EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52020PC0453

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

COM/2020/453 final

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 453 final

2020/0100(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

{SWD(2020) 92 final}


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

An 11 Nollaig 2019, ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip, inar leagadh amach a threochlár i dtreo beartas fáis nua don Eoraip. Tá an beartas fáis sin bunaithe ar chuspóirí uaillmhianacha aeráide agus comhshaoil agus ar phróisis rannpháirtíochta a thabharfaidh saoránaigh, cathracha agus réigiúin le chéile sa chomhrac i gcoinne an athraithe aeráide agus chun an comhshaol a chosaint. I gcomhréir leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas ar dhóigh éifeachtach agus chóir faoi 2050, fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir ann, lena soláthrófaí bealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an chomhshaoil gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Is iad na réigiúin agus na daoine is leochailí is mó a bhíonn neamhchosanta ar thionchar díobhálach an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil. San am céanna, tá gá le hathruithe suntasacha struchtúracha chun an t‑aistriú a bhainistiú. Imreofar tionchar ar shaoránaigh agus ar oibrithe ar bhealaí éagsúla agus ní chuirfidh gach Ballstát, réigiún agus cathair tús leis an aistriú ón bpointe céanna ná ní bheidh an cumas céanna acu aghaidh a thabhairt air.

Faoi mar a mhionsonraítear níos mó sa Teachtaireacht faoi Phlean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 1 , arna ghlacadh an 14 Eanáir 2020, díreofar sa Sásra um Aistriú Cóir ar na réigiúin agus ar na hearnálacha ina n‑imreoidh an t‑aistriú an tionchar is mó mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena n‑áirítear gual, móin agus scealla ola, nó ar phróisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, réigiúin agus earnálacha a bhfuil cumas níos lú acu chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin an aistrithe. Tá na trí cholún seo a leanas sa Sásra um Aistriú Cóir: Ciste um Aistriú Cóir arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU, agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí chun infheistíochtaí breise a fhorscaoileadh sna réigiúin lena mbaineann.

Ghlac an Coimisiún an togra lena mbunaítear an Ciste um Aistriú Cóir 2 an 14 Eanáir 2020. Cuirtear ar bun leis go háirithe an t‑ábhar, an raon feidhme agus na rialacha is infheidhme chun an Ciste a chur chun feidhme. Tá na pleananna críochacha um aistriú cóir ríthábhachtach maidir le clársceidealú agus cur chun feidhme an Chiste – sna pleananna sin ní mór príomhchéimeanna agus amlíne phróiseas an aistrithe a leagan amach agus na críocha a shainaithint is mó a ndéanfaidh an t‑aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de difear diúltach dóibh.

Sa togra maidir le Ciste um Aistriú Cóir áirítear, freisin, in Iarscríbhinn I a ghabhann leis, modheolaíocht a úsáidfear chun na sciartha a ríomh le haghaidh leithdháiltí na mBallstát faoin gCiste seo.

Raon feidhme agus cuspóir an togra

An tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí, saoráid iasachta an togra atá ann faoi láthair, is í an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir í. Tacófar le hinfheistíochtaí poiblí léi, trí dhálaí iasachtaithe fabhracha. Rachaidh na hinfheistíochtaí sin chun tairbhe na gcríoch is mó a ndéanfaidh an t‑aistriú aeráide difear diúltach dóibh, faoi mar a shainaithnítear iad sna pleananna críochacha um aistriú cóir chun críocha an Chiste um Aistriú Cóir.

Beidh comhpháirt deontais agus comhpháirt iasachta sa tsaoráid sin. Leis an deontas, arna mhaoiniú le hioncam sannta agus acmhainní buiséadacha ó bhuiséad an Aontais, laghdófar an t‑ualach airgeadais ar thairbhithe, ualach arna eascairt as aisíocaíocht na hiasachta a sholáthróidh comhpháirtí airgeadais. Cé go bhfuil sé beartaithe an chomhpháirt deontais ar fiú EUR 1.525 billiún í a chur chun feidhme leis an mBanc Eorpach Infheistíochta (BEI) mar chomhpháirtí airgeadais le haghaidh EUR 10 billiún, foráiltear don fhéidearthacht dul i gcomhar le comhpháirtithe airgeadais eile chun módúlachtaí eile comhair a fhiosrú thar thréimhse ama, go háirithe i gcás méadú féideartha amach anseo ar acmhainní an Aontais nó má thagann dúshláin shonracha cur chun feidhme chun cinn. Leis an ranníocaíocht ar fiú EUR 1.525 billiún í le haghaidh na comhpháirte deontais ó thacaíocht ón Aontas agus le hiasachtú ó BEI ar fiú 10 billiún é as a chuid acmhainní féin, tá mar aidhm leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí idir EUR 25 agus 30 billiún d’infheistíochtaí poiblí a chur ar fáil thar an tréimhse 2021-2027. Go ginearálta, áfach, bíonn eintitis phoiblí i réigiúin bheagfhorbartha thíos le hacmhainneacht infheistíochta poiblí níos ísle. Mar sin, ba cheart do na rátaí deontais a soláthraíodh do thionscadail arna gcur chun cinn ag eintitis mar sin a bheith níos airde go comparáideach ná an iasacht ach níor cheart dóibh a bheith níos airde ná 20 % di (i.e. 5 phointe céatadáin de chlúdach deontais níos airde ar a mhéad). Is éard atá i réigiúin bheagfhorbartha iad siúd a bhfuil olltáirgeacht intíre per capita níos lú acu ná 75 % de mheánráta na holltáirgeachta intíre san AE-27 mar a shainmhínítear faoi rialacha an bheartais comhtháthaithe iad.

I gclár oibre na saoráide sonrófar na critéir maidir le tionscadail a roghnú agus le haghaidh tosaíochta, i gcás ina mbíonn an t‑éileamh níos mó ná na hacmhainní cistiúcháin faoi leithdháiltí náisiúnta. Féadfar na critéir sin a mhionsonrú a thuilleadh sa ghlao ar thograí. Cuirfear san áireamh sna critéir na nithe seo a leanas: rannchuidiú an tionscadail leis na cuspóirí arna sainaithint sna pleananna críochacha um aistriú cóir, an cuspóir foriomlán cóineasú réigiúnach agus críochach a chur chun cinn agus rannchuidiú an deontais le hinmharthanacht na dtionscadal. Ba cheart tosaíocht a thabhairt do thionscadail a rannchuidíonn go díreach leis an aistriú aeráide. Ar na critéir is féidir a bheith ann tá an bunphrionsabal éifeachtúlachta fuinnimh, arna shainmhíniú sa Rialachán maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh 3 agus is féidir leo na prionsabail agus an treoraíocht dá dtagraítear faoi Roinn 4.2 den Teachtaireacht maidir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a mhacasamhlú.

Ní chuirfear tacaíocht ar fáil faoin tsaoráid ach do na Ballstáit a bhfuil plean críochach um aistriú cóir amháin ar a laghad acu arna bhunú i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán [Rialachán CuAC] agus arna fhormheas ag an gCoimisiún mar chuid de chlár nó de leasú ar chlár. Chun rochtain ar an tsaoráid a áirithiú, beidh an chomhpháirt deontais ar fáil do na Ballstáit le haghaidh tionscadail incháilithe trí leithdháiltí arna gcomharthú go náisiúnta, leithdháiltí atá le hurramú le linn na chéad chéime (arna shloinneadh mar sciar den bhuiséad foriomlán atá ar fáil). Déanfar na sciartha náisiúnta sin a chinneadh ar bhonn na modheolaíochta leithdháilte arna mionsonrú in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán [Rialachán CuAC].

Chun an cuspóir sin a thabhairt chun réitigh leis an ngá le héifeacht eacnamaíoch na saoráide agus cur chun feidhme na saoráide a optamú, áfach, níor cheart na leithdháiltí náisiúnta sin a chomharthú ach go dtí an 31 Nollaig 2024. Tar éis an dáta sin, beidh na hacmhainní atá fágtha ón tacaíocht ón Aontas le haghaidh comhpháirt deontais na saoráide ar fáil gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais. Cinnteoidh an Coimisiún agus BEI araon go mbeidh leithdháileadh ar na Ballstáit thar na trí bliana dheireanacha den tréimhse 2021-2027 lena n‑áiritheofar intuarthacht le haghaidh infheistíochta, agus a chloífidh le cur chuige a bhunófar ar riachtanais chomh maith le cur chuige um chóineasú réigiúnach.

Tacóidh an tsaoráid le heintitis phoiblí agus cumhdóidh sí raon leathan infheistíochtaí, ar choinníoll go rannchuideoidh na hinfheistíochtaí sin le riachtanais forbartha a chomhlíonadh, riachtanais a eascraíonn as na dúshláin a ardaíonn an t‑aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, faoi mar a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Maidir le dearadh na n‑infheistíochtaí sin, cuirfear inrochtaineacht do dhaoine faoi mhíchumas san áireamh, i gcomhréir le Coinbhinsiún na Náisiún Aontaithe ar Chearta Daoine atá faoi Mhíchumas.

Trí thacú le hinfheistíochtaí nach ngineann ioncam leordhóthanach agus murach sin nach bhfaigheadh tacaíocht airgeadais gan eilimint deontais, tá mar aidhm leis an tsaoráid na hacmhainní breise is gá a sholáthar d’eintitis san earnáil phoiblí, acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an aistriú aeráide. Cuirfidh sí ar a gcumas do na heintitis sin, a thairbhíonn de dhearlaic níos airde sócmhainní poiblí, a bheith níos athléimní freisin in aghaidh rúscadh siméadrach agus neamhshiméadrach, lena n‑áirítear tubaistí, amach anseo.

Ina theannta sin, tiomnaítear acmhainní do thacaíocht chomhairleach chun ullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadail incháilithe a chur chun cinn.

Comhlántacht leis an gcéad cholún agus an dara colún den Sásra um Aistriú Cóir

Tá raon feidhme thacaíocht an Chiste um Aistriú Cóir (an chéad cholún den Sásra um Aistriú Cóir) teoranta d’infheistíochtaí lena ndéantar costais shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe aeráide le haghaidh na gcríoch sainaitheanta a mhaolú. Leagtar béim leis ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch sin agus ar athsciliú, cúnamh chun post a chuardach agus cuimsiú sa mhargadh saothair le haghaidh na n‑oibrithe lena mbaineann trí dheontais, go háirithe. Leis an dara agus an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir beifear ábalta tacú le raon níos leithne infheistíochtaí ó pheirspictíocht earnála agus gheografach araon chun gníomhaíochtaí agus cuspóirí an Chiste um Aistriú Cóir a threisiú. Beidh sé indéanta raon níos leithne riachtanas forbartha a chumhdach dá bhrí sin, a mhéid a bheidh an tacaíocht ina thairbhe do na réigiúin arna sainaithint sna pleananna críochacha um aistriú cóir.

Beidh an tacaíocht faoin tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí comhlántach leis na táirgí airgeadais arna dtairiscint faoin scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU freisin (an dara colún den Sásra um Aistriú Cóir). Cé go mbeadh an scéim sin dírithe ar infheistíocht phríobháideach a shlua-chistiú agus ar thacú le hinfheistíocht phríobháideach a ghineann go leor ioncaim le bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de, beidh an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí dírithe ar infheistíochtaí príobháideacha a bhfuil ioncam neamhdhóthanach acu, infheistíochtaí nach ndéanfaí iad a mhaoiniú le hiasacht gan an chomhpháirt deontais.

I bhfianaise na ndifríochtaí idir na tionscadail, a ngnéithe eacnamaíocha agus na tairbhithe a ndíríodh orthu, ba cheart do na hidirghabhálacha faoi na trí cholún a bheith comhlántach.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Tá bonn cirt le gníomhaíocht AE i gcomhréir le hAirteagal 174, mír 1, CFAE: “Déanfaidh an tAontas a chuid gníomhaíochtaí a fhorbairt agus a shaothrú ar mhaithe lena chomhtháthú eacnamaíoch, sóisialta agus críochach a neartú. Féachfaidh an tAontas go háirithe leis na héagothromaíochtaí idir leibhéil forbartha na réigiún éagsúil agus cúlmhaireacht na réigiún is mídheisiúla a laghdú”.

Foráiltear le hAirteagal 175, mír 3, den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh freisin “más léir gur gá gníomhaíochtaí sonracha lasmuigh de na Cistí agus gan dochar do na bearta arna gcinneadh faoi chuimsiú bheartais eile an Aontais, féadfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na gníomhaíochtaí sin a ghlacadh, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach agus tar éis dul i gcomhairle le Coiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa agus le Coiste na Réigiún”.

Tá tacaíocht ón Aontas bunaithe ar Airteagal 322, mír 1, CFAE: “Glacfaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle, ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach, agus tar éis dul i gcomhairle leis an gCúirt Iniúchóirí, an méid seo a leanas trí bhíthin rialachán: (a) na rialacha airgeadais lena sonrófar go háirithe an nós imeachta atá le glacadh chun an buiséad a bhunú agus a chur chun feidhme agus chun cuntais a thíolacadh agus a iniúchadh; (b) rialacha ina bhforálfar do sheiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais, agus go háirithe ar oifigigh um údarú agus ar oifigigh cuntais”.

Coimhdeacht agus comhréireacht

Tá gníomhaíocht ón Aontas ag teastáil i ngeall ar scála na ndúshlán a eascraíonn as an aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de agus a dtugann an Sásra um Aistriú Cóir aghaidh orthu. Tá méid agus scála ar leibhéal an Aontais i gceist le dúshlán an aistrithe agus, dá bhrí sin, is féidir aghaidh a thabhairt orthu ar shlí níos éifeachtúla ar leibhéal an Aontais.

Go háirithe, ba cheart inniúlacht na n‑eintiteas poiblí maidir le rochtain a fháil ar mhaoiniú chun infheistíochtaí nach ngineann ioncam leordhóthanach a chur chun feidhme a fheabhsú trí thacaíocht ó dheontais a sholáthar.

Le soláthar na tacaíochta sin ó dheontais ar leibhéal an Aontais, trí bhainistíocht dhíreach, áirithítear rochtain chothrom ar eintitis phoiblí ó gach Ballstát chun tairbhe na gcríoch is mó a ndéanfaidh an t‑aistriú aeráide difear diúltach dóibh – faoi mar a shainaithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir iad. In éineacht leis an iasacht a soláthair BEI, méadaítear tarraingteacht na n‑infheistíochtaí i gceist le haghaidh foinsí maoinithe eile nó institiúidí maoinithe eile freisin mar gheall ar chomhpháirt deontais na saoráide.

Thairis sin, urramaítear prionsabal na comhréireachta le dearadh na saoráide trí sciartha náisiúnta arna gcomharthú go sealadach agus leibhéil dhifreáilte tacaíochta ó dheontais a sholáthar ag brath ar leibhéal forbartha na críche i gceist.

An rogha ionstraime

I gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach faoi mar a leagtar amach é in Airteagal 175, mír 3, den Chonradh, is é atá sa rogha ionstraime Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.Measúnú tionchair agus comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

Comhairliúchán leis na páirtithe leasmhara

I mí Bealtaine agus i mí an Mheithimh 2018, ghlac an Coimisiún a thograí don bhuiséad fadtéarmach i ndiaidh 2020 agus le haghaidh an chéad ghlúin eile de chláir agus de chistí. Mar dhlúthchuid den phróiseas sin, rinne an Coimisiún sraith comhairliúchán poiblí lenar clúdaíodh príomhchláir chaiteachais chun tuairimí a fháil ó na páirtithe leasmhara go léir faoin dóigh ar cheart an leas is fearr a bhaint as gach Euro de chuid bhuiséad an Aontais.

Bhí an comhairliúchán poiblí faoi bhuiséad fadtéarmach an Aontais Eorpaigh i réimse an chomhtháthaithe ar siúl ón 10 Eanáir 2018 go dtí an 9 Márta 2018 agus fuarthas 4 395 fhreagra. Mheas 85 % de na freagróirí gur dúshlán tábhachtach é an t‑aistriú go dtí geilleagar ciorclach ísealcharbóin, lena n‑áiritheofar cosaint an chomhshaoil agus athléimneacht i gcoinne an athraithe aeráide. Níor mheas ach 42 % de na freagróirí áfach go bhfuil aghaidh á tabhairt go leormhaith ar an dúshlán sin leis na cláir/cistí atá ann faoi láthair.

I gcomhthéacs na caibidlíochta ar bhuiséad fadtéarmach i ndiaidh 2020, d'iarr Parlaimint na hEorpa ina rún an 14 Samhain 2018 go ndéanfar leithdháileadh sonrach (EUR 4,8 billiún) a thabhairt isteach le haghaidh “Ciste um Aistriú Fuinnimh Cóir” nua chun aghaidh a thabhairt ar na tionchair shochaíocha, shocheacnamaíocha agus chomhshaoil ar oibreoirí agus ar phobail atá thíos de dheasca an aistrithe ó spleáchas guail agus carbóin.

Rinne Coiste na Réigiún an iarraidh chéanna nuair a d'eisigh sé tuairim 4 maidir leis an athrú struchtúrach socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa, ag iarraidh go gcuirfear tuilleadh cistí ar fáil chun cabhrú le haghaidh a thabhairt ar shainriachtanais na réigiún guail. Moladh sa tuairim EUR 4,8 billiún a leithdháileadh le haghaidh “Ciste um Aistriú Fuinnimh Cóir”, le go maolófaí tionchar sóisialta, socheacnamaíoch agus comhshaoil an aistrithe sna réigiúin sin.

Ina cuid conclúidí an 18 Deireadh Fómhair 2019, leag an Chomhairle Eorpach béim ar a rún go leanfaidh an tAontas de bheith ar thús cadhnaíochta maidir le haistriú glas, a bheidh ceart agus cóir go sóisialta, agus Comhaontú Pháras á chur chun feidhme. D'fhormhuinigh an Chomhairle Eorpach freisin, trína conclúidí an 12 Nollaig 2019, an cuspóir go mbainfear Aontas a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de amach faoi 2050, i gcomhréir le cuspóirí Chomhaontú Pháras. Ina theannta sin, d'fhormhuinigh sí an prionsabal a bhaineann le tacaíocht shaincheaptha a chur ar fáil do na réigiúin agus do na hearnálacha ar a mbeidh an tionchar is mó de dheasca an aistrithe trí Shásra um Aistriú Cóir, lena n‑áirítear Ciste um Aistriú Cóir, chomh maith le scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí.

Measúnú tionchair

Ghabh measúnú tionchair 5 leis an Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa agus maidir leis an gCiste Comhtháthaithe 6 , lena ndearnadh an córas seachadta arna mholadh i leith na gCistí sin a bhailíochtú.

Rinneadh iniúchadh sa mheasúnú tionchair freisin ar na dúshláin ar ghá aghaidh a thabhairt orthu faoin gcéad chreat airgeadais ilbhliantúil eile agus faoin gcéad bheartas comhtháthaithe eile. Dearbhaíodh an gá, a thagann le toradh an chomhairliúcháin phoiblí, tacú le haistriú fuinnimh glan agus cóir, trí chuspóir beartais tiomanta agus trí shásra um chomhdhíriú téamach comhfhreagrach (féach Caibidlí 2.2 agus 3.2).

Dá réir sin, tá bonn cirt le cuspóir an tSásra um Aistriú Cóir, ós é is aidhm leis aistriú fuinnimh cóir a áirithiú trí na costais eacnamaíocha agus shóisialta a eascraíonn as an aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de a mhaolú. Leis an Sásra um Aistriú Cóir, faoina thríú colún, tacófar leis na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, tabharfar aghaidh ar na dúshláin forbartha a eascraíonn as an aistriú agus soláthrófar acmhainní d’eintitis san earnáil phoiblí, acmhainní a infheisteofar i dtionscadail lena n‑éascófar an t‑aistriú go neodracht aeráide.

Luadh dáileadh míchothrom an tionchair a bhaineann leis an aistriú fuinnimh sa mheasúnú tionchair freisin (féach Caibidil 3.3). Go háirithe, tugadh chun suntais sa mheasúnú sin na dúshláin atá os comhair na réigiún ina n‑imreofar an tionchar is mó de dheasca a spleáchas ar tháirgeadh breosla sholadaigh agus de dheasca sciar ard na mbreoslaí soladacha ina meascán giniúna leictreachais. Is bonn cirt é an measúnú sin leis an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir a dhíriú ar na críocha is mó a bheidh faoi thionchar diúltach, mar atá molta, agus le sciartha náisiúnta a chur in áirithe go sealadach le haghaidh na comhpháirte deontais, mar atá molta, i gcomhréir leis an modheolaíocht arna moladh faoin gCiste um Aistriú Cóir.

Tacaíonn na hanailísí agus na gnéithe measúnaithe tionchair thuas le cuspóirí agus príomhghnéithe thríú colún an tSásra um Aistriú Cóir.

Tá raon feidhme na n‑earnálacha a bhfuiltear ag súil leis go mbainfidh siad tairbhe as tacaíocht infheistíochta an-mhór agus d’fhéadfadh sé na hinfheistíochtaí poiblí ar fad a thagann faoi inniúlachtaí na n‑eintiteas poiblí a chumhdach, lena bhféadfaí na nithe seo a leanas, mar shampla, a chumhdach: bonneagar fuinnimh agus iompair, líonraí téimh ceantair, iompar poiblí, bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena n‑áirítear athchóiriú foirgneamh, infheistíochtaí a thacóidh leis an aistriú go geilleagar ciorclach, athchóiriú agus dí‑éilliú talún, chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú, oiliúint agus bonneagar sóisialta. Déanfar na gníomhaíochtaí lena dtacófar a shainaithint ar shlí shaincheaptha, i bhfianaise na riachtanas forbartha sonrach a dtugtar mionsonraí fúthu i ngach plean críochach um aistriú cóir.

Gabhann doiciméad inmheánach oibre leis an togra seo, ina mionsonraítear an réasúnaíocht taobh thiar den tsaoráid a bhunú agus an chosaint dósan, chomh maith leis na sásraí atá beartaithe chun faireachán agus meastóireacht a dhéanamh ar na torthaí a thiocfaidh as.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

An buiséad iomlán atá molta le haghaidh chomhpháirt deontais na saoráide, is ionann é agus EUR 1.525 billiún. Tá sé beartaithe an méid sin a mhaoiniú go príomha le hioncam atá sannta ar fiú EUR 1.275 billiún é agus i bpáirt le leithreasuithe arna gclársceidealú faoin gCreat Airgeadais Ilbhliantúil (CAI) 2021-2027 ar fiú EUR 250 milliún iad.

D’eascródh EUR 1 billiún den ioncam foráilte atá sannta as barrachais mheasta sholáthar an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (CEIS), tar éis na céime ina gcuirfear le chéile é dar críoch 2022. Sa Rialachán maidir le CEIS leagtar amach ráta soláthair ráthaíocht an Aontais ar fiú EUR 26 bhilliún é ag 35 %, atá comhionann le EUR 9.1 billiún a choimeádfar i gciste ráthaíochta CEIS. Clársceidealaíodh comhdhéantús an tsoláthair thar 2015-2020 le haghaidh gealltanas agus thar 2016-2022 le haghaidh íocaíochtaí. Is é an 31 Nollaig 2020 deireadh na tréimhse infheistíochta dá bhforáiltear leis an Rialachán maidir le CEIS, agus maidir le conarthaí de chuid BEI agus an Chiste Eorpaigh Infheistíochta (CEI) le tairbhithe nó idirghabhálaithe airgeadais a shíniú, is é an 31 Nollaig 2022 deireadh na tréimhse sin. Leagadh amach ráta soláthair 35 % bunaithe ar mheastóireacht a rinne an Coimisiún i mí Mheán Fómhair 2016, lenar measadh cailliúintí féideartha de 33.4 %. Tá meastachán na gcailliúintí féideartha atá ann faoi láthair arna bhunú ar shonraí ó BEI agus CEI an 31 Nollaig 2019 níos ísle ná an céatadán sin. Baineann an céatadán níos ísle soláthair go príomha leis na himthosca seo a leanas:

·méid iomlán na nglaonna ráthaíochta, arb ionann é agus EUR 180,2 milliún sna chéad cheithre bliana, tá sé níos ísle ná na toimhdí coimeádacha a úsáideadh chun cailliúintí féideartha a mheas,

·tá na fíorchostais chistithe arna gcumhdach ag ráthaíocht an Aontais níos ísle go dtí seo ná mar a raibh coinne leis de bharr thimpeallacht fhabhrach na rátaí úis,

·tá an neamhchosaint ar an malairt eachtrach níos ísle ná mar a raibh coinne leis, de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe as an Aontas níos mó ná aon ní eile.

Sa chomhthéacs sin, foráiltear nach ndéanfadh ráthaíocht an Aontais EUR 1.17 billiún de sholáthar a thomhailt agus, mar sin, go bhféadfaí EUR 1 bhilliún a shannadh don tsaoráid atá molta. Tá sé beartaithe an t‑ioncam sin a shannadh ó 2023 i leith, nuair a bheidh punann CEIS sínithe ag BEI agus CEI agus nuair a bheidh sé indéanta meastachán níos cruinne a dhéanamh ar na cailliúintí féideartha. Idir an dá linn, ba cheart comhdhéantús an tsoláthair maidir le ráthaíocht an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha leanúint faoi mar a clársceidealaíodh ar dtús é, óir ní féidir réamhbhreithiúnas a dhéanamh ar an éabhlóid a thiocfaidh ar phunann CEIS sa todhchaí de bharr ráta íseal cailliúintí sna chéad cheithre bliana.

Maoineofar an t‑iarmhéid ar fiú EUR 525 milliún é go páirteach le hacmhainní ó bhuiséad an Aontais, méid arb ionann é agus EUR 250 milliún i bpraghsanna reatha. Beidh an togra san áireamh leis an gcaibidlíocht faoin gcéad CAI eile agus dá réir sin déanfar é a chomhtháthú i gcreat comhaontaithe fhoriomláin maidir leis an gcéad CAI eile.

Ar deireadh, maoineofar an togra le EUR 275 mhilliún den ioncam atá sannta ó na haisíocaíochtaí ó ionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir a shonraítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Tá sé beartaithe freisin go maoineofar EUR 1 bhilliún de sholáthar chlár InvestEU le hathshreabha ó na hionstraimí airgeadais céanna. Is ionann meastachán na n‑aisíocaíochtaí atá ann faoi láthair ó na hionstraimí airgeadais sin le haghaidh na tréimhse 2021-2032 agus EUR 2.1 billiún, as sócmhainní EUR 5.9 billiún atá beartaithe a bhaint amach faoin 31 Nollaig 2020, méid leordhóthanach chun riachtanais InvestEU agus an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí a chumhdach.

I gcomhréir le hAirteagal 21(6) agus Airteagal 22 den Rialachán Airgeadais, sna línte buiséid lena ndéantar freastal ar ioncam sannta na saoráide iasachta don earnáil phoiblí agus ar InvestEU, sonrófar meastachán ar an méid ioncaim le haghaidh na bliana atá le leithdháileadh ar an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí agus ar InvestEU faoi seach sna barúlacha ginearálta a áireofar sa dréachtbhuiséad bliantúil a mhol an Coimisiún.

Ón imchlúdach airgeadais le haghaidh na comhpháirte deontais, sannfar suas le EUR 25 mhilliún ón ioncam sannta do sheirbhísí comhairleacha chun tacú le tionscadail incháilithe agus chun iad a chur chun cinn.

5.EILIMINTÍ EILE

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

Is é a chuimsítear leis an gcreat dlíthiúil togra tiomnaithe le haghaidh Rialacháin faoin tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí agus leagtar béim leis ar na gnéithe seo a leanas:

·ábhar agus raon feidhme na saoráide a leagan amach;

·cuspóirí na saoráide a leagan amach;

·na hacmhainní buiséadacha agus an rochtain sheicheamhach ar sciartha leithdháilte náisiúnta arna gcomharthú go sealadach a mhionsonrú;

·an modh cur chun feidhme a leagan amach faoi bhainistíocht dhíreach;

·na coinníollacha incháilitheachta a leagan amach;

·na coinníollacha maidir le comhaontuithe deontais a fhoirceannadh a mhionsonrú;

·an cineál tacaíochta agus na rátaí deontais is infheidhme a chinneadh.

2020/0100 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe an tríú mír d'Airteagal 175 agus an chéad mhír d'Airteagal 322 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 7 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 8 ,

Ag féachaint don tuairim ón gCúirt Iniúchóirí,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir leis an gComhaontú Glas don Eoraip an 11 Nollaig 2019 9 , inar leagadh amach a threochlár i dtreo beartas fáis nua le haghaidh na hEorpa agus inar leagadh amach cuspóirí uaillmhianacha chun an tathrú aeráide a shárú agus chun an comhshaol a chosaint. I gcomhréir leis an gcuspóir neodracht aeráide a bhaint amach san Aontas faoi 2050 ar dhóigh éifeachtach agus chóir, fógraíodh sa Chomhaontú Glas don Eoraip go mbeadh Sásra um Aistriú Cóir ann, lena soláthrófaí bealaí chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán an chomhshaoil gan aon duine a fhágáil chun deiridh. Is iad na réigiúin agus na daoine is leochailí is mó a bhíonn neamhchosanta ar thionchar díobhálach an athraithe aeráide agus ar dhíghrádú an chomhshaoil. San am céanna, tá gá le hathruithe suntasacha struchtúracha chun an taistriú a bhainistiú.

(2)Ghlac an Coimisiún Teachtaireacht maidir le Plean Infheistíochta an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip 10 an 14 Eanáir 2020, lenar bunaíodh an Sásra um Aistriú Cóir atá dírithe ar na réigiúin agus ar na hearnálacha ina nimreoidh an taistriú an tionchar is mó mar gheall ar a spleáchas ar bhreoslaí iontaise, lena náirítear gual, móin agus sceall ola, nó ar phróisis thionsclaíocha atá dian ó thaobh gáis cheaptha teasa de, ach a bhfuil cumas níos lú acu na hinfheistíochtaí is gá a mhaoiniú. Tá na trí cholún seo a leanas sa Sásra um Aistriú Cóir: Ciste um Aistriú Cóir arna chur chun feidhme faoi bhainistíocht chomhroinnte, scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU, agus saoráid iasachta don earnáil phoiblí chun infheistíochtaí breise a fhorscaoileadh sna réigiúin lena mbaineann.

(3)Ghlac an Coimisiún an togra chun an Ciste um Aistriú Cóir a bhunú an 14 Eanáir 2020 11 . Chun clársceidealú agus cur chun feidhme an Chiste a fheabhsú, glacfar pleananna críochacha um aistriú cóir, ina leagfar amach príomhchéimeanna agus amlíne phróiseas an aistrithe agus ina sainaithneofar na críocha is mó a ndéanfaidh an taistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de difear diúltach dóibh agus a bhfuil inniúlacht níos lú acu dul i ngleic le dúshláin an aistrithe.

(4)Ba cheart saoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) a sholáthar. Is í an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir a bheidh inti, a thacóidh le heintitis san earnáil phoiblí a gcuid infheistíochtaí a dhéanamh. Ba cheart do na hinfheistíochtaí sin na riachtanais forbartha a eascraíonn as na dúshláin aistrithe a chomhlíonadh, dúshláin a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir faoi mar atá glactha ag an gCoimisiún. Ba cheart do na gníomhaíochtaí a bhfuiltear ag brath orthu le haghaidh tacaíochta a bheith comhsheasmhach agus comhlántach leo siúd lena dtacaítear faoin dá cholún eile den Sásra um Aistriú Cóir.

(5)Chun cur le héagsúlú eacnamaíoch na gcríoch a bhfuil tionchar ag an aistriú orthu, ba cheart raon leathan infheistíochtaí a chumhdach leis an tSaoráid, ar choinníoll go rannchuidíonn siad le riachtanais forbartha a chomhlíonadh san aistriú go geilleagar a bheidh neodrach ó thaobh na haeráide de, faoi mar a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir. Leis na hinfheistíochtaí a dtacófar leo féadfar na nithe seo a leanas a chumhdach: bonneagar fuinnimh agus iompair, líonraí téimh ceantair, soghluaisteacht ghlas, bainistiú dramhaíola cliste, fuinneamh glan agus bearta éifeachtúlachta fuinnimh, lena náireofar athchóiriú agus athnuachan foirgneamh, tacaíocht le haghaidh an aistrithe go geilleagar ciorclach, athchóiriú agus díéilliú talún, chomh maith le huas-sciliú agus athsciliú, oiliúint agus bonneagar sóisialta, lena náireofar tithíocht shóisialta. Féadfar réitigh as a dtagann athléimneacht feabhsaithe bonneagair in aghaidh tubaistí a áirithiú le forbairtí bonneagair freisin. Ba cheart tús áite a thabhairt do chur chuige infheistíochta cuimsitheach, go háirithe le haghaidh críocha a bhfuil riachtanais aistrithe thábhachtacha acu. D’fhéadfaí tacú le hinfheistíochtaí in earnálacha eile freisin dá mbeidís comhsheasmhach leis na pleananna críochacha um aistriú cóir a glacadh. Trí thacú le hinfheistíochtaí nach ngineann ioncam leordhóthanach, tá sé d'aidhm ag an tSaoráid na hacmhainní breise is gá a sholáthar d’eintitis san earnáil phoiblí, acmhainní chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as an gcoigeartú mar gheall ar aistriú aeráide. Chun cuidiú le hinfheistíochtaí le tionchar comhshaoil ard dearfach atá incháilithe faoin tSaoráid a aithint, féadfar úsáid a bhaint as tacsanomaíocht an Aontais maidir le gníomhaíochtaí eacnamaíocha atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de.

(6)Tá feidhm maidir leis an Rialachán seo ag rialacha airgeadais cothrománacha a ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle ar bhonn Airteagal 322 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh. Leagtar síos na rialacha sin sa Rialachán Airgeadais agus cinntear leo go háirithe an nós imeachta maidir leis an mbuiséad a bhunú agus a chur chun feidhme trí dheontais, soláthar, duaiseanna agus cur chun feidhme indíreach, agus déantar foráil leo maidir le seiceálacha ar an bhfreagracht atá ar oibreoirí airgeadais. Ina theannta sin, baineann na rialacha a ghlactar ar bhonn Airteagal 322 CFAE le buiséad an Aontais a chosaint i gcás easnaimh ghinearálaithe maidir le smacht reachta sna Ballstáit, ós rud é gur réamhchoinníoll riachtanach é urramú an smachta reachta i dtaca le bainistíocht fhónta airgeadais agus cistiú éifeachtach de chuid an Aontais.

(7)Ba cheart don tSaoráid tacaíocht a sholáthar i bhfoirm deontas arna gcur ar fáil ag an Aontas mar aon le hiasachtaí arna gcur ar fáil ag comhpháirtí airgeadais. Ba cheart imchlúdach airgeadais na comhpháirte deontais, arna chur chun feidhme ag an gCoimisiún, a bheith i bhfoirm maoinithe nach bhfuil nasctha le costais, i gcomhréir le hAirteagal 125 de Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (“an Rialachán Airgeadais”) 12 . Ba cheart an saghas sin maoinithe a bheith ina chuidiú le tionscnóirí tionscadail a spreagadh chun rannpháirtiú i gcuspóirí na Saoráide a bhaint amach agus chun cur leo i mbealach éifeachtúil i gcomparáid le méid na hiasachta. Ba cheart don Bhanc Eorpach Infheistíochta (“BEI”) an chomhpháirt iasachta a sholáthar. Féadfar an tSaoráid a leathnú freisin chun comhpháirtithe airgeadais eile a sholáthraíonn an chomhpháirt iasachta a chumhdach, i gcás ina gcuirtear acmhainní breise ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais nó i gcás ina bhfuil sí ag teastáil dá cur chun feidhme cuí.

(8)Táthar ag súil leis go ndéanfar EUR [250 000 000] den chomhpháirt deontais a mhaoiniú ó bhuiséad an Aontais i gcomhréir le [togra nua CAI] agus ba cheart é sin a bheith ina shuim phríomhthagartha, de réir bhrí phointe 17 den Chomhaontú Idirinstitiúideach an 2 Nollaig 2013 idir Parlaimint na hEorpa, an Chomhairle agus an Coimisiún maidir le smacht buiséadach, maidir le comhar i dtaca le hábhair bhuiséadacha agus maidir le bainistiú fónta airgeadais 13 , do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle le linn an nós imeachta bhuiséadaigh bhliantúil.

(9)Maoineofar EUR 275 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide le haisíocaíochtaí ó na hionstraimí airgeadais a bunaíodh leis na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo. Eascraíonn an tioncam sin as cláir a bhfuil deireadh curtha leo gan beann ar an tSaoráid, agus ba cheart é a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar Airteagal 21(3)(f) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE.

(10)Ba cheart EUR 1 000 000 000 de chomhpháirt deontais na Saoráide a mhaoiniú le barrachas ionchasach an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear freisin an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (“an Rialachán maidir le CEIS”) 14 . Mar sin, ba cheart maolú a dhéanamh ó phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, lena mbeartaítear oibleagáid maidir le haon bharrachas forálacha le haghaidh ráthaíocht buiséadach atá le cur ar ais sa bhuiséad, chun an barrachas sin a shannadh don tSaoráid. Ba cheart an tioncam sannta sin a mheas mar ioncam sannta seachtrach de mhaolú ar Airteagal 21(3)(f) den Rialachán Airgeadais ar bhonn Airteagal 322(1) CFAE.

(11)I gcomhréir le pointe (c) d’Airteagal 12(4) den Rialachán Airgeadais, ba cheart na leithreasuithe a chomhfhreagraíonn d’ioncam sannta seachtrach a thabhairt ar aghaidh go huathoibríoch chuig an gclár comhleanúnach nó chuig an ngníomhaíocht chomhleanúnach. Leis an bhforáil sin ceadaítear sceideal ilbhliantúil an ioncaim shannta a mheaitseáil le bealach cur chun feidhme na dtionscadal arna maoiniú ag an tSaoráid.

(12)Ba cheart acmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach a sholáthar freisin chun ullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal a chur chun cinn.

(13)Chun a áirithiú go dtabharfar an deis do gach Ballstát tairbhiú den chomhpháirt deontais, ba cheart sásra a bhunú chun sciartha náisiúnta comharthaithe atá le hurramú le linn na chéad chéime a bhunú, bunaithe ar an eochair leithdháilte atá beartaithe sa Rialachán maidir leis an gCiste um Aistriú Cóir. Chun an cuspóir sin a thabhairt chun réitigh leis an ngá le héifeacht eacnamaíoch na Saoráide agus cur chun feidhme na Saoráide a optamú, áfach, níor cheart na leithdháiltí náisiúnta sin a chomharthú go dtí tar éis an 31 Nollaig 2024. Ina dhiaidh sin, ba cheart na hacmhainní atá fágtha agus atá ar fáil le haghaidh na comhpháirte deontais a sholáthar gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais, agus san am céanna tuarthacht na hinfheistíochta a áirithiú agus cur chuige a bhunófar ar riachtanais chomh maith lena bheith ina chóineasú réigiúnach a leanúint.

(14)Ba cheart coinníollacha incháilitheachta sonracha agus critéir dhámhachtana sonracha a leagan amach sa chlár oibre agus sa ghlao ar thograí. Sna coinníollacha incháilitheachta agus sna critéir dhámhachtana sin ba cheart na nithe seo a leanas a chur san áireamh: ábharthacht an tionscadail i gcomhthéacs na riachtanas forbartha a dtugtar tuairisc orthu sna pleananna críochacha um aistriú cóir, an cuspóir foriomlán cóineasú réigiúnach agus críochach a chur chun cinn agus suntas na comhpháirte deontais maidir le hinmharthanacht an tionscadail. Níor cheart Tacaíocht ón Aontas arna bunú leis an Rialachán seo a bheith ar fáil ach do na Ballstáit a ghlac plean críochach amháin um aistriú cóir ar a laghad. Sa chlár oibre agus sna glaonna ar thograí cuirfear san áireamh freisin na pleananna críochacha um aistriú cóir a chuirfidh na Ballstáit isteach chun comhleanúnachas agus comhsheasmhacht a áirithiú thar cholúin dhifriúla an tSásra.

(15)Níor cheart tacaíocht a sholáthar faoin tSaoráid seo ach do thionscadail nach ngineann sreabh leordhóthanach ioncaim dhílis lena gceadófaí dóibh a bheith inmharthana ó thaobh airgeadais de agus maoiniú a fháil trí iasachtaí arna soláthar ar théarmaí an mhargaidh amháin. Gan aistrithe buiséadacha a chur san áireamh, ba cheart an tioncam dílis a bheith ag teacht leis an ioncam a ghintear go díreach trí na gníomhaíochtaí a dhéantar sa tionscadal, lena náirítear díolachán, táillí nó dolaí, agus mar choigilteas incriminteach a ghintear trí shócmhainní atá ann cheana a uasghrádú.

(16)Toisc gur cheart riachtanais forbartha éagsúla na réigiún ó Bhallstát go chéile a léiriú sa chomhpháirt deontais, ba cheart an tacaíocht sin a mhodhnú. Agus é á chur san áireamh gur gnách go mbíonn inniúlacht infheistíochta níos lú ag eintitis san earnáil phoiblí i réigiúin bheagfhorbartha, faoi mar a shainmhínítear in Airteagal 102(2) de Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna nua], ba cheart do na rátaí deontais a chuirtear i bhfeidhm ar iasachtaí a sholáthraítear do na heintitis sin a bheith níos airde i gcomparáid le réigiúin eile.

(17)Chun cur chun feidhme éifeachtach na Saoráide a áirithiú, féadfar gá a bheith ann le tacaíocht chomhairleach a sholáthar maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal. Ba cheart an tacaíocht sin a sholáthar trí Mhol Comhairleach InvestEU.

(18)Chun an cur chun feidhme a bhrostú agus chun a áirithiú go núsáidfear acmhainní go tráthúil, ba cheart coimircí sonracha atá le háireamh sna comhaontuithe deontais a leagan síos leis an Rialachán seo. I bhfianaise an chuspóra sin, ba cheart don Choimisiún, i gcomhréir le prionsabal na comhréireachta, a bheith ábalta aon tacaíocht ón Aontas a laghdú nó a fhoirceannadh i gcás ina mbíonn easpa tromchúiseach dul chun cinn maidir le cur chun feidhme an tionscadail. Leagtar síos rialacha maidir le cur chun feidhme bhuiséad an Aontais sa Rialachán Airgeadais. Chun comhleanúnachas a áirithiú agus cláir chistiúcháin an Aontais á gcur chun feidhme, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán Airgeadais maidir leis an gcomhpháirt deontais agus le hacmhainní le haghaidh tacaíocht chomhairleach faoin tSaoráid seo.

(19)I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2988/95 ón gComhairle, Rialachán (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE) 2017/1939 ón gComhairle, déanfar leasanna airgeadais an Aontais a chosaint le bearta comhréireacha, bearta lena náirítear neamhrialtachtaí a chosc, a bhrath, a cheartú agus a fhiosrú, lena náirítear an chalaois, cistí a cailleadh, a íocadh go mícheart nó a úsáideadh go mícheart a ghnóthú agus, i gcás inarb iomchuí, pionóis riaracháin a fhorchur. Go háirithe, i gcomhréir le Rialacháin (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 agus (AE, Euratom) Uimh. 883/2013, féadfaidh an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) imscrúduithe riaracháin a dhéanamh, lena náirítear seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair, d’fhonn a shuí ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais. I gcomhréir le Rialachán (AE) 2017/1939, féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) cionta in aghaidh leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear dó i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle. I gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais, ní mór d'aon duine nó d'aon eintiteas a fhaigheann cistí ón Aontas comhoibriú go hiomlán i gcosaint leasanna airgeadais an Aontais, agus na cearta agus an rochtain is gá a thabhairt don Choimisiún, do OLAF, do OIPE i dtaca leis na Ballstáit sin atá rannpháirteach sa chomhar feabhsaithe de bhun Rialachán (AE) 2017/1939 agus do Chúirt Iniúchóirí na hEorpa (CIE), agus ní mór dó a áirithiú go dtabharfaidh aon tríú páirtí a bheidh páirteach i gcur chun feidhme cistí de chuid an Aontais cearta coibhéiseacha.

(20)Chun eilimintí neamhriachtanacha áirithe den Rialachán seo a fhorlíonadh agus a leasú, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 CFAE a tharmligean chuig an gCoimisiún i ndáil le cúraimí áirithe breise a bhaineann le cur chun feidhme a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin chomh maith le heilimintí atá in Iarscríbhinn II a ghabhann leis an Rialachán seo a leasú i ndáil leis na heochairtháscairí feidhmíochta. Tá sé tábhachtach, go háirithe, gur féidir leis an gCoimisiún dul i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016. Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, faigheann Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile ag an am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus bíonn rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bhíonn ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

(21)Chun creat airgeadais iomchuí a leagan amach le haghaidh comhpháirt deontais na Saoráide seo go dtí an 31 Nollaig 2024, ba cheart cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh ar an gCoimisiún chun na leithdháiltí náisiúnta atá ar fáil a leagan amach, leithdháiltí a léirítear mar sciartha d’imchlúdach airgeadais foriomlán na Saoráide le haghaidh gach Ballstát i gcomhréir leis an modheolaíocht a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán [Rialachán CuAC]. Ba cheart na cumhachtaí cur chun feidhme a bhronnadh gan nós imeachta coiste óir eascraíonn na sciartha go díreach as modheolaíocht ríomha réamhshainithe a chur i bhfeidhm.

(22)Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an Rialacháin seo, eadhon infheistíochtaí poiblí a ghiaráil sna críocha is mó a mbeidh tionchar ag an aistriú go neodracht aeráide orthu trí aghaidh a thabhairt ar na riachtanais forbartha comhfhreagracha, a ghnóthú go leordhóthanach ina naonar. Is iad na príomhchúiseanna leis sin na deacrachtaí a bhíonn ag eintitis phoiblí tacú le hinfheistíochtaí nach ngineann sreabha leordhóthanacha ioncaim dhílis ná nach dtéann chun tairbhe na gcríoch is mó a bheidh faoi thionchar diúltach de dheasca an aistrithe aeráide, gan tacaíocht deontais ón Aontas, agus an gá le creat comhleanúnach cur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach. Ós rud é gur fearr is féidir na cuspóirí sin a ghnóthú ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta faoi mar a leagtar amach in Airteagal 5 CAE. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta faoi mar a leagtar amach é san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú,

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

CAIBIDIL I
FORÁLACHA GINEARÁLTA

Airteagal 1
Ábhar agus raon feidhme

Leis an Rialachán seo foráiltear don tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) i dtacaíocht le heintitis san earnáil phoiblí trí dheontais ó bhuiséad an Aontais a chónascadh le hiasachtaí a bhronn na comhpháirtithe airgeadais agus leagtar síos leis cuspóirí na Saoráide. Leagtar síos leis rialacha chomhpháirt deontais na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid seo agus na nithe seo a leanas á gcumhdach go sonrach: a buiséad le haghaidh na tréimhse 2021-2027, foirmeacha na tacaíochta ón Aontas agus forálacha maidir le hincháilitheacht.

Soláthrófar leis an tSaoráid tacaíocht a rachaidh chun sochair chríocha an Aontais a mbeidh orthu aghaidh a thabhairt ar dhúshláin thromchúiseacha shóisialta, chomhshaoil agus eacnamaíocha a eascróidh as próiseas aistrithe an Aontais chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de faoi 2050.

Airteagal 2
Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

1.ciallaíonn “comhaontú riaracháin” an ionstraim dlí lena mbunaítear an creat comhair idir an Coimisiún agus comhpháirtí airgeadais, creat lena leagtar amach na cúraimí agus na freagrachtaí sonracha maidir le cur chun feidhme na Saoráide i gcomhréir le forálacha an Rialacháin seo;

2.ciallaíonn “tairbhí” eintiteas dlítheanach san earnáil phoiblí a bunaíodh i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí, nó mar chomhlacht faoi rialú an dlí phríobháidigh ar cuireadh misean seirbhíse poiblí air, lenar síníodh comhaontú deontais faoin tSaoráid;

3.ciallaíonn “comhpháirtithe airgeadais” BEI, institiúidí idirnáisiúnta airgeadais eile, bainc náisiúnta le haghaidh spreagtha agus institiúidí airgeadais, lenar shínigh an Coimisiún comhaontú riaracháin chun oibriú i gcomhar laistigh den tSaoráid;

4.ciallaíonn “tionscadal” aon ghníomhaíocht atá sainaitheanta ag an gCoimisiún mar cheann incháilithe, atá neamhspleách ó thaobh airgeadais agus ar bhonn teicniúil de, a bhfuil cuspóir réamhshainithe leis agus lena mbaineann tréimhse shocraithe inar ghá é a chur chun feidhme agus chun críche;

5.ciallaíonn “plean críochach um aistriú cóir” plean a bunaíodh i gcomhréir le hAirteagal 7 den Rialachán [Rialachán CuAC] agus a d’fhormheas an Coimisiún;

6.ciallaíonn “scéim iasachta” iasacht a bhronn comhpháirtithe airgeadais ar thairbhí a bhfuil mar aidhm léi roinnt tionscadal réamhshainithe a mhaoiniú faoin tSaoráid.

Airteagal 3
Cuspóirí

1.Is é cuspóir ginearálta na Saoráide aghaidh a thabhairt ar dhúshláin shocheacnamaíocha thromchúiseacha a eascraíonn as próiseas an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de, agus é sin a dhéanamh chun tairbhe chríocha an Aontais a aithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir arna nullmhú ag na Ballstáit i gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán [Rialachán CuAC].

2.Beidh mar chuspóir sonrach ag an tSaoráid infheistíochtaí ón earnáil phoiblí a mhéadú, lena dtugtar aghaidh ar riachtanais forbartha na réigiún a aithnítear sna pleananna críochacha um aistriú cóir, trí mhaoiniú na dtionscadal nach ngineann sreabh leordhóthanach ioncaim dhílis agus nach maoineofaí gan gné na tacaíochta deontais ó bhuiséad an Aontais a éascú.

3.Agus iarracht á déanamh an cuspóir sonrach dá dtagraítear i mír 2 a bhaint amach, tá sé d'aidhm ag an Rialachán seo freisin tacaíocht chomhairleach a sholáthar maidir le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal incháilithe i gcás inar gá. Soláthrófar an tacaíocht chomhairleach sin i gcomhréir leis na rialacha agus modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mol Comhairleach InvestEU a bunaíodh le hAirteagal [20] de Rialachán [Rialachán InvestEU].

Airteagal 4
Buiséad

1.Gan dochar do na hacmhainní breise a leithdháileadh i mbuiséad an Aontais le haghaidh na tréimhse 2021-2027, maoineofar comhpháirt deontais na tacaíochta arna soláthar faoin tSaoráid seo ó na foinsí seo a leanas:

(a)acmhainní ó bhuiséad an Aontais, méid arb ionann é agus EUR 250 000 000 i bpraghsanna reatha, agus

(b)ioncam sannta dá dtagraítear i mír 2 suas le huasmhéid de EUR 1 275 000 000 i bpraghsanna reatha.

2.Soláthrófar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1(b) trí aisíocaíochtaí a eascraíonn as ionstraimí airgeadais a bunaíodh faoi na cláir a liostaítear in Iarscríbhinn I a ghabhann leis an Rialachán seo suas le huasmhéid arb ionann é agus EUR 275 000 000 agus ó bharrachas an tsoláthair le haghaidh ráthaíocht an Aontais arna bunú leis an Rialachán maidir le CEIS suas le huasmhéid de EUR 1 000 000 000.

3.Féadfar na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a chomhlánú le ranníocaíochtaí ó na Ballstáit, ó thríú tíortha agus ó chomhlachtaí nach bhfuil san Aontas. Ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní seo.

4.De mhaolú ar Airteagal 21(3)(f) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as na haisíocaíochtaí dá dtagraítear i mír 1(b). De mhaolú ó phointe (a) d’Airteagal 213(4) den Rialachán Airgeadais, ioncam sannta seachtrach de réir bhrí Airteagal 21(5) den Rialachán Airgeadais a bheidh sna hacmhainní a eascraíonn as barrachas soláthair CEIS dá dtagraítear i mír 1(b).

5.Féadfar méid suas le 2 % de na hacmhainní dá dtagraítear i mír 1 a úsáid le haghaidh cúnamh teicniúil agus riaracháin le haghaidh cur chun feidhme na Saoráide cosúil le gníomhaíochtaí ullmhúcháin, faireacháin, rialúcháin, iniúchta agus meastóireachta lena náirítear córais faisnéise chorparáideacha agus córais teicneolaíochta, chomh maith le caiteachas riaracháin agus táillí na gcomhpháirtithe airgeadais.

6.Acmhainní suas le méid arb ionann é agus EUR 25 000 000, acmhainní a áirítear iontu siúd dá dtagraítear i mír 1, soláthrófar iad le haghaidh na ngníomhaíochtaí a leagtar amach in Airteagal 3(3).

7.Féadfar gealltanais bhuiséadacha do ghníomhaíochtaí a mhairfidh níos faide ná bliain airgeadais amháin a mhiondealú ina dtráthchodanna bliantúla a íocfar thar thréimhse roinnt blianta.

CAIBIDIL II
TACAÍOCHT ÓN AONTAS

Airteagal 5
Foirmeacha tacaíochta ón Aontas agus modhanna cur chun feidhme

1.An tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid, is i bhfoirm deontas i gcomhréir le Teideal VIII den Rialachán Airgeadais a sholáthrófar í.

2.Cuirfear tacaíocht ón Aontas a sholáthrófar faoin tSaoráid chun feidhme trí bhainistíocht dhíreach i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais.

3.Féadfaidh an Coimisiún cumhachtaí cur chun feidhme maidir le cúraimí na tacaíochta ón Aontas a soláthraíodh faoin tSaoráid a tharmligean chuig gníomhaireachtaí feidhmiúcháin i gcomhréir le hAirteagal 69 den Rialachán Airgeadais d'fhonn bainistíocht agus éifeachtúlacht na Saoráide a bharrfheabhsú.

Airteagal 6
Infhaighteacht acmhainní

1.Na hacmhainní dá dtagraítear in Airteagal 4(1), tar éis soláthar a asbhaint le haghaidh caiteachas teicniúil agus riaracháin dá dtagraítear in Airteagal 4(5), úsáidfear iad chun tionscadail a mhaoiniú, i gcomhréir le míreanna 2 agus 3.

2.Maidir le deontais a dámhadh de bhun glaonna ar thograí a seoladh tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2024, ní rachaidh tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe thar na sciartha náisiúnta a leagtar amach sa chinneadh atá le glacadh ag an gCoimisiún de bhun mhír 4.

3.Maidir le deontais a dámhadh de bhun glaonna ar thograí a seoladh amhail ón 1 Eanáir 2025, soláthrófar tacaíocht ón Aontas arna dámhachtain ar thionscadail incháilithe gan aon sciar náisiúnta a leithdháileadh roimh ré agus ar bhonn iomaíoch ar leibhéal an Aontais go dtí go nídeofar na hacmhainní atá fágtha. Le dámhachtain na ndeontas sin cuirfear san áireamh an gá le hintuarthacht infheistíochta agus le cur chun cinn an chóineasaithe réigiúnaigh a áirithiú.

4.Glacfaidh an Coimisiún cinneadh trí bhíthin gníomh cur chun feidhme lena leagfar amach a chuid sciartha féin le haghaidh gach Ballstát a eascraíonn as cur chun feidhme na modheolaíochta a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán [Rialachán CuAC] i bhfoirm céatadán de na hacmhainní iomlána atá ar fáil.

Airteagal 7
Comhaontuithe riaracháin le comhpháirtithe airgeadais

Síneoidh an Coimisiún agus an comhpháirtí airgeadais comhaontú riaracháin roimh chur chun feidhme na Saoráide leis an gcomhpháirtí airgeadais sin. Sa chomhaontú leagfar amach cearta sonracha agus oibleagáidí gach páirtí sa chomhaontú, lena n‑áirítear socruithe iniúchta agus cumarsáide.

CAIBIDIL III
INCHÁILITHEACHT

Airteagal 8
Tionscadail incháilithe

Is iad na tionscadail a rannchuidíonn leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3 agus a chomhlíonann na coinníollacha ar fad a leagtar amach thíos, agus na tionscadail sin amháin, a bheidh incháilithe le haghaidh tacaíochta ón Aontas faoin tSaoráid:

(a)bíonn tionchar intomhaiste ag na tionscadail maidir le haghaidh a thabhairt ar dúshláin thromchúiseacha shóisialta, eacnamaíocha agus chomhshaoil a eascraíonn as próiseas an aistrithe chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de agus rachaidh siad chun tairbhe na gcríoch a aithnítear i bplean críochach um aistriú cóir, fiú mura bhfuil siad lonnaithe sna críocha sin;

(b)ní fhaigheann na tionscadail tacaíocht faoi aon chlár eile de chuid an Aontais;

(c)faigheann na tionscadail iasacht ón gcomhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid; agus

(d)ní ghineann na tionscadail sreabh leordhóthanach ioncaim dhílis a d'fhágfadh go bhféadfaí iad a mhaoiniú gan tacaíocht ón Aontas.

Airteagal 9
Daoine agus eintitis incháilithe

D'ainneoin na gcritéar a leagtar amach in Airteagal 197 den Rialachán Airgeadais, is iad na heintitis dhlíthiúla san earnáil phoiblí a bunaíodh i mBallstát mar chomhlacht dlí phoiblí nó mar chomhlacht faoi rialú an dlí phríobháidigh ar cuireadh misean seirbhíse poiblí air, agus iadsan amháin, atá incháilithe le hiarratas a dhéanamh mar thairbhithe féideartha faoin Rialachán seo.

CAIBIDIL IV
DEONTAIS

Airteagal 10
Deontais

1.Beidh deontais i bhfoirm maoiniúcháin nach mbeidh bainteach le costais, i gcomhréir le hAirteagal 125(1)(a) den Rialachán Airgeadais.

2.Ní bheidh méid an deontais níos mó ná 15 % de mhéid na hiasachta a sholáthair an comhpháirtí airgeadais faoin tSaoráid seo. Maidir le tionscadail lonnaithe i gcríocha NUTS leibhéal 2 a bhfuil olltáirgeacht intíre per capita acu nach mó í ná 75 % de mheán-olltáirgeacht intíre san AE-27 dá dtagraítear in Airteagal [102(2)] de Rialachán [Rialachán na bhForálacha Coiteanna nua], ní bheidh méid an deontais níos mó ná 20 % de mhéid na hiasachta a sholáthair an comhpháirtí airgeadais.

3.Féadfar íocaíochtaí deontais arna dhámhachtain a roinnt ina thráthchodanna éagsúla nasctha le dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme faoi mar a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

Airteagal 11
Na deontais a laghdú nó a fhoirceannadh

1.Chomh maith leis na forais a shonraítear in Airteagal 131(4) den Rialachán Airgeadais agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfar méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh mura síneofar laistigh de dhá bhliain ó dháta sínithe an chonartha deontais conradh an tsoláthair, an conradh oibreacha nó an conradh seirbhísí is suntasaí go heacnamaíoch, i gcásanna ina bhfuil sé beartaithe an conradh sin a thabhairt i gcrích de bhun an chomhaontaithe deontais.

2.Nuair a dhéantar tacaíocht ón Aontas a chomhcheangal le scéimeanna iasachta agus nuair nach bhfuil conarthaí soláthair, oibreacha ná seirbhíse beartaithe, ní bheidh feidhm ag mír 1.

Sna cásanna sin agus tar éis dul i gcomhairle leis an gcomhpháirtí airgeadais, féadfar méid an deontais a laghdú nó an comhaontú deontais a fhoirceannadh, agus féadfar aon mhéid gaolmhar a théarnamh, i gcomhréir leis na coinníollacha a leagtar amach sa chomhaontú deontais.

CAIBIDIL V
SEIRBHÍSÍ UM THACAÍOCHT CHOMHAIRLEACH

Airteagal 12
Seirbhísí um thacaíocht chomhairleach

1.Faoin Rialachán seo cuirfear tacaíocht chomhairleach chun feidhme le bainistiú indíreach, i gcomhréir leis na rialacha agus modhanna cur chun feidhme le haghaidh Mol Comhairleach InvestEU a bunaíodh le hAirteagal [20] de Rialachán [Rialachán InvestEU].

2.Beidh gníomhaíochtaí a theastaíonn chun tacú le hullmhú, forbairt agus cur chun feidhme tionscadal incháilithe le haghaidh tacaíocht chomhairleach.

CAIBIDIL VI
CLÁREAGRÚ, FAIREACHÁN, MEASTÓIREACHT AGUS RIALÚ

Airteagal 13
Cláir oibre

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme le cláir oibre arna mbunú i gcomhréir le hAirteagal 110 den Rialachán Airgeadais. Sna cláir oibre leagfar amach sciartha náisiúnta na n‑acmhainní, lena n‑áirítear aon acmhainn bhreise, le haghaidh gach Ballstát i gcomhréir le hAirteagal 4(1) agus Airteagal 6(2) den Rialachán seo.

Airteagal 14
Faireachán agus tuairisciú

1.In Iarscríbhinn II leagtar síos eochairtháscairí feidhmíochta chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus dul chun cinn na Saoráide maidir leis na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach.

2.Leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta, áiritheofar go mbaileofar na sonraí maidir leis na táscairí dá dtagraítear i mír 1 ar dhóigh atá éifeachtúil, éifeachtach agus tráthúil. I gcomhar le comhpháirtithe airgeadais, soláthróidh tairbhithe na sonraí maidir leis na táscairí sin don Choimisiún.

3.Cumhachtófar don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 17 chun Iarscríbhinn II a leasú trí na táscairí dá dtagraítear i mír 1 a mhodhnú.

Airteagal 15
Meastóireacht

1.Déanfar meastóireacht ar chur chun feidhme na Saoráide agus ar a hinniúlacht na cuspóirí a leagtar amach in Airteagal 3 a bhaint amach go leorthráthúil le leas a bhaint aisti mar chuid den phróiseas cinnteoireachta.

2.Déanfar an mheastóireacht eatramhach ar an tSaoráid faoin 30 Meitheamh 2025, nuair atáthar ag súil leis go mbeidh faisnéis leordhóthanach ar fáil maidir le cur chun feidhme na Saoráide. Sa mheastóireacht léireofar go háirithe conas a chuidigh an tacaíocht ón Aontas a soláthraíodh faoin tSaoráid le haghaidh a thabhairt ar riachtanais na gcríoch a chuireann na pleananna críochacha um aistriú cóir chun feidhme.

3.Ag deireadh na tréimhse cur chun feidhme agus tráth nach déanaí ná an 31 Nollaig 2031, bunófar tuarascáil mheastóireachta chríochnaitheach ar thorthaí agus tionchar fadtéarmach na Saoráide.

Airteagal 16
Iniúchtaí

1.Iniúchtaí ar úsáid na tacaíochta ón Aontas arna soláthar faoin tSaoráid arna ndéanamh ag daoine nó eintitis, lena náirítear daoine nó eintitis seachas iad sin a dtug institiúidí nó comhlachtaí de chuid an Aontais sainordú dóibh, is iad sin a bheidh mar bhonn leis an gcinnteacht fhoriomlán de bhun Airteagal 127 den Rialachán Airgeadais.

2.Gach doiciméad atá ar fáil agus is gá le go ndéanfadh an dá údarás sin a gcuid dualgas, soláthróidh na comhpháirtithe airgeadais iad don Choimisiún agus d’aon iniúchóir ainmnithe.

Airteagal 17
An tarmligean a fheidhmiú

1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 14 a thabhairt don Choimisiún go dtí an 31 Nollaig 2028.

3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 14 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana féin.

4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle ina leith an tráth céanna.

CAIBIDIL VII
FORÁLACHA IDIRTHRÉIMHSEACHA AGUS FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

Airteagal 18
Faisnéis, cumarsáid agus poiblíocht

1.Áiritheoidh na tairbhithe agus na comhpháirtithe airgeadais infheictheacht na tacaíochta ón Aontas a soláthraíodh faoin tSaoráid, go háirithe agus na tionscadail agus a gcuid torthaí á gcur chun cinn, trí fhaisnéis spriocdhírithe a sholáthar do shainghrúpaí éagsúla, lena náirítear na meáin agus an pobal.

2.Cuirfidh an Coimisiún gníomhaíochtaí faisnéise agus cumarsáide a bhaineann leis an tSaoráid, na tionscadail mhaoinithe agus a gcuid torthaí chun feidhme. Leis na hacmhainní airgeadais arna leithdháileadh ar an tSaoráid, rannchuideofar le cumarsáid chorparáideach thosaíochtaí polaitiúla an Aontais freisin, a fhad a bhaineann siad leis na cuspóirí dá dtagraítear in Airteagal 3.

Airteagal 19
Forálacha idirthréimhseacha
 

I gcás inar gá, féadfar leithreasuithe a chur isteach sa bhuiséad i ndiaidh 2027 chun íocaíocht thráthchodanna na tacaíochta deontais ón Aontas a chumhdach, dá bhforáiltear i gcomhréir le hAirteagal 6(2), agus chun go mbeifear in ann na bearta nár críochnaíodh faoin 31 Nollaig 2027 a bhainistiú.

Airteagal 20
Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an […] [fichiú] lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

RÁITEAS AIRGEADAIS REACHTACH

1.LEAGAN AMACH AN TOGRA/TIONSCNAIMH

1.1.Teideal an togra/tionscnaimh

Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

1.2.Réimsí beartais lena mbaineann (Cnuasach clár)

An Comhshaol agus Gníomhú ar son na hAeráide ag fanacht ar fhormheas ar thograí CAI

1.3.Baineann an togra/tionscnamh le:

X beart nua 

 beart nua a leanann treoirthionscadal/réamhbheart 15  

 síneadh ar bheart atá ann cheana 

 beart nó bearta a chumasc nó a atreorú i dtreo beart eile/beart nua 

1.4.Forais an togra/tionscnaimh

1.4.1.Na ceanglais is gá a chomhlíonadh sa ghearrthéarma nó san fhadtéarma, lena náirítear amlíne mhionsonraithe maidir le cur chun feidhme céimneach an tionscnaimh.

An dara leath de 2020 – Glacadh an Rialacháin

Ag tosú ó 2020 – Na pleananna críochacha um aistriú cóir a ullmhú sna Ballstáit

An chéad leath de 2021 – Síniú an chomhaontaithe riaracháin leis an mBanc Eorpach Infheistíochta

An chéad leath de 2021 – An clár oibre ilbhliantúil a ghlacadh mar ghníomh cur chun feidhme

An dara leath de 2021 – Seoladh na chéad ghlaonna ar thionscadail

1.4.2.Breisluach a bhaineann le rannpháirteachas an Aontais (d’fhéadfadh an breisluach a bheith ann mar thoradh ar fhachtóirí éagsúla, e.g. gnóthachain de thoradh comhordú, deimhneacht dhlíthiúil, éifeachtacht mhéadaithe nó comhlántachtaí). Chun críocha an phointe seo, is é a chiallaíonn “breisluach a bhaineann le rannpháirteachas AE” an luach a thagann as idirghabháil an Aontais ar luach é atá sa bhreis ar an luach a bheadh ann dá mbeadh na Ballstáit ag feidhmiú leo féin.

Tá réasúnú le gníomhaíocht ón Aontas maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí (“an tSaoráid”) ar fhorais na gcuspóirí a leagtar síos in Airteagal 174 CFAE ina sonraítear go dtabharfar aird faoi leith ar limistéir a bhfuil an t‑aistriú tionsclaíoch ag dul dóibh, agus réigiúin a bhfuil míbhuntáistí móra buana acu.

Is dúshlán le haghaidh na mBallstát uile é an t‑aistriú chuig geilleagar atá neodrach ó thaobh na haeráide de. Beidh sé níos dúshlánaí fós do na Ballstáit sin atá ag brath go mór ar bhreoslaí iontaise nó ar thionscail ar mór a lorg carbóin, a bheidh céimnithe amach nó a mbeidh tionchar an-mhór ag an aistriú orthu agus nach bhfuil na hacmhainní airgeadais acu chun iad féin a oiriúnú chun neodracht ó thaobh na haeráide de a bhaint amach. Cuidíonn an tSaoráid an dúshlán aistrithe a shárú sna críocha is mó a ndearnadh difear dóibh, trí thacú le hinfheistíochtaí san earnáil phoiblí le coinníollacha cistithe fabhracha.

1.4.3.Ceachtanna a foghlaimíodh ó thaithí eile den sórt sin san am a chuaigh thart

Neamhbhainteach

1.4.4.Comhoiriúnacht d'ionstraimí iomchuí eile agus sineirgíocht a d'fhéadfadh a bheith ann

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme i sineirgíocht agus i gcomhlántacht le colúin eile an tSásra um Aistriú Cóir, amhail an Ciste um Aistriú Cóir (an chéad cholún) agus an scéim um aistriú cóir faoi chlár InvestEU (an dara colún).

Tá raon feidhme thacaíocht an Chiste um Aistriú Cóir teoranta d’infheistíochtaí lena ndéantar costais shóisialta agus eacnamaíocha an aistrithe aeráide le haghaidh na gcríoch sainaitheanta a mhaolú. Leagtar béim leis ar éagsúlú eacnamaíoch na gcríoch sin agus ar athsciliú, cúnamh chun post a chuardach agus cuimsiú sa mhargadh saothair le haghaidh na n‑oibrithe lena mbaineann trí dheontais, go háirithe. Leis an dara agus an tríú colún den Sásra um Aistriú Cóir beifear ábalta tacú le raon níos leithne infheistíochtaí ó pheirspictíocht earnála agus gheografach araon chun gníomhaíochtaí agus cuspóirí an Chiste um Aistriú Cóir a dhaingniú. Mar sin beidh cumhdach níos leithne ar na riachtanais forbartha indéanta.

Beidh an tacaíocht faoin tSaoráid comhlántach leis na táirgí airgeadais arna dtairiscint faoin scéim thiomnaithe um aistriú cóir faoi InvestEU freisin. Cé go dtacódh an scéim sin le hinfheistíochtaí atá inmharthana ó thaobh na heacnamaíochta de, beidh an tSaoráid dírithe ar infheistíochtaí a bhfuil ioncam neamhdhóthanach acu le maoiniú a fháil gan an chomhpháirt deontais.

1.5.Fad agus tionchar airgeadais

 tréimhse theoranta

   i bhfeidhm ón [LL/MM]BBBB go dtí an [LL/MM]BBBB

X    Tionchar airgeadais ó 2021 go 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair gealltanas agus ó 2021 go dtí tar éis 2027 le haghaidh leithreasuithe faoi chomhair íocaíochtaí.

 tréimhse neamhtheoranta

Cuirfear chun feidhme é le linn na tréimhse tosaigh BBBB go BBBB,

agus cuirfear ag feidhmiú go hiomlán ina dhiaidh sin é.

1.6.Modhanna bainistíochta atá beartaithe 16  

X Bainistíocht dhíreach a dhéanann an Coimisiún

X ina ranna;

X    trí ghníomhaireacht feidhmiúcháin (féach thíos).

 Bainistíocht atá comhroinnte leis na Ballstáit

 Bainistíocht indíreach trí chúraimí a bhaineann le cur chun feidhme an bhuiséid a shannadh dóibh seo a leanas:

tríú tíortha nó na comhlachtaí a d'ainmnigh siad;

eagraíochtaí idirnáisiúnta agus a ngníomhaireachtaí (tabhair sonraí);

BEI agus an Ciste Eorpach Infheistíochta;

comhlachtaí dá dtagraítear in Airteagal 70 agus Airteagal 71 den Rialachán Airgeadais;

comhlachtaí dlí phoiblí;

comhlachtaí arna rialú ag an dlí príobháideach agus a bhfuil misean seirbhíse poiblí acu sa mhéid go gcuireann siad ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais ar fáil;

comhlachtaí arna rialú ag dlí príobháideach Ballstáit, a gcuirtear de chúram orthu comhpháirtíochtaí príobháideacha poiblí a chur chun feidhme, agus a sholáthraíonn ráthaíochtaí leordhóthanacha airgeadais;

daoine a gcuirtear de chúram orthu bearta sonracha a chur chun feidhme in CBES de bhun Theideal V de CAE, ar daoine iad a aithnítear sa bhunghníomh ábhartha.

I gcás ina sonraítear níos mó ná modh bainistíochta amháin, tabhair sonraí sa roinn "Nótaí" le do thoil.

Nótaí

Ag brath ar an toradh a bheidh ar mheasúnú costais is tairbhe amach anseo, d’fhéadfaí an chuid is mó de chur chun feidhme an bhuiséid a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, agus sa chás sin ní dhéanfadh ranna an Choimisiúin ach measúnú na nglaonna a bhainistiú go díreach.

2.BEARTA BAINISTÍOCHTA

2.1.Rialacha faireacháin agus tuairiscithe

Sonraigh minicíocht na mbeart agus na coinníollacha atá leo

Beidh an tSaoráid faoi réir meastóireacht mheántéarma, faoin 30 Meitheamh 2025, chun measúnú a dhéanamh ar a héifeachtúlacht, a héifeachtacht, a hábharthacht agus a comhleanúnachas agus chun an chaoi a mbeidh tacaíocht ón Aontas tar éis cuidiú le haghaidh a thabhairt ar riachtanais forbartha na gcríoch lena mbaineann an t‑aistriú cóir.

Áiritheofar leis an gcóras tuairiscithe feidhmíochta go mbaileofar na sonraí is gá chun faireachán a dhéanamh ar chur chun feidhme agus torthaí, agus go mbaileofar iad ar dhóigh atá éifeachtúil éifeachtach tráthúil. Chuige sin, forchuirfear ceanglais chomhréireacha tuairiscithe ar na tairbhithe de chomhpháirt deontais na Saoráide.

Beidh an tuairisciú sin dírithe ar íocaíocht amach leithreasuithe roinnte na comhpháirte deontais a phleanáil freisin, arna nascadh le dul chun cinn atá déanta maidir le cur chun feidhme, i gcomhréir le módúlachtaí a dtugtar mionsonraí orthu sna comhaontuithe deontais.

2.2.Córais bhainistíochta agus rialaithe

2.2.1.An bonn cirt atá leis na modhanna bainistíochta, le sásraí cur chun feidhme an mhaoinithe, leis na coinníollacha íocaíochta agus leis an straitéis rialaithe atá beartaithe

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach. D’fhéadfaí í a tharmligean chuig gníomhaireacht feidhmiúcháin, ag brath ar an toradh a bheidh ar mheasúnú costais is tairbhe agus cinntí gaolmhara a ghlacfar, d’fhonn píblíne láidir na dtionscadal a áirithiú.

Cuirfear an tSaoráid chun feidhme le teaglaim deontas, arna ndámhachtain ar thairbhithe a mbeidh ina n‑iasachtaithe de chuid na comhpháirte iasachta freisin, le hiasachtaí aonair nó creatiasachtaí.

Bunófar an straitéis rialaithe dá réir agus díreoidh an straitéis sin ar thrí chéim thábhachtacha de chur chun feidhme na ndeontas, i gcomhréir leis an Rialachán Airgeadais:

- glaonna a eagrú agus tograí a roghnú a oireann do chuspóirí beartais na Saoráide;

- rialú oibríochtaí, faireacháin agus ex ante a chumhdaíonn cur chun feidhme tionscadal, soláthar poiblí, réamh-mhaoiniú, íocaíochtaí eatramhacha, íocaíochtaí críochnaitheacha agus araile;

- rialú ex post ar thionscadail agus ar íocaíochtaí.

2.2.2.Faisnéis faoi na rioscaí a aithníodh agus na córais rialaithe inmheánacha a cuireadh ar bun chun na rioscaí a mhaolú

Is iad seo a leanas na rioscaí a sainaithníodh:

- moill ar iarratais a chur isteach, go háirithe maidir le creatiasachtaí;

- moill ar chur chun feidhme na dtionscadal;

- earráidí a d’fhéadfadh a bheith i gcistí an Aontais nó drochbhainistiú na gcistí sin.

Déanfar na bearta seo a leanas chun aghaidh a thabhairt ar na rioscaí sin:

- rannpháirteachas luath na bpáirtithe leasmhara agus ullmhúchán na bpleananna críochacha um aistriú cóir;

- tacaíocht chomhairleach maidir le hullmhúchán tionscadal, ar bhonn an éilimh;

- optamú ullmhúchán na nglaonna ar thionscadail;

- solúbthacht bhuiséadach iomchuí, maidir le híocaíocht amach thráthchodanna roinnte na tacaíochta deontais go háirithe;

- an deis comhaontuithe deontais a fhoirceannadh agus méideanna na tacaíochta deontais a laghdú i gcás nach mbíonn cur chun feidhme, feidhmíocht ná luas na dtionscadal sásúil.

Mar thacaíocht do na rialuithe sin, déanfar measúnú riosca ón mbonn aníos gach bliain, déanfar measúnú córasach ar an gcreat rialaithe, déanfar tuairisciú cuí ar dhiallais (clár na n‑eisceachtaí agus na gcásanna neamhchomhlíontachta) agus déanfar bearta ceartaitheacha maidir leis na moltaí a eiseoidh an tSeirbhís Iniúchóireachta Inmheánaí, Cúirt Eorpach na nIniúchóirí nó an tÚdarás um Urscaoileadh.

2.2.3.Meastachán ar chost-éifeachtúlacht na rialuithe agus an bonn cirt atá leis sin (cóimheas “costais rialaithe ÷ luach na gcistí gaolmhara arna mbainistiú”) agus measúnú ar an leibhéal riosca earráide a mheastar a bheidh ann (tráth an íocaíocht a dhéanamh agus tráth an clár a dhúnadh)

Na costais agus na tairbhí a bhaineann le rialuithe

Má ghlactar leis go ndéanfaidh an Coimisiún bainistiú ar an tSaoráid, d’fhéadfadh costas an rialaithe a bheith níos lú ná 0.5 % de na leithreasuithe íocaíochta.

Is iad seo a leanas tairbhí na rialuithe:

- déantar roghnú tograí níos laige nó tograí easpacha a sheachaint;

- déantar pleanáil agus úsáid chistí an Aontais a bharrfheabhsú le nach mbainfear den bhreisluach AE;

- áirithítear cáilíocht na gcomhaontuithe, agus earráidí á seachaint i sainaithint na n‑eintiteas dlíthiúil atá ina dtairbhithe;

- déantar earráidí a dhéanann difear do dhlíthiúlacht agus do rialtacht na n‑oibríochtaí a bhrath ag céim na hiniúchóireachta.

An leibhéal earráide a mheastar:

- óir is ionstraim nua atá sa tSaoráid, ní féidir an ráta earráide a mheas i gceart;

- maidir le cláir eile den sórt sin arna gcur chun feidhme faoi bhainistíocht dhíreach, áfach, d’fhéadfadh an earráid mheasta iarmharach a bheith sa raon 1-2 %.

2.3.Bearta chun calaois agus neamhrialtachtaí a chosc

Sonraigh na bearta coisctheacha agus cosanta atá ann cheana nó atá beartaithe, e.g. ón Straitéis Frithchalaoise.

Tá Ard-Stiúrthóireacht an Choimisiúin atá freagrach as na deontais faoin Rialachán seo tiomanta do leasanna airgeadais an Aontais a chosaint i gcomhréir le “Straitéis Frithchalaoise an Choimisiúin: gníomhaíocht fheabhsaithe chun buiséad an Aontais a chosaint” COM(2019) 196 final an 29 Aibreán 2019. Cuimsíonn na bearta frithchalaoise, go háirithe, bearta coisctheacha a chur i bhfeidhm maidir leis an gcalaois, leis an éilliú agus le haon ghníomhaíocht mhídhleathach eile; seiceálacha éifeachtacha; gnóthú méideanna a íocadh go míchuí agus, má bhraitear neamhrialtachtaí, pionóis éifeachtacha, chomhréireacha agus athchomhairleacha a ghearradh, i gcomhréir le Rialacháin (CE, Euratom) Uimh. 2988/95 agus (Euratom, CE) Uimh. 2185/96 ón gComhairle agus Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

Áiritheoidh seirbhísí an Choimisiúin go n‑úsáidfear a gcur chuige maidir le bainistíocht rioscaí calaoise chun réimsí a aithint ina bhfuil baol ard, agus cuirfear san áireamh measúnú costais is tairbhe a bheidh sonrach don earnáil agus an obair atá déanta ag an Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) maidir le cosc ar chalaois agus anailís riosca.

Beidh na conarthaí deontais agus soláthair a thabharfaidh na hArd-Stiúrthóireachtaí cur chun feidhme i gcrích bunaithe ar mhúnlaí caighdeánacha ina leagfar amach na gnáthbhearta frithchalaoise is infheidhme, lena n‑áirítear an chumhacht iniúchóireachta, seiceálacha ar an láthair agus na cigireachtaí a luaitear thuas. Beidh cumhacht iniúchóireachta ag an gCoimisiún nó ag a ionadaithe agus ag an gCúirt Iniúchóirí, bunaithe ar dhoiciméid agus ar sheiceálacha agus ar chigireachtaí ar an láthair, i ndáil le gach tairbhí deontais, conraitheoir agus fochonraitheoir a bhfuil cistí faighte aige ón Aontas.

Údarófar don Oifig Eorpach Frith-Chalaoise (OLAF) seiceálacha agus cigireachtaí ar an láthair a dhéanamh ar oibreoirí eacnamaíocha a bhaineann go díreach nó go hindíreach leis an gcistiú sin i gcomhréir leis na nósanna imeachta a leagtar síos i Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 883/2013 d'fhonn a shuí cibé ar tharla calaois, éilliú nó aon ghníomhaíocht neamhdhleathach eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais Eorpaigh i ndáil le comhaontú nó cinneadh maidir le deontas a thabhairt nó i dtaca le conradh a bhaineann le cistiú ón Aontas. Féadfaidh Oifig an Ionchúisitheora Phoiblí Eorpaigh (OIPE) calaois agus cionta coiriúla eile a dhéanann difear do leasanna airgeadais an Aontais a imscrúdú agus a ionchúiseamh, de réir mar a fhoráiltear i dTreoir (AE) 2017/1371 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

3.AN TIONCHAR AIRGEADAIS A MHEASTAR A BHEIDH AG AN TOGRA/TIONSCNAMH

3.1.Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil agus na línte buiséid nua atá beartaithe

Ceannteideal an chreata airgeadais ilbhliantúil

Líne buiséid

Type of
caiteachais

Ranníocaíocht

LD/LN 17 .

ó thíortha de chuid CSTE 18

ó thíortha is iarrthóirí 19

ó thríú tíortha

de réir bhrí Airteagal [21(2)(b)] den Rialachán Airgeadais

03. Acmhainní nádúrtha agus an comhshaol

XX.YY.01 [An Sásra um Aistriú Cóir - An tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí]

LD

Níl

Níl

Níl

Níl

XX.YY.01 [An Sásra um Aistriú Cóir - Tacaíocht le haghaidh na Saoráide Iasachta don Earnáil Phoiblí]

LN

Níl

Níl

Níl

Níl

3.2.An tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

3.2.1.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ag an togra ar chaiteachas

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

3.

“Acmhainní Nádúrtha agus an Comhshaol”

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (de réir na línte buiséid a liostaítear faoi 3.1)

Gealltanais

(1)

0

0

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

250.000

Íocaíochtaí

(2)

0

0

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

250.000

IOMLÁN leithreasuithe d’imchlúdach an chláir

Gealltanais

=1+3

0

0

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

250.000

Íocaíochtaí

=2+3

0

0

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

-

250.000

Maoineofar EUR 250 000 000 den imchlúdach airgeadais le haghaidh na saoráide iasachta poiblí faoin Sásra um Aistriú Comhair faoi cheannteideal 3 de Chreat Airgeadais Ilbhliantúil 2021-2027.

Maoineofar an phríomhchuid d’imchlúdach airgeadais na saoráide, i.e. an tráinse de EUR 1 275 000 000 atá fágtha, as ioncam sannta seachtrach a eascraíonn as barrachais mheasta sholáthar an Chiste Eorpaigh le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha agus as aisíocaíochtaí ó ionstraimí airgeadais. As seo féadfar suas le EUR 25 000 000 a thiomnú do thacaíocht a thabhairt do na gníomhaíochtaí dá dtagraítear faoi Airteagal 3(3) (tacaíocht chomhairleach) agus tiomnófar EUR 29 700 000 do chaiteachas riaracháin, lena n‑áirítear costais foirne seachtraí.

Is é seo a leanas an miondealú táscach ar an gcaiteachas (gealltanais agus íocaíochtaí), lena n‑áirítear maoiniú as ioncam sannta seachtrach:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Iomlán

9.100

9.100

600.000

502.000

201.600

101.600

101.600

1 525.000

As sin, leithreasuithe faoi chomhair caiteachas riaracháin

4.100

4.100

4.100

4.100

4.100

4.600

4.600

29.700



Ceannteideal an chreata airgeadais
ilbhliantúil:

7.

“Caiteachas riaracháin”

Chun an chuid seo a líonadh isteach, ba cheart na “sonraí buiséid de chineál riaracháin” a úsáid arna n‑iontráil ar dtús san Iarscríbhinn a ghabhann leis an Ráiteas Airgeadais Reachtach , a uaslódáiltear chuig DECIDE chun críocha comhairliúcháin idirsheirbhíse.

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

IOMLÁN leithreasuithe faoi CHEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil

(Iomlán gealltanas = Iomlán íocaíochtaí)

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

Tar éis 2027

IOMLÁN

IOMLÁN leithreasuithe
ar fud na gCEANNTEIDEAL
den chreat airgeadais ilbhliantúil
 

Gealltanais

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

250.000

Íocaíochtaí

50.000

50.000

50.000

50.000

50.000

250.000

3.2.2.Achoimre ar an tionchar a mheastar a bheidh ar leithreasuithe de chineál riaracháin

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin

X Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear leithreasuithe de chineál riaracháin mar a mhínítear thíos:

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

HEADING 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

Caiteachas riaracháin eile

Subtotal HEADING 7
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Outside HEADING 7 20
den chreat airgeadais ilbhliantúil

Acmhainní daonna

1.600

1.600

1.600

1.600

1.600

1.600

1.600

11.200

Other expenditure
de chineál riaracháin

2.500

2.500

2.500

2.500

2.500

3.000

3.000

18.500

Subtotal
lasmuigh de CHEANNTEIDEAL 7
of the multiannual financial framework

4.100

4.100

4.100

4.100

4.100

4.600

4.600

29.700

IOMLÁN

4.100

4.100

4.100

4.100

4.100

4.600

4.600

29.700

Na leithreasuithe is gá le haghaidh acmhainní daonna agus caiteachas eile de chineál riaracháin, cumhdófar iad leis na leithreasuithe sin san Ard-Stiúrthóireacht atá sannta cheana do bhainistíocht an bhirt agus/nó atá athshannta laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha.



3.2.2.1.Na hacmhainní daonna a mheastar a bheidh riachtanach

   Ní éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna.

X    Éilíonn an togra/tionscnamh go n‑úsáidfear acmhainní daonna mar a mhínítear thíos:

Sloinnfear an meastachán in aonaid de choibhéis lánaimseartha

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

• Poist don phlean bunaíochta (oifigigh agus foireann shealadach)

Ceanncheathrú agus Oifigí Ionadaíocht an Choimisiúin

Toscaireachtaí

Taighde

Foireann sheachtrach (i gcoibhéis lánaimseartha: FTE) - AC, AL, SNE, INT agus JED  21

Ceannteideal 7

Arna mhaoiniú as CEANNTEIDEAL 7 den chreat airgeadais ilbhliantúil 

- sa Cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

Arna maoiniú as imchlúdach an chláir  22

- sa Cheanncheathrú

- i dtoscaireachtaí

Taighde

Eile (ioncam sannta)

20

20

20

20

20

20

20

IOMLÁN

Soláthrófar na hacmhainní daonna is gá le baill foirne ón Ard-Stiúrthóireacht a bhfuil bainistíocht an bhirt faoina gcúram cheana agus/nó ar athshannadh a gcúraimí laistigh den Ard-Stiúrthóireacht, mar aon le haon leithdháileadh breise a d'fhéadfaí a thabhairt don Ard-Stiúrthóireacht atá i mbun bainistíochta faoi chuimsiú an nós imeachta maidir le leithdháileadh bliantúil i bhfianaise na srianta buiséadacha. Is pearsanra seachtrach amháin a bheidh sna baill foirne bhreise agus maoineofar iad as an ioncam sannta agus as an ioncam sin amháin.

Cur síos ar na cúraimí a bheidh le déanamh:

Oifigigh agus pearsanra sealadach

(pearsanra atá ann cheana)

·Forbairt beartais agus straitéis

·Comhordú agus idirchaidreamh leis na geallsealbhóirí uile (Ballstáit, tríú tíortha, Ard-Stiúrthóireachtaí eile agus instiúidí Eorpacha eile, fóraim réigiúnacha agus théamacha, etc.).

·Forbairt an chláir oibre bhliantúil, an próiseas roghnúcháin

·Dearadh na glaonna bliantúla ar thograí, meastóireacht

Pearsanra seachtrach

·Tacaíocht don phróiseas roghnúcháin

·Tacaíocht don bhainistíocht ar ghlaonna bliantúla ar thograí agus roghnú na dtionscadal le haghaidh tacaíocht airgeadais ón Aontas

·Tacaíocht don bhainistíocht tionscadail agus airgeadais

·Tacaíocht d’eagrú na meastóireachtaí

3.2.3.Ranníocaíochtaí ó thríú páirtithe

I gcás an togra/tionscnaimh seo:

X    ní dhéantar foráil maidir le cómhaoiniú le tríú páirtithe le haghaidh an deontais

   déantar foráil maidir leis an gcómhaoiniú le tríú páirtithe atá réamh-mheasta thíos:

Leithreasuithe in EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Blianta

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

IOMLÁN

Sonraigh an comhlacht cómhaoinithe 

IOMLÁN leithreasuithe cómhaoinithe

3.3.An tionchar a mheastar a bheidh ar ioncam

X Ní bheidh tionchar airgeadais ar bith ag an togra/tionscnamh ar ioncam.

Beidh an tionchar airgeadais seo a leanas ag an togra/tionscnamh:

   ar acmhainní dílse

ar ioncam eile

má tá an t‑ioncam sannta do línte caiteachais X, sonraigh sin le do thoil    

EUR milliúin (go dtí an tríú deachúil)

Líne buiséid ioncaim:

Tionchar an togra/tionscnaimh 23

2021

2022

2023

2024

2025

2026

2027

I gcás ioncam ilghnéitheach atá 'sannta', sonraigh na línte buiséid a n‑imrítear tionchar orthu.

XX.YY.01 [An Sásra um Aistriú Cóir - An tSaoráid Iasachta don Earnáil Phoiblí]

Aon rud eile (e.g. an modh nó an fhoirmle a úsáideadh chun an tionchar ar ioncam a ríomh nó aon fhaisnéis eile). 

[…]

(1)    COM(2020) 21 final.
(2)    COM(2020) 22 final.
(3)    Rialachán (AE) 2018/1999 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2018 maidir le Rialachas an Aontais Fuinnimh agus na Gníomhaíochta Aeráide, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 agus Rialachán (CE) Uimh. 715/2009 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoracha 94/22/CE, 98/70/CE, 2009/31/CE, 2009/73/CE, 2010/31/AE, 2012/27/AE agus 2013/30/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle, Treoir 2009/119/CE agus Treoir (AE) 2015/652 ón gComhairle agus lena n‑aisghairtear Rialachán (AE) Uimh. 525/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO L 328, 21.12.2018, lch. 1).
(4)    Coiste Eorpach na Réigiún, Tuairim maidir le hathrú struchtúrtha socheacnamaíoch ar réigiúin ghuail na hEorpa, 136ú seisiún iomlánaíoch, 7-9 Deireadh Fómhair 2019, ECON-VI/041.
(5)    SWD(2018) 282 final.
(6)    COM(2018) 372 final.
(7)    IO C , , lch. .
(8)    IO C , , lch. .
(9)    COM(2019) 640 final.
(10)    COM(2020) 21 final.
(11)    COM(2020) 22 final
(12)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046.
(13)    IO L 373, 20.12.2013, lch. 1.    
http://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=uriserv:OJ.C_.2013.373.01.0001.01.ENG&toc=OJ:C:2013:373:TOC
(14)    Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).
(15)    Mar a thagraítear dó in Airteagal 58(2)(a) nó (b) den Rialachán Airgeadais.
(16)    Is féidir mionsonraí ar na modhanna bainistíochta agus tagairtí don Rialachán Airgeadais a fheiceáil ar shuíomh gréasáin Ard-Stiúrthóireacht an Bhuiséid: https://myintracomm.ec.europa.eu/budgweb/EN/man/budgmanag/Pages/budgmanag.aspx  
(17)    LD = Leithreasuithe difreáilte / LN = Leithreasuithe neamhdhifreáilte.
(18)    CSTE: Comhlachas Saorthrádála na hEorpa.
(19)    Tíortha is iarrthóirí agus, is gcás inarb infheidhme, tíortha ó na Balcáin Thiar a d'fhéadfadh a bheith ina n‑iarrthóirí.
(20)    Cúnamh agus caiteachas teicniúil agus/nó riaracháin ar mhaithe le cláir agus/nó bearta de chuid an Aontais (seanlínte "BA") a chur chun feidhme, taighde indíreach, taighde díreach.
(21)    AC = Ball foirne ar conradh; AL = Ball foirne áitiúil; SNE= Saineolaí náisiúnta ar iasacht; INT= Ball foirne gníomhaireachta; JPD = Saineolaithe sóisearacha i dtoscaireachtaí.
(22)    Fo-uasteorainn d'fhoireann sheachtrach arna cumhdach ag leithreasuithe faoi chomhair oibríochtaí (na seanlínte "BA").
(23)    A fhad a bhaineann le hacmhainní dílse traidisiúnta (dleachtanna custaim, tobhaigh siúcra), ní mór na méideanna a luaitear a bheith ina nglanmhéideanna, i.e. méideanna comhlána agus 20 % de na costais bhailiúcháin a bheith bainte astu.
Top

An Bhruiséil,28.5.2020

COM(2020) 453 final

IARSCRÍBHINNÍ

a ghabhann leis an

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

maidir leis an tsaoráid iasachta don earnáil phoiblí faoin Sásra um Aistriú Cóir

{SWD(2020) 92 final}


IARSCRÍBHINN I

Ionstraimí airgeadais ar féidir aisíocaíochtaí a úsáid astu le haghaidh na Saoráide

A. Ionstraimí Cothromais:

   An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF98): Cinneadh Uimh. 98/347/CE an 19 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43).

   TTP: Cinneadh ón gCoimisiún lena nglactar cinneadh comhlántach maoinithe i ndáil le bearta a mhaoiniú don ghníomhaíocht “An margadh inmheánach in earraí agus beartais earnálacha” de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007 agus lena nglactar an cinneadh réime maidir le maoiniú an réamhbhirt “An ról atá le himirt ag an Aontas Eorpach sa saol domhandaithe” agus maidir le maoiniú ceithre threoirthionscadal de chuid Ard-Stiúrthóireacht na Fiontraíochta agus na Tionsclaíochta don bhliain 2007, is iad sin “Fiontraithe óga Erasmus”, “Bearta chun comhar agus comhpháirtíochtaí idir micrifhiontair agus FBManna a chur chun cinn”, “An tAistriú Teicneolaíoch” agus “Cinn Scríbe Eorpacha Sármhaitheasa” (C(2007)531).

   An tSaoráid Eorpach Teicneolaíochta (ETF01): Cinneadh Uimh. 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84).

   An tSaoráid Bhonneagair Dhomhanda: Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

   An tSaoráid um Chónascadh na hEorpa (SCE): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129), arna mhodhnú le Rialachán (AE) 2015/1017 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Meitheamh 2015 maidir leis an gCiste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha, leis an Mol Comhairleach Eorpach maidir le hInfheistíocht agus leis an Tairseach Eorpach de Thionscadail Infheistíochta agus lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 agus Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 — an Ciste Eorpach le haghaidh Infheistíochtaí Straitéiseacha (IO L 169, 1.7.2015, lch. 1).

   COSME EFG: Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

   Cothromas InnovFin:

   Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

   Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

   Cinneadh Uimh. 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

   An tIonú de chuid EaSI “Infheistíocht d’Fhothú Acmhainneachta”: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

B. Ionstraimí Ráthaíochta:

   Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna ‘98 (SMEG98): Cinneadh Uimh. 98/347/CE an 19 Bealtaine 1998 ón gComhairle maidir le bearta cúnaimh airgeadais le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) atá nuálach agus a chruthaíonn poist - an tionscnamh fáis agus fostaíochta (IO L 155, 29.5.1998, lch. 43).

   Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna ‘01 (SMEG01): Cinneadh Uimh. 2000/819/CE ón gComhairle an 20 Nollaig 2000 maidir le clár ilbhliantúil le haghaidh fiontair agus fiontraíochta agus go háirithe le haghaidh fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) (2001-2005) (IO L 333, 29.12.2000, lch. 84).

   Saoráid Ráthaíochta le haghaidh FBManna ‘07 (SMEG07): Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 24 Deireadh Fómhair 2006 lena mbunaítear Clár Réime Iomaíochais agus Nuálaíochta (2007 go 2013) (IO L 310, 9.11.2006, lch. 15).

   Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Ráthaíocht (EPMF-G): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1).

   RSI:

   Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Nollaig 2006 maidir leis an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007-2013) Ráitis ón gCoimisiún (IO L 412, 30.12.2006, lch. 1);

   Cinneadh Uimh. 2006/971/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach “Comhar” lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 86);

   Cinneadh Uimh. 2006/974/CE ón gComhairle an 19 Nollaig 2006 maidir leis an gClár Sonrach: Inniúlachtaí lena gcuirtear chun feidhme an Seachtú Clár Réime de chuid an Chomhphobail Eorpaigh le haghaidh gníomhaíochtaí maidir le taighde, forbairt theicneolaíoch agus taisealbhadh (2007 go 2013) (IO L 400, 30.12.2006, lch. 299).

   Ráthaíocht EaSI: Rialachán (AE) Uimh. 1296/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár an Aontais Eorpaigh um Fhostaíocht agus um Nuálaíocht Shóisialta (“EaSI”) agus lena leasaítear Cinneadh Uimh. 283/2010/AE lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 347, 20.12.2013, lch. 238).

   Saoráid Ráthaíochta Iasachta COSME (COSME LGF): Rialachán (AE) Uimh. 1287/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár um Iomaíochas na bhFiontar agus na bhfiontar beag agus meánmhéide (COSME) (2014 - 2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1639/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 33).

   Fiachas InnovFin:

   Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

   Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104);

   Cinneadh Uimh. 2013/743/AE ón gComhairle an 3 Nollaig 2013 lena mbunaítear an clár sonrach lena gcuirtear chun feidhme Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus um Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Cinntí 2006/971/CE, 2006/972/CE, 2006/973/CE, 2006/974/CE agus 2006/975/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 965).

   Saoráid Ráthaíochta Earnálacha an Chultúir agus na Cruthaitheachta (CCS GF): Rialachán (AE) Uimh. 1295/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir le Clár Eoraip na Cruthaitheachta (2014 go 2020) a bhunú agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1718/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1855/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1041/2009/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 221).

   Saoráid Ráthaíochta na nIasachtaí do Mhic Léinn (SLGF): Rialachán (AE) Uimh. 1288/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear ‘Erasmus+’: clár an Aontais um oideachas, um oiliúint, um an óige agus um an spórt agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1719/2006/CE, Cinneadh Uimh. 1720/2006/CE agus Cinneadh Uimh. 1298/2008/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 50).

   Maoiniú Príobháideach le haghaidh Éifeachtúlacht Fuinnimh (PF4EE): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

C. Ionstraimí Roinnte Riosca:

   InnovFin:

   Rialachán (AE) Uimh. 1290/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena leagtar síos na rialacha maidir le rannpháirtíocht agus leathadh i “Fís 2020 - an Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020)” agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1906/2006 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 81);

   Rialachán (AE) Uimh. 1291/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Fís 2020 - An Clár Réime um Thaighde agus Nuálaíocht (2014-2020) agus lena n‑aisghairtear Cinneadh Uimh. 1982/2006/CE (IO L 347, 20.12.2013, lch. 104).

   Ionstraim Fiachais na Saoráide um Chónascadh na hEorpa (CEF DI): Rialachán (AE) Uimh. 1316/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear an tSaoráid um Chónascadh na hEorpa, lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 913/2010 agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 agus Rialachán (CE) Uimh. 67/2010 (IO L 348, 20.12.2013, lch. 129).

   An tSaoráid Mhaoiniúcháin um Chaipiteal Nádúrtha (NCFF): Rialachán (AE) Uimh. 1293/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 lena mbunaítear Clár don Chomhshaol agus do Ghníomhú ar son na hAeráide (LIFE) agus lena n‑aisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 614/2007 (IO L 347, 20.12.2013, lch. 185).

D. Meáin Infheistíochta Thiomanta:

   An tSaoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach – Fonds commun de placements – fonds d’investissements spécialisés (EPMF FCP-FIS): Cinneadh Uimh. 283/2010/AE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 25 Márta 2010 lena mbunaítear Saoráid Mhicreamhaoiniúcháin don Dul Chun Cinn Eorpach le haghaidh fostaíochta agus cuimsiú sóisialta (IO L 87, 7.4.2010, lch. 1).

   Ciste Marguerite:

   Rialachán (CE) Uimh. 680/2007 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2007 lena leagtar síos rialacha ginearálta maidir le cabhair airgeadais Chomhphobail a dheonú i réimse na ngréasán tras-Eorpach iompair agus fuinnimh (IO L 162, 22.6.2007, lch. 1);

   Cinneadh ón gCoimisiún an 25.2.2010 maidir le rannpháirtíocht an Aontais Eorpaigh i gCiste Eorpach 2020 le haghaidh Fuinnimh, an Athraithe Aeráide agus Bonneagair (Ciste Marguerite) (C(2010) 941).

   An Ciste Eorpach um Éifeachtúlacht Fuinnimh (CEEF): Rialachán (AE) Uimh. 1233/2010 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Nollaig 2010 lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 663/2009 lena mbunaítear clár chun cabhrú leis an téarnamh eacnamaíoch trí chúnamh airgeadais Comhphobail a dheonú ar thionscadail i réimse an fhuinnimh (IO L 346, 30.12.2010, lch. 5).



IARSCRÍBHINN II

Eochairtháscairí feidhmíochta

1.Líon na ndeontas a dámhadh

2.Líon na n‑iasachtaí a síníodh

2.1Iasachtaí aonair

2.2Scéimeanna iasachta

3.Foriomlán na hinfheistíochta a slógadh, roinnte mar a leanas

3.1Méid an mhaoiniúcháin phríobháidigh a slógadh

3.2Méid an mhaoiniúcháin phoiblí a slógadh

4.Líon na dtionscadal a fhaigheann tacaíocht, lena n‑áirítear clúdach geografach

4.1Tír

4.2Réigiún NUTS 2

4.3Críoch um aistriú cóir lena dtacaítear  

5.Líon na dtionscadal a fhaigheann maoiniú faoin tSaoráid

6.Líon na dtionscadal de réir earnála

6.1Iompar

6.2Bonneagar sóisialta

6.3Fóntas poiblí (uisce, fuíolluisce, téamh ceantair, fuinneamh, bainistiú dramhaíola)

6.4Tacaíocht dhíreach le haghaidh an aistrithe (fuinneamh inathnuaite, éifeachtúlacht fuinnimh)

6.5Cosaint an chomhshaoil

6.6Bonneagar uirbeach (lena n‑áirítear tithíocht)

6.7Eile

7.Laghdú ar astaíochtaí gás ceaptha teasa

Top