EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Táirgí teicstíle: ainmneacha na snáithíní teicstíleacha agus lipéadú

Táirgí teicstíle: ainmneacha na snáithíní teicstíleacha agus lipéadú

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) Uimh 1007/2011 – ainmneacha na snáithíní, lipéadú agus marcáil ar chomhdhéanamh snáithíneach táirgí teicstíleacha

ACHOIMRE

CÉARD A DHÉANANN AN RIALACHÁN SEO?

Féachtar ann le gcuirtear tomaltóirí ar an eolas i gceart agus go bhfeidhmíonn margadh éadaí agus teicstílí AE go rianúil.

Leagtar síos sa rialachán seo na rialacha a bhaineann:

  • le hainmneacha na snáithíní teicstíleacha maidir lena sainmhíniú agus lena n-úsáid chun comhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíleacha a léiriú;
  • le lipéadú na dtáirgí teicstíle a bhfuil páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch iontu;
  • lemodhanna anailíse chun scrúdú a dhéanamh ar an bhfaisnéis atá ar an lipéad nó ar na marcanna.

PRÍOMHPHOINTÍ

Baineann an dlí le:

  • táirgí atá déanta go hiomlán as snáithíní teicstíleacha, agus;
  • le táirgí inchurtha le táirgí teicstíle, mar shampla na táirgí ar snáithíní teicstíleacha 80 % ar a laghad dá meáchan.

Ní bhaineann an dlí le táirgí a chuirtear a gcúram ar dhaoine atá ag obair sa bhaile, ar ghnóthais neamhspleácha ná ar tháilliúirí féinfhostaithe.

Ainmneacha na snáithíní

Caithfidh an cur síos ar chomhdhéanamh snáithín na dtáirgí teicstíle úsáid a bhaint as na snáithíní teicstíleacha atá liostaithe in Iarscríbhinn I den rialachán.

Féadfaidh monaróirí iarraidh ar an gCoimisiún Eorpach ainm nua snáithín a chur le hIarscríbhinn I den rialachán. Caithfidh siad comhad teicniúil a chur lena n-iarratas, agus é déanta de réir Iarscríbhinne II agus a bhfuil na híos-riachtanais liostaithe ann.

Léiriú ar chomhdhéanamh

  • Ní ceadmhach na téarmaí “100 %”, “íon” nó “ar fad” a úsáid ach do na táirgí atá déanta de shnáithín teicstíleach amháin.
  • Féadtar na téarmaí “olann nua” nó “olann lomra” (agus na téarmaí atá liostaithe in Iarscríbhinn III) a úsáid ar lipéid ar chuntar nach bhfuil an táirge déanta ach de shnáithín olla nár úsáideadh roimhe sin i dtáirge eile, agus nár sníomhadh í.
  • Caithfear ainm agus céatadán de réir maise na snáithíní uilig, in ord íslitheach, a chur ar lipéad na d táirgí atá déanta de shnáithíní éagsúla.
  • Má tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch (mar shampla strapa leathair ar mhála atá déanta de shnáithín) i dtáirge teicstíle, caithfear é a léiriú mar seo a leanas: Tá páirteanna neamhtheicstíleacha de bhunús ainmhíoch ann.

Lipéadú agus marcáil na dtáirgí teicstíle

  • Nuair a dhíoltar táirgí teicstíle le tomhaltóir, ní mór lipéad nó marc a bheith orthu atá buan, soléite, sofheicthe agus inrochtana, a léiríonn a gcomhdhéanamh snáithín. Bíonn díoltóir an táirge freagrach as an lipéadú nó marcáil.
  • Maidir le táirgí a bhfuil dhá chomhpháirt teicstíle nó níos mó iontu, nach bhfuil an comhdhéanamh snáithín céanna acu, ní mór comhdhéanamh snáithín gach páirte a léiriú.
  • Ní mór don lipéadú a bheith i dteanga oifigiúil nó i dteangacha oifigiúla de chuid na tíre ina bhfuil an táirge á dhíol.
  • Níl an lipéadú riachtanach do na táirgí atá liostaithe in Iarscríbhinn V.

Faireachas margaidh

Ní mór do na húdaráis um fhaireachas margaidh sna tíortha AE scrúdú a dhéanamh ar chomhdhéanamh snáithín na dteicstílí, de réir na modhanna atá leagtha amach in Iarscríbhinn VIII.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 8 Bealtaine 2012.

CÚLRA

Reachtaíocht um theicstílí agus éadach

GNÍOMH

Rialachán (AE) Uimh. 1007/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Meán Fómhair 2011 maidir le hainmneacha snáithíní teicstíle agus maidir le lipéadú gaolmhar agus marcáil ghaolmhar táirgí teicstíle i leith a gcomhdhéanaimh shnáithínigh agus lena n-aisghairtear Treoir 73/44/CEE ón gComhairle, Treoir 96/73/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle agus Treoir 2008/121/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 272, 18.10.2011, lgh. 1–64

Rinneadh leasuithe ina dhiaidh sin ar Rialachán (CE) Uimh. 1007/2011 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Is de luach doiciméadach atá an leagan comhdhlúite seo amháin.

Nuashonraithe 30.11.2015

Top