This document is an excerpt from the EUR-Lex website
Document 62020TA0004
Case T-4/20: Judgment of the General Court of 27 April 2022 — Sieć Badawcza Łukasiewicz — Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v Commission (Arbitration clause — Grant agreement concluded in the context of the Seventh Framework Programme for research, technological development and demonstration activities (2007-2013) — Eligible costs — Request for reimbursement — Financial audit — OLAF investigation — Conflict of interest on account of family or emotional ties — Principle of good faith — Principle of non-discrimination on grounds of marital status — Legitimate expectations — Action for annulment — Debit notes — Acts inseparable from the contract — Act not open to challenge — Right to effective judicial review — Inadmissibility)
Cás T-4/20: Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v an Coimisiún (Clásal eadrána – Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) – Costais incháilithe – Iarratas ar aisíocaíocht – Iniúchadh airgeadais – Imscrúdú OLAF – Coinbhleacht leasa de bhun nasc teaghlaigh nó mothúchán – Prionsabal an mheoin mhacánta – Prionsabal an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar stádas pósta – Ionchais dhlisteanacha – Caingean le haghaidh neamhniú – Nótaí dochair – Gníomhartha nach bhfuil inscartha ón gconradh – Gníomh nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne – Do-ghlacthacht – Ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil)

IO C 244, 27.6.2022, p. 24–24
(BG, ES, CS, DA, DE, ET, EL, EN, FR, HR, IT, LV, LT, HU, MT, NL, PL, PT, RO, SK, SL, FI, SV)
IO C 244, 27.6.2022, p. 23–23
(GA)
|
27.6.2022 |
GA |
Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh |
C 244/23 |
Breithiúnas na Cúirte Ginearálta an 27 Aibreán 2022 – Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii v an Coimisiún
(Cás T-4/20) (1)
(Clásal eadrána - Comhaontú deontais arna thabhairt i gcrích mar chuid den Seachtú Clár Réime um thaighde, um fhorbairt theicneolaíoch agus um ghníomhaíochtaí taisealbhaidh (2007-2013) - Costais incháilithe - Iarratas ar aisíocaíocht - Iniúchadh airgeadais - Imscrúdú OLAF - Coinbhleacht leasa de bhun nasc teaghlaigh nó mothúchán - Prionsabal an mheoin mhacánta - Prionsabal an neamh-idirdhealaithe bunaithe ar stádas pósta - Ionchais dhlisteanacha - Caingean le haghaidh neamhniú - Nótaí dochair - Gníomhartha nach bhfuil inscartha ón gconradh - Gníomh nach bhféadfaí agóid a dhéanamh ina choinne - Do-ghlacthacht - Ceart chun athbhreithniú breithiúnach éifeachtach a fháil)
(2022/C 244/30)
Teanga an cháis: an Béarla
Páirtithe
Iarratasóir: Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii (Vratislavie, an Pholainn) (ionadaí: Ł. Stępkowski, Dlíodóir)
Cosantóir): an Coimisiún Eorpach (ionadaithe: B. Araujo Arce agus J. Estrada de Solà, i gcáil Gníomhairí)
Ábhar
Iarrtar ar an gCúirt, mar phríomhcheist, de bhun Airteagal 272 CFAE, dearbhú nach ann d’éileamh conarthach an Choimisiúin Eorpaigh, dá dtagraítear i sé nóta dochair dar dáta an 13 Samhain 2019 dar luach EUR 180 893,90 ar fad, déanta as príomhshuim EUR 164 449 agus damáistí agus ús EUR 16 444,90, agus a ordú don Choimisiún na suimeanna a áirítear sna nótaí dochair sin a aisíoc, agus, de rogha air sin, litir an Choimisiún dar dáta an 12 Samhain 2019 a cuireadh chuig an iarratasóir, a chur ar ceal.
An chuid oibríochtúil
|
1. |
Diúltaítear don achomharc. |
|
2. |
Ordaítear do Sieć Badawcza Łukasiewicz – Port Polski Ośrodek Rozwoju Technologii na costais a íoc. |