Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Díolúine le haghaidh comhaontuithe speisialtóireachta (ó 2023)

Díolúine le haghaidh comhaontuithe speisialtóireachta (ó 2023)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/1067 maidir le hAirteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a chur i bhfeidhm maidir le haicmí áirithe comhaontuithe speisialtóireachta

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Le hAirteagal 101(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), cuirtear toirmeasc ar chomhaontuithe idir cuideachtaí lena gcuirtear srian ar an iomaíocht. Mar sin féin, déantar foráil in Airteagal 101(3) CFAE maidir le heisceacht i gcás comhaontuithe ar mó a dtairbhí ná a n-éifeachtaí diúltacha.
  • Leis an rialachán, cuirtear Airteagal 101(3) CFAE i bhfeidhm maidir le cineálacha áirithe comhaontuithe speisialtóireachta* a chomhlíonann coinníollacha áirithe, trí iad a dhíolmhú ón toirmeasc in Airteagal 101(1) CFAE. Cruthaíonn sé tearmann dlíthiúil do na comhaontuithe sin, rud a sheachnaíonn an gá le measúnú aonair ar a gcomhoiriúnacht le hAirteagal 101 CFAE.
  • Is é is aidhm don rialachán cosaint éifeachtach na hiomaíochta a áirithiú agus deimhneacht dhlíthiúil a chur ar fáil do chuideachtaí.

PRÍOMHPHOINTÍ

Na cineálacha comhaontaithe a chumhdaítear leis an rialachán

Cumhdaíonn an rialachán trí chineál comhaontuithe táirgthe, dá ngairtear le chéile comhaontuithe speisialtóireachta:

  • comhaontuithe aontaobhacha speisialtóireachta*,
  • comhaontuithe speisialtóireachta cómhalartacha*,
  • comhaontuithe comhtháirgthe*.

Tá feidhm ag an rialachán freisin maidir le comhaontuithe speisialtóireachta lena n-áirítear:

  • forálacha maidir le cearta maoine intleachtúla a shannadh nó a cheadúnú do pháirtí amháin nó níos mó más gá na forálacha sin chun an comhaontú a chur chun feidhme agus mura bhfuil siad mar phríomhaidhm aige;
  • oibleagáidí eisiacha maidir le ceannach nó soláthar eisiach;
  • comhdháileadh táirgí speisialtóireachta*.

Tairseach maidir le sciar den mhargadh

  • Tá feidhm ag an díolúine dá bhforáiltear sa rialachán ar choinníoll nach mó sciar na bpáirtithe den mhargadh comhcheangailte den mhargadh ná 20 % ar an margadh ábhartha nó ar na margaí ábhartha lena mbaineann na táirgí speisialtóireachta. Más táirgí idirghabhálacha iad na táirgí sin a úsáideann ceann amháin nó níos mó de na páirtithe mar ionchuir chun táirgí iartheachtacha a tháirgeadh a dhíolann siad freisin, ní mór ach oiread nach rachaidh sciar comhcheangailte den mhargadh na bpáirtithe thar 20 % ar an margadh ábhartha lena mbaineann na táirgí iartheachtacha.
  • I gcás ina bhfuil sciar comhcheangailte den mhargadh na bpáirtithe laistigh den tairseach 20 % ar dtús ach go n-ardaíonn sé níos déanaí os cionn na tairsí sin, leanfaidh an díolúine d’fheidhm a bheith aici ar feadh tréimhse chairde 2 bhliain féilire as a chéile.
  • Ríomhtar sciartha den mhargadh ar bhonn sonraí maidir le luach na ndíolachán nó, mura bhfuil sonraí den sórt sin ar fáil, ar bhonn faisnéis iontaofa eile faoin margadh, lena n-áirítear méideanna díolachán.

Srianta crua

Níl feidhm ag an díolúine maidir le comhaontuithe speisialtóireachta ina bhfuil “srianta crua”, lena n-áirítear srianta:

  • praghsanna a shocrú agus na táirgí á ndíol le tríú páirtithe, cé is moite de na praghsanna a ghearrtar ar chustaiméirí láithreacha i gcás ina ndéantar foráil sa chomhaontú maidir le dáileadh comhpháirteach;
  • teorainn a chur le haschur nó díolacháin, cé is moite de na nithe seo a leanas:
    • méideanna comhaontaithe táirgí i gcomhaontuithe aontaobhacha speisialtóireachta nó speisialtóireachta cómhalartach,
    • acmhainneacht agus méideanna táirgeachta arna gcomhaontú i gcomhaontuithe maidir le comhtháirgeadh,
    • spriocanna díolacháin comhaontaithe i gcomhthéacs an dáilte chomhpháirtigh;
  • margaí nó tomhaltóirí a leithdháileadh.

An bhlocdhíolúine a tharraingt siar

Féadfaidh an Coimisiún Eorpach nó na húdaráis iomaíochta náisiúnta tairbhe na blocdhíolúine a tharraingt siar de bhun Airteagal 29 de Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 i gcás ina gcinnfidh siad go bhfuil éifeachtaí ag comhaontú speisialtóireachta áirithe atá ar neamhréir le hAirteagal 101(3) CFAE.

Go háirithe, féadfaidh an Coimisiún an chumhacht sin a úsáid i gcás ina bhfuil an margadh ábhartha an-chomhchruinnithe agus ina bhfuil an iomaíocht lag cheana féin, mar shampla i ngeall ar an méid seo a leanas:

  • suíomhanna aonair margaidh rannpháirtithe eile sa mhargadh;
  • naisc idir rannpháirtithe eile sa mhargadh arna gcruthú trí chomhaontuithe speisialtóireachta comhthreomhara;
  • naisc idir na páirtithe agus rannpháirtithe eile sa mhargadh.

rialacha idirthréimhseacha ann maidir le comhaontuithe a bhí i bhfeidhm cheana féin an 30 Meitheamh 2023 agus a cumhdaíodh leis an mblocdhíolúine a bhí ann roimhe seo le haghaidh comhaontuithe speisialtóireachta (Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010), ach nach gcomhlíonann coinníollacha na blocdhíolúine nua. Beidh na comhaontuithe sin fós blocdhíolmhaithe go dtí an 30 Meitheamh 2025.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tháinig sé i bhfeidhm an 1 Iúil 2023 agus beidh feidhm aige go dtí an 30 Meitheamh 2035.

CÚLRA

  • Chuaigh an bhlocdhíolúine a bhí ann roimhe seo le haghaidh comhaontuithe speisialtóireachta (Rialachán (AE) Uimh. 1218/2010 ón gCoimisiún) in éag an 30 Meitheamh 2023. Dá bhrí sin, bhí gá le rialachán nua. Le Rialachán (AE) 2023/1067, feabhsaítear soiléireacht rialacha áirithe agus cumhdaítear tuilleadh cineálacha comhaontuithe táirgthe.
  • Cuireann comhaontuithe speisialtóireachta ar chumas cuideachtaí a bhfuil scileanna agus sócmhainní comhlántacha acu oibriú níos éifeachtúla agus táirgí a sholáthar ar bhealach níos saoire. Le hiomaíocht éifeachtach, is féidir le tomhaltóirí tairbhe a bhaint as.
  • treoirlínte cothrománacha athbhreithnithe maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101 CFAE maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair ag gabháil leis an rialachán.
  • Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Comhaontú speisialtóireachta. Comhaontú aontaobhach speisialtóireachta, comhaontú um speisialtóireacht chómhalartach nó comhaontú comhtháirgthe.
Comhaontú aontaobhach speisialtóireachta. Comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó atá gníomhach ar an margadh táirgí céanna, faoina gcomhaontóidh páirtí amháin nó níos mó scor go hiomlán nó go páirteach de tháirgí áirithe a tháirgeadh nó gan na táirgí sin a tháirgeadh agus na táirgí a cheannach ó pháirtí amháin nó níos mó de na páirtithe eile.
Comhaontuithe speisialtóireachta cómhalartacha. Comhaontú idir dhá pháirtí nó níos mó atá gníomhach ar an margadh táirgí céanna, faoina gcomhaontóidh dhá pháirtí nó níos mó, ar bhonn cómhalartach, scor go hiomlán nó go páirteach de tháirgí áirithe ach éagsúla a tháirgeadh nó gan iad a tháirgeadh agus na táirgí a cheannach ó pháirtí amháin nó níos mó de na páirtithe eile.
Comhaontú comhtháirgthe. Comhaontú faoina gcomhaontaíonn dhá pháirtí nó níos mó táirgí áirithe a tháirgeadh i gcomhpháirt.
Táirge speisialtóireachta. Táirge a tháirgtear faoi chomhaontú speisialtóireachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/1067 ón gCoimisiún an 1 Meitheamh 2023 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le catagóirí áirithe comhaontuithe speisialtóireachta (IO L 143, 2.6.2023, lgh. 20–26).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún — Treoirlínte maidir le hinfheidhmeacht Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le comhaontuithe cothrománacha comhair (IO C 259, 21.7.2023, lgh. 1–125).

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, le cánachas agus le comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (sean–Airteagal 81 CCF) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89).

Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 ón gComhairle an 16 Nollaig 2002 maidir le cur i bhfeidhm na rialacha iomaíochta arna leagan síos in Airteagal 81 agus Airteagal 82 den Chonradh (IO L 1, 4.1.2003, lgh. 1–25).

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (CE) Uimh. 1/2003 a chorprú sa bhuntéacs. Níl ach luach doiciméadach ag an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CEE) Uimh. 2821/71 ón gComhairle an 20 Nollaig 1971 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 85(3) den Chonradh ar chineálacha comhaontuithe, cinntí agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 285, 29.12.1971, lgh. 46–48).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 09.10.2023

Top