Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62022CN0069

    Cás C-69/22: Caingean arna tabhairt an 2 February 2022 – an Coimisiún Eorpach v an Rómáin

    IO C 171, 25.4.2022, p. 17–18 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
    IO C 171, 25.4.2022, p. 15–16 (GA)

    25.4.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 171/15


    Caingean arna tabhairt an 2 February 2022 – an Coimisiún Eorpach v an Rómáin

    (Cás C-69/22)

    (2022/C 171/22)

    Teanga an cháis: an Rómáinis

    Páirtithe

    Iarratasóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe: M. Noll-Ehlers agus M. Ioan, i gcáil Gníomhairí)

    Cosantóir: An Rómáin

    An t-ordú atá á lorg

    Iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt:

    a dhearbhú, de bharr gur mhainnigh an Rómáin Clár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir a ghlacadh agus a chur in iúl don Choimisiún Eorpach, gur mhainnigh sí a hoibleagáidí a chomhlíonadh faoi Airteagail 6(1) agus 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [an 14 Nollaig 2016] maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú lena leasaítear Treoir 2003/35/CE agus lena n-aisghairtear Treoir 2001/81/CE; (1)

    a ordú don Rómáin na costais a íoc.

    Saincheisteanna dlí agus príomhargóintí

    Maíonn an Coimisiún go dtugtar gealltanais, le Treoir (AE) 2016/2284 maidir le hastaíochtaí náisiúnta truailleán áirithe san aer a laghdú, cúig bhuntruailleán atmaisféaracha a laghdú don tréimhse 2020-2029, ag tosú in 2030. D’fhonn na gealltanais sin i leith astaíochtaí a chomhlíonadh agus chun cur le cuspóirí an Aontais maidir le cáilíocht an aeir a bhaint amach, iarrtar ar Bhallstáit Clár Náisiúnta um Rialú ar Thruailliú Aeir (NAPCP) a ghlacadh.

    Faoi Airteagal 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284, bhí ceanglas ar an Rómáin fógra a thabhairt don Choimisiún maidir lena NAPCP faoin 1 Aibreán 2019 ar a dhéanaí, agus ba chóir go mbeadh tús curtha le haon ghníomhaíochtaí beartaithe ag údaráis na Rómáine roimh an dáta sin.

    Dá bhrí sin, maíonn an Coimisiún gur mhainnigh an Rómáin a hoibleagáidí faoi Airteagail 6(1) agus 10(1) de Threoir (AE) 2016/2284 a chomhlíonadh de bharr nár ghlac sí a NACPC ná nár chuir sí fógra chuig an gCoimisiún ina leith roimh dháta an iarratais seo.


    (1)  IO L 344, 17.12.2016, lgh. 1–31.


    Top