EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Tacagraif in iompar de bhóthar

Tacagraif in iompar de bhóthar

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 — rialacha maidir le tacagraif a úsáidtear in iompar de bhóthar

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach i Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 na ceanglais maidir le tacagraif* a úsáidtear in iompar de bhóthar in AE a thógáil, a shuiteáil, a úsáid, a thástáil agus a rialú.
  • Leasaítear agus leathnaítear le Rialachán (AE) 2020/1054 raon feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 le go gcuirfí san áireamh— maidir le suíomh trí thacagraif — reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le hoibrithe a phostú in iompar de bhóthar, Treoir 96/71/CE maidir le forfheidhmiú reachtaíocht an Aontais Eorpaigh maidir le hoibrithe a phostú i gcomhthéacs seirbhísí a sholáthar, Treoir 2014/67/AE maidir le forfheidhmiú Treoir 96/71/CE agus Treoir (AE) 2020/1057 lena leagtar síos rialacha sonracha maidir le tiománaithe a phostú san earnáil iompair de bhóthar (féach an achoimre ar na trí threoir).

PRÍOMHPHOINTÍ

Ní mór tacagraif a shuiteáil i ngach feithicil atá os cionn 3.5 tona agus a iompraíonn earraí de bhóthar, agus i bhfeithiclí a iompraíonn níos mó ná 9 nduine (lena n–áirítear an tiománaí), le heisceachtaí áirithe. Ón 1 Iúil 2026, ní mór tacagraif a shuiteáil i bhfeithiclí os cionn 2.5 tona.

Taifeadann tacagraif dhigiteacha na sonraí a leanas:

  • an t-achar a taistealaíodh, agus an luas,
  • tomhas ama,
  • an pointe tosaigh, an pointe deiridh agus an suíomh gach 3 huaire an chloig (má tá siad nasctha le córas loingseoireacht satailíte),
  • aitheantas an tiománaí,
  • gníomhaíocht an tiománaí,
  • sonraí maidir le rialú, calabrú agus deisiú tacagraf,
  • imeachtaí* agus lochtanna*.

Ní mór do thacagraif analóige na sonraí seo a leanas a thaifeadadh ar a laghad: achar, luas, am agus gníomhaíocht an tiománaí.

Féadfar rochtain ar shonraí tacagraif a thabhairt ag gach tráth don údarás rialaithe agus don oibreoir iompair lena mbaineann.

Taispeántar an fhaisnéis seo a leanas:

  • an t-am,
  • an modh oibríochta,
  • gníomhaíocht an tiománaí,
  • an t-am leanúnach tiomána reatha agus/nó an t-am sosa carnach reatha,
  • sonraí rabhaidh,
  • rochtain roghchláir.

Tugann tacagraif dhigiteacha rabhadh do thiománaithe maidir leis an uastréimhse leanúnach tiomána atá ceadaithe a shárú, d’fhonn cuidiú leo an reachtaíocht a chomhlíonadh.

Ní dhéanfar sonraí pearsanta a phróiseáil ach amháin chun a dheimhniú go bhfuiltear ag cloí leis sin agus le rialacháin ábhartha eile.

Tacagraif chliste

  • Ní mór tacagraf cliste a fheistiú ar fheithiclí atá cláraithe den chéad uair ón 15 Meitheamh 2019. Déantar an tacagraf cliste a nascadh le córas loingseoireachta satailíte, agus feistítear teicneolaíocht cumarsáide cianda annd’fhonn seiceálacha sonraithe cois bóthair a éascú.
  • Ina theannta sin, éilítear le Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1054 go nglacfaidh an Coimisiún Eorpach trí ghníomhartha cur chun feidhme, an tsonraíocht theicniúil ar an dara leagan den tacagraf cliste.
  • De réir Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1054, amhail ó mhí Lúnasa 2023, ní mór anleagan 2 den tacagraf cliste bheith feistithe i bhfeithiclí nua-chláraithe. Tá roinnt feabhsuithe i Leagan 2 i gcomparáid le leagan 1, cosúil le trasrianta teorann a thaifeadadh, suíomh na feithicle a thaifeadadh ag luchtú/díluchtú nó an córas fíordheimhnithe a sholáthraíonn Galileo, i measc nithe eile, a chur chun feidhme.
  • Tá go dtí Lúnasa 2024 ag tíortha AE lena gcuid údarás rialaithe a oiliúint chun cianteicneolaíocht cumarsáide a láimhseáil. Ní fhéadfar na sonraí a stóráil ach amháin fad is a bheidh an tseiceáil cois bóthair á déanamh agus ní mór iad a scriosadh taobh istigh de 3 uair an chloig, murar baineadh aon mhí–úsáid as an tacagraf.

Cineálcheadú

Tá trealamh tacagraif faoi réir cineálcheadaithe a dheonaíonn comhlachtaí arna n–ainmniú ag tíortha AE bunaithe ar fheidhmiúlacht, idir–inoibritheacht, comhlíonadh agus slándáil.

Suiteáil

Ní féidir ach le feisteoirí nó cuideachtaí atá faofa ag údaráis ábhartha gach tíre de chuid AE an trealamh tacagraif a shuiteáil, agus ní mór comhpháirteanna agus aon naisc leochaileacha a shéalú de réir mar is cuí don deimhniú cineálcheadaithe.

Ní mór imscrúdú a dhéanamh ar an tacagraf gach 2 bhliain ar a laghad.

Ina theannta sin éilítear an méid seo a leanas le Rialachán leasaitheach (AE) Uimh. 2020/1054:

  • go ndéanfaidh feisteoir nó ceardlann fhaofa aon séala a baineadh nó atá briste a athrú gan mhoill mhíchuí agus ar a dhéanaí laistigh de 7 lá tar éis iad a bhaint nó a bhriseadh;
  • nuair a bheidh na séalaí bainte nó briste chun críocha rialaithe, féadfaidh oifigeach rialaithe a bhfuil trealamh séalaithe aige nó aici agus marc uathúil air iad a athrú gan aon mhoill mhíchuí.

Cártaí tiománaithe agus bileoga taifid

Faoi Rialachán (AE) Uimh. 165/2014

  • Ní mór do thiománaithe cárta tiománaí a bheith acu arna eisiúint ag an údarás iomchuí na tíre de chuid AE, a bheidh bailí ar feadh tréimhse nach mó ná 5 bliana. Aithníonn tíortha uile an Aontais Eorpaigh go frithpháirteach é.
  • Tá oibreoirí iompair agus tiománaithe freagrach as úsáid cheart na dtacagraf digiteach agus na gcártaí tiománaithe. Tá toirmeasc ar shonraí a thaifeadtar ar bhileog taifid nó a stóráiltear sa tacagraf nó ar an gcárta tiománaí, nó cóipeanna priontáilte ón tacagraf a bhrionnú, a cheilt, a chur faoi chois nó a scriosadh.
  • Tá oibreoirí iompair freagrach as a áirithiú go bhfaighidh tiománaithe oiliúint cheart i bhfeidhmiú ceart na dtacagraf agus ní fhéadfaidh siad aon dreasachtaí a thabhairt dá gcuid tiománaithe lena bhféadfaí a mí – úsáid a spreagadh.
  • I gcás tacagraf lochtach, ní mór d’oibreoir iompair é a fháil deisithe ag feisteoir ceadaithe chomh luath agus is féidir, agus ní mór don tiománaí taifead láimhe a choimeád de ghníomhaíochtaí idir an dá linn.

Faoi Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1054, ní cheadaítear an bhileog taifid nó an cárta tiománaí a aistarraingt roimh dheireadh na tréimhse oibre laethúla mura n – údaraítear a aistarraingt ar shlí eile nó más gá é chun siombail na tíre a iontráil tar éis teorainn a thrasnú.

Comhlíontacht

  • Ceapann tíortha AE oifigigh rialaithe a bhfuil na huirlisí riachtanacha agus na cumhachtaí dlíthiúla iomchuí acu lena áirithiú go bhfuiltear ag comhlíonadh an rialacháin.
  • Ní mór do thíortha AE cúnamh a thabhairt dá chéile freisin d’fhonn comhlíonadh a áirithiú, agus rialacha a leagan síos maidir le pionóis éifeachtacha, chomhréireacha, athchomhairleacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
  • Ceadaítear le Fóram Tacagraf plé ar chúrsaí teicniúla i measc saineolaithe i dtíortha AE.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

  • Tá feidhm le Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ón 2 Márta 2016.
  • Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2020/1054 ón 20 Lúnasa 2020.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Tacagraf: trealamh a shuiteáiltear i bhfeithiclí bóthair chun sonraí maidir le gluaiseacht, lena n–áirítear luas, feithiclí den sórt sin, mar aon le tréimhsí áirithe gníomhaíochta a gcuid tiománaithe, a thaispeáint, a thaifeadadh, a phriontáil, a stóráil agus a aschur.
Teagmhas: oibríocht neamhghnách a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh tarlú de bharr iarracht calaoise.
Locht: oibríocht neamhghnách a bhraitheann an tacagraf digiteach a d’fhéadfadh tarlú de bharr mífheidhme nó teipthe sa trealamh.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 4 Feabhra 2014 maidir le tacagraif in iompar de bhóthar, lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 3821/85 ón gComhairle maidir le trealamh taifeadta in iompar de bhóthar agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 561/2006 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le comhchuibhiú reachtaíochta sóisialta áirithe a bhaineann le hiompar de bhóthar (IO L 60, 28.2.2014, lgh. 1-33)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/799 ón gCoimisiún an 18 Márta 2016 lena gcuirtear chun feidhme Rialachán (AE) Uimh. 165/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena leagtar síos na ceanglais maidir le tacagraif agus a gcomhpháirteanna a thógáil, a thástáil, a shuiteáil, a oibriú agus a dheisiú (IO L 139, 26.5.2016, lgh. 1-506)

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/68 ón gCoimisiún an 21 Eanáir 2016 maidir le nósanna imeachta coiteanna agus sonraíochtaí atá riachtanach chun cláir leictreonacha cártaí tiománaithe a idirnascadh (IO L 15, 22.1.2016, lgh. 51-68)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 07.10.2020

Top