EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62023CN0249

Cás C-249/23 P: Achomharc arna thabhairt an 18 Aibreán 2023 ag ClientEarth AISBL i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 1 Feabhra 2023 i gCás T-354/21, ClientEarth v an Coimisiún

IO C 235, 3.7.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

3.7.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 235/20


Achomharc arna thabhairt an 18 Aibreán 2023 ag ClientEarth AISBL i gcoinne bhreithiúnas na Cúirte Ginearálta (an Séú Dlísheomra) a tugadh an 1 Feabhra 2023 i gCás T-354/21, ClientEarth v an Coimisiún

(Cás C-249/23 P)

(2023/C 235/25)

Teanga an cháis: an Béarla

Páirtithe

Achomharcóir: ClientEarth AISBL (ionadaithe: O. W. Brouwer, agus T. C. van Helfteren, advocaten)

Páirtí eile sna himeachtaí: an Coimisiún Eorpach

An t-ordú atá á lorg

Iarrann an t-achomharcóir ar an gCúirt Bhreithiúnais:

an cinneadh atá faoi achomharc a chur ar leataobh;

breithiúnas críochnaitheach a thabhairt agus Cinneadh C(2021) 4348 final ón gCoimisiún an 7 Aibreán 2021 lena ndiúltaítear rochtain ar dhoiciméid áirithe arna n-iarraidh de bhun Rialachán (CE) Uimh. 1049/2001 (1) ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 30 Bealtaine 2001 maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid Pharlaimint na hEorpa, na Comhairle agus an Choimisiúin a chur ar neamhní, nó mar rogha malartach

an cás a tharchur ar ais chuig an gCúirt Ghinearálta le haghaidh cinneadh i gcomhréir le breithiúnas na Cúirte Breithiúnais; agus

a ordú don Choimisiún costais na n-imeachtaí seo agus costais na n-imeachtaí os comhair na Cúirte Ginearálta a íoc, lena n-áirítear na costais a bhaineann le haon idiragraithe.

Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

Mar thaca leis an achomharc, maíonn an t-iarratasóir dhá shaincheist dlí.

An chéad shaincheist dlí; cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ó bhail mar gheall ar réasúnaíocht fhriráiteach, saobhadh fianaise, agus earráid dlí i gcur i bhfeidhm an chaighdeáin dhlíthiúil a bhaineann le fíorú an bhfuil leas poiblí sáraitheach ann ar féidir údar a thabhairt le nochtadh de réir bhrí Airteagal 4(2) de Rialachán 1049/2001.

An dara saincheist dlí: cuirtear breithiúnas na Cúirte Ginearálta ó bhail mar gheall ar réasúnaíocht neamhleor i ndáil leis an diúltiú go bhfuil ann do leas poiblí sáraitheach.


(1)  IO 2001 L 145, lch. 43.


Top