Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Soláthar poiblí

ACHOIMRE AR:

Treoir 2014/24/AE maidir le soláthar poiblí

CAD IS AIDHM LEIS AN TREOIR?

Bunaítear nósanna imeachta ceannaigh do cheannaitheoirí poiblí le Treoir 2014/24/AE.

PRÍOMHPHOINTÍ

Sonraítear sa reachtaíocht, nuair a bhaineann údaráis náisiúnta úsáid as soláthar poiblí chun tairiscintí a lorg chun oibreacha, soláthairtí nó seirbhísí a chur ar fáil, nach mór dóibh caitheamh go cothrom leis na hiarratasóirí go léir agus gan idirdhealú a dhéanamh eatarthu. Lena chois sin ní mór dóibh déileáil leo go trédhearcach.

Tairseacha

Ní mór na rialacha is infheidhme maidir le conarthaí poiblí a leanúint nuair atá na suimeanna atá i gceist os cionn na dtairseach seo a leanas:

  • €5,538,000 le haghaidh oibreacha poiblí ();
  • €143,000 le haghaidh conarthaí rialtais láir ();
  • €221,000 le haghaidh conarthaí rialtais áitiúla agus réigiúnacha ();
  • €750,000 le haghaidh conarthaí seirbhíse sóisialta agus conarthaí seirbhíse sonracha eile.

Déanann an Coimisiún Eorpach leasú ar na tairseacha sin gach 2 bhliain de réir oibleagáidí idirnáisiúnta an Aontais Eorpaigh (AE).

Critéir

Bronntar an conradh ar an tairiscint is buntáistí go heacnamaíoch a aithníodh ar bhonn an phraghais is ísle nó an chóimheasa praghas-cáilíochta is fearr. D’fhéadfadh sé go n-áireofaí leis an gcritéar cáilíochta éifeachtacht fhoriomlán costais, cáilíocht theicniúil, gnéithe comhshaoil agus sóisialta, coinníollacha trádála agus seachadta, etc.

Nuáil agus mionchuideachtaí

Tugann an reachtaíocht nós imeachta nua isteach chun forbairt táirgí, seirbhísí nó oibreacha nuálacha a chur chun cinn. D’fhonn rannpháirtíocht mionchuideachtaí a éascú spreagann na rialacha nua údaráis phoiblí conarthaí móra a roinnt ina mbearta aonair.

Bearta cosanta

Ní mór do Bhallstáit AE a áirithiú go gcomhlíonfaidh conraitheoirí agus a bhfochonraitheoirí gach dlí comhshaoil, sóisialta agus saothair AE agus náisiúnta is infheidhme, comhaontuithe comhchoiteanna agus aon oibleagáidí idirnáisiúnta ábhartha.

Foráiltear leis an reachtaíocht rialacha maidir le tairiscintí atá thar a bheith íseal a láimhseáil, ar chúiseanna lena n-áirítear cosc a chur ar mhí-úsáid a bhaint as cearta oibrithe.

Díolúintí

Ní éilítear le haon rud san reachtaíocht ar rialtais na mBallstát seirbhísí a thabhairt amach ar chonradh ar mian leo iad a sholáthar iad féin. Ní chuirtear isteach léi ar an reachtaíocht náisiúnta um shlándáil shóisialta ach an oiread.

Tá conarthaí a bhaineann le hearnálacha an uisce, an fhuinnimh, an iompair agus na seirbhísí poist eisiata ón treoir. Ina ionad sin, rialaítear iad le Treoir 2014/25/AE (féach achoimre).

Ina theannta sin, is féidir roinnt earnálacha amhail cumarsáid leictreonach agus taighde agus forbairt a eisiamh faoi choinníollacha áirithe.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME NA RIALACHA?

B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta an .

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Treoir 2014/24/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le soláthar poiblí lena n–aisghairtear Treoir 2004/18/CE (IO L 94, , lgh. 65–242).

nuashonrú is deireanaí

Top