EUR-Lex Access to European Union law
This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62021TA0416
Case T-416/21: Judgment of the General Court of 14 September 2022 — Itinerant Show Room v EUIPO — Save the Duck (ITINERANT) (EU trade mark — Opposition proceedings — Application for EU figurative mark ITINERANT — Earlier EU figurative mark representing a singing duck in a circle — Relative ground for refusal — Article 8(5) of Regulation (EU) 2017/1001 — Similarity — Reputation — Link — Undue advantage — Lack of due cause — Article 95(2) of Regulation 2017/1001 — Article 27(4) of Delegated Regulation (EU) 2018/625 — Document produced for the first time before the Board of Appeal — Inadmissibility)
Cás T-416/21: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT) (Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh – Imeachtaí freasúra – Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT – Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal – Foras coibhneasta le diúltú – Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 – Cosúlacht – Cáil – Nasc – Dochar míchuí – Easpa cúis chuí – Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 – Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 – Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc – Do-ghlacthacht)

IO C 432, 14.11.2022, p. 23–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
14.11.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 432/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 14 Meán Fómhair 2022 – Itinerant Show Room v EUIPO – Save the Duck (ITINERANT)
(Cás T-416/21) (1)
(Trádmharc de chuid an Aontais Eorpaigh - Imeachtaí freasúra - Iarratas ar mharc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh ITINERANT - Marc fíortha de chuid an Aontais Eorpaigh níos luaithe ag léiriú lacha ag canadh i gciorcal - Foras coibhneasta le diúltú - Airteagal 8(5) de Rialachán (AE) 2017/1001 - Cosúlacht - Cáil - Nasc - Dochar míchuí - Easpa cúis chuí - Airteagal 95(2) de Rialachán 2017/1001 - Airteagal 27(4) de Rialachán Tarmligthe (AE) 2018/625 - Doiciméad curtha ar fáil don chéad uair os comhair an Bhoird Achomhairc - Do-ghlacthacht)
(2022/C 432/27)
Teanga an cháis: an Iodáilis
Páirtithe
Iarratasóir: Itinerant Show Room Srl (San Giorgio in Bosco, an Iodáil) (ionadaí: E. Montelione, Dlíodóir)
Cosantóir: Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (ionadaí: J. Crespo Carrillo, i gcáil Gníomhaire)
Páirtí eile sna himeachtaí os comhair an Bhoird Achomhairc de EUIPO, ag idiragairt os comhair na Cúirte Ginearálta: Save the Duck SpA (Milano, an Iodáil) (ionadaí: M. De Vietro, Dlíodóir)
Ábhar
Trína chaingean faoi Airteagal 263 CFAE, iarrann an t-iarratasóir go gcuirfí an cinneadh ón gcúigiú Bord Achomhairc d’Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) an 6 Bealtaine 2021 (Cás R 997/2020-5) maidir le himeachtaí freasúra idir an t-idirghabhálaí agus an t-iarratasóir ar neamhní.
An chuid oibríochtúil
1) |
Diúltaítear don chaingean. |
2) |
Ordaítear do Itinerant Show Room Srl a chostais féin agus na costais sin arna dtabhú ag Oifig Maoine Intleachtúla an Aontais Eorpaigh (EUIPO) agus ag Save the Duck SpA a íoc. |