Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Deiseanna iascaireachta sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (2023)

Deiseanna iascaireachta sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (2023)

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán (AE) 2023/195 lena socraítear do 2023 na deiseanna iascaireachta do stoic áirithe agus do ghrúpaí stoc éisc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh

CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?

  • Leagtar amach leis na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic éisc áirithe agus grúpaí stoc éisc sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2023.
  • Liostaítear ann na sainmhínithe agus na limistéir iascaireachta a bhfuil feidhm maidir leo chun críocha an rialacháin.

Leis an rialachán leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 (féach achoimre) maidir le deiseanna iascaireachta sna limistéir chéanna do 2022.

PRÍOMHPHOINTÍ

Raon feidhme

Tá feidhm ag an rialachán maidir le soithí iascaireachta de chuid an Aontais Eorpaigh (AE) atá ag oibriú sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh a bhaineann úsáid as na stoic seo a leanas:

  • coiréal dearg agus deilféisc choitianta sa Mheánmhuir;
  • an séacla gorm agus dearg, an rós–séacla domhainmhara, an séacla mór dearg, an colmóir Eorpach, gliomach na hIorua agus an milléad dearg sa Mheánmhuir Thiar;
  • an t–ainseabhaí, an sairdín, an colmóir Eorpach, gliomach na hIorua, an sól coiteann, an rós–séacla domhainmhara agus an milléad dearg i Muir Aidriad;
  • ribí róibéis dhearga ollmhóra agus ribí róibéis gorm agus dearg i gCaolas na Sicile, sa Mhuir Iónach agus i Muir Levant;
  • an deargán i Muir Alboran;
  • an salán agus an turbard sa Mhuir Dhubh.

Tá feidhm aige freisin maidir le hiascaigh áineasa* i gcás go dtagraítear dóibh go sainráite sa rialachán.

Áirítear iad seo a leanas ar na deiseanna iascaireachta a chumhdaítear sa rialachán:

  • teorainneacha gabhálacha le haghaidh na bliana 2023;
  • teorainneacha iarrachta iascaireachta le haghaidh na bliana 2023.

Gabhálacha iomlána incheadaithe

Is iad Ballstáit an Aontais a chinneann na gabhálacha iomlána incheadaithe (TACanna), a leagtar amach sna hiarscríbhinní, go bliantúil bunaithe ar thograí ón gCoimisiún Eorpach.

  • Is ionann TACanna agus uasmhéid na n–iasc de speicis dhifriúla is féidir a ghabháil le linn na bliana faoi seach.
  • Leagann siad síos teorainneacha de réir phrionsabal úsáid inbhuanaithe na stoc éagsúil i gcomhréir leis an uastáirgeacht inbhuanaithe*.
  • Tá na TACanna bunaithe ar an gcomhairle eolaíoch is fearr atá ar fáil, ag cur san áireamh gnéithe bitheolaíochta agus socheacnamaíocha agus cóir chothrom á háirithiú idir na hearnálacha iascaireachta.
  • Roinntear an TAC do gach speiceas ar leithligh ina chuótaí — cionta den TAC a shanntar don Aontas Eorpach, dá Bhallstáit nó do thíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad.
  • Tá na teorainneacha gabhálacha agus iarrachta i gcomhréir leo seo a leanas:
    • an plean ilbhliantúil bainistíochta do stoic ghrinnill* sa Mheánmhuir Thiar, arna ghlacadh faoi Rialachán (AE) 2019/1022 (féach achoimre); agus
    • cinntí an Choimisiúin Ghinearálta Iascaigh don Mheánmhuir (CGIM) maidir le coiréalach dearg, deilféisc, speicis pheiligeacha bheaga agus stoic ghrinnill i Muir Aidriad, ribí róibéis dhearga ollmhóra agus stoic ribí róibéis ghorma agus dearga sa Mhuir Iónach, i Muir Levant agus i gCaolas na Sicile, agus i bplean bainistíochta ilbhliantúil turbard CGIM don Mhuir Dhubh.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá sé i bhfeidhm ón 01 Eanáir 2023.

CÚLRA

Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Iascaigh áineasa. Gníomhaíochtaí iascaireachta neamhthráchtála, amhail caitheamh aimsire, turasóireacht nó spórt, acmhainní bitheolaíocha muirí a shaothrú.
Uastáirgeacht inbhuanaithe. An táirgeacht (gabháil) is mó is féidir a thógáil ó stoc speicis thar thréimhse éiginnte, (i.e. gan a mharthanas a chur i mbaol).
Stoic ghrinnill. Stoic speiceas éisc a chónaíonn ar ghrinneall na farraige nó gar dó.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Rialachán (AE) 2023/195 ón gComhairle an 30 Eanáir 2023 lena socraítear le haghaidh 2023 na deiseanna iascaireachta le haghaidh stoic áirithe agus grúpaí stoc éisc is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh, agus lena leasaítear Rialachán (AE) 2022/110 a mhéid a bhaineann le deiseanna iascaireachta is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh le haghaidh 2022 (IO L 28, 31.1.2023, lgh. 220–248).

Ionchorpraíodh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2023/195 sa bhunthéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Rialachán (AE) 2022/110 ón gComhairle an 27 Eanáir 2022 lena socraítear le haghaidh 2022 na deiseanna iascaireachta maidir le stoic áirithe éisc agus grúpaí stoc éisc áirithe is infheidhme sa Mheánmhuir agus sa Mhuir Dhubh (IO L 21, 31.1.2022, lgh. 165–186).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) 2019/1022 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 lena mbunaítear plean ilbhliantúil do na hiascaigh a shaothraíonn stoic ghrinnill sa Mheánmhuir Thiar agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 (IO L 172, 26.6.2019, lgh. 1–17).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus (CE) Uimh. 1224/2009 agus lena n–aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 2371/2002 agus (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle (IO L 354, 28.12.2013, lgh. 22–61).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (AE) Uimh. 1343/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 13 Nollaig 2011 maidir le forálacha áirithe i ndáil le hiascaireacht i limistéar Chomhaontú CGIM (An Coimisiún Iascaigh Ginearálta don Mheánmhuir) agus lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1967/2006 ón gComhairle maidir le bearta bainistíochta do shaothrú inbhuanaithe acmhainní iascaigh sa Mheánmhuir (IO L 347, 30.12.2011, lgh. 44–61).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle an 20 Samhain 2009 lena mbunaítear córas rialaithe Comhphobail chun comhlíonadh rialacha an chomhbheartais iascaigh a áirithiú, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 847/96, (CE) Uimh. 2371/2002, (CE) Uimh. 811/2004, (CE) Uimh. 768/2005, (CE) Uimh. 2115/2005, (CE) Uimh. 2166/2005, (CE) Uimh. 388/2006, (CE) Uimh. 509/2007, (CE) Uimh. 676/2007, (CE) Uimh. 1098/2007, (CE) Uimh. 1300/2008, (CE) Uimh. 1342/2008 agus lena n-aisghairtear Rialacháin (CEE) Uimh. 2847/93, (CE) Uimh. 1627/94 agus (CE) Uimh. 1966/2006 (IO L 343, 22.12.2009, lgh. 1–50).

Féach an leagan comhdhlúite.

Rialachán (CE) Uimh. 847/96 ón gComhairle an 6 Bealtaine 1996 lena dtugtar isteach coinníollacha breise chun TACanna agus cuótaí a bhainistiú ó bhliain go bliain (IO L 115, 9.5.1996, lgh. 3–5).

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 17.05.2023

Top