Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0498

    Cás T-498/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Lotion v EUIPO (BLACK IRISH) v EUIPO (Trádmharc de chuid AE – Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid AE BLACK IRISH – Forais iomlána le diúltú – Gan saintréith ar leith – Tuairisciúlacht – Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cóir chomhionann – Oibleagáid cúiseanna a lua – Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

    IO C 432, 14.11.2022, p. 25–26 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    14.11.2022   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 432/25


    Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Lotion v EUIPO (BLACK IRISH) v EUIPO

    (Cás T-498/21) (1)

    (Trádmharc de chuid AE - Iarratas ar an bhfocalmharc de chuid AE BLACK IRISH - Forais iomlána le diúltú - Gan saintréith ar leith - Tuairisciúlacht - Airteagal 7(1)(b) agus (c) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cóir chomhionann - Oibleagáid cúiseanna a lua - Airteagal 94(1) de Rialachán 2017/1001)

    (2022/C 432/30)

    Teanga an cháis: an Béarla

    Páirtithe

    Iarratasóir: Lotion LLC (Woodland Hills, California, na Stáit Aontaithe) (ionadaí: A. Deutsch, Dlíodóir)

    Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaithe: T. Klee agus D. Hanf, Gníomhairí)

    Maidir le:

    Lena chaingean de bhun Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go ndéanfaí an cinneadh ón gCúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 7 Meitheamh 2021 (Cás R 199/2021-5) a neamhniú.

    An chuid oibríochtúil

    1.

    Déantar an chaingean a dhíbhe.

    2.

    Ordaítear do Lotion LLC na costais a íoc.


    (1)  IO C 391, 27.9.2021.


    Top