An Ciste Slándála Inmheánaí (2021–2027)
ACHOIMRE AR:
Rialachán (AE) 2021/1149 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí
CAD IS AIDHM LEIS AN RIALACHÁN?
Tá sé mar aidhm leis ardleibhéal slándála a áirithiú san Aontas Eorpach (AE), go háirithe trí sceimhlitheoireacht agus radacú, coireacht eagraithe agus coireacht thromchúiseach, agus cibearchoireacht a chosc agus a chomhrac.
PRÍOMHPHOINTÍ
Tá an Ciste Slándála Inmheánaí (CSI) 2021–2027 ar cheann amháin de roinnt cistí atá bunaithe ag AE i limistéar na saoirse, an cheartais agus na slándála. Áirítear i measc na gcistí eile:
- an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (féach an achoimre) arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1147;
- an Ionstraim um Bainistiú Teorainneacha agus um Víosaí (féach an achoimre), arna bhunú le Rialachán (AE) 2021/1148 mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha.
Tá an CSI á rialú leis an Rialachán maidir le Forálacha Coiteanna (Rialachán (AE) 2021/1060 — féach an achoimre)
Cuspóirí
Tá trí chuspóir shonracha leis an CSI:
- malartú faisnéise idir údaráis inniúla agus comhlachtaí, oifigí agus gníomhaireachtaí ábhartha AE agus laistigh dóibh a fheabhsú agus a éascú agus, más cuí, le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad agus le heagraíochtaí idirnáisiúnta;
- comhar trasteorann a fheabhsú agus a threisiú, lena n–áirítear oibríochtaí comhpháirteacha, idir údaráis inniúla i ndáil le sceimhlitheoireacht agus coireacht thromchúiseach agus eagraithe lena mbaineann gné thrasteorann; agus
- cabhrú le hacmhainn Bhallstáit AE a threisiú chun coireacht, sceimhlitheoireacht agus radacú a chosc agus a chomhrac agus cabhrú leo teagmhais, rioscaí agus géarchéimeanna slándála a bhainistiú.
Buiséad agus leithdháileadh cistí
- Tá buiséad de EUR 1.931 billiún leis an CSI don tréimhse idir an 1 Eanáir 2021 agus an 31 Nollaig 2027, an tréimhse atá luaite leis an gcreat airgeadais ilbhliantúil. Tá an tsuim airgid leithdháilte mar seo a leanas:
- EUR 1.352 billiún le haghaidh clár de chuid na mBallstát;
- EUR 579 milliún le haghaidh na “saoráide téamaí” — a úsáidfear le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha, gníomhaíochtaí bainistíochta dírí ar leibhéal AE agus cúnamh éigeandála.
- Ní mór do Bhallstát éilimh íocaíochta a chur ar fáil a chlúdaíonn 10 % ar a laghad dá leithdháileadh tosaigh cláir ionas go mbeidh sé incháilithe le haghaidh leithdháileadh breise faoina chlár nuair a dhéantar an t–athbhreithniú meántéarma in 2024.
- Ní mór do na Ballstáit 10 % ar a laghad dá n–acmhainní cláir a leithdháileadh ar chuspóirí sonracha a bhaineann le malartú faisnéise agus comhar trasteorann.
Gníomhaíochtaí
Tacaíonn an CSI le raon leathan gníomhaíochtaí, lena n–áirítear:
- bunú, oiriúnú agus cothabháil córas TFC agus oiliúint agus tástáil ghaolmhar, mar aon le hidir–inoibritheacht agus cáilíocht sonraí a fheabhsú;
- faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhm dhlí agus chuspóirí beartais AE sna Ballstáit i réimsí na gcóras faisnéise slándála;
- oibríochtaí a chur chun feidhme nó cur chun feidhme thimthriall beartais an Aontais a chur chun feidhme — an tArdán Eorpach Ildisciplíneach i gCoinne Bagairtí Coiriúla (Empact);
- oideachas agus oiliúint a chur ar fáil d’údaráis forfheidhmithe dlí agus d’údaráis bhreithiúnacha agus do ghníomhaireachtaí riaracháin.
Níl gníomhaíochtaí atá teoranta don ord poiblí a choimeád ar an leibhéal náisiúnta agus gníomhaíochtaí chun críocha míleata nó cosanta incháilithe.
Ceannach trealaimh agus tacaíocht oibríochtúil
Tá srianta áirithe curtha leis an rialachán ar an úsáid a bhaineann na Ballstáit as an leithdháileadh:
- is féidir suas le 35 % a úsáid chun trealamh nó modhanna iompair a cheannach nó chun tógáil saoráidí a bhaineann le slándáil a mhaoiniú;
- is féidir suas le 20 % a úsáid chun tacú le húdaráis phoiblí cúraimí a chur i gcrích agus seirbhísí a chur ar fáil a sholáthraíonn seirbhís phoiblí don Aontas Eorpach.
CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?
Tá feidhm leis ón 1 Eanáir 2021.
CÚLRA
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
PRÍOMHDHOICIMÉAD
Rialachán (AE) 2021/1149 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste Slándála Inmheánaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 94-131).
DOICIMÉID GHAOLMHARA
Rialachán (AE) 2021/1147 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear an Ciste um Thearmann, Imirce agus Lánpháirtíocht (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 1-47).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2021/1147 a chorprú sa bhundoiciméad. Níl sa leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) Uimh. 2021/1148 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 7 Iúil 2021 lena mbunaítear, mar chuid den Chiste um Bainistiú Comhtháite Teorainneacha, an Ionstraim le haghaidh Tacaíocht Airgeadais don Bhainistiú Teorainneacha agus don Bheartas Víosaí (IO L 251, 15.7.2021, lgh. 48-93).
Conclúidí ón gComhairle maidir le leanúint go buan le Timthriall Beartais AE le haghaidh coireacht idirnáisiúnta eagraithe agus thromchúiseach: EMPACT 2022 + (Comhairle an Aontais Eorpaigh, 26.2.2021).
Nuashonraithe 27.09.2021