This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Bottles as measuring containers
Buidéil mar choimeádáin tomhais
Buidéil mar choimeádáin tomhais
Leagtar síos leis an treoir caighdeáin choiteanna maidir le méideanna éagsúla buidéal a mhonarú agus a thástáil a úsáidtear mar gcoimeádáin tomhais le haghaidh táirgí amhail fíon nó leachtanna eile. Is féidir iad siúd a chomhlíonann na ceanglais a mhargú agus a úsáid i mBallstáit uile an Aontais Eorpaigh (AE).
Tá feidhm ag an reachtaíocht seo maidir le buidéil a dhéantar as gloine nó as substaint atá docht agus cobhsaí den chineál céanna amhail plaisteach. Tugtar “buidéal coimeádán tomhais” orthu sin sa chás go mbaineann siad leis an méid seo a leanas:
Buidéil a chomhlíonann na ceanglais theicniúla in Iarscríbhinní na reachtaíochta:
Ní fhéadfaidh na Ballstáit margú agus úsáid buidéal a chomhlíonann na ceanglais agus na tástálacha go léir a leagtar amach sa treoir a dhiúltú, a thoirmeasc ná a shrianadh.
Seiceálann na húdaráis náisiúnta go gcomhlíonann buidéil an treoir trí shampláil ag áit an mhonaraithe nó in áitreabh a n-allmhaireoirí.
B’éigean an treoir a thrasuí sa dlí náisiúnta faoin 20 Meitheamh 1976. Tá na rialacha sin i bhfeidhm ón 20 Meitheamh 1976.
Glacadh an treoir tráth a raibh reachtaíocht náisiúnta ag roinnt Ballstát maidir le monarú agus tástáil buidéal a úsáidtear mar choimeádáin tomhais. Bhí siad sin éagsúil ó thír go chéile, rud a chuir bac ar thrádáil trasteorann. Déanann comhchaighdeáin dheonacha sárú ar na bacainní sin.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Treoir 75/107/CEE ón gComhairle an 19 Nollaig 1974 maidir le comhfhogasú dhlíthe na mBallstát i ndáil le buidéil a úsáidtear mar choimeádáin tomhais (IO L 42, 15.2.1975, lgh. 14-20).
Nuashonraithe 11.11.2022