidí

CÉN UAIR A BHÍ TOSACH FEIDHME AN CHONARTHA?

Síníodh an conradh an 25 Márta 1957 agus bhí feidhm aige ón 1 Eanáir 1958.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

An Conradh lena mbunaítear Comhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (nár foilsíodh san Iris Oifigiúil)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar an gconradh a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is chun críche tagartha amháin atá an leagan comhdhlúite seo.

Nuashonraithe 14.03.2017

Top