MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN GHNÍMH THARMLIGTHE
1.1. Cúlra ginearálta agus cuspóir
Tá deiseanna don Aontas ag baint leis an gComhaontú Glas don Eoraip agus leis an aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus atá inbhuanaithe faoi 2050, ach tá dúshláin don Aontas ag baint leis freisin. Leis an infheistíocht san aistriú glas, cuideofar leis an Eoraip a bheith ar an gcéad mhór-roinn aeráidneodrach, cuideofar le caipiteal nádúrtha an Aontais a chosaint, a chaomhnú agus a fheabhsú, agus le sláinte agus folláine na saoránach a chosaint ar rioscaí agus tionchair a bhaineann leis an gcomhshaol. Le hinfheistíochtaí san fhuinneamh glan agus san éifeachtúlacht fuinnimh, neartófar neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais agus laghdófar ár spleáchas ar allmhairí breosla iontaise tríú tíortha, rud a chuideoidh le praghsanna fuinnimh a mhaolú amach anseo. Le hinfheistíochtaí inár gcumas chun teicneolaíochtaí glana a fhorbairt agus a mhonarú, neartófar iomaíochas an Aontais freisin. Chun an méid sin a bhaint amach, beidh ar an Aontas EUR 700 billiún breise a infheistiú in aghaidh na bliana chun cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais a bhaint amach. Go mór mór, beidh ar an gcuid is mó de na hinfheistíochtaí sin teacht ó chistiú príobháideach. Tá sé sin i gcomhréir freisin le tosaíocht an Choimisiúin geilleagar atá réidh don todhchaí a thógáil a oibreoidh do dhaoine agus a sholáthróidh cobhsaíocht, poist, fás agus infheistíocht.
Is é is aidhm do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Rialachán maidir le Tacsanomaíocht’) cuidiú chun caipiteal a dhíriú i dtreo gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach, amhail an aeráidneodracht agus athléimneacht, truailliú nialasach, caomhnú na bithéagsúlachta agus na n‑éiceachóras, an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach agus úsáid inbhuanaithe uisce agus acmhainní muirí. Trí shainmhínithe ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha is féidir a mheas mar ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a sholáthar do chuideachtaí, d’infheisteoirí agus do lucht ceaptha beartas, measfar go gcuideoidh an Rialachán maidir leis Tacsanomaíocht le hinfheistíochtaí a dhíriú chuig earnálacha eacnamaíocha ina bhfuil an gá is mó leo le haghaidh aistriú glas cothrom.
Cuidíonn an creat sin le trédhearcacht a mhéadú, an riosca a bhaineann le ‘snas glas’ a mhaolú agus ilroinnt an mhargaidh a sheachaint, ilroinnt a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar easpa comhthuisceana ar a bhfuil i gceist le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, ní fhorchuirtear aon oibleagáid ar infheisteoirí infheistíocht a dhéanamh sna gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin a chomhlíonann critéir shonracha a leagtar síos sa Rialachán sin.
Leis an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, leagtar síos an creat do Thacsanomaíocht an Aontais trí cheithre choinníoll a leagan amach nach mór do ghníomhaíocht eacnamaíoch a chomhlíonadh chun bheith cáilithe mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Ní mór, maidir le gníomhaíocht cháilitheach:
(i)
go ndéanann sí rannchuidiú substaintiúil le ceann amháin nó níos mó de na sé chuspóir comhshaoil a leagtar amach in Airteagal 9 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht i gcomhréir le hAirteagail 10 go 16 den Rialachán sin;
(ii)
nach ndéanann sí dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar amach i gcomhréir le hAirteagal 17 den Rialachán sin;
(iii)
go ndéantar í i gcomhréir leis na coimircí (sóisialta) íosta a leagtar amach in Airteagal 18 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht;
(iv)
go gcomhlíonann sí na critéir scagtha theicniúla a leag an Coimisiún amach trí ghníomhartha tarmligthe i gcomhréir le hAirteagal 10(3), le hAirteagal 11(3), le hAirteagal 12(2), le hAirteagal 13(2), le hAirteagal 14(2) agus le hAirteagal 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Déanann na critéir scagtha theicniúla coinníollacha (i) agus (ii) a oibríochtú trí na ceanglais feidhmíochta a shonrú d’aon ghníomhaíocht eacnamaíoch lena gcinntear na coinníollacha faoina ndéanann an ghníomhaíocht an méid seo a leanas: (i) rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le cuspóir comhshaoil áirithe; agus (ii) gan dochar suntasach a dhéanamh do na cuspóirí comhshaoil eile.
An 4 Meitheamh 2021, ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún lena mbunaítear critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe incháilithe mar rannchuidiú substaintiúil le maolú ar an athrú aeráide nó le hoiriúnú don athrú aeráide agus mar ghníomhaíochtaí nach ndéanann dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil ábhartha eile (‘Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide’). Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 lena sonraítear ábhar, modheolaíocht, agus cur i láthair na faisnéise atá le nochtadh ag gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais araon a bhfuil ceangal orthu tuarascáil a thabhairt maidir le hincháilitheacht agus ailíniú a ngníomhaíochtaí le Tacsanomaíocht an Aontais (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta’). Ghlac an Coimisiún Rialachán Tarmligthe (AE) 2022/1214 ón gCoimisiún an 9 Márta 2022 lena leasaítear Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide agus an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta. Áiríodh leis na leasuithe sin gníomhaíochtaí áirithe i dTacsanomaíocht an Aontais maidir le giniúint fuinnimh ó fhuinneamh núicléach agus ó ghás nádúrtha agus leagtar amach iontu ceanglais shonracha maidir le nochtadh le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin.
Sonraítear sa Ghníomh Tarmligthe seo (‘an Gníomh Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil’) na critéir scagtha theicniúla faoina bhfuil gníomhaíochtaí eacnamaíocha áirithe in earnálacha na monaraíochta, an tsoláthair uisce, an tséarachais, na bainistíochta dramhaíola agus an fheabhsúcháin, na foirgníochta, na hinnealtóireachta sibhialta, na bainistíochta riosca tubaiste, na faisnéise agus na cumarsáide, na ngníomhaíochtaí cosanta comhshaoil agus athchóirithe comhshaoil agus na ngníomhaíochtaí cóiríochta, cáilithe mar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil leis na nithe seo a leanas: (i) úsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint; (ii) an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach; (iii) cosc agus rialú ar thruailliú; nó (iv) cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras. Sonraítear sa Ghníomh seo freisin critéir chun a chinneadh an ndéanann na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile. Tugann an Gníomh seo tús áite do na gníomhaíochtaí agus na hearnálacha eacnamaíocha sin a sainaithníodh mar na gníomhaíochtaí agus na hearnálacha is mó a d’fhéadfadh rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le ceann amháin nó níos mó de na ceithre chuspóir comhshaoil agus arbh fhéidir na critéir mholta a fhorbairt nó a bheachtú ina leith gan a thuilleadh moille. I gcás earnálacha agus gníomhaíochtaí áirithe, amhail talmhaíocht, foraoiseacht nó iascaireacht, chomh maith le gníomhaíochtaí monaraíochta áirithe, beidh gá le measúnú agus calabrú breise ar chritéir.
Ós rud é gur dócha go ndéanfaidh an t‑athrú aeráide difear d’earnálacha uile an gheilleagair, ní mór gach earnáil den gheilleagar a chur in oiriúint do dhrochthionchar na haeráide atá ann faoi láthair agus do dhrochthionchar na haeráide a mheastar a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, le Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide bunaíodh critéir scagtha theicniúla maidir le hoiriúnú don athrú aeráide do gach earnáil agus gníomhaíocht eacnamaíoch a cumhdaíodh leis na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú ar an athrú aeráide. Mar gheall ar shrianta ama, ní raibh an tArdán ná an Coimisiún in ann ag an gcéim sin critéir oiriúnúcháin a fhorbairt freisin le haghaidh na ngníomhaíochtaí a áirítear i nGníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil chun iad a chur in oiriúint don athrú aeráide. Tá sé d’aidhm ag an gCoimisiún critéir scagtha theicniúla a fhorbairt le haghaidh gníomhaíochtaí ábhartha chun iad a chur in oiriúint don athrú aeráide amach anseo.
Leasaítear leis an nGníomh Tarmligthe seo freisin an Gníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta chun a áirithiú go bhfuil na ceanglais maidir le nochtadh a leagtar síos ann comhsheasmhach le forálacha an Ghnímh Tharmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil agus chun líon beag botún teicniúil agus neamhréireachtaí a cheartú.
Is cuid de phacáiste rialála é an Gníomh Tarmligthe leasaitheach lena n‑áirítear freisin an Gníomh Tarmligthe lena leasaítear Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide, lena leagtar amach na critéir scagtha theicniúla maidir le maolú ar an athrú aeráide agus oiriúnú don athrú aeráide le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha breise nach n‑áirítear fós sa Ghníomh Tarmligthe sin. Tugtar isteach leis freisin leasuithe teoranta de chineál teicniúil chun cur chun feidhme Ghníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide a fheabhsú.
1.2. An cúlra dlíthiúil
Tá an Gníomh Tarmligthe seo bunaithe ar na cumhachtaí a leagtar amach in Airteagal 8(4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Leagtar amach na critéir scagtha theicniúla i gcomhréir le ceanglais Airteagal 19 den Rialachán sin.
I gcomhréir le hAirteagal 31 de Chomhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr, tugtar le chéile sa Ghníomh Tarmligthe seo cúig chumhacht idirghaolmhara den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht in aon ghníomh amháin. Is iad sin na cumhachtaí a leagtar síos in Airteagail 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) a bhaineann leis na critéir scagtha theicniúla maidir le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú agus cosaint ar thruailliú, agus athbhunú na bithéagsúlachta agus na n‑éiceachóras faoi seach agus cumhachtú in Airteagal 8(4) maidir leis an bhfaisnéis atá le nochtadh ag gnóthais atá faoi réir oibleagáide faisnéis neamhairgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a nó Airteagal 29(a) de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (an ‘Treoir maidir le Cuntasaíocht’).
2.COMHAIRLIÚCHÁIN ROIMH GHLACADH AN GHNÍMH
Cuireann an Gníomh Tarmligthe seo leis na moltaí ón Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, grúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin a bunaíodh in 2020 agus atá comhdhéanta de pháirtithe leasmhara éagsúla san earnáil phríobháideach agus san earnáil phoiblí. Tá sainordú ag an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe faoi Airteagal 20 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht comhairle a chur ar an gCoimisiún maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na sé chuspóir comhshaoil de Thacsanomaíocht an Aontais.
Agus an tArdán ag tógáil ar thosaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil an acmhainneacht is mó acu rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh le ceann de cheithre chuspóir comhshaoil Thacsanomaíocht an Aontais, d’fhorbair sé dréachtchritéir scagtha theicniúla le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí.
Foilsíodh na dréachtchritéir scagtha theicniúla a mhol an tArdán le haghaidh aiseolas ó pháirtithe leasmhara ó mhí Lúnasa go mí Mheán Fómhair 2021. Rinne an tArdán an t‑aiseolas a chuir na páirtithe leasmhara ar fáil a mheas sular foilsíodh a mholtaí críochnaitheacha i mí an Mhárta agus i mí na Samhna 2022. Pléadh moltaí críochnaitheacha an Ardáin freisin le Grúpa Saineolaithe na mBallstát (MSEG) den Choimisiúin roinnt uaireanta, go háirithe an 6 Aibreán, an 8 Iúil, an 4 Deireadh Fómhair agus an 15 Nollaig 2022 agus an 24 Eanáir 2023.
Bhreithnigh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla a d’fhorbair an tArdán agus rinne an Coimisiún tuilleadh oibre chun a áirithiú go gcomhlíonann na critéir na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 19 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht. Roinneadh an dréachtghníomh tarmligthe le MSEG agus leis an Ardán an 5 Aibreán 2023 agus foilsíodh é, in éineacht leis na leasuithe atá beartaithe ar Ghníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide agus na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta, ar feadh ceithre seachtaine chun aiseolas ó pháirtithe leasmhara a bhailiú ón 5 Aibreán go dtí an 3 Bealtaine 2023. San iomlán, chuir 636 pháirtí leasmhara aiseolas ar fáil.
Pléadh an dréachtghníomh tarmligthe leis an Ardán um Maoiniú Inbhuanaithe freisin an 19 Aibreán agus 24 Bealtaine 2023. Cuireadh an dréachtghníomh tarmligthe faoi bhráid shaineolaithe na mBallstát agus bhreathnóirí ó Pharlaimint na hEorpa freisin agus pléadh leo é ag cruinnithe MSEG an 20 Aibreán 2023 agus an 25 Bealtaine 2023. Bhí plé ad hoc ann freisin le Feisirí de Pharlaimint na hEorpa an 25 Bealtaine 2023.
Ar an iomlán, bhí an t‑aiseolas ón Ardán, ó MSEG agus ó pháirtithe leasmhara dearfach agus cuireadh fáilte ann roimh chur san áireamh cuspóirí agus earnálacha nua i dTacsanomaíocht an Aontais. Cuireadh roinnt ábhar imní in iúl, go háirithe maidir le heaspa cuimsithe earnálacha áirithe a mheastar a bheith criticiúil, agus é á thabhairt faoi deara go bhféadfadh impleachtaí a bheith ann do ghnóthais nach gcumhdaítear a ngníomhaíochtaí faoin Tacsanomaíocht. Ba é an deighilt ba mhó sna barúlacha sin an deighilt idir iad siúd a mhol critéir níos déine agus iad siúd a mhol critéir níos scaoilte. Mheas roinnt daoine nach raibh calabrú na gcritéar le haghaidh gníomhaíochtaí áirithe sách uaillmhianach. Mheas daoine eile go raibh cuid de na critéir ró‑uaillmhianach, ró‑chasta nó ró‑chúng. Dhírigh go leor barúlacha ar inúsáidteacht na gcritéar, ar mhódúlachtaí tuairiscithe agus ar shoiléirithe teicniúla.
Bunaithe ar scrúdú cúramach ar an aiseolas a fuarthas, rinneadh roinnt calabrúcháin spriocdhírithe ar chritéir áirithe chomh maith le modhnuithe teicniúla eile le linn thabhairt chun críche an Rialacháin Tharmligthe. Baineann siad sin, go háirithe, le soiléirithe teicniúla, ailínithe chun comhsheasmhacht níos fearr leis an reachtaíocht earnálach atá ann cheana a áirithiú, tagairtí d’athbhreithnithe atá ar na bacáin a chur isteach, chomh maith le hailínithe chun feabhas a chur ar chomhleanúnachas na gcritéar ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ le haghaidh roinnt gníomhaíochtaí.
Bhain an chuid is mó de na barúlacha leis na gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le cuspóir an gheilleagair chiorclaigh, go háirithe in earnálacha na monaraíochta, na foirgníochta agus na ngníomhaíochtaí uisce agus dramhaíola. Leagtar amach achoimre ar an aiseolas a fuarthas le linn na tréimhse aiseolais phoiblí in Iarscríbhinn 7.2 den Doiciméad Inmheánach Oibre a ghabhann leis an Rialachán Tarmligthe seo. Tá na príomhathruithe a tugadh isteach ar na critéir tar éis na tréimhse aiseolais leagtha amach i gcaibidil 4 den Doiciméad Inmheánach Oibre, arna rangú de réir cuspóra agus earnála.
Gníomhaíochtaí lena ndéantar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint – Iarscríbhinn I
Bunaithe ar an aiseolas a fuarthas, bhí na hathruithe teicniúil den chuid is mó. Rinneadh leasuithe spriocdhírithe, go háirithe ar an ngníomhaíocht ‘Cóireáil Fuíolluisce Uirbigh’ chun saincheisteanna teicniúla a shoiléiriú agus chun ailíniú níos fearr le creat uisce an Aontais. Maidir le réitigh nádúrbhunaithe, leasaíodh na tuairiscí ar an ngníomhaíocht chun a raon feidhme a leathnú chun lochanna a chumhdach toisc gur cuid den líonra abhann iad. Ina theannta sin, athraíodh critéir DNSH chun comhleanúnachas a áirithiú idir an ghníomhaíocht seo agus gníomhaíochtaí eile a bhfuil dlúthbhaint acu léi agus a áirítear i nGníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (agus a leasuithe) agus sa Ghníomh Tarmligthe Comhshaoil.
Gníomhaíochtaí lena ndéantar rannchuidiú substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach – Iarscríbhinn II
Maidir le monaraíocht, bhí na hathruithe dírithe den chuid is mó ar inúsáidteacht na gcritéar a fheabhsú. Maidir le monarú earraí pacáistíochta plaisteacha, bhí an t‑aiseolas a fuarthas ag iarraidh, den chuid is mó, na critéir Tacsanomaíochta a ailíniú leis an togra ón gCoimisiún le haghaidh athbhreithniú ar reachtaíocht an Aontais maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. I ndáil leis sin, leasaigh an Coimisiún an téacs maidir le hábhar athchúrsáilte a úsáid, dearadh le haghaidh athúsáide, uainíochtaí agus córais le haghaidh athúsáide, agus maidir le hin-athchúrsáilteacht an táirge. Chomh maith leis sin, choigeartaigh an Coimisiún leibhéal uaillmhéine na gcritéar maidir le húsáid bunábhair chiorclaigh agus thug sé isteach spriocanna nua bunaithe ar thionchair chomhshaoil, shóisialta agus eacnamaíocha a ndearnadh measúnú orthu sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an Togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistíocht. Áirithítear leis na spriocanna nuashonraithe go bhfuil na critéir Thacsanomaíochta níos déine ná an reachtaíocht athbhreithnithe atá ar na bacáin, ach go bhfuil siad níos inúsáidte an tráth céanna i bhfianaise na hinfhaighteachta teicneolaíochta atá ann faoi láthair. Maidir le critéir i ndáil le monarú trealaimh leictrigh agus leictreonaigh, shoiléirigh an Coimisiún nach bhfuil feidhm ag na critéir sin ach amháin i gcás inarb ábhartha maidir le táirge sonrach agus nach eisiann na critéir sin táirgí i gcás nach féidir critéir a chomhlíonadh mar gheall ar chineál an táirge. Leasaigh an Coimisiún freisin an fhoráil tosaigh maidir le comhpháirteanna atá ‘saibhir in amhábhar criticiúil’ chun an fhoráil a dhéanamh níos soiléire agus níos inúsáidte sa chleachtas.
Maidir leis na gníomhaíochtaí foirgníochta agus na gníomhaíochtaí eastáit réadaigh a áirítear sa ghníomh tarmligthe, tugadh isteach athruithe teoranta chun soiléirithe nó sainmhínithe a sholáthar ar na téarmaí teicniúla a úsáidtear agus chun foclaíocht na gcritéar um ranníocaíocht substaintiúil ar fud na ngníomhaíochtaí a áirítear san earnáil sin a ailíniú. Ina theannta sin, modhnaíodh critéir DNSH chun comhleanúnachas a áirithiú idir na gníomhaíochtaí agus gníomhaíochtaí eile a bhfuil dlúthbhaint acu leo agus a áirítear i nGníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide (agus a leasuithe) agus sa Ghníomh Tarmligthe Comhshaoil.
Tugadh isteach modhnuithe freisin maidir leis an ngníomhaíocht ‘Réitigh shonraíbhunaithe TF/OT a sholáthar’ chun é a dhéanamh comhleanúnach leis an ngníomhaíocht ghaolmhar don chuspóir uisce, agus chun inúsáidteacht na gcritéar um ranníocaíocht substaintiúil a fheabhsú. Mar shampla, maidir le critéir 2 go 7 um ranníocaíocht substaintiúil, sonraíodh nach gá d’oibreoirí ach ceann amháin (nó dhá cheann) de na cumais liostaithe a chomhlíonadh le haghaidh gach réitigh shonraíbhunaithe TF/OT chun na critéir faoi seach a chomhlíonadh.
Maidir le gníomhaíochtaí dramhaíola agus uisce chomh maith le gníomhaíochtaí seirbhíse, bhí formhór na n‑athruithe teicniúil nó bhí sé d’aidhm acu soiléirithe a sholáthar.
Gníomhaíochtaí lena ndéantar rannchuidiú substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú – Iarscríbhinn III
Maidir le monarú comhábhar gníomhach cógaisíochta nó substaintí drugaí agus táirgí cógaisíochta, chomh maith le gníomhaíochtaí dramhaíola agus feabhsúcháin, bhí na hathruithe teicniúil den chuid is mó nó bhí siad dírithe ar shoiléiriú a dhéanamh ar an tuairisc ar ghníomhaíochtaí nó ar chur i bhfeidhm na gcritéar scagtha teicniúil.
Gníomhaíochtaí lena ndéantar rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú – Iarscríbhinn IV
Bunaithe ar éagsúlacht an aiseolais a fuarthas, rinneadh athruithe spriocdhírithe ar an ngníomhaíocht chaomhnaithe. Bhain na príomhathruithe le soiléiriú ar an bhfoirmliú maidir le fritháireamh, d’fhonn a shoiléiriú nach bhféadfaí ach gnóthachain ghlana bithéagsúlachta a áireamh faoin ngníomhaíocht chaomhnaithe. Ina theannta sin, rinneadh athruithe lena dteorannaíodh úsáid leasachán, lena n‑áirítear aoileach, i gcás inar gá sin chun na cuspóirí caomhnaithe agus athchóirithe a bhaint amach, agus dea-chleachtais á leanúint, agus i gcomhréir leis an dlí is infheidhme.
Rinneadh athruithe teoranta freisin ar an ngníomhaíocht turasóireachta, lenar soiléiríodh go bhfuil gá le hanailís ar an ‘acmhainn iompair’, mar a thugtar air, i.e. an líon uasta daoine a d’fhéadfadh cuairt a thabhairt ar cheann scríbe turasóireachta ag an am céanna gan scriosadh a dhéanamh, agus lenar tugadh níos mó solúbthachta isteach maidir le ceanglais a bhaineann le foinsiú táirgí deimhnithe.
Athruithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta – Iarscríbhinní V go VIII
Chuir páirtithe leasmhara fáilte roimh na leasuithe atá beartaithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh chun freastal ar thuairisciú maidir leis na cuspóirí comhshaoil uile sa chreat tuairiscithe, lena n‑áirítear na gníomhaíochtaí a chumhdaítear leis an Rialachán seo. Chuir siad fáilte freisin roimh na ceartúcháin theicniúla lena bhfeabhsaítear inúsáidteacht an chreata tuairiscithe.
Rinneadh ceartúcháin theicniúla bhreise bunaithe ar an aiseolas a fuarthas ó na páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear an tArdán agus na Ballstáit. Áirítear orthu sin go háirithe comhchuibhiú na gcód le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus tuilleadh feabhsuithe comhsheasmhachta agus inúsáidteachta ar fud na nIarscríbhinní a ghabhann leis an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh le haghaidh gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais. D’iarr roinnt páirtithe leasmhara níos mó ama le haghaidh cur chun feidhme nó rinne siad tograí níos substaintiúla le haghaidh modhnuithe ar an gcreat tuairiscithe, amhail risíochtaí ar FBManna a áireamh sna nochtuithe baincéireachta, ar modhnuithe iad a d’fhéadfaí a mheas níos déanaí laistigh den athbhreithniú níos leithne ar an gcreat tuairiscithe dá bhforáiltear faoi Airteagal 9 den Ghníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh.
3.MEASÚNÚ TIONCHAR
Rinne an Coimisiún measúnú ar thionchair an Ghnímh Tharmligthe. Ní i bhfoirm measúnú tionchair foirmiúil a rinneadh an measúnú tionchar. Is amhlaidh atá toisc go leantar leis an nGníomh Tarmligthe na roghanna beartais a rinneadh cheana sa Rialachán maidir le Tacsanomaíocht agus, den chuid is mó, i nGníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide. Bhí an Rialachán maidir le Tacsanomaíocht faoi réir measúnú tionchair lenar soláthraíodh measúnú ar thionchair eacnamaíocha, shóisialta agus chomhshaoil an tuairiscithe faoi Thacsanomaíocht an Aontais. Bhí measúnú tionchair comhréireach ag gabháil le Gníomh Tarmligthe an Aontais Eorpaigh maidir le Tacsanomaíocht Aeráide inar leagadh amach go mionsonraithe na cineálacha cur chuige ginearálta a glacadh chun critéir scagtha theicniúla a shonrú. Tá an measúnú sin fós ábhartha maidir leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh na gcuspóirí comhshaoil.
Tacaítear leis an nGníomh Tarmligthe seo le Doiciméad Inmheánach Oibre anailíseach ina bhfuil na nithe seo a leanas: (i) tuairisc ar chomhthéacs agus ar chuspóir an tionscnaimh; (ii) míniú ar an gcur chuige a glacadh chun na critéir scagtha theicniúla shonracha a shainiú, lena n‑áirítear an chaoi a measfar a oibreoidh na critéir sin sa chleachtas; (iii) míniú ar aon éagsúlacht nó aon ní a cuireadh le moltaí an Ardáin; (iv) achoimre ar na tairbhí agus na costais a mheasfar a bheidh ag an tionscnamh sin, lena n‑áirítear costais riaracháin go háirithe; agus (v) tuairisc ar an gcaoi a ndéanfar faireachán agus meastóireacht ar an tionscnamh sin.
Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht an Ghnímh Tharmligthe seo leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus leis an gcuspóir dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin a áirithiú.
I gcomhréir leis na ceanglais a leagtar amach in Airteagal 17 den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, rinne an Coimisiún calabrú ar na critéir scagtha theicniúla chun a áirithiú nach ndéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil dochar suntasach (DNSH) don mhaolú ar an athrú aeráide chun a áirithiú nach féidir aon ghníomhaíocht as a n‑eascraíonn astaíochtaí suntasacha gás ceaptha teasa (GCT) a mheas mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. An fhéidearthacht go mbeadh astaíochtaí arda gás ceaptha teasa ann agus, dá bhrí sin, an fhéidearthacht go ndéanfaí dochar suntasach don chuspóir maidir le maolú ar an athrú aeráide, rinneadh iad a mheas le haghaidh gach gníomhaíochta eacnamaíche. Maidir le gníomhaíochtaí lena mbaineann féidearthacht den sórt sin acu, forbraíodh na critéir DNSH maidir le maolú. I gcás gníomhaíochtaí a bhfuil riosca íseal ag baint leo maidir le hastaíochtaí arda gás ceaptha teasa, níor moladh aon chritéar. I gcás inar féidir agus inarb iomchuí, déanann na critéir DNSH sin maidir le maolú crostagairt do chomhlíonadh na gceanglas íosta a leagtar amach i ndlí an Aontais. I gcás nach bhforordaítear le reachtaíocht an Aontais íosfheidhmíocht shonrach a bhaineann le huaillmhian chomhshaoil, úsáideadh méadrachtaí cainníochtúla sa reachtaíocht, amhail sonraí suiteála Chóras Trádála Astaíochtaí (CTA) an Aontais. Is féidir leis na critéir a bheith cainníochtúil, amhail astaíochtaí gás ceaptha teasa, agus cáilíochtúil, amhail ceanglas maidir le plean faireacháin ar sceitheadh meatáin a bheith ann.
Ar an gcaoi chéanna, chalabraigh an Coimisiún na critéir scagtha theicniúla chun a áirithiú nach ndéanfaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil dochar suntasach d’oiriúnú don athrú aeráide. Áirithítear leis sin nach féidir aon ghníomhaíocht a mheas mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de má bhíonn méadú ann dá bharr ar an drochthionchar ar an aeráid atá ann faoi láthair agus ar an aeráid a mheastar a bheidh ann amach anseo, ar an ngníomhaíocht féin nó ar dhaoine, ar an dúlra nó ar shócmhainní.
An cur chuige a glacadh chun na critéir DNSH maidir le hoiriúnú a leagan amach, léiríonn sé an smaoineamh gur freagracht ar gach duine é an t‑oiriúnú agus gur cheart go ndéanfadh gach leibhéal rialachais a gcinntí agus a n‑oibríochtaí aeráid-díonach, lena n‑áirítear daoine aonair príobháideacha agus oibreoirí eacnamaíocha. Tá na critéir DNSH maidir le hoiriúnú bunaithe ar cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht aeráid-díonach, i.e. cé acu a shainaithnítear nó nach sainaithnítear aon tionchar atá ann cheana nó a bheidh ann amach anseo atá ábhartha don ghníomhaíocht, agus cé acu a aimsítear nó nach n‑aimsítear réitigh chun caillteanais nó tionchar a d’fhéadfadh a bheith ann ar leanúnachas gnó a íoslaghdú nó a sheachaint. Leis na critéir DNSH, leagtar amach ceanglas próiseasbhunaithe atá mar an gcéanna i ngach gníomhaíocht eacnamaíoch. Moltar an ceanglas próiseasbhunaithe sin le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile de réir an chur chuige go mbeidh tionchar ag an athrú aeráide ar an ngeilleagar ina iomláine.
4.EILIMINTÍ DLÍ AN GHNÍMH THARMLIGTHE
Déantar foráil don cheart gníomhartha tarmligthe a ghlacadh faoi Airteagail 8(4), 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) den Rialachán maidir le Tacsanomaíocht.
Le hAirteagal 1 leagtar síos na critéir scagtha theicniúla maidir le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint.
Le hAirteagal 2 leagtar síos na critéir scagtha theicniúla maidir leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach.
Le hAirteagal 3 leagtar síos na critéir scagtha theicniúla maidir le cosc agus rialú ar thruailliú.
Le hAirteagal 4 leagtar síos na critéir scagtha theicniúla maidir le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras.
Le hAirteagal 5 leagtar síos na leasuithe ar an nGníomh Tarmligthe maidir le Nochtadh Tacsanomaíochta.
Le hAirteagal 6 leagtar síos na rialacha maidir le teacht i bhfeidhm agus dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo.
RIALACHÁN TARMLIGTHE (AE) …/... ÓN gCOIMISIÚN
an 27.6.2023
lena bhforlíontar Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle trí na critéir scagtha theicniúla a bhunú chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó leis an mbithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile agus lena leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a mhéid a bhaineann le nochtadh poiblí sonrach maidir leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin
(Téacs atá ábhartha maidir le LEE)
TÁ AN COIMISIÚN EORPACH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Rialachán (AE) 2020/852 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2019/2088, agus go háirithe Airteagal 8(4), Airteagal 12(2), Airteagal 13(2), Airteagal 14(2) agus Airteagal 15(2) de,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le Rialachán (AE) 2020/852 bunaítear an creat ginearálta chun a chinneadh cé acu a cháilíonn nó nach gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch mar ghníomhaíocht eacnamaíoch atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de chun a shuí a mhéid atá infheistíocht inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá an Rialachán sin infheidhme maidir le bearta arna nglacadh ag an Aontas nó ag na Ballstáit lena leagtar amach ceanglais do rannpháirtithe nó eisitheoirí sa mhargadh airgeadais i leith táirgí airgeadais nó bannaí corparáideacha arna gcur ar fáil mar chinn atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de, do rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais a chuireann táirgí airgeadais ar fáil, agus do ghnóthais atá faoi réir na hoibleagáide ráiteas neamh-airgeadais a fhoilsiú de bhun Airteagal 19a de Threoir 2013/34/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle nó chun ráiteas neamh-airgeadais comhdhlúite a fhoilsiú de bhun Airteagal 29a den Treoir sin. Is féidir le hoibreoirí eacnamaíocha nó údaráis phoiblí nach bhfuil cumhdaithe ag Rialachán (AE) 2020/852 an Rialachán sin a chur i bhfeidhm freisin ar bhonn deonach.
(2)Le hAirteagail 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852 éilítear ar an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh lena mbunaítear na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú, nó le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras, faoi seach, agus chun critéir scagtha theicniúla a bhunú, maidir le gach cuspóir comhshaoil ábhartha a leagtar síos in Airteagal 9 den Rialachán sin, chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin do cheann amháin nó níos mó de na cuspóirí comhshaoil sin.
(3)Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 6 Iúil 2021 ‘Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú’ fógraíodh bunú critéar scagtha teicniúil le haghaidh cuspóirí comhshaoil lena gcumhdaítear úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras. Ba cheart na critéir scagtha theicniúla sin a ghlacadh sa bhreis ar na critéir scagtha theicniúla a bhunaítear i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón gCoimisiún.
(4)Na critéir scagtha theicniúla le haghaidh cuspóirí comhshaoil lena gcumhdaítear úsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach, cosc agus rialú ar thruailliú, agus cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras, ba cheart dóibh, amhail na critéir scagtha theicniúla a bunaíodh le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139, i gcás inar féidir, aicmiú na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a leanúint a leagtar síos i gcóras aicmithe Athbhreithniú 2 NACE maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha a bunaíodh le Rialachán (CE) Uimh. 1893/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. Ba cheart a áireamh freisin sa tuairisc shonrach ar ghníomhaíocht eacnamaíoch na tagairtí táscacha do chóid NACE is féidir a lua leis an ngníomhaíocht sin, le go bhféadfaidh gnóthais agus rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais na gníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha ar cheart critéir scagtha theicniúla a bhunú ina leith a shainaithint. Ba cheart na tagairtí sin a thuiscint mar thagairtí táscacha agus níor cheart go mbeadh tosaíocht acu ar an sainmhíniú sonrach ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a sholáthraítear sa tuairisc uirthi.
(5)Leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú, agus le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras, ba cheart a áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch lena mbaineann ar cheann de na cuspóirí sin. Dá bhrí sin, ba cheart go ndéanfaí tagairt leis na critéir scagtha theicniúla sin do thairseacha nó do leibhéil feidhmíochta a bheadh le baint amach ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch chun bheith cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le ceann de na cuspóirí sin. Leis na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ (DNSH), ba cheart a áirithiú nach bhfuil tionchair chomhshaoil dhiúltacha mhóra ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch, lena n‑áirítear tionchair a bhaineann leis an aeráid. Dá réir sin, ba cheart a shonrú leis na critéir scagtha theicniúla sin na ceanglais íosta a bheadh le comhlíonadh ag an ngníomhaíocht eacnamaíoch chun bheith cáilithe mar ghníomhaíocht atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.
(6)Na critéir scagtha theicniúla chun a chinneadh, maidir le gníomhaíocht eacnamaíoch, cé acu a dhéantar nó nach ndéantar rannchuidiú substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852 agus cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile, ba cheart, i gcás inarb ábhartha, tógáil leis na critéir sin ar dhlí an Aontais atá ann cheana féin, ar dhea-chleachtais, ar dhea-chaighdeáin agus ar dhea-mhodheolaíochtaí, agus ar chaighdeáin, ar chleachtais agus ar mhodheolaíochtaí seanbhunaithe a d’fhorbair eintitis phoiblí a bhfuil dea-cháil go hidirnáisiúnta orthu. I gcás nach ann do na caighdeáin, na cleachtais ná na modheolaíochtaí sin le haghaidh réimse beartais sonrach, ba cheart tógáil leis na critéir scagtha theicniúla ar chaighdeáin sheanbhunaithe a d’fhorbair comhlachtaí príobháideacha a bhfuil dea-cháil go hidirnáisiúnta orthu.
(7)De bhun Airteagal 19(1), pointe (h), de Rialachán (AE) 2020/852, ba cheart a chur san áireamh leis na critéir scagtha theicniúla cineál agus scála na gníomhaíochta eacnamaíche agus an earnáil dá dtagraítear leo, agus cé acu atá nó nach bhfuil an ghníomhaíocht eacnamaíoch ina gníomhaíocht chumasúcháin dá dtagraítear in Airteagal 16 den Rialachán sin. Ionas go gcomhlíonfar ceanglais Airteagal 19 de Rialachán (AE) 2020/852 leis na critéir scagtha theicniúla ar bhealach atá éifeachtach agus cothrom, ba cheart na critéir scagtha theicniúla sin a shocrú mar thairseach chainníochtúil nó mar cheanglas íosta, mar fheabhsúchán coibhneasta, mar thacar ceanglas um fheidhmíocht cháilíochtúil, mar cheanglais bunaithe ar phróiseas nó ar chleachtas, nó mar thuairisc bheacht ar chineál na gníomhaíochta eacnamaíche féin i gcás go bhféadfaidh an ghníomhaíocht sin, de réir a cineáil, rannchuidiú substaintiúil a dhéanamh leis na cuspóirí comhshaoil.
(8)Na critéir scagtha theicniúla chun coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, ba cheart go léireofaí leo gur gá stádas maith a bhaint amach do gach dobharlach agus stádas maith comhshaoil a bhaint amach d’uiscí mara, agus gur gá cosc a chur ar mheathlú dobharlach a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin nó ar mheathlú uiscí mara a bhfuil stádas maith comhshaoil acu cheana féin. Is iomchuí, dá bhrí sin, díriú ar dtús ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ar na hearnálacha sin a bhfuil an acmhainn is mó acu na haidhmeanna sin a bhaint amach.
(9)Le creat an Aontais maidir le cosaint uisce, áirithítear cur chuige comhtháite maidir le bainistiú uisce, lena n‑urramaítear sláine na n‑éiceachóras ina n‑iomláine. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na critéir scagtha theicniúla aghaidh a thabhairt ar éifeachtaí díobhálacha sceitheadh fuíolluisce uirbigh agus thionsclaíoch, sláinte an duine a chosaint ar an drochthionchar a bhíonn ag aon éilliú uisce atá ceaptha do thomhaltas an duine, bainistíocht uisce agus éifeachtúlacht na húsáide uisce a fheabhsú, úsáid inbhuanaithe seirbhísí éiceachórais mhuirí a áirithiú, rannchuidiú le stádas maith comhshaoil uiscí mara agus le stádas maith nó acmhainn mhaith dobharlach, lena n‑áirítear dobharlaigh uisce dromchla agus screamhuisce, a bhaint amach agus a chothabháil ar an iomlán. Critéir scagtha theicniúla maidir le cóireáil fuíolluisce uirbigh mar ghníomhaíocht lena ndéantar rannchuidiú substaintiúil le cuspóir comhshaoil amháin nó níos mó, ba cheart iad a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, ba cheart iad a leasú, agus dlí ábhartha an Aontais á chur san áireamh, lena n‑áirítear Treoir 91/271/CEE ón gComhairle.
(10)A mhéid a bhaineann le réitigh a fhaigheann inspioráid agus tacaíocht ón dúlra, lena soláthraítear tairbhí comhshaoil, sóisialta agus eacnamaíocha agus lena gcabhraítear le hathléimneacht a chothú, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na critéir scagtha theicniúla tuilte nó triomaigh a chosc agus cosaint a thabhairt ina gcoinne agus san am céanna coinneáil uisce nádúrtha, an bhithéagsúlacht agus cáilíocht uisce a fheabhsú.
(11)Is cumasóir inbhuanaitheachta comhshaoil é an t‑aistriú chuig geilleagar ciorclach, rud a chruthaíonn tairbhí móra ó thaobh bainistíocht inbhuanaithe uisce, cosaint agus caomhnú na bithéagsúlachta, truailliú a chosc agus a rialú agus an t‑athrú aeráide a mhaolú. Léirítear leis an ngeilleagar ciorclach an gá atá leis go gcuirfear úsáid éifeachtúil acmhainní chun cinn le gníomhaíochtaí eacnamaíocha trí athúsáid agus athchúrsáil iomchuí acmhainní. Dá bhrí sin, leis na critéir scagtha theicniúla chun coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, ba cheart a áirithiú, le linn chéim an deartha agus an táirgthe, go gcuirfidh an t‑oibreoir san áireamh coinneáil luacha fhadtéarmach agus laghdú dramhaíola an táirge i gcaitheamh a shaolré. Le linn a chéime úsáide, ba cheart an táirge a bheith faoi réir cothabhála chun síneadh a chur lena shaolré, agus an méid dramhaíola a laghdú san am céanna. Ba cheart an táirge a dhíchóimeáil nó a chóireáil tar éis é a úsáid chun a áirithiú gur féidir é a athúsáid nó a athchúrsáil chun táirge eile a mhonarú. Leis an gcur chuige sin, is féidir teorainn a chur le spleáchas gheilleagar an Aontais ar ábhair a allmhairítear ó thríú tíortha, rud atá thar a bheith tábhachtach i ndáil le hamhábhair chriticiúla. Is iomchuí, dá bhrí sin, díriú ar dtús ar na gníomhaíochtaí eacnamaíocha agus ar na hearnálacha sin a bhfuil an acmhainn is mó acu na haidhmeanna sin a bhaint amach.
(12)Agus ciorclaíocht táirge á breithniú, tá céimeanna an deartha agus an táirgthe ríthábhachtach chun marthanacht agus athúsáid fhéideartha an táirge a áirithiú agus chun go mbeifear in ann é a athchúrsáil. Tá na céimeanna sin ríthábhachtach freisin chun cion na substaintí guaiseacha a laghdú agus substaintí eile a chur in ionad substaintí arb údar mór imní iad in ábhair agus i dtáirgí i rith a saolré. Dá bhrí sin, leis na critéir scagtha theicniúla le haghaidh gníomhaíochtaí monaraíochta a rannchuidíonn go substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, ba cheart ceanglais deartha a leagan síos d’fhad saoil, d’indeisitheacht agus d’athúsáid táirgí, chomh maith le ceanglais maidir le húsáid ábhar, substaintí agus próiseas lenar féidir an táirge a athchúrsáil ar ardchaighdeán. Ba cheart úsáid substaintí guaiseacha a íoslaghdú. I gcás inar féidir, ba cheart úsáid ábhar athchúrsáilte chun an táirge féin a mhonarú a cheangal leis na critéir freisin.
(13)San obair leantach maidir leis na Teachtaireachtaí ón gCoimisiún an 11 Nollaig 2019 ‘An Comhaontú Glas don Eoraip’, an 3 Márta 2020 maidir le Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach, an 16 Eanáir 2018 Straitéis Eorpach um Plaistigh agus an 30 Samhain 2022 maidir le Creat beartais an Aontais maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe, ba cheart na critéir scagtha theicniúla maidir le monarú pacáistíochta plaistí a chomhlánú, a athbhreithniú agus, i gcás inar gá, a athbhreithniú agus dlí ábhartha an Aontais á chur san áireamh, lena n‑áirítear Treoir 94/62/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus na hathbhreithnithe a dhéanfar uirthi amach anseo.
(14)In éagmais critéir inbhuanaitheachta arna gcomhaontú go dlíthiúil maidir le ról na bithmhaise i bpacáistíocht phlaisteach, na critéir scagtha theicniúla maidir le monarú pacáistíochta plaistí lena rannchuidítear go substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, díríonn siad ar úsáid bunábhair bithdhramhaíola. Agus aird á tabhairt ar fhorbairtí teicneolaíochta agus beartais amach anseo, lena n‑áirítear an t‑athbhreithniú ar Threoir 2018/2001/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, chomh maith leis an rannchuidiú a d’fhéadfadh a bheith ann le cuspóirí comhshaoil eile, d’fhéadfadh sé gur gá na critéir sin a athbhreithniú.
(15)Is cuid thábhachtach den gheilleagar ciorclach é dea-bhainistiú dramhaíola agus cabhraíonn sé le cosc a chur ar dhramhaíl tionchar diúltach a imirt ar an gcomhshaol agus ar shláinte an duine. Le reachtaíocht an Aontais maidir le dramhaíl, cuirtear feabhas ar bhainistiú dramhaíola trí ‘ord na réiteach dramhaíola’ a leagan amach faoina bhfuil cosc dramhaíola agus ullmhú don athúsáid agus don athchúrsáil ar na roghanna tosaíochta, agus aisghabháil eile ina dhiaidh sin, lena n‑áirítear aisghabháil fuinnimh, agus mar rogha dheiridh amháin, diúscairt amhail loscadh gan aisghabháil fuinnimh nó líonadh talún. Dá bhrí sin, maidir leis na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina gcáilíonn gníomhaíocht eacnamaíoch shonrach mar rannchuidiú substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, ba cheart é a bheith d’aidhm acu giniúint dramhaíola a chosc nó a laghdú, ullmhú d’athúsáid agus athchúrsáil dramhaíola a mhéadú, agus íoschúrsáil agus diúscairt dramhaíola a sheachaint. Agus é á chur san áireamh gur féidir ábhair atá oiriúnach lena dtabhairt isteach an athuair sa gheilleagar ciorclach, amhail miotail agus salainn neamhorgánacha, a athchúrsáil ó tháirgí dócháin, go háirithe ó bhunluaith ó loscadh dramhaíola neamhghuaisí, tá bunú critéar scagtha teicniúil le haghaidh na gníomhaíochta athchúrsála sin le breithniú.
(16)Is í an fhoirgníocht agus an scartáil is cúis le 37 % den dramhaíl san Aontas. Trína áirithiú gur as ábhair athúsáide nó athchúrsáilte (amhábhair thánaisteacha) den chuid is mó a thagann na hábhair a úsáidtear i bpróiseas tógála agus cothabhála foirgneamh agus réad eile innealtóireachta sibhialta; agus go n‑ullmhaítear ina dhiaidh sin iad lena n‑athúsáid nó lena n‑athchúrsáil nuair a scartálfar an tsócmhainn thógtha, is féidir ról tábhachtach a bheith acu, dá bhrí sin, san aistriú chuig geilleagar ciorclach. Dá bhrí sin, ba cheart critéir scagtha theicniúla a leagan síos maidir le foirgnimh nua a thógáil, foirgnimh atá ann cheana a athchóiriú, foirgnimh agus struchtúir eile a scartáil nó a raiceáil, bóithre agus mótarbhealaí a chothabháil agus coincréit a úsáid i dtionscadail innealtóireachta sibhialta. Ní mór breithnithe ar chiorclaíocht na n‑ábhar agus na sócmhainne tógtha a chur san áireamh le linn chéim an deartha, suas go dtí céim an díchóimeála. Dá bhrí sin, ba cheart do na critéir scagtha theicniúla cloí le prionsabail deartha chiorclaigh agus táirgthe chiorclaigh na sócmhainne tógtha, chomh maith le húsáid chiorclach ábhar a úsáidtear chun an tsócmhainn sin a tháirgeadh.
(17)Le raon nua iomlán de sheirbhísí inbhuanaithe, de shamhlacha gnó táirge mar sheirbhís agus de réitigh dhigiteacha, tá cáilíocht saoil níos fearr, poist nuálacha agus eolas agus scileanna uasghrádaithe ann. I gcomhréir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2020 A new Circular Economy Action Plan For a cleaner and more competitive Europe [Plean Gníomhaíochta nua don Gheilleagar Ciorclach i gcomhair Eoraip níos glaine agus níos iomaíche], soláthraíonn an geilleagar ciorclach táirgí ardcháilíochta, feidhmiúla agus sábháilte, atá éifeachtúil agus inacmhainne, a mhaireann níos faide agus atá deartha lena n‑athúsáid, lena ndeisiú agus lena n‑athchúrsáil ar ardchaighdeán. Dá bhrí sin, ba cheart na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina gcáilíonn seirbhísí inbhuanaithe nuálacha mar rannchuidiú substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach a leagan síos le haghaidh gníomhaíochtaí a rannchuidíonn le fad a chur le saolré táirgí.
(18)Is féidir le réitigh dhigiteacha, lena n‑áirítear úsáid pasanna táirgí digiteacha, sonraí fíor-ama a sholáthar maidir le suíomh, riocht agus infhaighteacht earra, agus inrianaitheacht ábhar a mhéadú agus ar an mbealach sin feabhas a chur ar choinneáil luacha i ngach cinneadh dearaidh, monaraíochta agus tomhaltóra. Dá réir sin, cuireann sé sin ar chumas gníomhaithe eacnamaíocha aistriú chuig samhlacha gnó ciorclacha, lena n‑áirítear samhail ghnó táirge mar sheirbhís, lena ndíchúpláiltear gníomhaíochtaí eacnamaíocha ar deireadh ó úsáid acmhainní nádúrtha agus lena bhfeabhsaítear tionchar na gníomhaíochta eacnamaíche ar an gcomhshaol. Dá bhrí sin, ba cheart critéir scagtha theicniúla a bhunú le haghaidh réitigh dhigiteacha nua lenar féidir feabhas a chur ar thrédhearcacht agus éifeachtúlacht an fhaireacháin comhshaoil agus an fhorfheidhmithe rialála, lena n‑áirítear cinnteoireacht laistigh de bhainistíocht chomhtháite acmhainní uisce.
(19)Leis na critéir scagtha theicniúla chun a chinneadh cé na coinníollacha faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú, ba cheart a léiriú an gá atá ann truailliú san aer, san uisce, san ithir, in orgánaigh bheo agus in acmhainní bia a dhíothú. Féadann truailliú tinnis a thabhairt agus mar sin d’fhéadfadh bás anabaí a bheith mar thoradh air. Is gnách gurb iad na grúpaí is leochailí is mó a fhulaingíonn na tionchair is díobhálaí a bhíonn aige ar shláinte an duine. Cuireann truailliú an bhithéagsúlacht i mbaol freisin agus cuireann sé le mórdhíothú speiceas. Mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 12 Bealtaine 2021, Pathway to a Healthy Planet for All, EU Action Plan: ‘Towards Zero Pollution for Air, Water and Soil [Conair i dtreo Pláinéad Sláintiúil do Chách, Plean Gníomhaíochta AE: I dtreo Truailliú Nialasach don Aeir, d’Uisce agus don Ithir], is mór na tairbhí eacnamaíocha a bhaineann leis an gcomhrac i gcoinne an truaillithe agus is mó i bhfad na tairbhí don tsochaí ná na costais is gá.
(20)Ag eascairt as uaillmhian na Teachtaireachta ón gCoimisiún an 14 Deireadh Fómhair 2020 Chemicals Strategy for Sustainability Towards a Toxic-Free Environment [Straitéis Ceimiceán don Inbhuanaitheacht – I dTreo Timpeallacht atá Saor ó Thocsainí], chun cabhrú le truailliú a chosc agus a rialú, tá sé thar a bheith tábhachtach deireadh a chur de réir a chéile leis na substaintí is díobhálaí ó tháirgí lena n‑úsáid ag tomhaltóirí nó le haghaidh úsáid ghairmiúil, ach amháin nuair a chruthaítear go bhfuil a n‑úsáid riachtanach don tsochaí, agus substaintí arb údar imní iad a ionadú nó a dtáirgeadh agus a n‑úsáid a íoslaghdú, a mhéid is féidir.
(21)D’fhéadfadh sé go mbainfeadh rioscaí don chomhshaol agus do shláinte an duine le truailliú ó chomhábhair chógaisíochta áirithe mar a leagtar amach sa Teachtaireacht ón gCoimisiún an 11 Márta 2019 European Union Strategic Approach to Pharmaceuticals in the Environment [Cur Chuige Straitéiseach an Aontais Eorpaigh i leith Cógaisíocht sa Chomhshaol]. Dá bhrí sin, maidir le critéir scagtha theicniúla chun comhábhair ghníomhacha chógaisíochta nó substaintí gníomhacha a mhonarú agus chun táirgí íocshláinte a mhonarú, ba cheart é a bheith mar aidhm acu táirgeadh agus úsáid comhábhar a fhaightear go nádúrtha nó atá aicmithe mar shubstaintí atá in-bhithdhíghrádaithe go héasca a chur chun cinn.
(22)Maidir le hastú truailleán a chosc agus a laghdú i gcéim deireadh ré táirgí, agus maidir le truailliú atá ann cheana a ghlanadh suas, tá acmhainneacht mhór ann an comhshaol a chosaint ar thruailliú agus staid an chomhshaoil a fheabhsú. Ba cheart, dá bhrí sin, critéir scagtha theicniúla a bhunú chun dramhaíl ghuaiseach a bhailiú, a iompar agus a chóireáil, ar dramhaíl í a bhfuil riosca níos mó ag baint léi don chomhshaol agus do shláinte an duine ná mar atá ag dramhaíl neamhghuaiseach, chomh maith le feabhas a chur ar láithreáin líonta talún neamhchomhréireacha agus ar dhumpaí dramhaíola tréigthe nó neamhdhleathacha agus ar láithreáin agus limistéir éillithe.
(23)Maidir leis na critéir scagtha theicniúla chun coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, ba cheart a chur san áireamh iontu an gá atá ann an bhithéagsúlacht a chosaint, a chaomhnú nó a athbhunú chun dea-bhail na n‑éiceachóras a bhaint amach nó éiceachórais atá i ndea-riocht cheana féin a chosaint. Tá cailliúint na bithéagsúlachta agus cliseadh na n‑éiceachóras ar cheann de na bagairtí is mó atá roimh an gcine daonna sna deich mbliana amach romhainn.
(24)Tá tairbhí eacnamaíocha díreacha ag baint le caomhnú na bithéagsúlachta do go leor earnálacha den gheilleagar. Dá bhrí sin, ba cheart é a bheith d’aidhm ag na critéir scagtha theicniúla stádas agus treochtaí gnáthóga talún, fionnuisce agus muirí, éiceachórais agus líon speiceas fauna agus flora gaolmhar a choinneáil ag an leibhéal céanna nó iad a fheabhsú.
(25)Tá luach na bithéagsúlachta agus na seirbhísí gaolmhara a chuireann éiceachórais shláintiúla ar fáil tábhachtach don turasóireacht toisc go gcuireann sé go mór le tarraingteacht agus cáilíocht na gceann scríbe turasóireachta, agus dá bhrí sin lena n‑iomaíochas. Dá bhrí sin, ba cheart critéir scagtha theicniúla a bhunú le haghaidh gníomhaíochtaí cóiríochta turasóireachta agus ba cheart é a bheith d’aidhm acu a áirithiú go gcomhlíonann na gníomhaíochtaí sin prionsabail iomchuí agus íoscheanglais chun an bhithéagsúlacht agus na héiceachórais a chosaint agus a chothú, agus chun rannchuidiú lena gcaomhnú.
(26)Maidir leis na critéir scagtha theicniúla chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile leis na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil. ba cheart é a bheith d’aidhm acu a áirithiú nach ndéantar rannchuidiú le ceann de na cuspóirí comhshaoil chun aimhleasa cuspóirí comhshaoil eile. Dá bhrí sin, baineann ról fíor-riachtanach leis na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le hionracas comhshaoil aicmiú na ngníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de a áirithiú. Ba cheart na critéir ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ maidir le cuspóir comhshaoil áirithe a shonrú le haghaidh na ngníomhaíochtaí sin lena gcruthaítear riosca de dhochar suntasach a dhéanamh don chuspóir sin. Leis na critéir sin, ba cheart ceanglais ábhartha dhlí reatha an Aontais a chur san áireamh agus cur leo.
(27)Leis na critéir scagtha theicniúla chun a áirithiú nach ndéanann gníomhaíochtaí a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil dochar suntasach do mhaolú ar an athrú aeráide, ba cheart a áirithiú nach mbeidh astaíochtaí móra gás ceaptha teasa mar thoradh ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha a bhfuil an acmhainneacht acu rannchuidiú go substaintiúil le cuspóirí comhshaoil seachas maolú ar an athrú aeráide.
(28)Is dócha go ndéanfaidh an t‑athrú aeráide difear d’earnálacha uile an gheilleagair. Dá bhrí sin, maidir leis na critéir scagtha theicniúla chun a áirithiú nach ndéantar dochar suntasach d’oiriúnú don athrú aeráide le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá ina rannchuidiú substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil, ba cheart feidhm a bheith ag na critéir sin maidir le gach ceann de na gníomhaíochtaí eacnamaíocha sin. Ba cheart a áirithiú leis na critéir sin go sainaithnítear rioscaí atá ann cheana agus rioscaí amach anseo atá ábhartha don ghníomhaíocht eacnamaíoch agus go gcuirtear réitigh oiriúnúcháin chun feidhme chun caillteanais nó tionchair fhéideartha ar leanúnachas gnó a íoslaghdú nó a sheachaint.
(29)Ba cheart na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ d’úsáid inbhuanaithe agus do chosaint acmhainní uisce agus muirí a shonrú le haghaidh na ngníomhaíochtaí uile a d’fhéadfadh bac a chur ar úsáid inbhuanaithe agus ar chosaint den sórt sin. Ba cheart é a bheith d’aidhm ag na critéir sin go seachnófaí gníomhaíochtaí eacnamaíocha a dhéanann dochar do stádas maith nó d’acmhainn mhaith éiceolaíoch dobharlach, lena n‑áirítear uisce dromchla agus screamhuisce, nó do stádas maith comhshaoil uiscí mara, trína éileamh go ndéantar rioscaí díghrádaithe comhshaoil a shainaithint agus go dtugtar aghaidh orthu, i gcomhréir le plean bainistíochta úsáide agus cosanta uisce nó le straitéisí muirí na mBallstát.
(30)Ba cheart na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i ndáil le haistriú chuig geilleagar ciorclach a shaincheapadh do ghníomhaíochtaí eacnamaíocha sonracha chun a áirithiú nach mbeidh neamhéifeachtúlachtaí maidir le húsáid acmhainní ina dtoradh ar na gníomhaíochtaí sin nó nach ndéanfar samhlacha táirgthe línigh a ghaibhniú leo, agus go seachnaítear agus go laghdaítear dramhaíl agus, nuair a bhíonn sé dosheachanta, go ndéantar í a bhainistiú i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Leis na critéir sin ba cheart a áirithiú freisin nach ndéantar dochar don chuspóir aistriú chuig geilleagar ciorclach.
(31)Leis na critéir scagtha theicniúla maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i ndáil le cosc agus rialú ar thruailliú ba cheart sainghnéithe na hearnála a chur san áireamh chun tabhairt faoi na foinsí agus cineálacha truaillithe ábhartha san aer, san uisce nó ar talamh, agus tagairt á déanamh, i gcás inarb ábhartha, do na conclúidí maidir leis na teicnící is fearr atá ar fáil arna mbunú faoi Threoir 2010/75/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.
(32)Ba cheart na critéir maidir le ‘gan dochar suntasach a dhéanamh’ i ndáil le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras a shonrú do na gníomhaíochtaí uile a d’fhéadfadh a bheith ina riosca do stádas nó do riocht gnáthóg, speiceas nó éiceachóras agus ba cheart a éileamh leo, i gcás inarb ábhartha, go ndéantar measúnuithe ar an tionchar ar an gcomhshaol nó measúnuithe iomchuí eile agus go gcuirtear na conclúidí ó na measúnuithe sin chun feidhme. Leis na critéir sin ba cheart go n‑áiritheofaí, fiú in éagmais ceanglais chun measúnú ar an tionchar ar an gcomhshaol nó measúnú iomchuí eile a dhéanamh, nach gcuirfear isteach ar speicis faoi chosaint an dlí, ná nach ndéanfaí iad a ghabhail ná a mharú nó nach ndéanfar gnáthóga faoi chosaint an dlí a mheathlú mar thoradh ar ghníomhaíochtaí.
(33)Ós rud é gur dócha go ndéanfaidh an t‑athrú aeráide difear d’earnálacha uile an gheilleagair, ní mór gach earnáil den gheilleagar a chur in oiriúint do dhrochthionchar na haeráide atá ann faoi láthair agus do dhrochthionchar na haeráide a mheastar a bheidh ann amach anseo. Dá bhrí sin, tá critéir scagtha theicniúla maidir le rannchuidiú substaintiúil le hoiriúnú don athrú aeráide le bunú amach anseo le haghaidh na n‑earnálacha agus na ngníomhaíochtaí eacnamaíocha uile a chumhdaítear leis na critéir scagtha theicniúla maidir le rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras a leagtar amach sa Rialachán seo.
(34)Le cuimsiú gníomhaíochtaí eacnamaíocha nua a rannchuidíonn le cuspóirí comhshaoil de bhun Airteagail 12(2), 13(2), 14(2) agus 15(2) de Rialachán (AE) 2020/852, leathnófar cumhdach na nochtaí a leagtar síos in Airteagal 8 den Rialachán sin. Dá bhrí sin, ba cheart Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 ón gCoimisiún, a glacadh ar bhonn Airteagal 8(4) de Rialachán (AE) 2020/852, a leasú chun an raon feidhme leathnaithe sin a léiriú. Chun aghaidh a thabhairt ar neamhréireachtaí teicniúla agus dlíthiúla áirithe a sainaithníodh ó cuireadh Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 i bhfeidhm, ba cheart leasuithe spriocdhírithe a thabhairt isteach freisin ar an Rialachán sin.
(35)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a leasú dá réir sin.
(36)Tá na ceithre chuspóir chomhshaoil dá dtagraítear in Airteagal 9, pointí (c) go (f), de Rialachán (AE) 2020/852 agus in Airteagail 12, 13, 14 agus 15 den Rialachán sin idirnasctha go dlúth i dtéarmaí na meán trína mbaintear cuspóir amach agus i dtéarmaí na dtairbhí a d’fhéadfadh a bheith ag baint le ceann de na cuspóirí a ghnóthú ar chuspóirí eile. Dá bhrí sin, na forálacha lena gcinntear cé acu a rannchuidíonn nó nach rannchuidíonn gníomhaíocht eacnamaíoch go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú nó le cosaint agus athbhunú na bithéagsúlachta agus éiceachóras, tá dlúthbhaint acu, agus tá dlúthbhaint acu leis an ngá atá ann na hoibleagáidí nochta a leagtar síos i Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 a leathnú. Chun comhleanúnachas a áirithiú idir na forálacha sin, ar forálacha iad ar cheart dóibh teacht i bhfeidhm an tráth céanna, chun léargas cuimsitheach a éascú ar an gcreat dlíthiúil do pháirtithe leasmhara agus chun cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/852 a éascú, is gá na forálacha sin a chur san áireamh i Rialachán aonair.
(37)Chun a áirithiú go bhforbróidh cur i bhfeidhm Rialachán (AE) 2020/852 le forbairtí eolaíocha, teicneolaíocha, margaidh agus beartais, ba cheart an Rialachán seo a athbhreithniú go tráthrialta agus, i gcás inarb iomchuí, ba cheart é a leasú a mhéid a bhaineann leis na gníomhaíochtaí a mheastar a bheith ag rannchuidiú go substaintiúil le húsáid inbhuanaithe agus cosaint uisce agus acmhainní muirí, leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach, le cosc agus rialú ar thruailliú, le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú, agus leis na critéir scagtha theicniúla chomhfhreagracha.
(38)Tá an Rialachán seo comhsheasmhach leis an gcuspóir aeráidneodrachta a leagtar amach in Airteagal 2(1) de Rialachán (AE) 2021/1119 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus áirithítear leis an Rialachán dul chun cinn maidir leis an oiriúnú dá dtagraítear in Airteagal 5 den Rialachán sin. Rinne an Coimisiún measúnú ar chomhsheasmhacht na gcritéar scagtha teicniúil chun a áirithiú nach ndéanann gníomhaíochtaí eacnamaíocha a rannchuidíonn go substaintiúil le ceann de na cuspóirí comhshaoil dochar suntasach do mhaolú ar an athrú aeráide ná d’oiriúnú don athrú aeráide le cuspóir agus spriocanna Rialachán (AE) 2021/1119 mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(4) den Rialachán sin.
(39)Ní mór am leordhóthanach a thabhairt do ghnóthais neamhairgeadais agus airgeadais chun measúnú a dhéanamh ar cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha na critéir scagtha theicniúla a leagtar síos sa Rialachán seo, agus chun tuairisciú ar bhonn an mheasúnaithe sin i gcomhréir le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178. Dá bhrí sin, ba cheart dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo a chur siar, agus ba cheart a áirithiú leis na leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 go mbeidh a ndóthain ama ag gnóthais neamhairgeadais agus airgeadais a gceanglais tuairiscithe faoin Rialachán sin a chomhlíonadh,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Critéir scagtha theicniúla a bhaineann le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint
Leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le húsáid inbhuanaithe a bhaint as uisce agus acmhainní muirí agus iad a chosaint agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 2
Critéir scagtha theicniúla a bhaineann leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach
Leagtar amach in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil leis an aistriú chuig geilleagar ciorclach agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 3
Critéir scagtha theicniúla a bhaineann le cosc agus rialú ar thruailliú
Leagtar amach in Iarscríbhinn III a ghabhann leis an Rialachán seo na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le cosc agus rialú ar thruailliú agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 4
Critéir scagtha theicniúla a bhaineann le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú
Leagtar amach in Iarscríbhinn IV a ghabhann leis an Rialachán seo na critéir scagtha theicniúla chun na coinníollacha a chinneadh faoina bhfuil gníomhaíocht eacnamaíoch cáilithe mar rannchuidiú substaintiúil le bithéagsúlacht agus éiceachórais a chosaint agus a athbhunú agus chun a chinneadh cé acu a dhéantar nó nach ndéantar dochar suntasach leis an ngníomhaíocht eacnamaíoch sin d’aon cheann de na cuspóirí comhshaoil eile a leagtar síos in Airteagal 9 de Rialachán (AE) 2020/852.
Airteagal 5
Leasuithe ar Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178
Leasaítear Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2178 mar a leanas:
(1)in Airteagal 8, scriostar mír 5;
(2)in Airteagal 10, cuirtear isteach na míreanna 6 agus 7 seo a leanas:
‘6.
Ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2024, ní nochtfaidh gnóthais neamhairgeadais ach an cion de ghníomhaíochtaí eacnamaíocha incháilithe don Tacsanomaíocht agus neamh-incháilithe don Tacsanomaíocht de bhun Rialachán [an Rialachán Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil] agus Ranna 3.18 go 3.21, Ranna 6.18 go 6.20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Ranna 5.13, 7.8, 8.4, 9.3, 14.1 agus 14.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ina láimhdeachas iomlán, caiteachas caipitil agus oibríochtúil agus an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear i Roinn 1.2 d’Iarscríbhinn I atá ábhartha maidir leis an nochtadh sin.
Cumhdófar le heochairtháscairí feidhmíochta gnóthas neamhairgeadais na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a leagtar amach i Rialachán [an Rialachán Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil] agus Ranna 3.18 go 3.21, Ranna 6.18 go 6.20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Ranna 5.13, 7.8, 8.4, 9.3, 14.1 agus 14.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón 1 Eanáir 2025.
7.
Ón 1 Eanáir 2024 go dtí an 31 Nollaig 2025, ní nochtfaidh gnóthais airgeadais ach an méid a leanas:
(a)an cion ina sócmhainní cumhdaithe de neamhchosaintí ar ghníomhaíochtaí eacnamaíocha neamh-incháilithe don Tacsanomaíocht agus incháilithe don Tacsanomaíocht de bhun Rialachán [an Rialachán Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil] agus Ranna 3.18 go 3.21, Ranna 6.18 go 6.20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Ranna 5.13, 7.8, 8.4, 9.3, 14.1 agus 14.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139;
(b)an fhaisnéis cháilíochtúil dá dtagraítear in Iarscríbhinn XI a bhaineann le gníomhaíochtaí eacnamaíocha dá dtagraítear i bpointe (a).
Cumhdófar le heochairtháscairí feidhmíochta gnóthas neamhairgeadais na gníomhaíochtaí eacnamaíocha a leagtar amach i Rialachán [an Rialachán Tarmligthe maidir le Tacsanomaíocht Chomhshaoil] agus Ranna 3.18 go 3.21, Ranna 6.18 go 6.20 d’Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 agus Ranna 5.13, 7.8, 8.4, 9.3, 14.1 agus 14.2 d’Iarscríbhinn II a ghabhann le Rialachán Tarmligthe (AE) 2021/2139 ón 1 Eanáir 2026.’
(3)Leasaítear Iarscríbhinní I, II, III, IV, V, VII, IX agus X i gcomhréir le hIarscríbhinn V a ghabhann leis an Rialachán seo.
(4)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VI a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VI;
(5)Cuirtear an téacs a leagtar amach in Iarscríbhinn VII a ghabhann leis an Rialachán seo in ionad Iarscríbhinn VIII.
Airteagal 6
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh feidhm aige ón 1 Eanáir 2024.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil, 27.6.2023
Thar ceann an Choimisiúin
Thar ceann an Uachtaráin
Mairead McGUINNESS
Comhalta den Choimisiún