This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Deregulation of pack sizes
Dírialáil maidir le méideanna pacáiste
Dírialáil maidir le méideanna pacáiste
Ní féidir le tíortha de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) toirmeasc nó srianú a chur ar chur i gcúrsaíocht táirgí réamhphacáilte agus réamhphacáistítaobh istigh demhargadh aonair AE.
Tá díothú déanta ar mhéideanna náisiúnta do tháirgí.
Cásanna Speisialta
Ní mór go mbeidh fíonta agus biotáille atá réamhphacáilte in oiriúint do réimse na gcainníochtaí ainmniúla a shonraítear in iarscríbhinn na treorach maidir lena gcur ar an margadh. (Níl feidhm ag an treoir ar tháirgí nuair a dhíoltar iad i siopaí saor ó dhleacht do thomhaltas taobh amuigh de mhargadh an Aontais Eorpaigh nó má tá níos lú ná 5 g nó 5 ml nó níos mó ná 10 kg nó 10 l sa phacáiste).
Ní mó go mbeidh an toilleadh iomlán ainmniúil le feiceáil ar choimeádán Dháileoirí aerasól mar aon le tásc faoin méid ainmniúil na n-ábhar. Tá an tásc maidir le meáchan ainmniúil na n-ábhar roghnach.
Ní mór di a bheith ina dlí i mBallstáit faoin 11 Deireadh Fómhair 2008 agus bhí rialacha na treorach le bheith curtha i bhfeidhm faoi 11 Aibreán 2009.
Déanann Treoir 2007/45/CE Treoracha 75/106/CEE (maidir le cur le chéile de réir méid leachtanna áirithe réamhphacáistithe) agus 80/232/CEE (maidir le réimsí cainníochtaí ainmniúla agus toilltí ainmniúla a bhaineann le táirgí áirithe) a aisghairm.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 2007/45/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 5 Meán Fómhair 2007 lena leagtar síos rialacha maidir le cainníochtaí ainmniúla do tháirgí réamhphacáilte, lena n-aisghairtear Treoracha 75/106/CEE agus 80/232/CEE ón gComhairle agus lena leasaítear Treoir 76/211/CEE ón gComhairle (OJ L 247, 21.9.2007, lgh. 17-20)
Treoir 76/211/CEE ón gComhairle an 20 Eanáir 1976 maidir le comhchuibhiú dhlíthe na mBallstát a bhaineann le táirgí áirithe réamhphacáistithe a chur le chéile de réir meáchain nó méide (OJ L 46, 21.2.1976, lgh. 1-11)
Ionchorpraíodh leasuithe a rinneadh ar Treoir 76/211/CEE i ndiaidh a chéile sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Nuashonraithe 17.06.2021