Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 32025R0964

Rialachán (AE) 2025/964 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

ST/8426/2025/INIT

IO L, 2025/964, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/964/oj (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

Legal status of the document In force

ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/964/oj

European flag

Iris Oifigiúil
an Aontais Eorpaigh

GA

Sraith L


2025/964

20.5.2025

RIALACHÁN (AE) 2025/964 ÓN gCOMHAIRLE

an 20 Bealtaine 2025

lena leasaítear Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise

TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 215 de,

Ag féachaint do Chinneadh (CBES) 2025/963 ón gComhairle an 20 Bealtaine 2025 lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (1),

Ag féachaint don togra comhpháirteach ó Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála agus ón gCoimisiún Eorpach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)

An 8 Deireadh Fómhair 2024, ghlac an Chomhairle Rialachán (AE) 2024/2642 (2), lena dtugtar éifeacht do bhearta dá bhforáiltear i gCinneadh (CBES) 2024/2643 (3) ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise.

(2)

An 20 Bealtaine 2025, ghlac an Chomhairle Cinneadh (CBES) 2025/963, lena leasaítear Cinneadh (CBES) 2024/2643.

(3)

Le Cinneadh (CBES) 2025/963, tugtar isteach bearta breise, inter alia, lena leasaítear na critéir a threoraíonn na hainmniúcháin aonair i sócmhainní reoite liostaithe agus sa toirmeasc ar chistí agus acmhainní eacnamaíocha a chur ar fáil do na daoine, na comhlachtaí agus na heintitis liostaithe.

(4)

Leis na bearta breise sin, cuirtear toirmeasc aridirbhearta le sócmhainní , mar shampla soithí, aerárthaí, réadmhaoin, calafoirt, aerfoirt, gnéithe fisiciúla de líonraí digiteacha agus cumarsáide, lena dtacaítear le gníomhaíochtaí díchobhsaitheacha atá á stiúradh ag an Rúis. Is féidir a áireamh ar na sócmhainní inláimhsithe sin sócmhainní de chineál inchorraithe agus dochorraithe araon. Ba cheart a bheith in an na sócmhainní inláimhsithe a aithint chun tacú le cur chun feidhme éifeachtach an toirmisc.

(5)

Leis na bearta breise sin, cuirtear toirmeasc ar chraoladh san Aontas freisin, craoladh arna dhéanamh ag eagraíochtaí meán atá ainmnithe go sonrach. Bunaítear an toirmeasc sin i gcomhthéacs rannpháirtíocht na Rúise i bhfeachtas córasach idirnáisiúnta ionramháil na meán agus saobhadh fíricí chun feabhas a chur ar a straitéis díchobhsaithe i gcoinne an Aontais agus a Bhallstát.

(6)

I bhfianaise a thromchúisí atá an staid, agus mar fhreagairt ar ghníomhaíochtaí díchobhsaithe na Rúise, is gá, i gcomhréir leis na cearta agus na saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe an ceart chun tuairimí a nochtadh agus chun faisnéis a fháil, mar a aithnítear in Airteagal 11 di, ceadúnais chraolacháin na n-eagraíochtaí meán atá ainmnithe go sonrach a chur ar fionraí san Aontas nó craoladh a n-ábhar san Aontas, nó ábhar atá dírithe ar an Aontas, a chosc. Maidir le hoibreoirí atá faoi réir an toirmisc chraolacháin, tuigtear go forleathan go n-áireofar orthu daoine nádúrtha agus eintitis ag gníomhú ar bhonn tráchtála nó ar bhonn gairmiúil, chomh maith leo siúd atá ag gníomhú chun leasa eacnamaíoch, amhail cruthaitheoirí ábhair ar líne, agus tionchairí ar líne a bhfuil ioncam á fháil acu ón bhfógraíocht, ó thabhartais, nó óna líon leantóirí a mhéadú.

(7)

I gcomhréir leis na cearta agus saoirsí bunúsacha a aithnítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, go háirithe leis an gceart chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh agus leis an gceart chun maoine mar a aithnítear in Airteagail 11, 16 agus 17, faoi seach, di, ní chuireann an toirmisc ar chraoladh cosc ar na heagraíochtaí meán sin ná ar a bhfoireann gníomhaíochtaí a dhéanamh san Aontas seachas craoladh, amhail taighde agus agallaimh. Leis na bearta sin, ní mhodhnaítear an oibleagáid atá ann na cearta, na saoirsí agus na prionsabail dá dtagraítear in Airteagal 6 den Chonradh ar an Aontas Eorpach a urramú, lena n-áirítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, agus i mbunreachtanna na mBallstát, laistigh dá réimsí cur i bhfeidhm faoi seach.

(8)

Tagann na leasuithe seo faoi raon feidhme an Chonartha ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh agus, dá bhrí sin, tá gá le gníomhaíocht rialála ar leibhéal an Aontais chun iad a chur chun feidhme, go háirithe d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm iad go haonfhoirmeach i ngach Ballstát.

(9)

Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) 2024/2642 a leasú dá réir sin,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Airteagal 1

Leasaítear Rialachán (AE) 2024/2642 mar a leanas:

(1)

(ní bhaineann sé leis an leagan Gaeilge);

(2)

cuirtear na hairteagail seo a leanas isteach:

‘Airteagal 1a

1.   Toirmiscfear gabháil, go díreach nó go hindíreach, d’aon idirbheart a bhaineann le haon sócmhainní inláimhsithe, mar shampla soithí, aerárthaí, réadmhaoin, calafoirt, aerfoirt, gnéithe fisiciúla de líonraí digiteacha agus cumarsáide, mar a liostaítear in Iarscríbhinn III nó a bhaineann le haon mhaoin inláimhsithe den sórt sin.

2.   Áireofar ar an liosta in Iarscríbhinn III sócmhainní inláimhsithe:

(a)

a úsáidtear i ngníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach lena gcuirtear bonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, i mbaol nó lena ndéantar damáiste dó agus ar gníomhaíochtaí iad atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe dó;

(b)

a úsáidtear i ngníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach a sháraíonn rialacháin náisiúnta, Eorpacha nó idirnáisiúnta maidir le haer, trácht muirí nó trácht talún, agus atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe dó;

(c)

a úsáidtear i ngníomhaíochtaí de chineál díchobhsaitheach, lena n-áirítear spiaireacht agus faireachas, iompar arm nó trealaimh mhíleata agus pearsanra míleata, ionramháil agus cur isteach ar fhaisnéis, agus atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise nó a théann chun tairbhe dó;

(d)

atá faoi úinéireacht, nó atá á gcairtfhostú nó á n-oibriú ag daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn I, nó a úsáidtear ar bhealach eile in ainm, thar ceann nó i ndáil le daoine den sórt sin, nó a úsáidtear chun tairbhe do dhaoine den sórt sin.

3.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta arna ndéanamh ar chúiseanna sábháilteachta muirí nó eitlíochta, nó atá riachtanach chun críoch daonnúil, nó chun teagmhas a chosc nó a mhaolú go práinneach, teagmhas ar dócha tionchar mór tromchúiseach a bheith aige ar shláinte agus ar shábháilteacht an duine nó ar an gcomhshaol, nó mar fhreagairt ar thubaistí nádúrtha.

4.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir le hidirbhearta atá riachtanach chun breithiúnas nó dámhachtana eadrána arna dtabhairt i mBallstát a aithint nó a fhorfheidhmiú, nó chun críocha imscrúdaithe ar sháruithe ar fhorálacha an Rialacháin seo nó ar ghníomhaíocht aindleathach eile.

5.   De mhaolú ar mhír 1, féadfaidh údaráis inniúla Ballstáit idirbhearta a bhaineann le sócmhainní inláimhsithe a liostaítear in Iarscríbhinn III a údarú faoi cibé coinníollacha a mheasann siad a bheith iomchuí, tar éis dóibh a chinneadh, ar bhonn cás ar chás, go bhfuil géarghá leis an idirbheart chun aon chríche atá comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo.

Cuirfidh an Ballstát lena mbaineann na Ballstáit eile agus an Coimisiún ar an eolas faoi aon údarú mar sin laistigh de 2 sheachtain ón údarú.

Airteagal 1b

1.   Toirmeascfar dul i mbun idirbheartaíochta, go díreach nó go hindíreach, in aon idirbheart le:

(a)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht atá bunaithe lasmuigh den Aontas ar institiúid creidmheasa nó airgeadais é nó ar eintiteas é a sholáthraíonn seirbhísí cripteashócmhainní, a bhfuil baint aige le hidirbhearta lena n-éascaítear, go díreach nó go hindíreach, gníomhaíochtaí ag daoine, eintitis nó comhlachtaí atá ag gabháil do ghníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo nó a thacaíonn leo ar bhealach eile; nó

(b)

duine dlítheanach, eintiteas nó comhlacht a sholáthraíonn cúnamh teicniúil nó oibríochtúil do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, d’eintitis nó do chomhlachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear in Airteagal 2(3), mar a liostaítear in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo.

2.   Ní bheidh feidhm ag an toirmeasc i mír 1 maidir leis na hidirbhearta seo a leanas:

(a)

a bhfuil gá leo chun táirgí cógaisíochta, míochaine, nó talmhaíochta agus bia, lena n-áirítear cruithneacht agus leasacháin, a onnmhairiú, a dhíol, a sholáthar, a aistriú nó a iompar;

(b)

a bhfuil géarghá leo chun rochtain ar imeachtaí breithiúnacha, riaracháin nó eadrána i mBallstát a áirithiú, agus chun aitheantas nó forfheidhmiú a dhéanamh maidir le breithiúnas nó dámhachtain eadrána arna soláthar i mBallstát agus má tá idirbhearta den sórt sin comhsheasmhach le cuspóirí an Rialacháin seo agus le cuspóirí Chinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle (*1); nó

(c)

a bhfuil gá leo chun críoch daonnúil, ar nós cúnamh a sheachadadh nó an seachadadh sin a éascú, lena n-áirítear soláthairtí leighis, bia, nó oibrithe daonnúla agus cúnamh gaolmhar a aistriú, nó le haghaidh aslonnuithe.

Airteagal 1c

1.   Toirmeascfar ar oibreoirí aon inneachar ó na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V a chraoladh, nó craoladh a chumasú, a éascú nó rannchuidiú leis an gcraoladh ar bhealach eile, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon bhealach, amhail cábla, satailít, teilifís trí Phrótacal Idirlín (IP-TV), soláthraithe seirbhísí idirlín, ardáin nó feidhmchláir comhroinnte físeán idirlín, bíodh siad nua nó réamhshuiteáilte.

2.   Cuirfear aon cheadúnas nó údarú craolacháin, agus aon shocrú tarchurtha nó dáileacháin, leis na daoine dlítheanacha leis na daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V ar fionraí.

3.   Cuirfear toirmeasc ar fhógraíocht a dhéanamh ar tháirgí nó ar sheirbhísí in aon ábhar arna léiriú nó arna chraoladh ag na daoine dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinn V, lena n-áirítear trí tharchur nó trí dháileadh ar aon mhodh dá dtagraítear i mír 1 den airteagal seo.

(*1)  Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle an 8 Deireadh Fómhair 2024 a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).’;"

(3)

in Airteagal 2, cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 3:

‘3.   Áireofar in Iarscríbhinn I daoine nádúrtha nó dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí:

(a)

atá freagrach as gníomhaíochtaí nó beartais a chur chun feidhme, tacú leo, tairbhe a bhaint astu, a bheith rannpháirteach iontu nó iad a éascú, ar gníomhaíochtaí iad atá inchurtha i leith Rialtas Chónaidhm na Rúise lena mbaintear an bonn den daonlathas, den smacht reachta, den chobhsaíocht nó den tslándáil san Aontas, de cheann amháin nó de roinnt dá Bhallstáit, d’eagraíocht idirnáisiúnta nó de thríú tír, nó lena gcuirtear ceannasacht nó neamhspleáchas ceann amháin nó níos mó dá Bhallstáit nó tríú tír i mbaol, trí aon cheann de na gníomhaíochtaí seo a leanas:

(i)

bac a chur ar an bpróiseas polaitiúil daonlathach nó an t-ord poiblí agus sábháilteacht nó an bonn a bhaint díobh, nó an méid sin a phleanáil, a stiúradh, a bheith páirteach sa mhéid sin, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar shlí eile, lena n-áirítear trí bhac a chur ar reáchtáil toghchán nó an bonn a bhaint de sin, nó trí iarracht a dhéanamh an t-ord bunreachtúil a dhíchobhsú nó a threascairt;

(ii)

agóidí foréigneacha a phleanáil, a stiúradh nó a bheith páirteach iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar shlí eile;

(iii)

gníomhartha foréigin fisiceacha nó neamhfhisiceacha, lena n-áirítear gníomhaíochtaí chun daoine a cháineann gníomhaíochtaí nó beartais Chónaidhm na Rúise a chur ina dtost, a imeaglú, a chomhéigniú, agus chun díoltas beacht a dhéanamh orthu, a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh iontu, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach éigin eile;

(iv)

úsáid ionramhála agus cur isteach ar fhaisnéis a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh inti, go díreach nó go hindíreach, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach éigin eile;

(v)

aon ghníomhaíochtaí atá dírithe ar fheidhmiú institiúidí daonlathacha, gníomhaíochtaí eacnamaíocha nó seirbhísí leasa phoiblí, lena n-áirítear trí dhul isteach neamhúdaraithe ar chríoch Bhallstáit, lena n-áirítear a aerspás, é sin a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leo, nó iad a éascú ar bhealach eile, nó aon ghníomhaíochtaí dar cuspóir cur isteach ar bhonneagar criticiúil, lena n-áirítear bonneagar fomhuirí, nó dochar a dhéanamh dó nó é a scriosadh, lena n-áirítear trí shabaitéireacht nó cibirghníomhaíochtaí mailíseacha mar chuid de ghníomhaíochtaí hibrideacha;

(vi)

ionstraimiú imirceach dá dtagraítear in Airteagal 1(4), pointe (b), de Rialachán (AE) 2024/1359 a phleanáil, a stiúradh, páirt a ghlacadh ann, go díreach nó go hindíreach, tacú leis, nó é a éascú ar bhealach eile;

(vii)

saothrú a dhéanamh ar choinbhleacht armtha, ar an éagobhsaíocht nó ar an neamhshlándáil, lena n-áirítear é sin a dhéanamh trí acmhainní nádúrtha agus fiadhúlra a thrádáil nó a shaothrú go haindleathach i dtríú tír;

(viii)

coinbhleacht fhoréigneach i dtríú tír a thionscnamh, tacú léi, nó í a éascú ar bhealach eile;

(b)

a bhfuil baint acu leis na daoine nádúrtha nó dlítheanacha, na heintitis nó na comhlachtaí a liostaítear faoi phointe (a).’;

(c)

a thugann tacaíocht do dhaoine nádúrtha nó dlítheanacha, le heintitis nó le comhlachtaí atá i mbun gníomhaíochtaí dá dtagraítear i bpointí (a) agus (b).’

;

(4)

in Airteagal 11, mír 1, cuirtear na pointí seo a leanas leis:

‘(c)

daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí a liostaítear in Iarscríbhinní IV nó V a ghabhann leis an Rialachán seo nó daoine dlítheanacha, eintitis nó comhlachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas a bhfuil níos mó ná 50 % dá gcearta dílseánaigh faoi úinéireacht dhíreach nó indíreach acu;

(d)

aon duine, eintiteas nó comhlacht atá ag gníomhú thar ceann na ndaoine, na n-eintitis nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear i bpointe (c) den mhír seo’

;

(5)

cuirtear Iarscríbhinní III, IV agus V leis i gcomhréir leis an Iarscríbhinn a ghabhann leis an Rialachán seo.

Airteagal 2

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil, an 20 Bealtaine 2025.

Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán

K. KALLAS


(1)   IO L, 2025/963, 20.5.2025, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2025/963/oj.

(2)  Rialachán (AE) 2024/2642 ón gComhairle maidir le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2642, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2024/2642/oj).

(3)  Cinneadh (CBES) 2024/2643 ón gComhairle a bhaineann le bearta sriantacha i bhfianaise ghníomhaíochtaí díchobhsaitheacha na Rúise (IO L, 2024/2643, 9.10.2024, ELI: http://data.europa.eu/eli/dec/2024/2643/oj).


IARSCRÍBHINN

Sna hIarscríbhinní a ghabhann le Rialachán (AE) 2024/2642, cuirtear na hIarscríbhinní seo a leanas leo:

‘IARSCRÍBHINN III

Liosta na sócmhainní inláimhsithe dá dtagraítear in Airteagal 1a

[…];

IARSCRÍBHINN IV

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1b

[…];

IARSCRÍBHINN V

Liosta na ndaoine dlítheanacha, na n-eintiteas nó na gcomhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 1c

[…]’.


ELI: http://data.europa.eu/eli/reg/2025/964/oj

ISSN 1977-0839 (electronic edition)


Top