EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Comhaontú AE-SAM maidir le hÁrachas agus Athárachas

Comhaontú AE-SAM maidir le hÁrachas agus Athárachas

 

ACHOIMRE AR:

Comhaontú déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas

Cinneadh (AE) 2017/1792 — síniú, thar ceann an Aontais Eorpaigh, agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpaigh agus na Stáit Aontaithe maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas

Cinneadh (AE) 2018/539 — an comhaontú déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus na Stáit Aontaithe a thabhairt i gcrích maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas

CAD IS AIDHM LEIS AN GCOMHAONTÚ AGUS LEIS NA CINNTÍ?

  • Is é is aidhm leis an gcomhaontú an méid a leanas a dhéanamh:
    • cinnteacht rialála a neartú agus cothrom na Féinne a áirithiú d’árachóirí agus d’athárachóirí* ag feidhmiú in AE agus sna Stáit Aontaithe;
    • cosaint do shealbhóirí polasaí agus do thomhaltóirí eile a fheabhsú;
    • comhar agus malartú faisnéise rúnda a chur chun cinn idir maoirseoirí ar dhá thaobh an Atlantaigh.
  • Formheastar le Cinneadh (AE) 2017/1792 ón gComhairle síniú an Aontais Eorpaigh leis an gcomhaontú déthaobhach. Formheastar le Cinneadh (AE) 2018/539 ón gComhairle an comhaontú féin.

PRÍOMHPHOINTÍ

Déantar an méid seo a leanas leis an gcomhaontú:

  • cuirtear deireadh le haon ceanglais láithreachta áitiúla, comhthaobhachta*, nó ceanglais chomhchosúla a fhorchur ar chuideachta (“ag glacadh le hathárachóir”) nach bhfuil bunaithe sa dlínse chéanna leis an árachóir bunaidh (“árachóir géillte”);
  • sonraítear go gcaithfidh athárachóir glactha coinníollacha áirithe iompair airgeadais agus margaidh a chomhlíonadh chun leas a bhaint as cóir chomhionann, amhail
    • €226 milliún ar a laghad a bheith aige nó aici i gcás go bhfuil an t–árachóir géillte lonnaithe in AE nó $250 milliún má tá sainchónaí air nó uirthi sna Stáit Aontaithe;
    • coimeádtar cóimheas sócmhainneachta áirithe;
    • soláthraítear doiciméadacht d’údaráis na tíre óstaí nuair a iarrtar é; agus
    • íoctar go pras aon éilimh faoin gcomhaontú árachais;
  • leagtar amach an nós imeachta a chaithfidh an t–údarás óstach a leanúint más mian leis aon choinníollacha a fhorchur toisc go measann sé nach gcomhlíonann athárachóir glactha lna ceanglais liostaithe a thuilleadh;
  • deimhnítear gur faoi na húdaráis sa dlínse ina bhfuil an mháthairghnóthas lonnaithe atá an mhaoirseacht ar chuideachta athárachais, cé go bhféadfadh údaráis óstacha a bheith bainteach in imthosca áirithe;
  • spreagtar leis údaráis mhaoirseachta in AE agus sna Stáit Aontaithe chun faisnéis a mhalartú agus rúndacht á hurramú — sonraítear in iarscríbhinn conas na malartuithe a dhéanamh;
  • bunaítear leis comhchoiste ionadaithe AE agus SAM chun teacht le chéile go rialta agus maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme an chomhaontaithe;
  • tugtar an deis do cheachtar páirtí, tar éis dul i gcomhairle leis an bpáirtí eile, an comhaontú a fhoirceannadh ar an gcoinníoll go leanfar nósanna imeachta áirithe.

DÁTA TEACHT I BHFEIDHM

Tháinig an comhaontú i bhfeidhm an 4 Aibreán 2018, cé go raibh feidhm shealadach aige cheana ón 7 Samhain 2017.

CÚLRA

  • Is minic a thógann cuideachtaí árachais athárachas amach chun a riosca a laghdú, go háirithe agus aghaidh á tabhairt orthu ar thubaistí móra comhshaoil nó tubaistí eile a d’fhéadfadh tarlú. Íocann an t–athárachóir, mar mhalairt ar phréimh, sciar d’aon éilimh i gcoinne an árachóra bhunaidh.
  • Is comhpháirtithe móra trádála iad an tAontas agus na Stáit Aontaithe. Ceanglaíodh le dlíthe árachais stáit sna Stáit Aontaithe, áfach, ar athárachóirí neamh–SAM, seachas iad siúd atá lonnaithe sa Fhrainc, sa Ghearmáin, in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, 100% de comhthaobhacht a bhreacadh i leith na rioscaí atá i gceist — díspreagadh suntasach ar go leor cuideachtaí in AE.
  • Le comhchuibhiú árachais AE tríd an treoir maidir le Sócmhainneacht II (Treoir 2009/138/CE — féach an achoimre) réitíodh an bealach in 2015 d’idirbheartaíocht maidir le hárachas agus athárachais leis na Stáit Aontaithe. Tugadh iad sin chun críche i mí Eanáir 2017.
  • Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:

PRÍOMHTHÉARMAÍ

Athárachóir: cuideachta a sholáthraíonn cosaint airgeadais do chuideachtaí árachais.
Comhthaobhacht: sócmhainní amhail airgead agus litreacha creidmheasa.

PRÍOMHDHOICIMÉID

Comhaontú déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas (IO L 258, 6.10.2017, lgh. 4-21)

Cinneadh (AE) 2017/1792 ón gComhairle an 29 Bealtaine 2017 maidir le síniú, thar ceann an Aontais, agus cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas (IO L 258, 6.10.2017, lgh. 1-2)

Rinneadh leasuithe comhleanúnacha ar Chinneadh (AE) 2017/1792 a chorprú sa bhuntéacs. Ní de luach ar an leagan comhdhlúite seo ach luach doiciméadach amháin.

Cinneadh (EU) 2018/ 539 ón gComhairle an 20 Márta 2018 maidir leis an gcomhaontú déthaobhach idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá i ndáil le hárachas agus athárachas a thabhairt i gcrích (IO L 90, 6.4.2018, lgh. 36-37)

DOICIMÉID GHAOLMHARA

Fógra maidir le teacht i bhfeidhm an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le bearta stuamachta i ndáil le hárachas agus athárachas (IO L 91, 9.4.2018, lch. 1)

Fógra maidir le cur i bhfeidhm sealadach an chomhaontaithe dhéthaobhaigh idir an tAontas Eorpach agus Stáit Aontaithe Mheiriceá maidir le hárachas agus athárachas (IO L 288, 7.11.2017, lch. 1)

Nuashonraithe 28.09.2020

Top