EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Open internet access and intra-EU communications
Rochtain oscailte ar an idirlíon agus cumarsáid laistigh den Aontas
Rochtain oscailte ar an idirlíon agus cumarsáid laistigh den Aontas
Rialachán (AE) 2015/2120 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon
Rochtain oscailte ar an idirlíon
Ceanglaítear ar sholáthraithe idirlín caitheamh go cothrom le gach trácht agus seirbhísí rochtana idirlín á soláthar acu:
Tá cead ag soláthraithe bearta bainistíochta tráchta réasúnta a úsáid, ach ní foláir go mbeidh na bearta sin trédhearcach, neamh-idirdhealaitheach, comhréireach agus nach mbeidh siad bunaithe ar bhreithnithe tráchtála.
Ní foláir nach ndéanfar monatóireacht leis na bearta bainistíochta tráchta ar ábhar sonrach agus ní foláir nach mbeidh siad i bhfeidhm ar feadh tréimhse níos faide ná mar is gá. Tá cosc ar bhearta a théann níos faide ná bainistíocht tráchta réasúnta den sórt sin (mar shampla, bacadh nó toirmeasc), ach amháin le haghaidh líon teoranta cásanna arna sainiú sa rialachán.
Ceadaítear comhaontuithe maidir le seirbhísí a éilíonn leibhéal sonrach cáilíochta, ar choinníoll nach gcuirtear rochtain ar an idirlíon ina n-ionad agus nach laghdaíonn siad infhaighteacht ná cáilíocht na seirbhísí rochtana ar an idrlíon. Ba cheart do sholáthraithe seirbhíse rochtana idirlín custaiméirí a chur ar an eolas faoi na nithe seo a leanas:
Muirir mhiondíola ar chumarsáid rialáilte laistigh den Aontas
Tá sé i bhfeidhm ón 30 Aibreán 2016.
Le haghaidh tuilleadh faisnéise, féach:
Rialachán (AE) 2015/2120 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Samhain 2015 lena leagtar síos bearta maidir le rochtain oscailte ar an idirlíon agus lena leasaítear Treoir 2002/22/CE maidir le seirbhís uilíoch agus cearta úsáideoirí a bhaineann le líonraí agus seirbhísí cumarsáide leictreonaí agus Rialachán (AE) Uimh. 531/2012 maidir le fánaíocht a dhéanamh ar líonraí poiblí cumarsáide soghluaiste laistigh den Aontas (IO L 310, 26.11.2015, lgh. 1-18).
Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán (AE) 2015/2120 a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.
Rialachán (AE) 2018/1971 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear Comhlacht na Rialálaithe Eorpacha um Chumarsáid Leictreonach (BEREC) agus Gníomhaireacht Tacaíochta BEREC (Oifig BEREC), lena leasaítear Rialachán (AE) 2015/2120 agus lena n–aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1211/2009 (IO L 321, 17.12.2018, lgh. 1-35).
Treoir (AE) 2018/1972 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 lena mbunaítear an Cód um Chumarsáid Leictreonach Eorpach (Athmhúnlú) (IO L 321, 17.12.2018, pp. 36-214).
Féach an leagan comhdhlúite.
Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2016/2286 ón gCoimisiún an 15 Nollaig 2016 lena leagtar síos rialacha mionsonraithe maidir le cur i bhfeidhm an bheartais maidir le húsáid chóir agus maidir leis an modheolaíocht chun measúnú a dhéanamh ar inbhuanaitheacht dhíothú formhuirear fánaíochta miondíola agus maidir leis an iarratas a bheidh le cur isteach ag soláthraí seirbhísí fánaíochta chun críocha an mheasúnaithe sin (IO L 344, 17.12.2016, lgh. 46-62).
Féach an leagan comhdhlúite.
Nuashonraithe 21.06.2022