An tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 lena mbunaítear an tÚdarás Eorpach um Árachas agus Pinsin Cheirde (ÚEÁPC)
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
- Bunaítear leis ÚEÁPC, comhlacht de chuid an tAontas Eorpach (AE) a thacaíonn le comhar idir údaráis náisiúnta agus áirithíonn cur i bhfeidhm comhsheasmhach dhlíthe an Aontais d’earnálacha an árachais agusbpinsean ceirde i mBallstáit AE.
- Is é an aidhm leis cobhsaíocht airgeadais agus muinín an phobail sna margaí árachais agus pinsean a chur chun cinn.
- Féachtar leis le cearta na sealbhóirí polasaí, comhaltaí na scéime pinsean agus tairbhithe a chosaint.
PRÍOMHPHOINTÍ
Cur i bhfeidhm comhsheasmhach an dlí
- Dréachtaíonn ÚEÁPC caighdeáin rialála agus theicniúla a ghabhann le dlíthe arna nglacadh ag an gComhairle agus ag Parlaimint na hEorpa le haghaidh:
- cuideachtaí árachais agus athárachais;
- ilchuideachtaí airgeadais (cuideachtaí airgeadais móra atá gníomhach in earnáil éagsúla airgeadais);
- pinsin cheirde;
- idirghabhálaithe árachais (cuideachtaí a dhíolann pinsin agus polasaithe árachais).
- Tá an chumhacht aige freisin treoirlínte agus moltaí a eisiúint maidir le cur i bhfeidhm dhlí AE.
Treochtaí margaidh
- Cuireann ÚEÁPC réimse cúraimí i gcrích chun cobhsaíocht na margaí árachais agus cosaint i leith sealbhóirí polasaí, comhaltaí scéime pinsean agus tairbhithe a áirithiú. Cuimsítear sa liosta sin monatóireacht a dhéanamh ar threochtaí tomhaltóirí agus measúnú a dhéanamh ar rioscaí agus leochaileachtaí féideartha margaidh .
- Faoi réir coinníollacha dochta áirithe, féadfaidh ÚEÁPC cosc nó srian sealadach a chur ar gníomhaíochtaí airgeadais lena gcuirtear i mbaol cobhsaíocht an chórais airgeadais nó go bhféadfadh damáiste suntasach airgeadais ó thaobh custaiméirí nó tomhaltóirí a bheith mar thoradh orthu.
Sárú ar an dlí
- Tá an cumhacht ag ÚEÁPC sárú ar an dlí ag údarás náisiúnta a imscrúdú i gcás go dteipeann ar an údarás náisiúnta a áirithiú go gcomhlíonann institiúid airgeadais dlí AE.
- Feadfaidh ÚEÁPC moladh a eisiúint chuig an údarás náisiúnta laistigh de dhá mhí. Féadfaidh an Coimisiún Eorpach ansin tuairim oifigiúil a eisiúnt lena gceanglófar ar an údarás an beart is gá a dhéanamh leis an dlí a chomhlíonadh. Má leanann an t–údarás náisiúnta leis an neamhchomhlíontacht, féadfaidh ÚEÁPC cinneadh a dhíriú go díreach ar institiúid airgeadais faoi dhianchoinníollacha áirithe. Tugtar tús áite don chinneadh sin thar chinntí a rinne an t–údarás náisiúnta roimhe sin.
Cóineasú maoirseachta
Le Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 treisíodh raon feidhme ról agus fhreagrachtaí ÚEÁPC. Áirithítear leis go mbeidh an ÚEÁPC:
- in ann cúnamh a thabhairt do mhaoirseoirí náisiúnta maidir le húsáidí agus údarú samhlacha inmheánacha a úsáideann cuideachtaí árachais chun ceanglais maidir le caipiteal sócmhainneachta a ríomh — rud a chuidíonn le torthaí níos cóineasaithe a bhaint amach ar fud na mBallstát;
- in ann cleachtais mhaoirseachta chóineasaithe laistigh de mhargadh inmheánach AE a chur chun cinn agus cabhrú leis na húdaráis inniúla sealbhóirí polasaí árachais a chosaint i ndíospóidí trasteorann le tabhairt isteach ardán comhair — a chuirfear ar bun aon uair a mheasfaidh na húdaráis inniúla go bhfuil gá le comhordú i bhfianaise forbairtí sonracha ar an margadh — agus malartú faisnéise feabhsaithe idir maoirseoirí éagsúla gnólachtaí árachais a oibríonn thar theorainneacha;
- in ann measúnú a dhéanamh, i gcomhar le húdaráis mhaoirseachta Eorpacha eile, ar obair na maoirseoirí náisiúnta (athbhreithnithe piaraí) agus tuarascálacha a fhoilsiú chun comhlíonadh a spreagadh agus trédhearcacht a mhéadú;
- i gcás sciúradh airgid nó maoiniú sceimhlitheoireachta a dhéanann oibreoirí san earnáil airgeadais nó údaráis inniúla atá faoina shainchúram, tugann sé a chomhaontú roimh ré i gcás ina mbeidh cinneadh le déanamh ag an Údarás Baincéireachta Eorpach (a bhfuil cumhachtaí uileghabhálacha aige sa réimse seo i ndáil leis na húdaráis mhaoirseachta Eorpacha).
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
- Tá feidhm ag Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ón 1 Eanáir 2011. (seachas Airteagal 76 de maidir le gníomhaíochtaí ullmhúcháin agus Airteagal 77(1) agus (2) maidir le forálacha foirne idirthréimhseacha a mbeidh feidhm acu ón 16 Nollaig 2010).
- Tá feidhm ag Rialachán leasaitheach (AE) 2019/2175 ón 1 Eanáir 2020.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Samhain 2010 lena mbunaítear Údarás Maoirseachta Eorpach (Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 716/2009/CE agus lena n–aisghairtear Cinneadh 2009/79/CE ón gCoimisiún (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 48–83).
Rinneadh na leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1094/2010 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/65/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais agus lena leasaítear Treoir 2002/92/CE agus Treoir 2011/61/AE (IO L 173, 12.6.2014, lgh. 349–496).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán (AE) Uimh. 1096/2010 ón gComhairle an 17 Samhain 2010 lena dtugtar tascanna sonracha don Bhanc Ceannais Eorpach maidir le feidhmiú an Bhoird Eorpaigh um Riosca Sistéamach (IO L 331, 15.12.2010, lgh. 162–164).
Cinneadh 2004/9/CE ón gComhairle an 5 Samhain 2003 lena mbunaítear an Córas Faisnéise Víosaí (IO L 3, 7.1.2004, lgh. 34–35).
Nuashonraithe 14.12.2021
Top