Use quotation marks to search for an "exact phrase". Append an asterisk (*) to a search term to find variations of it (transp*, 32019R*). Use a question mark (?) instead of a single character in your search term to find variations of it (ca?e finds case, cane, care).
Dá ngairtear an rialachán maidir leis an oibleagáidí seirbhíse poiblí, leagtar amach leis coinníollacha faoinar féidir le húdaráis phoiblí oibreoirí iompair a chúiteamh nó cearta eisiacha a thabhairt dóibh chun seirbhísí iompair poiblí a sholáthar ar mhaithe leis an leas ginearálta ach nach mbeadh inmharthana ó thaobh na tráchtála de seachas sin. Trí oibleagáidí seirbhíse poiblí a bhunú, tá sé mar aidhm ag na húdaráis a áirithiú gur féidir le paisinéirí seirbhísí poiblí iompar do phaisinéirí atá sábháilte, éifeachtach, mealltach agus ar ardchaighdeán a rochtain.
Aisghairtear leis Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle agus Rialachán (CEE) Uimh. 1107/70 ón gComhairle. Modhnaíodh é go deireanach le Rialachán (AE) 2016/2338.
PRÍOMHPHOINTÍ
Leagtar amach leis an oibleagáid seirbhíse poiblí:
oibleagáid ar údaráis conartha seirbhíse poiblí a thabhairt i gcrích i gcás
go dtugann siad cearta eisiacha lena dtugtar ceart d’oibreoir iompair phoiblí seirbhísí iompair phoiblí áirithe do phaisinéirí a sholáthar ar bhealach nó ar ghréasán ar leith nó i limistéar ar leith, gan gach oibreoir eile san áireamh agus/nó
go dtugann siad cúiteamh d’oibreoirí iompair phoiblí chun íoc as na costais a thabhaítear chun na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chur ar fáil;
rialacha maidir le conas a chaithfear na conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain;
rialacha maidir le conas méid an chúitimh a ríomh.
Raon feidhme
Tá feidhm ag an rialachán maidir le seirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí de bhus agus d’iarnród. Féadfaidh tíortha AE, áfach, é a chur i bhfeidhm maidir le hiompar poiblí do phaisinéirí d’uiscebhealaí intíre agus d’uiscí farraigí náisiúnta.
Conarthaí seirbhíse poiblí agus rialacha ginearálta
Ní mór don údarás atá inniúil ar limistéar áirithe conradh seirbhíse poiblí a thabhairt chun críche lena dtugtar ceart eisiach agus/nó cúiteamh d’oibreoir mar mhalairt ar oibleagáidí seirbhíse poiblí a sholáthar.
Féadfar oibleagáidí maidir le taraifí uasta a chur i bhfeidhm ar chatagóirí áirithe paisinéirí a fhorchur chomh maith trí rialacha ginearálta, a bhfuil feidhm acu maidir le gach oibreoir gan aon idirdhealú.
Tugann an t–údarás cúiteamh chun tionchar na n–oibleagáidí seirbhíse poiblí ar chostais agus ar ioncaim an oibreora a fhritháireamh.
Sainítear sna conarthaí seirbhíse poiblí (agus sna rialacha ginearálta):
na hoibleagáidí seirbhíse poiblí a chomhlíonfar;
na rialacha maidir le cúiteamh a ríomh agus cineál agus raon feidhme ceart eisiach ar bith;
ní mór róchúiteamh a sheachaint;
an dóigh ar cheart na costais a bhaineann le soláthar seirbhíse (costais foirne, bonneagar, rothstoc, cothabháil etc.) a leithdháileadh.
an dóigh a leithdháilfear an t–ioncam ó dhíol ticéad (cé acu an gcoinneoidh an t–oibreoir é, an n–aisíocfar leis an údarás é, nó an roinnfear é).
Ní foláir nach mairfidh fad na gconarthaí seirbhíse poiblíníos faide ná 10 mbliana le haghaidh seirbhísí bus agus cóiste, agus níos mó na 15 bliana maidir le hiompar d’iarnróid nó cineálacha eile iompair rianbhunaithe.
Mar riail ghinearálta, ní mór d’údaráis inniúla conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain trí nósanna imeachta iomaíocha trédhearcacha agus neamh-idirdhealaitheacha.
Níl an oibleagáid maidir le conarthaí a dhámhachtain trí nós imeachta iomaíoch i bhfeidhm áfach maidir leis na cásanna seo a leanas:
i gcás go soláthraíonn údarás áitiúil seirbhísí iompair phoiblí é féin nó go sannann sé iad d’oibreoir iompair inmheánach (comhlacht ar leith, a rialaíonn an t–údarás áitiúil mar an gcéanna le ceann dá rannóga féin);
i gcás go bhfuil méid an chonartha réasúnta beag
meánluach bliantúil measta níos lú ná €1 mhilliún nó
níos lú ná 300 000 ciliméadar de sheirbhísí iompair phoiblí do phaisinéirí;
i gcás go ndéantar bearta éigeandála nó go bhforchuirtear conarthaí mar fhreagairt ar chur isteach iarbhír nó ionchasach seirbhíse.
Conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil iarnróid
Leasaíodh an rialachán seo le Rialachán (AE) 2016/2338 trí phrionsabal na dámhachtana iomaíche a thabhairt isteach le haghaidh conarthaí seirbhíse poiblí san earnáil iarnróid chomh maith, a fágadh amuigh roimhe seo. Bhí idirthréimhsí fada ceadaithe, chun go mbeadh údaráis agus oibreoirí ábalta oiriúnú do na rialacha nua.
Is féidir conarthaí iarnróid a dhámhachtain go díreach fós i gcúinsí eisceachtúla agus dea-shainithe, sna cásanna seo a leanas go sonrach:
go bhfuil údar tugtha ina leith le saintréithe struchtúrtha agus geografacha an mhargaidh agus an ghréasáin (méid, saintréithe éilimh, castacht an ghréasán, aonrú teicniúil agus geografach, cineál seirbhísí); agus
go mbeadh feabhas ar cháilíocht na seirbhísí nó cost-éifeachtúlachta, nó an dá rud, mar thoradh air, i gcomparáid leis an gconradh roimhe sin;
i gcás go bhfuil méid an chonartha réasúnta beag
meánluach bliantúil measta níos lú ná €7.5 milliún in aghaidh na bliana nó
níos lú ná 500 000 ciliméadar.
Idirthréimhse
Ní bheifear ábalta dámhachtainí neamhchoinníollacha díreacha maidir le conarthaí seirbhíse poiblí d’iarnród a dhéanamh a thuilleadh ón ar aghaidh.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá sé i bhfeidhm ón , ach amháin Airteagal 5 maidir le conarthaí seirbhíse poiblí a dhámhachtain, a bheidh i bhfeidhm ón .
Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar agus lena n–aisghairtear Rialachán (CEE) Uimh. 1191/69 ón gComhairle agus Rialachán Uimh. 1107/70 ón gComhairle (IO L 315, , lgh. 1-13)
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 a chorprú isteach sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Treoir 2014/23/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le dámhachtain conarthaí lamháltais (IO L 94, , lgh. 1-64)
Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, , lgh. 65-242)
Treoir 2014/25/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an maidir le soláthar eintiteas a oibríonn sna hearnálacha uisce, fuinnimh, iompair agus seirbhísí poist agus lena n–aisghairtear Treoir 2004/17/CE (IO L 94, , lgh. 243-374)
Teachtaireacht ón gCoimisiún maidir le treoirlíne forléiriúcháin a bhaineann le Rialachán (CE) Uimh. 1370/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le seirbhísí poiblí iompair do phaisinéirí d’iarnród agus de bhóthar (IO C 92, , lgh. 1-21)