This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62025TJ0190
Judgment of the General Court (Second Chamber, Extended Composition) of 15 April 2026.#A.K. and „Tabako lapai“ UAB v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra.#Request for a preliminary ruling from the Lietuvos Aukščiausiasis Teismas.#Reference for a preliminary ruling – Taxation – Excise duties – Excise duty applied to manufactured tobacco – Article 5(1) of Directive 2011/64/EU – Interpretation of the concept of ‘smoking tobacco’ – Consideration of the provisions of the combined nomenclature and explanatory notes – Validity – Legal certainty – Principle that offences and penalties must be defined by law.#Case T-190/25.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Dara Dlísheomra Méadaithe) 2026 Aibreán 15.
A.K. agus „Tabako lapai“ UAB v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra.
Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Dleachtanna máil – Dleacht mháil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe – Airteagal 5(1) de Threoir 2011/64/AE – Léiriú ar an gcoincheap ‘tobac lena chaitheamh’ – Forálacha na hAinmníochta Comhcheangailte agus na nótaí míniúcháin a ghabhann léi a chur san áireamh – Bailíocht – Deimhneacht dhlíthiúil – Prionsabail nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí.
Cás T-190/25.
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta (An Dara Dlísheomra Méadaithe) 2026 Aibreán 15.
A.K. agus „Tabako lapai“ UAB v Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra.
Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Dleachtanna máil – Dleacht mháil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe – Airteagal 5(1) de Threoir 2011/64/AE – Léiriú ar an gcoincheap ‘tobac lena chaitheamh’ – Forálacha na hAinmníochta Comhcheangailte agus na nótaí míniúcháin a ghabhann léi a chur san áireamh – Bailíocht – Deimhneacht dhlíthiúil – Prionsabail nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí.
Cás T-190/25.
ECLI identifier: ECLI:EU:T:2026:261
*A9* Lietuvos Aukščiausiasis Teismas, Nutartis 27/02/2025 (2K-14-489/2025 ; 1-03-4-00060-2018-5)
BREITHIÚNAS NA CÚIRTE GINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí)
15 Aibreán 2026 ( *1 )
(Tarchur chun réamhrialú – Cánachas – Dleachtanna máil – Dleacht mháil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe – Airteagal 5(1) de Threoir 2011/64/AE – Léiriú ar an gcoincheap ‘tobac lena chaitheamh’ – Forálacha na hAinmníochta Comhcheangailte agus na nótaí míniúcháin a ghabhann léi a chur san áireamh – Bailíocht – Deimhneacht dhlíthiúil – Prionsabail nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí)
I gCás T‑190/25,
IARRAIDH ar réamhrialú faoi Airteagal 267 CFAE ó Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine) trí bhreith an 27 Feabhra 2025, a fuarthas ag an gCúirt an 27 Feabhra 2020, sna himeachtaí coiriúla i gcoinne
A.K.,
‘Tabako lapai’ UAB,
páirtí eile:
Lietuvos Respublikos generalinė prokuratūra,
tugann AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí),
agus í comhdhéanta mar seo a leanas: N. Półtorak, Uachtarán, G. Hesse (Rapóirtéir), G. Steinfatt, D. Petrlík agus I. Dimitrakopoulos, Breithiúna,
Abhcóide Ginearálta: M. Brkan,
Cláraitheoir: V. Di Bucci,
ag féachaint do tharchur na hiarrata ar réamhrialú ón gCúirt Bhreithiúnais chuig an gCúirt Ghinearálta an 19 Márta 2025, de bhun an tríú mír d’Airteagal 50b de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh,
ag féachaint do na hábhair dá dtagraítear i bpointí (b) agus (d) den chéad mhír d’Airteagal 50b de Reacht Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh agus d’easpa ceist neamhspleách maidir leis an léiriú de réir bhrí an dara mír d’Airteagal 50b den Reacht sin,
ag féachaint don nós imeachta i scríbhinn,
tar éis breithniú a dhéanamh ar na barúlacha arna dtíolacadh thar ceann na bpáirtithe seo a leanas:
|
– |
Rialtas na Liotuáine, ag V. Kazlauskaitė-Švenčionienė, i gcáil Gníomhaire, |
|
– |
Comhairle an Aontais Eorpaigh, ag R. Liudvinavičiūtė, S. Santoro agus O. Segnana, i gcáil Gníomhairí, |
|
– |
an Coimisiún Eorpach, ag M. Björkland, A. Demeneix agus J. Jokubauskaitė, i gcáil Gníomhairí, |
tar éis cinneadh a dhéanamh, tar éis di an tAbhcóide Ginearálta a éisteacht, breithiúnas a thabhairt ar an gcás gan Tuairim,
an Breithiúnas seo a leanas:
Breithiúnas
|
1 |
Baineann an iarraidh ar réamhrialú, ar an gcéad dul síos, le léiriú Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64/AE ón gComhairle an 21 Meitheamh 2011 maidir le struchtúr agus rátaí na dleachta máil a chuirtear i bhfeidhm ar thobac monaraithe (IO 2011 L 176, lch. 24) agus ceannteidil 2401 agus 2403 den Ainmníocht Chomhcheangailte a leagtar amach in Iarscríbhinn I a ghabhann le Rialachán (CEE) Uimh. 2658/87 ón gComhairle an 23 Iúil 1987 maidir leis an ainmníocht taraife agus staidrimh agus leis an gComhtharaif Chustaim (IO 1987 L 256, lch. 1), arna leasú le Rialachán (CE) Uimh. 254/2000 ón gComhairle an 31 Eanáir 2000 (IO 2000 L 28, lch. 16), sa leagan a eascraíonn as Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) 2017/1925 ón gCoimisiún an 12 Deireadh Fómhair 2017 (IO 2017 L 282, lch. 1) (‘AC’), agus, ar an dara dul síos, le bailíocht Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64 agus AC i bhfianaise Airteagal 49(1) den Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’) agus phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla. |
|
2 |
Rinneadh an iarraidh seo in imeachtaí coiriúla a tionscnaíodh i gcoinne ‘Tabako lapai’ UAB, cuideachta atá corpraithe faoi dhlí na Liotuáine, agus A.K., a stiúrthóir, maidir le cionta dleachta máil. |
An dlí lena mbaineann
Dlí an Aontais Eorpaigh
Treoir 2011/64
|
3 |
Luaitear an méid seo a leanas in aithrisí 2, 3, 8 agus 9 de Threoir 2011/64:
[...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
4 |
Is mar seo a leanas atá an fhoclaíocht in Airteagal 1 de Threoir 2011/64, dar teideal ‘Cuspóir’: ‘Leagtar síos leis an Treoir seo prionsabail ghinearálta maidir le comhchuibhiú struchtúr agus rátaí na dleachta máil ar faoina réir a chuireann na Ballstáit tobac monaraithe.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
5 |
Foráiltear mar a leanas in Airteagal 2(1) de Threoir 2011/64: ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn tobac monaraithe: [...]
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
6 |
Luaitear in Airteagal 5(1) de Threoir 2011/64: ‘Chun críocha na Treorach seo, ciallaíonn tobac lena chaitheamh:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
AC
|
7 |
Áirítear i gCuid a Dó de AC, dar teideal ‘Sceideal na ndleachtanna custaim’, Roinn IV, dar teideal ‘Earraí bia ullmhaithe; deochanna, biotáillí agus fínéagar; tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe’, lena n‑áirítear, inter alia, Caibidil 24 de AC, dar teideal ‘Tobac agus ionadaigh tobac mhonaraithe’. Áirítear sa chaibidil sin na ceannteidil agus na fo-cheannteidil seo a leanas:
[Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Nótaí míniúcháin a ghabhann le AC
|
8 |
Foráiltear leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le hAinmníocht Chomhcheangailte an Aontais Eorpaigh (IO 2015 C 76, lch. 1), arna leasú (IO 2016 C 121, lch. 4) (‘na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC’), a bhaineann le Caibidil 24 de AC, a mhéid a bhaineann le fo-cheannteidil 24031910 agus 24031990, gurb ‘ionann tobac lena chaitheamh agus tobac a gearradh nó atáthar ar shlí eile tar éis a scoilteadh, a chasadh nó a bhrú ina bhloic agus ar féidir é a chaitheamh gan tuilleadh próiseála tionsclaíche a dhéanamh air ar dtús’. [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
9 |
Foráiltear le hIarscríbhinn A ghabhann le Caibidil 24 de na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, dar teideal ‘Tástáil caite tobac le haghaidh tobac agus táirgí tobac’, sa chuid a bhaineann le ‘Raon feidhme’: ‘Is é cuspóir na tástála caite tobac modh comhchuibhithe a bhunú chun idirdhealú a dhéanamh idir tobac monaraithe (tobac atá réidh lena chaitheamh gan tuilleadh próiseála) atá faoi cheannteideal 2403 agus tobac neamh-mhonaraithe atá faoi cheannteideal 2401. D’fhonn idirdhealú a dhéanamh idir tobac monaraithe atá faoi cheannteideal 2403 agus tobac neamh-mhonaraithe atá faoi cheannteideal 2401, déantar tástáil caite tobac [...]’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
|
10 |
Luaitear in Iarscríbhinn A ghabhann le Caibidil 24 de na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, sa chuid a bhaineann le ‘[h]Ullmhúchán samplaí’: ‘Déantar an sampla a mheascadh go maith agus, más gá, roinntear ina fhoshamplaí é de réir cóin agus ceathrúna. Nuair atá an sampla tirim (tá an cion uisce níos lú ná 8% de réir maise), ba cheart é a riochtú (teocht 22 ± 1 °C agus taise 60 ± 3 %) ar feadh 48 uair an chloig ar a laghad. Beidh cosc ar an tobac a ghearradh ón sampla ar shlí ar bith, é a bhriseadh, é a bhrú, é a mheilt nó é a roinnt ar bhealach eile.’ [Aistriúchán neamhoifigiúil] |
Dlí na Liotuáine
Cód Coiriúil na Liotuáine
|
11 |
Foráiltear i mír 1 d’Airteagal 1992 den Lietuvos Respublikos baudžiamasis kodeksas (Cód Coiriúil na Liotuáine) an 26 Meán Fómhair 2000 (Žin., 2000, Uimh. 89-2741), arna leasú, dar teideal ‘Coinneáil neamhdhleathach earraí máil’: ‘Aon duine a dhéanfaidh, de shárú ar an nós imeachta forordaithe, táirgí atá faoi réir dleacht mháil ar mó a luach ná 150 [íoschaighdeáin mhaireachtála] ach nach mó ná 400 [íoschaighdeáin mhaireachtála] a fháil, a shealbhú, a iompar, a sheoladh, a úsáid nó a dhíol, gearrfar fíneáil nó téarma príosúnachta ar feadh uastréimhse 4 bliana air.’ |
|
12 |
Luaitear in Airteagal 202(1) de Chód Coiriúil na Liotuáine, dar teideal ‘Feidhmiú neamhdhleathach gníomhaíochta eacnamaíche, tráchtála, airgeadais nó gairmiúla’: ‘Aon duine a ghabhann do ghníomhaíocht eacnamaíoch, tráchtála, airgeadais nó ghairmiúil ar bhonn gairmiúil nó ar mhórscála gan an ceadúnas (údarú) a cheanglaítear don ghníomhaíocht sin nó ar aon bhealach neamhdhleathach eile, gearrfar seirbhís phobail, fíneáil, nó pianbhreith choimeádta nó téarma príosúnachta ar feadh uastréimhse 4 bliana air.’ |
Dlí na Liotuáine maidir le Dleacht Mháil
|
13 |
Áirítear tobac monaraithe i measc na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil in Airteagal 2(1) den Lietuvos Respublikos akcizų įstatymas Nr. IX-569 (Dlí na Liotuáine maidir le Dleacht Mháil Uimh. IX-569) an 30 Deireadh Fómhair 2001 (Žin., 2001, Uimh. 98-3482), arna leasú. |
|
14 |
De réir Airteagal 3(9) de Dhlí na Liotuáine maidir le Dleacht Mháil, cumhdaítear leis an gcoincheap ‘tobac monaraithe’ toitíní, todóga, todóigíní agus tobac lena chaitheamh. Thairis sin, foráiltear le hAirteagal 3(27)(1) den Dlí sin go gciallaíonn ‘tobac lena chaitheamh’ tobac a stróiceadh, a gearradh nó atáthar ar shlí eile tar éis a scoilteadh, a chasadh nó a bhrú ina bhloic (ciúbanna) agus ar féidir é a chaitheamh gan tuilleadh próiseála tionsclaíche. |
|
15 |
De réir Airteagal 3(38) de Dhlí na Liotuáine maidir le Dleacht Mháil: ‘Sa Dlí seo agus sna hiarscríbhinní a ghabhann leis, léireofar na cóid táirge i gcomhréir le leagan AC na bliana reatha, mar a leagtar amach sa Treoir ábhartha ón gComhairle lena mbunaítear cánachas ar na táirgí lena mbaineann.’ |
Dlí na Liotuáine maidir le Rialú Tobac, Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara
|
16 |
De réir Airteagal 2(20) de Lietuvos Respublikos tabako, tabako gaminių ir su jais susijusių gaminių kontrolės įstatymas Nr. I-1143 (Dlí na Liotuáine maidir le Rialú Tobac, Táirgí Tobac agus Táirgí Gaolmhara Uimh. I-1143) an 20 Nollaig 1995 (Žin., 1996, Uimh. 11-281), arna leasú, cumhdaítear leis an gcoincheap ‘tobac neamh-mhonaraithe’ duilleoga tobac agus codanna eile de thobac, bíodh siad monaraithe nó ná bíodh, cé is moite díobh siúd a mheastar gur tobac monaraithe iad i gcomhréir le Dlí na Liotuáine maidir le Dleacht Mháil. |
An díospóid sna príomhimeachtaí agus na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
|
17 |
Rinneadh an iarraidh ar réamhrialú in imeachtaí coiriúla i gcoinne Tabako lapai agus A.K., atá á n‑ionchúiseamh as cainníochtaí móra tobac monaraithe atá faoi réir dleacht mháil a mhonarú agus a stóráil, gan ceadúnas a bheith acu. |
|
18 |
Bhí Tabako lapai ina allmhaireoir agus ina onnmhaireoir amhábhar tobac. Rinne sé páirtphróiseáil ar thobac allmhairithe arb é atá ann, go bunúsach, é a stróiceadh, é a roinnt, é a uisciú, na féitheacha a bhaint go páirteach nó go hiomlán ó duilleoga tobac stróicthe agus é a phacáistiú i málaí plaisteacha 20 kg. Mar sin féin, níor gearradh an tobac. Onnmhairíodh na táirgí tobac páirtphróiseáilte sin ansin chuig Ballstáit eile den Aontas Eorpach. |
|
19 |
Bhí sé de fhreagracht ag saotharlann chustaim a sheiceáil an tobac neamh-mhonaraithe a bhí sa tobac a déileáladh ar an gcaoi sin leo agus nár tháinig, dá réir sin, faoi chatagóir na dtáirgí atá faoi réir dleacht mháil. Chuige sin, rinne speisialtóir saotharlainne tástáil caite tobac, rud a chuir ar a chumas teacht ar an gconclúid go raibh an tobac a fuarthas i stóras Tabako lapai ag teacht leis an tuairisc ar thobac monaraithe agus, go sonrach, le tuairisc ar thobac lena chaitheamh. Chun teacht ar an gconclúid sin, b’éigean don speisialtóir sin sampla den tobac atá i gceist a ghearradh, é a chur i bhfeadán toitíní agus é a dheatú. Dá bhrí sin, bhí sé in ann a shuí go bhféadfaí tobac a chaitheamh, tar éis roinnt oibríochtaí ullmhúcháin simplí a dhéanamh, arbh é a bhí iontu an sampla a ghearradh de láimh nó é a roinnt. |
|
20 |
Le breithiúnas an 28 Márta 2024, chinn Lietuvos apeliacinis teismas (Cúirt Achomhairc na Liotuáine) go raibh Tabako lapai agus A.K. ciontach sna cionta dá bhforáiltear in Airteagal 2(1) agus in Airteagal 202(1) de Chód Coiriúil na Liotuáine agus ghearr siad pionóis leachtú agus fíneáil orthu faoi seach. Rinne Tabako lapai agus A.K. achomharc ar phointe dlí i gcoinne an bhreithiúnais sin os comhair Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine), arb í an chúirt a rinne an tarchur í. |
|
21 |
Measann an chúirt a rinne an tarchur, a mhéid nach bhfuil an oibríocht arb é atá inti, chun críocha na tástála caite tobac, sampla tobac de láimh a ghearradh de chineál an ‘tuill[idh] próiseála tionsclaíche’, de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64 agus chásdlí na Cúirte, go bhféadfadh an tobac atá i gceist sna príomhimeachtaí teacht faoin gcoincheap ‘tobac lena chaitheamh’, chun dleacht mháil a chur i bhfeidhm. Tugann sí faoi deara, áfach, ós rud é go ndearna an oibríocht sin dochar do shláine an tsampla, gan beann ar na coinníollacha maidir le tástálacha caite tobac a leagtar síos sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, go bhféadfaí a mheas, chun críocha dleachtanna custaim a chur i bhfeidhm, nach féidir an tobac sin a chaitheamh gan ‘tuilleadh próiseála tionsclaíche’ agus gur cheart é a aicmiú faoi cheannteideal 2401 de AC mar ‘thobac neamh-mhonaraithe’. |
|
22 |
De réir na cúirte a rinne an tarchur, cé gur roghnaigh reachtóir an Aontais gan nasc díreach a bhunú idir an reachtaíocht maidir le dleachtanna máil agus na rialacha a bhaineann le dleachtanna custaim a mhéid a bhaineann leis an sainmhíniú ar tháirgí, tá amhras réasúnach ann maidir leis an údar atá le cás ina ndéileáiltear leis an tobac céanna ar bhealach éagsúil leis an dá reachtaíocht sin ó thaobh na féidearthachta é a chaitheamh gan ‘tuilleadh próiseála tionsclaíche’ agus ó thaobh a aicmithe mar ‘thobac lena chaitheamh’ araon. |
|
23 |
Fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, sa chomhthéacs sin, an leor easpa tagartha dírí i dTreoir 2011/64 do na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC chun údar a thabhairt gan na nótaí sin a chur i bhfeidhm chun ‘tobac monaraithe’ a shainmhíniú de réir bhrí na Treorach sin. Fiafraíonn sí freisin an gcomhlíonann reachtaíocht an Aontais faoina dtugtar tuairisc ar thobac atá beartaithe lena chaitheamh agus faoina sainmhínítear é i dtéarmaí comhionanna chun dleachtanna custaim agus máil a chur i bhfeidhm, ach an féidir déileáil leis ar bhealach éagsúil ag brath ar an modh a leantar don tástáil caite tobac dá bhforáiltear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, ceanglais phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla. Fiafraíonn sí, go háirithe, an gceadaítear leis an reachtaíocht sin do na daoine lena mbaineann a thuar go réasúnta an bhféadfadh dliteanas coiriúil nó dliteanas coibhéiseach a bheith mar thoradh ar a n‑iompar i ndáil le táirgí atá faoi réir dleacht mháil. |
|
24 |
Sna himthosca sin, chinn Lietuvos Aukščiausiasis Teismas (Cúirt Uachtarach na Liotuáine) bac a chur ar na himeachtaí agus na ceisteanna seo a leanas a tharchur chuig an gCúirt Bhreithiúnais le haghaidh réamhrialú:
|
Breithniú ar na ceisteanna a tharchuirtear le haghaidh réamhrialú
An chéad cheist
|
25 |
Lena céad cheist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an gá brath ar cheannteidil taraife AC agus ar nótaí míniúcháin a ghabhann le AC chun Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64 a léiriú. |
|
26 |
De réir chásdlí na Cúirte, is é is cuspóir do Threoir 2011/64, mar is léir ó Airteagal 1 di, na prionsabail ghinearálta a leagan síos maidir le comhchuibhiú struchtúr agus rátaí na dleachta máil ar faoina réir a chuireann na Ballstáit tobac monaraithe. Dá bhrí sin, tagann an Treoir sin faoi raon feidhme reachtaíocht fhioscach an Aontais a chuirtear i bhfeidhm ar tháirgí tobac, arb é is cuspóir di, de réir foclaíocht aithris 2 den Treoir sin, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, leibhéal ard cosanta sláinte a áirithiú (breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 17). |
|
27 |
Is léir, ina theannta sin, ó aithris 3 de Threoir 2011/64 go bhféachtar leis an Treoir sin lena áirithiú nach saobhtar le cur i bhfeidhm cánacha sna Ballstáit a dhéanann difear do thomhaltas táirgí in earnáil an tobac mhonaraithe dálaí iomaíochta agus nach gcuireann sé bac ar shaorghluaiseacht na dtáirgí sin laistigh den Aontas. Go háirithe, luaitear, go bunúsach, in aithris 8 den Treoir sin go ndéileálfar le táirgí atá comhchosúil ar go leor bealaí le táirgí a chumhdaítear leis an Treoir sin mar tháirgí den sórt sin, cé go luaitear in aithris 9 den Treoir sin nach mór é a bheith d’éifeacht ag comhchuibhiú struchtúir na ndleachtanna máil nach saobhtar an iomaíocht idir na catagóirí éagsúla de thobac monaraithe a baineann leis an ngrúpa céanna trí na héifeachtaí a thagann den cháin a ghearradh agus, dá bhrí sin, go ndéanfar margaí náisiúnta na mBallstát a oscailt (breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 18). |
|
28 |
Ba cheart a mheabhrú freisin, chun críocha léiriú a dhéanamh ar Threoir 2011/64, nach féidir, i bhfianaise chuspóirí na Treorach sin, an coincheap ‘tobac lena chaitheamh’ a léiriú go sriantach (breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 24). |
|
29 |
Maidir leis an gcoincheap ‘próiseáil thionsclaíoch’ a úsáidtear in Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64, tagraíonn an coincheap sin go coitianta do phróiseáil amhábhar ina n‑earraí inláimhsithe, ar mhórscála de ghnáth, de réir próiseas caighdeánaithe (féach, chuige sin, breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 30). |
|
30 |
Leanann sé ó chásdlí na Cúirte nach ionann ‘próiseáil thionsclaíoch’ agus láimhseáil shimplí atá beartaithe chun táirge tobac neamhchríochnaithe a dhéanamh gur féidir é a chaitheamh, amhail rolla tobac a chur isteach i bhfeadán toitíní (féach breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 31 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
31 |
Sna himthosca sin, ní mór a mheas gur féidir tobac monaraithe atá réidh lena chaitheamh nó ar féidir é a dhéanamh réidh go héasca lena chaitheamh, ar bhealaí neamhthionsclaíocha, mar thobac ar féidir é a chaitheamh gan tuilleadh ‘próiseála tionsclaíche’ de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64 (breithiúnas an 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 32). |
|
32 |
Is faoin gcúirt a rinne an tarchur atá sé a mheas an gcomhlíonann táirge tobac amhail an táirge tobac atá i gceist sna príomhimeachtaí an critéar sin agus, dá bhrí sin, an féidir é a aicmiú mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64. |
|
33 |
Ní féidir difear a dhéanamh don mheasúnú sin leis an bhfíoras, murab ionann agus Treoir 2011/64, go gceanglaítear leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC tástáil caite tobac chun a chinneadh an dtagann táirge ar leith faoin gcatagóir ‘tobac neamh-mhonaraithe’ nó ‘tobac lena chaitheamh’, chun coinníollacha na tástála sin a chomhlíonadh, go mbeidh cosc ar an tobac a ghearradh ón sampla ar shlí ar bith, é a bhriseadh, é a bhrú, é a mheilt nó é a roinnt ar bhealach eile agus, sa chás seo, go ndearna an duine a rinne an tástáil caite tobac sampla den tobac atá i gceist sna príomhimeachtaí a ghearradh de láimh sula ndearna sé é a thástáil. |
|
34 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara, i ndáil leis sin, go bhfuil feidhm agus cuspóir cheannteidil taraife AC éagsúil le feidhm agus cuspóir fhorálacha Threoir 2011/64. |
|
35 |
Bunaíodh AC le Rialachán Uimh. 2658/87 chun críocha na Comhtharaife Custaim agus staidreamh trádála eachtraí an Aontais Eorpaigh araon. Tá sé mar chuspóir ag Treoir 2011/64 feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, leibhéal ard cosanta sláinte a áirithiú. Is é an cuspóir sin, mar is léir ón gcásdlí dá dtagraítear i mír 28 thuas, lena gcuirtear cosc, inter alia, ar léiriú sriantach ar an gcoincheap ‘tobac lena chaitheamh’ de réir bhrí na Treorach sin. Dá bhrí sin, is dhá chreat rialála éagsúla iad an Treoir sin agus AC a d’fhéadfaí a léiriú ar bhealach éagsúil. |
|
36 |
I gcás éagsúlacht idir an t‑aicmiú dá dtagraítear i dTreoir 2011/64 agus an t‑aicmiú a eascraíonn as AC agus a nótaí míniúcháin, ní féidir aicmiú táirgí i gcatagóir an tobac lena chaitheamh, chun críocha Threoir 2011/64, a thabhairt faoi cheist leis na nótaí míniúcháin a ghabhann le AC. Ní féidir leis na nótaí míniúcháin sin difear a dhéanamh don sainmhíniú ar thobac lena chaitheamh chun críocha Threoir 2011/64. I ndáil leis sin, ba cheart a thabhairt faoi deara, murab ionann agus treoracha eile a bhaineann le táirgí áirithe atá faoi réir dleacht mháil, amhail Treoir 2003/96/CE ón gComhairle an 27 Deireadh Fómhair 2003 lena ndéantar athstruchtúrú ar chreat an Chomhphobail le haghaidh cáin a ghearradh ar tháirgí fuinnimh agus ar leictreachas (IO 2003 L 283, lch. 51), nach dtagraítear i dTreoir 2011/64 do chóid AC chun tobac monaraithe a thagann faoina raon feidhme a shainmhíniú (féach, chuige sin, breithiúnas an 11 Aibreán 2019, Skonis ir kvapas, C‑638/17, EU:C:2019:316, míreanna 45 agus 46). |
|
37 |
Dá bhrí sin, is é an freagra ar an gcéad cheist nach mór Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64 a léiriú sa chaoi, chun táirge a aicmiú mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí na forála sin, nach gá brath ar cheannteidil taraife AC agus ar na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC. |
An dara ceist
|
38 |
I bhfianaise an fhreagra arna thabhairt ar an gcéad cheist, níl gá freagra a thabhairt ar an dara ceist. |
An tríú ceist
|
39 |
Lena tríú ceist, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur, go bunúsach, an bhfuil Treoir 2011/64, Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/1925 agus na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, a mhéid a dhéanann siad cur síos agus sainmhíniú i dtéarmaí comhionanna ar an gcatagóir ‘tobac lena chaitheamh’ chun críocha dleachtanna custaim agus dleachtanna máil a chur i bhfeidhm, ach an féidir leo déileáil leis an táirge céanna ar bhealach éagsúil chun críocha aicmithe sa chatagóir sin ag brath ar an modh a úsáidtear don tástáil caite tobac dá bhforáiltear sna Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC, bailí i bhfianaise phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus phrionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí, a chumhdaítear go háirithe in Airteagal 49(1) den Chairt, ós rud é gurb ionann forálacha Threoir 2011/64, go bunúsach, agus reachtaíocht tagartha chun ábhar na gcionta dá bhforáiltear leis an reachtaíocht náisiúnta a shainmhíniú. |
|
40 |
Ba cheart a thabhairt faoi deara gur tharchuir an chúirt a rinne an tarchur an tríú ceist faoi réir freagra diúltach ar an gcéad cheist. I ndáil leis sin, is léir ón bhfreagra a tugadh ar an gceist sin, mar is léir ó mhíreanna 26 go 32 thuas, faoi réir fíorú ag an gcúirt a rinne an tarchur, gur táirge é táirge amhail an táirge atá i gceist sna príomhimeachtaí, atá faoi réir dleacht mháil mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64. Is amhlaidh atá cé nach féidir an táirge sin a aicmiú mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/1925 agus na nótaí míniúcháin a ghabhann le AC, ós rud é nach gcomhlíonann sé coinníollacha na tástála caite tobac a thuairiscítear sna nótaí míniúcháin sin. |
|
41 |
Sna himthosca sin, fiafraíonn an chúirt a rinne an tarchur an bhfuil an éagsúlacht sin in aicmiú táirge aonair i gcomhréir le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla agus le prionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí. |
|
42 |
De réir cásdlí socair, ceanglaítear le prionsabal na deimhneachta dlíthiúla, inter alia, go mbeidh rialacha dlí soiléir, beacht agus intuartha maidir lena n‑éifeachtaí, go háirithe i gcás ina bhféadfadh iarmhairtí díobhálacha a bheith acu do dhaoine aonair agus do ghnóthais (féach, chuige sin, breithiúnas an 29 Eanáir 2026, Keladis I agus Keladis II, C‑72/24 agus C‑73/24, EU:C:2026:51, mír 163 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
43 |
Ina theannta sin, ceanglaítear leis an gcéad abairt d’Airteagal 49(1) den Chairt go saineofar go soiléir sa dlí na cionta agus na pionóis a ghabhann leo, agus an coinníoll sin á chomhlíonadh i gcás ina bhfuil an duine aonair lena mbaineann in ann, ar bhonn fhoclaíocht na forála ábhartha agus, más gá, le cúnamh ó léiriú na gcúirteanna uirthi, a bheith ar an eolas faoi na gníomhartha nó na neamhghníomhartha a chuirfidh faoi dhliteanas coiriúil é (féach, chuige sin, breithiúnas an 9 Meán Fómhair 2021, Ministère public (Smachtbhannaí seach-chríochacha), C‑906/19, EU:C:2021:715, mír 46 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
44 |
Cé go dtagraítear sa reachtaíocht do choincheapa leathana nach mór a shoiléiriú de réir a chéile, ní chuirtear bac leis sin, i bprionsabal, ar an reachtaíocht sin a mheas mar reachtaíocht lena leagtar síos rialacha soiléire agus beachta lena gcuirtear ar chumas daoine aonair a thuar cé na gníomhartha agus na neamhghníomhartha a d’fhéadfadh a bheith faoi réir pionóis choiriúla. I ndáil leis sin, is é an rud is tábhachtaí an féidir deireadh a chur le dealramh débhríochta nó doiléire na gcoincheap sin trí leas a bhaint as na gnáthmhodhanna chun an dlí a léiriú (féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 44 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
45 |
Ar deireadh, chuir an Chúirt in iúl go láidir go mbraitheann leibhéal na hintuarthachta is gá go mór ar ábhar an téacs atá i gceist, ar an réimse a chumhdaítear leis agus ar líon agus stádas na ndaoine a bhfuil sé dírithe orthu. Ní chuireann intuarthacht an dlí cosc ar an duine lena mbaineann comhairle dlí iomchuí a ghlacadh chun measúnú a dhéanamh, a mhéid atá réasúnta in imthosca an cháis, ar na hiarmhairtí a d’fhéadfadh a bheith ag gníomhaíocht ar leith. Is fíor sin go háirithe i gcás daoine atá ag gabháil do ghníomhaíocht ghairmiúil, a bhíonn an‑chúramach agus iad ag gabháil dá ngairm. Dá bhrí sin, d’fhéadfaí a bheith ag súil go dtabharfaidh siad aire ar leith agus measúnú á dhéanamh acu ar na rioscaí a bhaineann le gníomhaíocht den sórt sin (féach breithiúnas an 29 Iúil 2024, Belgian Association of Tax Lawyers agus páirtithe eile, C‑623/22, EU:C:2024:639, mír 45 agus an cásdlí dá dtagraítear). |
|
46 |
Sa chás seo, mar is léir ó mhíreanna 34 go 36 thuas, chuir na modhanna chun dlí an Aontais a léiriú ar chumas na ndaoine lena mbaineann a thuar go bhféadfaí táirge amhail an táirge atá i gceist sna príomhimeachtaí a aicmiú mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64, cé nár aicmíodh é mar ‘thobac lena chaitheamh’ de réir bhrí Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/1925 agus na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC. Ar an gcéad dul síos, ba léir ó léiriú teileolaíoch ar an dá chreat rialála sin, nach de chineál coiriúil iad, go raibh cuspóirí éagsúla acu. Tá sé beartaithe go gcomhlíonfaidh AC ceanglais na Comhtharaife Custaim agus staidreamh trádála eachtraí an Aontais araon (féach, chuige sin, breithiúnas an 12 Nollaig 2013, HARK, C‑450/12, EU:C:2013:824, mír 10). Óna taobh féin de, tá sé mar chuspóir ag Treoir 2011/64, feidhmiú cuí an mhargaidh inmheánaigh agus, ag an am céanna, ardleibhéal cosanta sláinte a áirithiú (breithiúnas n 6 Aibreán 2017, Eko-Tabak, C‑638/15, EU:C:2017:277, mír 17). Ar an dara dul síos, ós rud é nach ndéantar tagairt i dTreoir 2011/64 do chóid AC chun tobac monaraithe a thagann faoi raon feidhme na Treorach sin a shainmhíniú, níor thacaigh léiriú litriúil leis an gconclúid go raibh Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/1925 agus na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC beartaithe chun aicmiú táirgí sa chatagóir ‘tobac lena chaitheamh’ a chinneadh de réir bhrí Airteagal 5(1)(a) de Threoir 2011/64. |
|
47 |
Tacaíodh leis an gconclúid sin le breithiúnas an 11 Aibreán 2019, Skonis ir kvapas, (C‑638/17, EU:C:2019:316, míreanna 45 agus 46), ónar léir nach féidir leis na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC aon difear a dhéanamh don sainmhíniú ar thodóga nó ar thodóigíní de réir bhrí Airteagal 4(1) de Threoir 2011/64. |
|
48 |
I bhfianaise an chásdlí dá dtagraítear i míreanna 44 agus 45 thuas, ní féidir a mheas nach gcomhlíonann an éagsúlacht sa sainmhíniú ar ‘tobac lena chaitheamh’ faoi Threoir 2011/64 agus faoi AC ceanglais phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus phrionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí, a chumhdaítear in Airteagal 49(1) den Chairt. |
|
49 |
Dá réir sin, níor sháraigh reachtóir an Aontais an prionsabal sin trí dhá shraith rialacha a ghlacadh i réimsí éagsúla lena saothraítear cuspóirí éagsúla, faoinar féidir táirge aonair a aicmiú, de réir na rialacha a chuirtear i bhfeidhm, i gcatagóirí éagsúla. |
|
50 |
Leanann sé ón méid sin roimhe seo nár léirigh an scrúdú ar an tríú ceist aon fhachtóir de chineál a dhéanfadh difear do bhailíocht Threoir 2011/64, Rialachán Cur Chun Feidhme 2017/1925 agus na Nótaí Míniúcháin a ghabhann le AC i bhfianaise phrionsabal ginearálta na deimhneachta dlíthiúla agus phrionsabal nach mór cionta agus pionóis a shainiú de réir an dlí, a chumhdaítear in Airteagal 49(1) den Chairt. |
Costais
|
51 |
Ós rud é, a mhéid a bhaineann sé leis na páirtithe sna príomhimeachtaí, go bhfuil na himeachtaí mar chéim sa chás os comhair na cúirte a rinne an tarchur, baineann ceist na gcostas leis an gcúirt sin. Níl na costais a tabhaíodh trí bharúlacha a chur faoi bhráid na Cúirte, seachas costais na bpáirtithe sin, inghnóthaithe. |
|
Ar na forais sin, rialaíonn AN CHÚIRT GHINEARÁLTA (an Dara Dlísheomra, ina bhfuil cúigear Breithiúna ina suí) mar seo a leanas: |
|
|
|
Półtorak Hesse Steinfatt Petrlík Dimitrakopoulos Arna thabhairt i gcúirt oscailte i Lucsamburg, an 15 Aibreán 2026. Sínithe |
( *1 ) Teanga an cháis: an Liotuáinis.