This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Human rights and democracy - the EU's new action plan
Cearta an duine agus an daonlathas - PLean gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh
Cearta an duine agus an daonlathas - PLean gníomhaíochta nua an Aontais Eorpaigh
This summary has been archived and will not be updated, because the summarised document is no longer in force or does not reflect the current situation.
Caithfidh an tAontas Eorpach (AE) freagairt go láidir diongbháilte do choinbhleachtaí an lae inniu agus do na hiarrachtaí a dhéantar go forleathan neamhní a dhéanamh de chearta an duine.
Comhtheachtaireacht chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle - Plean gníomhaíochta um chearta an duine agus um an daonlathas (2015-2019) “Cearta an duine a chur ag croílár chlár oibre AE” (JOIN(2015) 16 final an 28.04.2015).
Caithfidh an tAontas Eorpach (AE) freagairt go láidir diongbháilte do choinbhleachtaí an lae inniu agus do na hiarrachtaí a dhéantar go forleathan neamhní a dhéanamh de chearta an duine.
Féachtar le plean gníomhaíochta nua AE um chearta an duine agus um an daonlathas beartas AE um chearta an duine a chur i bhfeidhm níos fearr ar fud an domhain. Dírítear ann ar ról ghníomhairí na sochaí sibhialta agus cearta an duine á gcosaint acu agus tacaíocht á tabhairt acu do chosantóirí chearta an duine.
Is í aidhm chomhtheachtaireacht (CT) an Choimisiúin Eorpaigh agus Ardionadaí an Aontais Eorpaigh do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála ná plean gníomhaíochta um chearta an duine agus um an daonlathas a mholadh don tréimhse 2015-2019.
Ghlac Comhairle AE leis an bplean gníomhaíochta an 20 Iúil 2015 ina conclúidí um an plean gníomhaíochta um chearta an duine agus um an daonlathas 2015-2019. Cuirfear an plean gníomhaíochta i bhfeidhm ag institiúidí agus ag tíortha AE, agus glacfaidh eagraíochtaí sochaí sibhialta páirt mhór ann freisin.
Leagtar béim go speisialta i bplean gníomhaíochta 2015-2019 ar úinéireachtinstitiúidí agus sásraí áitiúla agus ar an gcomhoibriú leo, institiúidí náisiúnta um chearta an duine agus an tsochaí shibhialta san áireamh.
Prionsabail
Tá sé beartaithe sa phlean gníomhaíochta:
Réimsí straitéiseacha
Tá cúig phríomhréimse straitéiseacha ghníomhaíochta sa phlean gníomhaíochta:
ról na ngníomhairí áitiúla a spreagadh trí ghníomhartha chun idirghníomhú le páirtithe leasmhara seachtracha rialtasacha agus neamhrialtasacha;
dul i ngleic le príomhdhúshláin chearta an duine tríd an gcothromaíocht idir chearta sibhialta agus chearta polaitiúla a chosaint*, sa chéad chás de, agus cearta eacnamaíocha, sóisialta agus cultúrtha a chosaint*, os a choinne sin, a chur san áireamh;
cur chuige uileghabhálach maidir le cearta an duine a chinntiú i gcás coinbhleachtaí agus géarchéimeanna trí thacaíocht a thabhairt d’fhorbairt uirlisí náisiúnta, réigiúnacha agus idirnáisiúnta, a n-úsáidfear iad chun sáruithe ar chearta an duine a chosc agus a chomhrac agus chun dul i ngleic leo;
comhtháthú agus comhsheasmhacht beartas níos fearr a chur chun cinn chun cearta an duine a chur san áireamh i mbeartais AE, amhail trádáil agus infheistíocht, imirce agus tearmann, beartais forbartha agus gníomhartha frithsceimhlitheoireachta;
cultúr chearta an duine agus an daonlathais a fheabhsú, cultúr atá bunaithe ar éifeachtúlacht agus ar thorthaí, trí chuir chuige níos straitéisí a fhorbairt ina ndíreofar níos mó ar na torthaí.
Plean domhanda
Cuirfear gníomhartha phlean gníomhaíochta AE i bhfeidhm ar fud an domhain, agus riachtanais áitiúla á gcur san áireamh.
Déanfar athbhreithniú meántéarmach ar an bplean sa bhliain2017 chun na príomhthorthaí a mheas agus chun dúshláin nua a chur san áireamh.
Sa bhliain 2012, ghlac AE le creat straitéiseach um chearta an duine agus um an daonlathas. Bhí plean gníomhaíochta 2012-2014 ina chuid den chreat sin. Rinneadh iarracht ann cúrsaí maidir le cearta an duine a phríomhshruthú i raon leathan bheartais AE.
Chonacthas i ndiaidh an phlean straitéisigh 3 bliana sin, a raibh 97 ngníomh ann, gurbh éigin iarrachtaí breise a dhéanamh i réimsí áirithe. Rachfar i ngleic leo sin i bplean gníomhaíochta 2015-2019.
Chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach:
Conclúidí na Comhairle um chearta an duine agus um an daonlathas, creat straitéiseach AE um chearta an duine agus um an daonlathas agus plean gníomhaíochta AE um chearta an duine agus um an daonlathas an 25 Meitheamh 2012.
Conclúidí na Comhairle um an plean gníomhaíochta um chearta an duine agus um an daonlathas 2015-2019 an 20 Iúil2015.
Nuashonraithe 16.08.2015