Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023TN0044

    Cás T-44/23: Caingean arna tabhairt an 6 Feabhra 2023 – FFPE section Conseil v an Chomhairle

    IO C 179, 22.5.2023, p. 55–55 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    22.5.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 179/55


    Caingean arna tabhairt an 6 Feabhra 2023 – FFPE section Conseil v an Chomhairle

    (Cás T-44/23)

    (2023/C 179/80)

    Teanga an cháis: an Fhraincis

    Páirtithe

    Iarratasóir: Fédération de la fonction publique européenne section Conseil (FFPE section Conseil) (an Bhruiséil, an Bheilg) (ionadaithe: A. Champetier agus S. Rodrigues, Dlíodóirí)

    Cosantóir: Comhairle an Aontais Eorpaigh

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta:

    a dhearbhú go bhfuil an chaingean seo inghlactha agus go bhfuil bunús léi; agus dá bhrí sin,

    an cinneadh atá faoi chonspóid a chur ar neamhní;

    a ordú don chosantóir EUR 1 a íoc, go siombalach, mar gheall ar an damáiste neamhábhartha a fulaingíodh, agus

    a ordú don chosantóir na costais go léir a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Mar thaca leis an gcaingean le haghaidh neamhniú maidir leis an nóta ón gComhairle an 24 Samhain 2022 lenar cuireadh an t-iarratasóir ar an eolas faoi thorthaí agus iarmhairtí an nós imeachta fíorúcháin a tionscnaíodh ina leith de bhun Chomhaontú an 28 Márta 2006 arna thabhairt i gcrích idir Comhairle an Aontais Eorpaigh agus ceardchumainn nó eagraíochtaí gairmiúla fhoireann Ardrúnaíocht na Comhairle (“an comhaontú”), maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

    1.

    An chéad saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar an gcomhaontú agus ar an litir misin.

    2.

    An dara saincheist dlí, lena líomhnaítear sárú ar mheon an chomhair dhílis a leanann as an gcomhaontú, ar phrionsabal an dea-riaracháin agus ar an bprionsabal ar dá réir go bhforghníomhaítear coinbhinsiúin de mheon macánta.


    Top