AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,23.10.2024
COM(2024) 488 final
2024/0270(NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle lena n‑údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
De bhun Airteagal 395(1) de Threoir 2006/112/CE an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha (‘an Treoir maidir le CBL’), féadfaidh an Chomhairle, ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún, údarú a thabhairt d’aon Bhallstát bearta speisialta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach sin, chun an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú nó chun cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc.
Le litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 15 Bealtaine 2024, d’iarr an Laitvia údarú chun leanúint de bheart a chur i bhfeidhm de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagal 168 agus 168a den Treoir maidir le CBL chun srian a chur ar an gceart asbhainte CBL maidir le caiteachas ar ghluaisteáin áirithe paisinéirí nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus chun daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid phríobháideach feithiclí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. In éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, chuir an Laitvia isteach tuarascáil ina raibh athbhreithniú ar an gcéatadán dá bhforáiltear maidir leis an gceart asbhainte a theorannú.
I gcomhréir le hAirteagal 395(2) den Treoir maidir le CBL, chuir an Coimisiún na Ballstáit eile ar an eolas le litreacha dar dáta an 10 Meán Fómhair 2024 maidir leis an iarraidh a rinne an Laitvia. Thug an Coimisiún fógra don Laitvia le litir dar dáta an 11 Meán Fómhair 2024 go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithmheas a dhéanamh ar an iarraidh.
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Foráiltear le hAirteagal 168 den Treoir maidir le CBL go bhfuil duine inchánach i dteideal asbhaint a dhéanamh ar CBL a ghearrtar ar cheannacháin a dhéantar chun críche idirbheart cáinmhuirearaithe. Maidir le CBL ar chaiteachas a bhaineann le réadmhaoin ar cuid de shócmhainní gnó duine inchánach í agus a úsáidtear chun críoch gnó agus neamhghnó araon, foráiltear le hAirteagal 168a(1) den Treoir maidir le CBL nach mbeidh an CBL sin inasbhainte ach amháin i gcomhréir le cion úsáid na maoine chun críocha ghnólacht an duine inchánaigh. De bhun Airteagal 168a(2) den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit an riail sin a chur i bhfeidhm freisin maidir le caiteachas a bhaineann le hearraí eile ar cuid de na sócmhainní gnó iad, de réir mar a shonraíonn siad. Tá ceanglas in Airteagal 26, mír 1, pointe (a) den Treoir sin chun cuntas a thabhairt ar CBL nuair a chuirtear earraí ar cuid de shócmhainní gnólachta iad in úsáid chun críoch príobháideach an duine inchánaigh nó chun críoch príobháideach fhoireann an duine sin nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas críocha a ghnólachta, i gcás ina raibh an CBL ar na hearraí sin in-asbhainte go hiomlán nó go páirteach. Leis an gcóras sin is féidir CBL a asbhaineadh ar dtús a aisghabháil i ndáil leis an úsáid phríobháideach.
I gcás gluaisteáin paisinéirí, is deacair an córas sin a chur i bhfeidhm, go háirithe toisc gur deacair an deighilt idir úsáid phríobháideach agus úsáid ghnó a shainaithint. I gcás ina gcoimeádtar taifid, cuireann siad ualach breise ar an ngnólacht agus ar an riarachán araon iad a choinneáil ar bun agus a sheiceáil.
De bhun Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, féadfaidh na Ballstáit bearta a chur i bhfeidhm de mhaolú ar fhorálacha na Treorach maidir le CBL chun simpliú a dhéanamh ar an nós imeachta um bailiú CBL nó chun cineálacha áirithe imghabhála agus seachanta cánach a chosc má rinne an Chomhairle iad a údarú.
Ar bhonn Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle, údaraítear don Laitvia faoi láthair teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar CBL é a íoctar ar ghluaisteáin paisinéirí a cheannach, a leasú, a fháil agus a allmhairiú laistigh den Chomhphobal, agus ar chaiteachas a bhaineann le cothabháil, deisiú agus breosla le haghaidh na ngluaisteán sin, nuair nach n‑úsáidtear na gluaisteáin sin go hiomlán chun críoch gnó. Leis an mbeart speisialta sin freisin, déantar daoine inchánacha a shaoradh ó bheith ag caitheamh le húsáid neamhghnó gluaisteán paisinéirí den sórt sin mar sholáthar seirbhísí ar chomaoin. Na gluaisteáin paisinéirí a chumhdaítear leis an mbeart speisialta, is gluaisteáin iad nach mó ná 3 500 cileagram a n‑uasmheáchan údaraithe agus nach bhfuil níos mó ná ocht suíochán iontu sa bhreis ar shuíochán an tiománaí. Gluaisteáin paisinéirí a úsáidtear le haghaidh gníomhaíochtaí sonracha áirithe, eisiatar iad ón srian ar an gceart asbhainte CBL agus chaithfí leo faoi na gnáthrialacha: gluaisteáin a cheannaítear lena n‑athdhíol, lena bhfruiliú nó lena léasú; gluaisteáin a úsáidtear chun paisinéirí nó earraí a iompar (amhail tacsaithe); gluaisteáin a úsáidtear le haghaidh ceachtanna tiomána; gluaisteáin a úsáidtear le haghaidh seirbhísí garda nó seirbhísí éigeandála; gluaisteáin a úsáidtear mar fheithicil taispeána díolacháin gluaisteán. Cuireadh síneadh le tréimhse bhailíochta an bhirt speisialta sin le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2018/1921 ón gComhairle an 4 Nollaig 2018 go dtí an 31 Nollaig 2021 agus le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1968 ón gComhairle an 9 Samhain 2021 go dtí an 31 Nollaig 2024.
An iarraidh seo ón Laitvia ar shíneadh breise a chur leis an mbeart speisialta, tá sí bunaithe ar na forais chéanna a cuireadh i láthair sna hiarrataí roimhe seo. Tá tuarascáil ag gabháil leis an iarraidh ina bhfuil athbhreithniú ar an teorannú céatadáin a cuireadh i bhfeidhm maidir leis an gceart asbhainte, mar a cheanglaítear le hAirteagal 6(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle. Measann an Laitvia go bhfuil feidhm fós ag na coinníollacha maidir le cur i bhfeidhm an bhirt speisialta agus go bhfuil an teorainn 50 % a chuirtear i bhfeidhm iomchuí i gcónaí.
Deimhníonn an Laitvia gur féidir, leis an mbeart speisialta, an t‑ualach riaracháin a laghdú le haghaidh cáiníocóirí agus an údaráis fhioscaigh agus go gcuirtear teorainn le himghabháil CBL trí thaifid mhíchearta a choinneáil maidir le turais a dhéantar i ndáil le gníomhaíochtaí gnó agus trí thuairisceáin CBL a líonadh isteach go mícheart. De réir na sonraí a chuir an Laitvia isteach, in 2023 ba mhicrifhiontair agus FBManna iad 99,7 % de na fiontair atá gníomhach ó thaobh an gheilleagair de, rud a dhéanann cúram na n‑údarás cánach níos casta agus úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach gluaisteán paisinéirí á fíorú acu. Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, ba é 23 627 an líon iomlán trádálaithe cláraithe sa Laitvia a bhfuil gluaisteán paisinéirí amháin nó dhá ghluaisteán paisinéirí acu, is é sin 80,6 % de na trádálaithe cláraithe uile a chláraigh gluaisteáin paisinéirí. Ós rud é gur micrifhiontair agus FBManna iad 99,7 % de na hoibreoirí uile, tá an Laitvia den tuairim gur chun críoch príobháideach a úsáidtear formhór na ngluaisteán paisinéirí. De réir na sonraí a cuireadh ar fáil, ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, úsáideadh 84,5 % de na gluaisteáin paisinéirí uile ar le trádálaithe cláraithe iad ní hamháin chun críoch gnó ach chun críoch príobháideach freisin.
I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin atá ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach, moltar síneadh ar an mbeart speisialta atá ann faoi láthair a údarú. Ba cheart an t‑údarú a bheith bailí go ceann tréimhse theoranta eile , i.e. go dtí an 31 Nollaig 2027, chun gur féidir athbhreithniú a dhéanamh ar riachtanas agus ar éifeachtacht an bhirt speisialta agus ar cibé atá nó an srian 50 % ina léiriú ceart fós ar an gcionroinnt fhoriomlán idir úsáid ghnó agus úsáid phríobháideach nó nach bhfuil. Ba cheart tuarascáil a bheith ag gabháil le haon iarraidh ar shíneadh ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm agus ba cheart í a sheoladh chuig an gCoimisiún faoin 31 Márta 2027.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Deonaíodh maoluithe den chineál céanna maidir leis an gceart asbhainte do Bhallstáit eile (an Eastóin, an Ungáir, an Chróit, an Pholainn, an Iodáil agus an Rómáin).
Sonraítear in Airteagal 176 den Treoir maidir le CBL go gcinnfidh an Chomhairle an caiteachas nach bhfuil CBL in-asbhainte ina leith. Go dtí sin, údaraíonn sí do na Ballstáit eisiaimh a bhí i bhfeidhm an 1 Eanáir 1979 a choinneáil ar bun. Dá bhrí sin, tá roinnt forálacha ‘neamhghníomhaíochta’ lena gcuirtear srian leis an gceart CBL a asbhaint i ndáil le gluaisteáin paisinéirí.
D’ainneoin tionscnaimh roimhe seo chun rialacha a bhunú maidir leis na catagóirí caiteachais a d’fhéadfadh a bheith faoi réir srian ar an gceart asbhainte, is iomchuí maolú den sórt sin le linn tréimhse ina bhfuiltear ag fanacht le comhchuibhiú na rialacha sin ar leibhéal an Aontais Eorpaigh.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL.
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
I bhfianaise na forála sa Treoir maidir le CBL ar a bhfuil an togra bunaithe, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta.
•Comhréireacht
Baineann an Cinneadh le húdarú arna dheonú do Bhallstát tar éis dó iarraidh a dhéanamh agus níl aon oibleagáid ann.
I bhfianaise raon feidhme teoranta an mhaolaithe, tá an beart speisialta comhréireach leis an aidhm atá á saothrú, i.e. an nós imeachta um bailiú cánach a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála nó seachanta cánach a chosc. Go háirithe, ós rud é go bhféadfadh gnólachtaí gan a ndliteanais uile a dhearbhú agus i bhfianaise na seiceála troma ar shonraí maidir le míleáiste le haghaidh údaráis chánach, leis an srian 50 % shimpleofaí an bailiú CBL agus dhéanfaí imghabháil cánach, inter alia trí choinneáil taifead mícheart agus tuairisceáin CBL a líonadh go mícheart, a chosc.
•An rogha ionstraime
An ionstraim a mholtar: Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle.
Faoi Airteagal 395 den Treoir maidir le CBL, ní féidir maolú ar fhorálacha coiteanna CBL ach i gcás ina n‑údaróidh an Chomhairle é sin agus í ag gníomhú di d’aon toil ar thogra ón gCoimisiún. Cinneadh Cur Chun Feidhme ón gComhairle, sin í an ionstraim is oiriúnaí ó tharla gur féidir í a dhíriú chuig Ballstát aonair.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Ní dhearnadh aon chomhairliúchán leis na páirtithe leasmhara. Tá an togra seo bunaithe ar iarraidh a rinne an Laitvia agus baineann sé leis an mBallstát sin amháin.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.
•Measúnú tionchair
Ceapadh an togra chun an nós imeachta um ghearradh cánach a shimpliú trí dheireadh a chur leis an ngá atá ann daoine inchánacha taifid a choinneáil ar úsáid phríobháideach gluaisteán sonraithe paisinéirí, agus, an tráth céanna, cosc a chur ar chineálacha airithe imghabhála CBL trí thaifid mhíchearta a choinneáil. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh tionchar dearfach a bheith ag an mbeart atá beartaithe ar ghnólachtaí agus ar an údarás fioscach araon. Shainaithin an Laitvia an réiteach mar bheart oiriúnach, agus tá sé inchomparáide le maoluithe eile a bhí ann roimhe agus atá ann faoi láthair.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Ní bheidh drochthionchar ag an togra ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.
5.EILIMINTÍ EILE
Tá teorainn ama leis an togra agus áirítear ann clásal éagtha arna shocrú don 31 Nollaig 2027.
I gcás ina mbreithneodh an Laitvia síneadh eile a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart tuarascáil ina bhfuil athbhreithniú ar an teorainn chéatadáin a chur faoi bhráid an Choimisiúin in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, agus é sin a dhéanamh tráth nach déanaí ná an 31 Márta 2027.
2024/0270 (NLE)
Togra le haghaidh
CINNEADH CUR CHUN FEIDHME ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle lena n‑údaraítear don Laitvia beart speisialta a thabhairt isteach de mhaolú ar Airteagal 26(1), pointe (a) agus ar Airteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha
TÁ COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh,
Ag féachaint do Threoir 2006/112/CE ón gComhairle an 28 Samhain 2006 maidir leis an gcomhchóras cánach breisluacha, agus go háirithe Airteagal 395(1), an chéad fhomhír, de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)Le hAirteagail 168 agus 168a de Threoir 2006/112/CE bunaítear ceart na ndaoine inchánacha an cháin bhreisluacha (CBL) a ghearrtar ar sholáthairtí earraí agus seirbhísí a fhaigheann siad chun críocha a n‑idirbheart cáinmhuirearaithe a asbhaint. Tá ceanglas in Airteagal 26(1), pointe (a), den Treoir sin, cuntas a thabhairt ar CBL nuair a úsáidtear sócmhainn ghnó chun críoch príobháideach daoine inchánacha nó a bhfoirne nó, ar bhonn níos ginearálta, chun críoch eile seachas a ngnó.
(2)Le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 ón gComhairle, arna leasú le Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2021/1968 ón gComhairle, údaraítear don Laitvia, go dtí an 31 Nollaig 2024, teorainn 50 % a chur leis an gceart CBL a asbhaint ar chaiteachas ar ghluaisteáin paisinéirí nach n‑úsáidtear go hiomlán chun críoch gnó agus údaraítear don Laitvia gan caitheamh le húsáid gluaisteáin paisinéirí chun críoch phríobháideach mar sholáthairtí seirbhísí ar chomaoin, ar gluaisteán é a áirítear i sócmhainní gnólachta duine inchánach, i gcás ina raibh an gluaisteán sin faoi réir teorannú a údaraítear faoi Airteagal 1 den Chinneadh sin (‘an beart speisialta’).
(3)Trí litir a cláraíodh leis an gCoimisiún an 15 Bealtaine 2024, chuir an Laitvia iarraidh faoi bhráid an Choimisiúin, i gcomhréir le hAirteagal 395(2), an chéad fhomhír, de Threoir 2006/112/CE, chun leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm (‘an iarraidh speisialta’).
(4)I gcomhréir le hAirteagal 395(2), an dara fomhír, de Threoir 2006/112/CE, tharchuir an Coimisiún an iarraidh ar shíneadh chuig na Ballstáit eile le litreacha dar dáta an 10 Meán Fómhair 2024. Le litir dar dáta an 11 Meán Fómhair 2024, chuir an Coimisiún in iúl don Laitvia go raibh an fhaisnéis uile is gá aige chun breithniú a dhéanamh ar an iarraidh.
(5)I gcomhréir le hAirteagal 6(2) de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429, chuir an Laitvia tuarascáil isteach, in éineacht leis an iarraidh ar shíneadh, ina raibh an t‑athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar síos le haghaidh an teorannaithe ar an gceart asbhainte CBL dá dtagraítear in Airteagal 1 den Chinneadh Cur Chun Feidhme sin. Bunaithe ar an bhfaisnéis atá ar fáil faoi láthair, is é sin taithí iniúchóireachta cánach agus sonraí staidrimh a bhaineann le húsáid phríobháideach gluaisteán paisinéirí, maíonn an Laitvia go bhfuil bonn cirt fós leis an teorainn 50 % agus go bhfuil sí iomchuí i gcónaí.
(6)I bhfianaise thionchar dearfach an bhirt speisialta ar an ualach riaracháin ar cháiníocóirí agus ar údaráis chánach trí bhailiú CBL a shimpliú agus cosc a chur ar imghabháil cánach trí thaifid mhíchearta a choinneáil, measann an Coimisiún go bhfuil sé iomchuí údarú a thabhairt don Laitvia leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm.
(7)Ba cheart teorainn ama a chur le síneadh an bhirt speisialta chun gur féidir meastóireacht a dhéanamh ar a éifeachtacht agus ar an gcéatadán iomchuí. Ba cheart dá bhrí sin a údarú don Laitvia leanúint den bheart speisialta a chur i bhfeidhm go dtí an 31 Nollaig 2027.
(8)Tá an beart speisialta i gcomhréir leis na cuspóirí atá á saothrú, is é sin an nós imeachta um bailiú CBL a shimpliú agus cineálacha áirithe imghabhála cánach nó seachanta cánach a chosc, ós rud é go bhfuil sé teoranta ó thaobh ama agus raon feidhme de. Ina theannta sin, ní chruthaítear leis an mbeart speisialta an riosca go n‑aistreofaí calaois chuig earnálacha eile nó chuig Ballstáit eile.
(9)I gcás ina measann an Laitvia gur gá síneadh a chur leis an mbeart speisialta tar éis 2027, ba cheart di tuarascáil a chur faoi bhráid an Choimisiúin ina bhfuil athbhreithniú ar an gcéatadán a chuirtear i bhfeidhm, mar aon leis an iarraidh ar shíneadh, faoin 31 Márta 2027.
(10)Ní bheidh ach éifeacht dhiomaibhseach ag an mbeart speisialta ar mhéid foriomlán an ioncaim cánach a bhailítear ag céim an tomhaltais deiridh agus ní bheidh aon drochthionchar aige ar acmhainní dílse an Aontais a fhabhraítear ó CBL.
(11)Ba cheart, dá bhrí sin, Cinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429 a leasú dá réir,
TAR ÉIS AN CINNEADH SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Cuirtear an méid seo a leanas in ionad Airteagal 6 de Chinneadh Cur Chun Feidhme (AE) 2015/2429:
‘Airteagal 6
1. Rachaidh an Cinneadh seo in éag an 31 Nollaig 2027.
2. Aon iarraidh ar shíneadh a chur leis an údarú dá bhforáiltear sa Chinneadh seo, cuirfear faoi bhráid an Choimisiúin í faoin 31 Márta 2027 agus beidh tuarascáil ag gabháil léi ina mbeidh athbhreithniú ar an gcéatadán a leagtar amach in Airteagal 1.’.
Airteagal 2
Is chuig Poblacht na Laitvia a dhírítear an Cinneadh seo.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán