EUR-Lex Access to European Union law

Back to EUR-Lex homepage

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 62021CA0676

Cás C-676/21 Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö (Cáin feithiclí): Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú, ón Korkein hallinto-oikeus - an Fhionlainn) - Imeachtaí arna dtionscnamh ag A, (Tarchur chun réamhrialú – Cánachas inmheánach – Airteagal 110 CFAE – Mótarfheithiclí – Cáin feithiclí – Feithiclí athláimhe arna n-allmhairiú ó Bhallstáit eile – Feithiclí athláimhe arna n-onnmhairiú go Ballstáit eile – Aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin – Teorainn leis an aisíocaíocht seo d’fheithiclí a cuireadh i seirbhís níos lú ná 10 mbliana ó shin)

IO C 104, 20.3.2023, p. 7–7 (BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, GA, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)

20.3.2023   

GA

Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh

C 104/7


Breithiúnas na Cúirte (an tOchtú Dlísheomra) an 2 Feabhra 2023 (iarraidh ar réamhrialú, ón Korkein hallinto-oikeus – an Fhionlainn) – Imeachtaí arna dtionscnamh ag A

(Cás C-676/21) (1) Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö (Cáin feithiclí)),

(Tarchur chun réamhrialú - Cánachas inmheánach - Airteagal 110 CFAE - Mótarfheithiclí - Cáin feithiclí - Feithiclí athláimhe arna n-allmhairiú ó Bhallstáit eile - Feithiclí athláimhe arna n-onnmhairiú go Ballstáit eile - Aisíocaíocht onnmhairiúcháin na cánach sin - Teorainn leis an aisíocaíocht seo d’fheithiclí a cuireadh i seirbhís níos lú ná 10 mbliana ó shin)

(2023/C 104/07)

Teanga an cháis: an Fhionlainnis

An chúirt a rinne an tarchur

Korkein hallinto-oikeus

Páirtithe sna príomhimeachtaí

Iarratasóir: A

Cosantóir: Veronsaajien oikeudenvalvontayksikkö

An chuid oibríochtúil

Ní mór dlí príomha an Aontais, go háirithe Airteagal 110 CFAE, a léiriú sa chiall nach gcuirfear cosc leis ar reachtaíocht náisiúnta nach n-aisíoctar cáin feithicle, atá ionchorpraithe i luach gach feithicle, le húinéir mótarfheithicle, i gcás ina ndéantar an fheithicil sin a onnmhairiú go buan lena húsáid i mBallstát eile, nuair a cuireadh an fheithicil sin i seirbhís den chéad uair 10 mbliana ó shin ar a laghad tráth an onnmhairithe sin. Tá sé neamhábhartha, i ndáil leis sin, go raibh sé beartaithe feithicil den sórt sin a úsáid go príomha i gcríoch an Bhallstáit a ghearr an cháin feithicle ar bhonn buan agus gur úsáideadh an fheithicil sin ar an mbealach sin freisin.


(1)   IO C 57, 31.1.2022.


Top