Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021TA0491

    Cás T-491/21: Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Iúil 2023 — An Ungáir v an Coimisiún (EAGF and EAFRD – Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú – Caiteachas arna thabhú ag an Ungáir – Cosc ar chistiú dúbailte – Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 – Airteagal 28(1)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 – Cabhair um fhoraoisiú – Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 – Cabhair um ghlasú – Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 – Carnadh na cabhrach)

    IO C 304, 28.8.2023, p. 20–21 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

    28.8.2023   

    GA

    Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

    C 304/20


    Breithiúnas ón gCúirt Ghinearálta an 12 Iúil 2023 — An Ungáir v an Coimisiún

    (Cás T-491/21) (1)

    (EAGF and EAFRD - Caiteachas atá eisiata ó mhaoiniú - Caiteachas arna thabhú ag an Ungáir - Cosc ar chistiú dúbailte - Airteagal 30 de Rialachán (AE) Uimh. 1306/2013 - Airteagal 28(1)(b) de Rialachán Cur Chun Feidhme (AE) Uimh. 809/2014 - Cabhair um fhoraoisiú - Airteagal 22 de Rialachán (AE) Uimh. 1305/2013 - Cabhair um ghlasú - Airteagal 43 de Rialachán (AE) Uimh. 1307/2013 - Carnadh na cabhrach)

    (2023/C 304/23)

    Teanga an cháis: an Ungáiris

    Páirtithe

    Iarratasóir: An Ungáir (ionadaithe: M. Fehér agus G. Koós, Gníomhairí)

    Cosantóir: An Coimisiún Eorpach (ionadaithe J. Aquilina, A. Sauka agus Z. Teleki, Gníomhairí)

    Ábhar

    Leis an gcaingean ar bhonn Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir ar an gCúirt Ghinearálta Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/988 ón gCoimisiún dar dáta an 16 Meitheamh 2021, lena n-eisiatar ó mhaoiniú an Aontais Eorpaigh caiteachas áirithe arna thabhú ag na Ballstáit faoin gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT) agus faoin gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT) (IO 2021 L 218, lch. 9) a chur ar neamhní a mhéid a d’fhorchuir sí ceartú airgeadais aonuaire EUR 1 887 692,57 uirthi le haghaidh na mblianta airgeadais 2016 go 2019.

    An chuid oibríochtúil

    1)

    Diúltaítear don chaingean.

    2)

    Ordaítear don Ungáir na costais a íoc.


    (1)  IO C 401, 4.10.2021.


    Top