Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document EESC-2023-02283-AC

Tuairim - Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa - An tIascach - NAFO

EESC-2023-02283-AC

TUAIRIM

Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

An tIascach – NAFO

_____________

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/833 lena leagtar síos bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe atá infheidhme i Limistéar Rialála Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh

[COM(2023) 108 final – 2023/0056 (COD)]

Sainchomhad NAT/901

Rapóirtéir ginearálta: Stefano PALMIERI

GA

Comhairliúchán

An Chomhairle, 10/03/2023

Parlaimint na hEorpa, 13/03/2023

Bunús dlí

Airteagal 43(2) agus Airteagal 304 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh

Rannóg atá freagrach

Talmhaíocht, Forbairt Tuaithe agus an Comhshaol

Dáta a glactha sa seisiún iomlánach

15 Meitheamh 2023

Seisiún iomlánach Uimh.

579

Toradh na vótála
(ar son/in aghaidh/staonadh)

151/0/1

1.Conclúidí agus moltaí

1.1Tá CESE ag athdhearbhú na mbarúlacha atá aige i leith an togra le haghaidh rialacháin a cuireadh i láthair i dtuairim 2018/05155 1 , i dtuairim 2020/02842 2 , agus i dtuairim 2022/01131 3 . Leagtar amach anseo thíos na conclúidí agus na moltaí a áirítear sna tuairimí úd.

1.2Creideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac Eagraíocht Iascaigh an Atlantaigh Thiar Thuaidh (NAFO) a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a gcur chun feidhme a áirithiú go haonfhoirmeach agus go héifeachtach laistigh den Aontas.

1.3Tá CESE den tuairim, áfach, nach éifeachtúil an sásra atá á bhunú ag an togra reatha chun na bearta arna nglacadh ag NAFO a thrasuí, agus nach réiteach ar an scéal na bearta sin a bheith le tabhairt cothrom le dáta gach bliain.

1.4Bheadh CESE ar son sásra níos éifeachtúla agus níos simplí a bhunú. Dá bhrí sin, molann sé rialachán a dhréachtú ina mbeidh aon airteagal amháin le sonrú nach mór don Aontas Eorpach bearta NAFO a chur i bhfeidhm ar a chabhlach féin gan eisceacht.

1.5Is mian le CESE béim a chur ar an riosca a bhaineann le córas gníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach, ós rud é go dtabharfadh sé sin de chumhacht don Choimisiún reachtaíocht a rith agus gan ceangal air cloí leis na gnáthnósanna imeachta.

2.Éirim an togra reachtaigh

2.1Is é is príomhchuspóir don togra reatha na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a ghlac NAFO ag an gcruinniú bliantúil i mí Mheán Fómhair 2022 a thrasuí i ndlí an Aontais.

2.2Tá leasuithe ann ar na dualgais nua atá ar na Ballstáit bhrataí pleananna taighde a thíolacadh, agus ceanglais i leith na soithí atá ag teastáil chun rannpháirtíochta i ngníomhaíochtaí taighde; rialáil ar tharraingtí trialacha ar dhul isteach i doinn den chéad uair ar turas iascaireachta; coigeartuithe chun péirsí mara a chosc i Roinn 3M; an toirmeasc ar shiorcanna beagcheannacha a thabhairt i dtír, a thrasloingsiú agus a choinneáil ar bord; agus soithí neamhdhleathacha, soithí neamhthuairiscithe agus soithí neamhrialáilte (NNN) a thrasliostú ó eagraíochtaí réigiúnacha bainistithe iascaigh eile.

2.3Déanann an togra cumhachtaí a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Rialachán (AE) 2019/833 a leasú maidir leis na dualgais a bheidh ar na Ballstáit pleananna taighde a chur isteach, sin agus na ceanglais a bheidh ar shoithí gníomhaíochtaí taighde a dhéanamh, má leasaíonn NAFO a chuid beart lá is faide anonn.

3.Barúlacha ginearálta

3.1Is éard a chreideann CESE gur cheart na bearta caomhnaithe agus forfheidhmithe a glacadh ag an gcruinniú bliantúil deireanach de chuid NAFO a thrasuí i ndlí an Aontais d’fhonn a áirithiú go gcuirfear i bhfeidhm go haonfhoirmeach iad ar fud an Aontais.

3.2Creideann sé, áfach, nach éifeachtúil fós don sásra ar a bhfuil an nós imeachta trasuímh bunaithe arae leasaítear na bearta sin gach bliain agus is rímhall do nósanna imeachta maorlathacha an Aontais, rud a fhágann aga moille idir na rialacha arna nglacadh ag NAFO agus reachtaíocht an Aontais.

3.3Tá CESE á athdhearbhú gur gá nós imeachta níos cuíchóirithe a ghlacadh, amhail an nós imeachta a mhol sé in 2019, 2020 agus 2021, ar thacaigh riaracháin na mBallstát agus na n‑earnálacha lena mbaineann leis freisin. Is éard a bheadh ann rialachán simplí, ina mbeadh airteagal aonair lena léireofaí tiomantas an Aontais Eorpaigh na rialacha a ghlacann NAFO gach bliain a chur i bhfeidhm ar a chabhlach gan eisceacht. Beidh an rialachán simplí sin faoi réir clásal a thabhairt isteach, clásal lena sonrófar nach mbeidh feidhm aige nó go dtaga na comhreachtóirí ar chomhaontú maidir leis an tsaincheist sin i gcás ina mbeidh beart ar bith dá nglacann NAFO ar neamhréir le dlí an Aontais.

3.4Tá CESE ag tabhairt rabhaidh arís, is é sin dá leanfaí ar aghaidh leis an Rialachán, d’fhéadfadh na rialacha teacht salach ar a chéile, nó ar a laghad tréimhsí éiginnteachta dlíthiúla a chur ann d’údaráis riaracháin agus do na gnólachtaí féin, mura mbeadh a fhios acu an gá dóibh na rialacha a bhí i bhfeidhm san Aontas roimhe sin nó na rialacha nua atá i bhfeidhm san Aontas a chomhlíonadh. Ina theannta sin, cruthaítear saobhadh leis an méid sin agus na bearta maidir le cabhlaigh neamh-AE á gcur i bhfeidhm.

3.5Creideann CESE gurb é an t-aon rud a fhágfaidh go mbeidh sé níos éasca córas na ngníomhartha tarmligthe a thabhairt isteach ná rialacha a leagan síos gan dul trí na gnáthnósanna imeachta.

4.Barúlacha sonracha

4.1Aithníonn CESE an ról tábhachtach atá ag soithí taighde maidir le faireachán agus measúnú ar stádas an chomhshaoil muirí, go háirithe i gcás an iascaigh. Is rud é cruinntréithriú na bpobal éiceolaíoch atá riachtanach i gcomhair an chaomhnaithe fad atá an bhithéagsúlacht gona gréasán bia i gceist. An saibhreas atá ann go háitiúil, is rud é a mbíonn athruithe móra air ó shéasúr go séasúr laistigh de dhobharcheantar na n-iasc, athruithe nach gá gurb ionann iad agus na hathruithe ar an mbithéagsúlacht agus ar nósanna itheacháin go feidhmiúil 4 .

4.2Ní fada ó thug an pobal eolaíochta cur chuige nuálach isteach maidir le faireachán agus measúnú ar stádas an éiceachórais mhuirí, lena n-áirítear trí DNA comhshaoil (eDNA) a anailísiú agus a shamhaltú. De thairbhe an chur chuige sin, tá teicnící agus coincheapa ann lenar féidir tacú le rialachas agus le bainistiú éifeachtach an iascaigh 5 . Aithníonn CESE gur sonraí comhlántacha iad sonraí an eDNA, sonraí lena gcuirtear faisnéis úsáideach ar fáil i dtaobh stádas an ghréasáin trófaigh agus an éiceachórais mhuirí. Ós amhlaidh go mbíonn eDNA á bhailiú ag cuid de na soithí taighde le linn a gcuid feachtas breathnóireachta, tá CESE ag iarraidh go gcuirfí bailiú agus stóráil an eDNA san áireamh sna sonraí luachmhara atá le comhtháthú i ngabhálacha éisc.

4.3Tá colúin Phrótacal Nagoya á gcomhlíonadh ag formhór na dtíortha, colúin a tháinig i bhfeidhm an 12 Deireadh Fómhair 2014, colúin a eascraíonn as an gCoinbhinsiún maidir leis an Éagsúlacht Bhitheolaíoch. Faoi scáth an phrótacail sin, is i gcomhréir leis na rialacháin is infheidhme maidir le rochtain agus comhroinnt an tsochair is ceart gníomhaíochtaí taighde agus forbartha a dhéanamh, (ABS) agus ní mór na gníomhaíochtaí céanna a bheith inrianaithe. I gcás inarb infheidhme, ní mór do na húdaráis inniúla na nósanna imeachta ABS uile is gá a chur i gcrích sula gcuirtear chun feidhme aon chlár taighde lena gceanglaítear acmhainní géiniteacha a úsáid agus a aistriú, is cuma cén tír a bheadh á soláthar. Tá Prótacal Nagoya sínithe ag formhór na dtíortha, ach tá sé gan daingniú ag cuid díobh fós 6 .

4.4Cuireann an togra d’oibleagáid ar oibreoirí na soithí taighde sonraí áirithe a chur ar fáil má iarrtar iad, sonraí a d’fhéadfadh a bheith míchuí nuair a chuireann tosca seachtracha athruithe ar fheachtais bhreathnóireachta go tobann (e.g. dálaí na haimsire, faisnéis shonrach ó shatailítí faoi dháileadh na gcothaitheach). Tá roinnt iarrataí ann – e.g. an gá le breathnóir ag a bhfuil saineolas leordhóthanach ar bord, sin nó an oibleagáid atá ar shoithí suíomh a athrú i gcás foghabhála – a d’fhéadfadh laghdú éifeachta a chur sa phróiseas i dtaca le caomhnú agus le bainistiú éiceachóras muirí atá sláintiúil agus táirgiúil, go háirithe mura gcuirtear an fhaisnéis a bhailítear in iúl don phobal i gcoitinne.

4.5Mar gheall ar a dheacra atá sé an próiseas oibríochtúil a chur in oiriúint do na ceanglais reachtacha, agus vice versa, ba dhíol sásaimh do CESE cur chuige níos pragmataí a bheith ann, cur chuige agus é bunaithe ar chúrsaíocht thrédhearcach na faisnéise. Sa chomhthéacs sin, molann CESE go ndéanfaí curriculum vitae na saineolaithe a shainaithnítear mar bhreathnóirí inniúla a fhoilsiú ex post, mar aon le tuarascáil ghairid ina ndéanfar cur síos ar an réasúnaíocht agus ar na sonraí maidir leis an athrú ar an suíomh i gcás foghabhála. Dá gcuirfí an fhaisnéis sin ar fáil go poiblí, d’fhéadfaí comhroinnt na ndea-chleachtas a chur chun cinn agus cur leis an dea-cháil atá ar na páirtithe leasmhara.

An Bhruiséil, an 15 Meitheamh 2023

Oliver RÖPKE

Uachtarán Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa

_____________

(1)       IO C 159, 10.5.2019, lch. 60.
(2)     IO C 429, 11.12.2020, lch 279 .
(3)     IO C 290, 29.7.2022, lch. 149.
(4)     Blackman et al ., Communications Biology (2022) 5:259 .
(5)     Gilbey et al., Marine Policy (2022), 124, 104331 .
(6)     https://www.cbd.int/abs/nagoya-protocol/signatories/ .
Top