EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

An coinbhinsiún maidir le cibearchoireacht

An coinbhinsiún maidir le cibearchoireacht

 

ACHOIMRE AR:

Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht (Comhairle na hEorpa)

Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, a bhaineann le coiriúlú gníomhartha de chineál ciníoch agus seineafóbach a dhéantar trí chórais ríomhaireachta

An Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

Cinneadh (AE) 2023/436 ón gComhairle lena n–údaraítear do na Ballstáit, chun leas an Aontais Eorpaigh, an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht a dhaingniú, Prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOINBHINSIÚN, LEIS NA PRÓTACAIL AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é is aidhm leis an gcoinbhinsiún cuidiú a thabhairt sa chomhrac i gcoinne coireanna nach féidir a dhéanamh ach trí úsáid teicneolaíochta, i gcás gurb ionann na gléasanna agus an uirlis chun an choir a dhéanamh agus sprioc na coireachta, agus coireanna i gcás gur úsáideadh teicneolaíocht chun coireacht eile, amhail calaois, a threisiú. Soláthraítear leis treoirlínte maidir le tír ar bith a bhfuil dlíthe intíre maidir le coireacht á bhforbairt acu agus feidhmíonn sé mar bhonn le haghaidh comhar idirnáisiúnta idir na páirtithe sa choinbhinsiún.
  • Tá sé mar aidhm leis an gcéad phrótacal breise scaipeadh ábhair chiníoch agus sheineafóbaigh trí chórais ríomhaireachta, mar aon le bagairtí agus maslaí a bhaineann le ciníochas agus seineafóibe a choiriúlú.
  • Tá sé mar aidhm leis an dara prótacal breise rialacha coiteanna a sholáthar ar an leibhéal idirnáisiúnta chun feabhas a chur ar an gcomhar maidir le cibearchoireacht agus ar bhailiú fianaise i bhfoirm leictreonach le haghaidh imscrúduithe nó imeachtaí coiriúla.
  • Leis an gcinneadh tugtar údarú do Bhallstáit an Aontais Eorpaigh (AE) an dara prótacal breise a dhaingniú chun leas an Aontais.

PRÍOMHPHOINTÍ

An coinbhinsiún maidir le cibearchoireacht

  • Cumhdaítear leis an gcoinbhinsiún:
    • coiriúlú iompair – ó rochtain mhídhleathach, cur isteach ar shonraí agus ar chórais go calaois ríomhaireachta agus scaipeadh ábhair mí-úsáide leanaí;
    • cumhachtaí nós imeachta chun imscrúdú a dhéanamh ar chibearchoireacht agus fianaise leictreonach maidir le coireacht ar bith a fháil;
    • comhar idirnáisiúnta éifeachtach idir páirtithe.
  • Tá na comhpháirtithe ina mbaill de Choiste an Choinbhinsiúin maidir le Cibearchoireacht agus roinneann siad faisnéis agus taithí, déanann siad measúnú ar chur chun feidhme an choinbhinsiúin nó déanann siad an coinbhinsiún a léirmhíniú trí nótaí treorach.
  • As an 27 Ballstát, tá an coinbhinsiún daingnithe ag 26 Bhallstát — tá sé sínithe ag Éirinn agus ní sé daingnithe aici fós.

Prótacal Breise 1

  • Leathnaítear leis an bprótacal seo raon feidhme an choinbhinsiúin chun bolscaireacht sheineafóbach agus chiníoch a chumhdach a scaiptear trí chórais ríomhaireachta, rud a sholáthraíonn níos mó cosanta d’íospartaigh. Déantar an méid seo a leanas leis freisin:
    • neartaítear an creat dlíthiúil trí shraith treoirlínte maidir le bolscaireacht sheineafóbách agus chiníoch sa chibearspás a choiriúlú;
    • feabhsaítear leis na modhanna agus na bealaí le haghaidh comhar idirnáisiúnta maidir le himscrúdú agus ionchúiseamh na gcoireanna ciníocha agus seineafóbacha a dhéantar ar líne.

Prótacal Breise 2

  • Tá sé mar aidhm leis an bprótacal seo comhar idirnáisiúnta a fheabhsú tuilleadh.
  • Tugtar aghaidh leis ar an dúshlán faoi leith a bhaineann le fianaise leictreonach a bhaineann le cibearchoireacht agus le cionta eile atá á coinneáil ag soláthraithe seirbhíse i ndlínsí eachtracha, ach le cumhachtaí forfheidhmithe dlí teoranta do theorainneacha náisiúnta.
  • Is iad seo a leanas na príomhghnéithe a bhaineann leis:
    • bunús dlí nua lena gceadaítear iarratas díreach a chur faoi bhráid cláraitheoirí i ndlínsí eile maidir le faisnéis faoi chlárú ainm fearainn a fháil;
    • bonn dlíthiúil nua lena gceadaítear orduithe díreacha a chur faoi bhráid soláthraithe seirbhíse i ndlínse eile maidir le faisnéis rannpháirtithe a fháil;
    • bealach feabhsaithe chun faisnéis rannpháirtithe agus sonraí tráchta a fháil trí chomhar idir rialtais;
    • comhar brostaithe i gcásanna éigeandála lena n–áirítear úsáid a bhaint as foirne comhpháirteacha um imscrúdú agus as mscrúduithe comhpháirteacha.

Cinneadh (AE) 2023/436

  • Ní féidir ach le Ballstáit, agus ní an tAontas Eorpach féin, aontú leis an gcoinbhinsiún toisc nach féidir ach le stáit a bheith ina bpáirtithe.
  • Leagtar amach sa chinneadh roinnt forchoimeádas, dearbhuithe, fógraí agus teachtaireachtaí nach mór do na Ballstáit a ghlacadh sula gcuirfear a bpróisis daingniúcháin i gcrích. Áirithítear leo sin go bhfuil an prótacal comhoiriúnach le dlí agus beartas an Aontais agus le cur i bhfeidhm aonfhoirmeach an phrótacail ag Ballstáit ina gcaidreamh le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.
  • Níor ghlac an Danmhairg ná Éire páirt i nglacadh Chinneadh (AE) 2023/436 agus níl siad faoi cheangal aige ná ní bheidh siad faoi réir a chur i bhfeidhm.

Tacaíonn an tAontas leis an gcoinbhinsiún agus lena phrótacail mar chuid de Straitéis an Aontais Eorpaigh um an Aontas Slándála (féach an achoimre) agus mar chuid dá straitéis chibearshlándála araon.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

  • Tháinig an coinbhinsiún i bhfeidhm an Dé Céadaoin 01 Iúil 2004.
  • Tháinig Prótacal Breise 1 i bhfeidhm an 1 Márta 2006.
  • Níl Prótacal Breise 2 tagtha i bhfeidhm go fóill.
  • Tá feidhm le Cinneadh (AE) 2023/436 ón 14 Feabhra 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHDHOICIMÉID

Coinbhinsiún Bhúdaipeist maidir le Cibearchoireacht, Comhairle na hEorpa, Búdaipeist, 23.11.2001.

Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, a bhaineann le coiriúlú gníomhartha de chineál ciníoch agus seineafóbach a dhéantar trí chórais ríomhaireachta, Comhairle na hEorpa, 28.1.2003.

An Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht, prótacal i ndáil le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí (IO L 63, 28.2.2023, lch. 28-47).

Cinneadh (AE) 2023/436 ón gComhairle an 14 Feabhra 2023 lena n-údaraítear do na Ballstáit an Dara Prótacal Breise a ghabhann leis an gCoinbhinsiún maidir le Cibearchoireacht i dtaca le comhar feabhsaithe agus nochtadh fianaise leictreonaí a dhaingniú chun leasa an Aontais Eorpaigh (IO L 63, 28.2.2023, lgh. 48–53).

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa, chuig an gComhairle Eorpach, chuig an gComhairle, chuig Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus chuig Coiste na Réigiún maidir le Straitéis an Aontais Eorpaigh um Aontas Slándála (COM(2020) 605 final, 24.7.2020).

Teachtaireacht chomhpháirteach chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle: Straitéis Chibearshlándála an Aontais Eorpaigh don Deacáid Dhigiteach (JOIN(2020) 18 final, 16.12.2020).

Nuashonraithe 28.11.2023

Top