Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Rialacha AE maidir le cleachtais chomhbheartaithe agus comhaontuithe idir cuideachtaí

Rialacha AE maidir le cleachtais chomhbheartaithe agus comhaontuithe idir cuideachtaí

 

ACHOIMRE AR:

Rialachán Uimh. 19/65/CEE maidir le cur i bhfeidhm chonarthaí AE ar chineálacha áirithe comhaontuithe agus cleachtais chomhbheartaithe idir cuideachtaí

Airteagal 101 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) -rialacha iomaíochta a bhaineann le cuideachtaí

CAD IS AIDHM LE HAIRTEAGAL 101 CFAE AGUS LEIS AN RIALACHÁN?

Le hAirteagal 101(1) CFAE1 cuirtear cosc ar chomhaontuithe agus ar chleachtais chomhbheartaithe* idir cuideachtaí agus grúpaí cuideachtaí a d’fhéadfadh dul i gcion ar thrádáil idir tíortha AE agus a bhfuil sé de chuspóir acu iomaíocht a chosc, a shrianadh nó a shaobhadh laistigh de mhargadh aonair AE.

Sonraítear in Airteagal 101 (2) go bhfuil gach comhaontú a thagann laistigh de raon feidhme Airteagal 101(1) ar neamhní mura bhfuil siad díolmhaithe faoi Airteagal 101(3).

Le hAirteagal 101(3), áfach, ceadaítear eisceachtaí a dhéanamh ar an riail sin sna cásanna a leanas maidir leis na comhaontuithe nó na cleachtais sin:

  • téann siad chun tairbhe táirgeadh nó dáileadh táirgí; nó
  • déantar dul chun cinn eacnamaíoch nó teicniúil leo; agus
  • tugtar cion cothrom den tairbhe astu do thomhaltóirí leo.

Tá feidhm ag an rialachán maidir le hAirteagal 101(3) CFAE i ndáil le cineálacha áirithe comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe idir cuideachtaí i gcás go bhfuil a dtairbhí ar son na hiomaíochta níos mó ná a dtionchar frithiomaíoch.

1 Nóta: Airteagal 81 den Chonradh lenar bunaíodh an Comhphobal Eorpach, arna leasú le Conradh Amstardam, ba ea Airteagal 101 roimhe seo. Roimhe sin, ba Airteagal 85 é de Chonradh na Róimhe.

PRÍOMHPHOINTÍ

Tugtar cumhacht leis an rialachán don Choimisiún Eorpach chun Airteagal 101(3) CFAE a chur i bhfeidhm le rialachán ar aicmí áirithe comhaontuithe ingearacha* agus cleachtais chomhbheartaithe chomhfhreagracha a thagann laistigh de raon Airteagal 101(1) CFAE.

Leagtar síos leis na coinníollacha trína bhféadfaidh an Coimisiún, i ndiaidh dó dul i gcomhairle leis na páirtithe leasmhara agus leis an gCoiste Comhairleach umChleachtais Shriantacha agus Riochtaí Ceannasacha, rialachán a ghlacadh lena ndearbhaítear nach bhfuil feidhm ag Airteagal 101(1) maidir le cás aonair nó aicmí comhaontuithe:

  • a dhéantar idir 2 chuideachta nó níos mó, agus gach ceann díobh agfeidhmiú ar leibhéal éagsúil den slabhra táirgeachta nó den slabhra dáilte, agus a bhaineann leis na coinníollacha faoinar féidir leis na páirtithe earraí agus seirbhísí áirithe a cheannach, a dhíol nó a athdhíol;
  • nach bhfuil iontu ach 2 chuideachta agus lena mbaineann srianta i ndáil le cearta maoine tionsclaíche a fháil nó a úsáid, amhail paitinní, samhlacha áisiúlachta, dearaí nó trádmharcanna, nó na cearta a eascraíonn as conarthaí maidir le sannadh nó ceart úsáide modha monaraíochta nó eolais a bhaineann le húsáid nó cur i bhfeidhm próiseas tionsclaíoch.

Le rialachán an Choimisiúin sainítear na haicmí comhaontuithe a bhfuil feidhm aige maidir leo agus ordaítear leis na srianta nó na clásail a fhéadfar gan a bheith cuimsithesna comhaontuithe. Tá na rialacha céanna i bhfeidhm maidir le catagóirí cleachtas comhbheartaithe.

Féadfar na coinníollacha a shonrú leis an rialachán seo chomh maith a bhféadfaí eisiamh óna chur i bhfeidhm ar líonraí comhthreomhara áirithe comhaontuithe nó cleachtas comhbheartaithe comhchosúil atá á bhfeidhmiú ar mhargadh faoi leith a bheith mar thoradh orthu.

Maidir le rialacháin dá leithéid:

  • glactar iad ar feadh tréimhse sonraithe;
  • féadfar iad a leasú nó a aisghairm i gcás gur athraigh na cúinsí ar a bhfuil siad bunaithe;
  • féadfar iad a eisiúint le héifeacht chúlghabhálach.

De thoradh ar an bpáipéar uaine ón gCoimisiún, 1997 maidir le srianta ingearacha i mbeartas iomaíochta AE, leasaíodh Rialachán (AE) 19/65, mar aon le Rialachán Uimh. 17/62 (an chéad rialachán maidir le beartas iomaíochta AE a glacadh chun Airteagal 85 agus Airteagal 86 de Chonradh na Róimhe a chur chun feidhme) chun an chonair a réiteach le haghaidh rialachán blocdhíolúine aonair (BER) maidir le comhaontuithe ingearacha soláthair agus dáileacháin (Rialachán (AE) Uimh. 330/2010).

D’eisigh an Coimisiún treoirlínte maidir le srianta ingearacha chomh maith lena soiléirítear na coinníollacha i ndáil le cur i bhfeidhm rialachán BER.

CÉN UAIR ATÁ TOSACH FEIDHME AN RIALACHÁIN?

Tá an rialachán i bhfeidhm ón 6 Márta 1965.

CÚLRA

Le haghaidh breis faisnéise, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Cleachtais chomhbheartaithe: cleachtais atá frithiomaíoch, cibé acu le comhaontú foirmiúil nó gan comhaontú foirmiúil a bheith déanta idir na páirtithe. D’fhéadfadh siad a bheith mar thoradh ar theagmháil dhíreach nó indíreach idir cuideachtaí a bhfuil sé beartaithe acu tionchar a imirt ar fheidhmiú an mhargaidh nó iompar beartaithe amach anseo a nochtadh d’iomaitheoirí.
Comhaontuithe ingearacha: comhaontuithe idir comhlachtaí a oibríonn ar leibhéil éagsúla den slabhra soláthair, mar shampla, i gcás go soláthraíonn cuideachta amháin ábhair tháirgthe an dara cuideachta.

PRÍOMHDHOICIMÉAD

Leagan comhdhlúite den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh — Cuid a Trí — Beartais agus gníomhaíochtaí inmheánacha an Aontais — Teideal VII — Rialacha comhchoiteanna maidir le hiomaíocht, cánachas agus comhfhogasú dlíthe — Caibidil 1 — Rialacha iomaíochta — Alt 1 — Rialacha a bhaineann le gnóthais — Airteagal 101 (iar-Airteagal 81 CCE) (IO C 202, 7.6.2016, lgh. 88-89)

Rialachán Uimh. 19/65/CEE ón gComhairle an 2 Márta maidir le cur chun feidhme Airteagal 85 (3) den Chonradh maidir le haicmí áirithe comhaontuithe agus cleachtas comhbheartaithe (Leagan speisialta i mBéarla: Sraith 1 Imleabhar 1965-1966, lgh. 35-37)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Rialachán Uimh. 19/65/CEE a chorprú sa bhuntéacs. Níl de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Treoirlínte maidir le Srianta Ingearacha (IO C 130, 19.5.2010, lgh. 1-46)

Rialachán (AE) Uimh. 330/2010 ón gCoimisiún an 20 Aibreán 2010 maidir le cur i bhfeidhm Airteagal 101(3) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh maidir le haicmí comhaontuithe ingearacha agus cleachtas comhbheartaithe (IO L 102, 23.4.2010, lgh. 1-7)

Féach an leagan comhdhlúite.

An Páipéar Uaine maidir le comhaontuithe ingearacha i mbeartas iomaíochta CE (COM(96) 721 leagan críochnaitheach, 20.1.1997)

Comhairle CEE: Rialachán Uimh. 17: An Chéad Rialachán lena gcuirtear chun feidhme Airteagal 85 agus Airteagal 86 den Chonradh (Leagan speisialta i mBéarla: Sraith I Imleabhar 1959-1962, lgh. 87-93)

Féach an leagan comhdhlúite.

Nuashonraithe 08.01.2019

Top