Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díolúine le haghaidh comhaontuithe taighde agus forbartha (ó 2023 i leith)

Díolúine le haghaidh comhaontuithe taighde agus forbartha (ó 2023 i leith)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 2023/1066 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh i leith aicmí áirithe de chomhaontuithe taighde agus forbartha

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le hAirteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear toirmeasc ar chomhaontuithe idir cuideachtaí lena gcuirtear srian ar an iomaíocht. Déantar foráil in Airteagal 101(3) CFAE, áfach, maidir le heisceacht i gcás comhaontuithe ar mó a dtairbhí ná a n-éifeachtaí diúltacha.
  • Leis an rialachán, cuirtear Airteagal 101(3) CFAE i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha* (T&F) a chomhlíonann coinníollacha áirithe, trí iad a dhíolmhú ón toirmeasc in Airteagal 101(1) CFAE. Cruthaíonn sé tearmann dlíthiúil do na comhaontuithe sin, rud a sheachnaíonn an gá le measúnú aonair ar a gcomhoiriúnacht le hAirteagal 101 CFAE.
  • Tá sé mar aidhm leis an rialachán comhar a chur chun cinn idir cuideachtaí maidir le taighde agus forbairt agus iomaíocht á cosaint agus deimhneacht dhlíthiúil á soláthar do chuideachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Na cineálacha comhaontaithe taighde agus forbartha a chumhdaítear leis an rialachán

Cumhdaítear leis an rialachán comhaontuithe idir dhá pháirtí nó níos mó ina ndéantar foráil i leith:

  • T&F comhpháirteach i ndáil le táirgí nó le teicneolaíochtaí, lena n–áirítear comhshaothrú na dtorthaí T&F (táirgeadh agus/nó dáileadh na dtáirgí a thagann as, nó saothrú na gceart maoine intleachtúla a thagann as;
  • T&F ar íocadh as i ndáil maidir le táirgí nó teicneolaíochtaí, lena n–áirítear comhshaothrú thorthaí an T&F;
  • comhshaothrú thorthaí an T&F comhpháirteach nó an T&F ar íocadh as a rinneadh faoi chomhaontú roimhe sin idir na páirtithe céanna.

Tá feidhm ag an rialachán chomh maith i gcás ina bhfuil forálacha sa chomhaontú T&F maidir le sannadh nó ceadúnú ceart maoine intleachtúla do na páirtithe nó d’eintiteas atá bunaithe acu má tá na forálacha riachtanach chun an comhaontú a chur chun feidhme agus nach príomhchuspóir an chomhaontaithe iad.

Coinníollacha maidir le díolúine

Leis an gcomhaontú T&F, ní mór rochtain iomlán a thabhairt do gach páirtí ar thorthaí deiridh an T&F chomhpháirtigh nó an T&F ar íocadh as, chun críche tuilleadh T&F a dhéanamh agus chun críche saothraithe, lena n–áirítear aon chearta maoine intleachtúla agus saineolas (faisnéis phraiticiúil atá rúnda, substaintiúil agus sainaitheanta). Tá eisceachtaí ann maidir le comhaontuithe lena leithdháiltear cúraimí táirgthe nó dáileacháin ar pháirtí amháin nó níos mó agus maidir le comhaontuithe a bhaineann le hinstitiúidí taighde, comhlachtaí acadúla nó cuideachtaí a sholáthraíonn T&F mar sheirbhís nach mbíonn gníomhach i saothrú torthaí de ghnáth.

I gcás nach gcuimsítear comhshaothrú na dtorthaí sa chomhaontú T&F, ní mór rochtain a thabhairt do gach páirtí ar an saineolas atá ag na páirtithe eile cheana féin má bhíonn an saineolas sin riachtanach chun na torthaí a shaothrú.

Ní mór aon chomhshaothrú a theorannú do thorthaí atá riachtanach do tháirgeadh na dtáirgí nó do chur i bhfeidhm na dteicneolaíochtaí a thagann as an T&F comhpháirteach nó as an T&F ar íocadh as agus atá faoi chosaint ag cearta maoine intleachtúla nó a bhaineann le saineolas.

I gcás ina ndéantar táirgeadh na dtáirgí a thagann as an T&F comhpháirteach nó as an T&F ar íocadh as a leithdháileadh ar pháirtí amháin nó níos mó, ní mór a cheangal leis an gcomhaontú ar na páirtithe sin orduithe do na táirgí ó na páirtithe eile a chomhlíonadh, cé is moite de na cásanna seo a leanas:

  • go ndéantar foráil leis an gcomhaontú T&F go ndéanfaidh foireann chomhpháirteach nó eintiteas nó tríú páirtí an dáileadh; nó
  • go bhfuil sé comhaontaithe ag na páirtithe nach féidir ach leis an bpáirtí nó na páirtithe a tháirgeann na táirgí iad a dháileadh.

Tairseacha maidir leis an sciar den mhargadh agus tréimhse na díolúine

I gcás ina bhfuil na páirtithe sa chomhaontú T&F ina n–iomaitheoirí iarbhír nó ina n–iomaitheoirí ionchasacha ar mhargaí maidir le soláthar táirgí nó teicneolaíochtaí atá ann cheana atá ábalta na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thagann as an T&F comhpháirteach nó as an T&F ar íocadh as a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar, beidh feidhm ag an díolúine ar feadh thréimhse an T&F mura sáróidh sciar comhcheangailte den mhargadh na bpáirtithe sna margaí sin 25% nuair a théann siad isteach sa chomhaontú T&F. Tá rialacha speisialta ann maidir le sciartha den mhargadh le haghaidh comhaontuithe T&F ar íocadh as.

I gcás nach iomaitheoirí iarbhír nó nach iomaitheoirí ionchasacha iad na páirtithe ar mhargaí maidir le soláthar táirgí nó teicneolaíochtaí atá ann cheana atá ábalta na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thagann as an T&F comhpháirteach nó as an T&F ar íocadh as a fheabhsú, a ionadú nó a athsholáthar, ní bheidh aon tairseach maidir le sciar den mhargadh ann agus beidh feidhm ag an díolúine ar feadh thréimhse an T&F.

Maidir le comhaontuithe T&F lena ndéantar foráil maidir le comhshaothrú na dtorthaí, beidh feidhme fós ag an díolúine ar feadh 7 mbliana i ndiaidh na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thagann as T&F a chur ar an margadh sa mhargadh inmheánach den chéad uair agus beidh feidhm aici as sin amach fad is nach sáróidh sciar comhcheangailte den mhargadh na bpáirtithe sna margaí sin 25% i margaí ábhartha le haghaidh na dtáirgí nó na dteicneolaíochtaí sin. Nuair a shárófar an tairseach sin, beidh feidhm fós ag an díolúine ar feadh tréimhse chairde dhá bhliain féilire as a chéile.

Ríomhtar sciartha den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na ndíolachán nó, mura bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil, ar bhonn faisnéis iontaofa eile faoin margadh, lena n–áirítear méideanna díolachán.

Srianta crua

Níl feidhm ag an díolúine maidir le comhaontuithe T&F ina bhfuil srianta dochta, lena n–áirítear:

  • srianta ar shaoirse páirtí chun T&F neamhspleách a dhéanamh i réimse nach bhfuil bainteach nó, a luaithe is a chuirfear an comhaontú comhpháirteach i gcrích, sa réimse céanna nó i réimse bainteach;
  • teorainneacha ar aschur nó ar dhíolacháin, le heisceachtaí maidir le spriocanna táirgthe agus díolacháin a shocrú i gcás ina saothraíonn na páirtithe torthaí an T&F go comhpháirteach;
  • praghsanna a shocrú maidir leis na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thagann as a dhíol le tríú páirtithe, cé is moite de phraghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí láithreacha i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú T&F maidir le dáileadh comhpháirteach;
  • srianta ar dhíolacháin ghníomhacha nó éighníomhacha na dtáirgí nó na dteicneolaíochtaí a thagann as ar chríocha nó ar chustaiméirí ar leith, le heisceachtaí maidir le comhaontuithe T&F ina ndéantar foráil maidir le ceadúnú eisiach na dtorthaí idir na páirtithe nó maidir le dáileadh eisiach ag ceann de na páirtithe.

Srianta eisiata

Níl feidhm ag an díolúine maidir leis na hoibleagáidí seo a leanas i gcomhaontuithe T&F (más féidir an oibleagáid atá i gceist a scoitheadh ón gcomhaontú, is féidir leis an gcuid eile den chomhaontú tairbhe a bhaint as an díolúine fós):

  • oibleagáidí, i ndiaidh an T&F a chur i gcrích, gan cearta maoine intleachtúla atá i seilbh na bpáirtithe sa mhargadh inmheánach atá ábhartha don T&F a cheistiú, gan dochar don fhéidearthacht foráil a dhéanamh maidir le foirceannadh an chomhaontaithe i gcás ceistiú dá leithéid;
  • oibleagáidí, i ndiaidh dhul in éag an T&F, gan cearta maoine intleachtúla atá i seilbh na bpáirtithe sa mhargadh inmheánach lena gcosnaítear torthaí an T&F a cheistiú, gan dochar don fhéidearthacht foráil a dhéanamh maidir le foirceannadh an chomhaontaithe i gcás ceistiú dá leithéid;
  • oibleagáidí gan ceadúnais a dheonú do thríú páirtithe chun na táirgí nó teicneolaíochtaí a thagann as a tháirgeadh nó a chur i bhfeidhm, cé is moite de chomhaontuithe T&F ina ndéantar foráil maidir le saothrú na dtorthaí ag páirtí amháin nó níos mó.

An bhlocdhíolúine a tharraingt siar

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach nó na húdaráis iomaíochta náisiúnta tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 i gcás ina gcinnfidh siad go bhfuil éifeachtaí ag comhaontú T&F áirithe atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) CFAE.

Go sonrach, féadfaidh an Coimisiún an chumhacht sin a úsáid sna cásanna seo a leanas:

  • más ann do chomhaontú T&F lena gcuirtear srian suntasach ar an raon feidhme do thríú páirtithe maidir le T&F a dhéanamh i réimsí gaolmhara;
  • mura saothraíonn na páirtithe na torthaí T&F maidir le tríú páirtithe gan cúis bhailí;
  • mura bhfuil na táirgí nó na teicneolaíochtaí a thagann as faoi réir iomaíocht éifeachtach;
  • más ann do chomhaontú T&F lena gcuirfí srian suntasach leis an iomaíocht nuálaíochta.

rialacha idirthréimhseacha ann maidir le comhaontuithe a bhí i bhfeidhm cheana féin an 30 Meitheamh 2023 agus a cumhdaíodh leis an mblocdhíolúine a bhí ann roimhe sin le haghaidh comhaontuithe T&F (Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010), ach nach gcomhlíonann coinníollacha na blocdhíolúine nua. Beidh na comhaontuithe sin fós blocdhíolmhaithe go dtí an 30 Meitheamh 2025.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 1 Iúil 2023 agus beidh sé i bhfeidhm go dtí an 30 Meitheamh 2035.

CÚLRA

  • Chuaigh an bhlocdhíolúine a bhí ann roimhe seo le haghaidh comhaontuithe T&F (Rialachán (AE) Uimh. 1217/2010 ón gCoimisiún) in éag an 30 Meitheamh 2023. Dá bhrí sin, bhí gá le rialachán nua. Le Rialachán (AE) 2023/1066, cuirtear feabhas ar shoiléire rialacha áirithe agus tugtar níos mó tábhachta leis chun iomaíocht nuálaíochta a chosaint.
  • treoirlínte cothrománacha athbhreithnithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair ag gabháil leis an rialachán.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Taighde agus forbairt. Gníomhaíochtaí a bhfuil sé mar aidhm leo saineolas a fháil i ndáil le táirgí, teicneolaíochtaí nó próisis; anailís theoiriciúil, staidéar córasach nó turgnamhaíocht a dhéanamh, lena n–áirítear táirgeadh turgnamhach agus taispeántóra; tástáil theicniúil ar tháirgí nó ar phróisis; na saoráidí riachtanacha a bhunú go dtí scála taispeántóra; agus cearta maoine intleachtúla a fháil le haghaidh na dtorthaí.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/1066 an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe taighde agus forbartha (IO L 143, 2.6.2023, lgh. 9–19).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair (IO C 259, 21.7.2023, lgh. 1–125).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean–Airteagal 81 CCF) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88–89).

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1–25).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 285, 29.12.1971, lgh. 46–48).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 09.10.2023

Top