Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52023PC0348

Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679

COM/2023/348 final

An Bhruiséil,4.7.2023

COM(2023) 348 final

2023/0202(COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE


lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679


MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

1.COMHTHÉACS AN TOGRA

Forais agus cuspóirí an togra

Is réamhriachtanas é rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a fhorfheidhmiú go héifeachtach chun a áirithiú go gcosnófar an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear in Airteagal 8(1) de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (an ‘Chairt’) agus in Airteagal 16(1) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE).

Cuireadh de chúram ar údaráis neamhspleácha náisiúnta cosanta sonraí (DPAnna) Rialachán (AE) 2016/679 (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí nó RGCS) 1 a fhorfheidhmiú ó tháinig sé i bhfeidhm in 2018. Is é is aidhm don chóras forfheidhmiúcháin díláraithe‘ionad ilfhreastail’ léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach RGCS a áirithiú agus prionsabal na gaireachta a chaomhnú ag an am céanna, ina mbeidh deis ag daoine dul i dteagmháil lena DPA áitiúil agus freagra a fháil. Éilíonn an córas sin comhar idir DPAnna i gcásanna ‘trasteorann’. I gcásanna den sórt sin, déanann an DPA‘ceannais’ (DPA phríomhbhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaithe atá faoi imscrúdú) an timscrúdú, agus ceanglaítear air comhoibriú le DPAnna ‘ábhartha’ eile chun teacht ar chomhthoil trí dhul i mbun idirphlé de mheon an chomhair dhílis agus éifeachtaigh. Ní mór don DPA ceannais a inniúlacht a fheidhmiú laistigh de chreat dlúthchomhair leis na DPAnna lena mbaineann. I gcás nach bhfuil DPAnna in ann teacht ar chomhthoil i gcás trasteorann, foráiltear le RGCS do réiteach díospóidí, maidir le hábhair shonracha arna nardú ag‘agóidí ábhartha réasúnaithe’, mar a thugtar orthu, ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (an Bord), atá comhdhéanta de cheannairí DPA gach Ballstáit agus an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus lena náirítear rannpháirtíocht an Choimisiúin.

Ina thuarascáil tar éis 2 bhliain de chur i bhfeidhm RGCS, thug an Coimisiún dá aire go raibh gá le tuilleadh dul chun cinn chun láimhseáil cásanna trasteorann a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe ar fud an Aontais 2 . Tugadh faoi deara sa tuarascáil difríochtaí tábhachtacha i nósanna imeachta riaracháin náisiúnta agus i léirmhínithe ar choincheapa i sásra comhair RGCS. Ina rún maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir le RGCS, thathantaigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún a mheas an gcuireann nósanna imeachta riaracháin náisiúnta bac ar lánéifeachtacht an chomhair faoi Airteagal 60 de RGCS chomh maith lena chur chun feidhme éifeachtach 3 . D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an mBord eilimintí bunúsacha de nós imeachta riaracháin comhchoiteann a bhunú chun gearáin a láimhseáil i gcásanna trasteorann faoin gcomhar arna bhunú faoi Airteagal 60 de RGCS. In 2020, sheol an Bord machnamh ar fheabhas a chur ar an gcomhar idir DPAnna i gcásanna trasteorann arb é an toradh gur glacadh ráiteas maidir le comhar forfheidhmiúcháin in Aibreán 2022 inar gealladh liosta gnéithe nós imeachta a shainaithint a d’fhéadfaí a chomhchuibhiú tuilleadh i ndlí an Aontais 4 . I mí Dheireadh Fómhair 2022 tharchuir an Bord an liosta sin chuig an gCoimisiún 5 .

Baintear leas sa togra seo as tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir le RGCS, liosta an Bhoird i mí Dheireadh Fómhair 2022, agus conclúidí a bhain an Coimisiún as faireachán a dhéanamh ar fhorfheidhmiú RGCS ó tháinig sé i bhfeidhm, ó Ghrúpa Saineolaithe Ilpháirtithe Leasmhara RGCS 6 agus ó Ghrúpa Saineolaithe RGCS na mBallstát 7 , chomh maith leis na barúlacha a fuair an Coimisiún mar fhreagairt ar Ghlao ar Fhianaise a seoladh i mí Feabhra 2023. Tá sé mar chuid de Chlár Oibre an Choimisiúin 2023 8 (faoin gceannteideal ginearálta ‘Ugach nua do Dhaonlathas na hEorpa’).

Braitheann cur i bhfeidhm comhsheasmhach RGCS ar fheidhmiú éifeachtach chóras forfheidhmiúcháin trasteorann RGCS. Cuireann difríochtaí nós imeachta arna gcur i bhfeidhm ag DPAnna bac ar fheidhmiú rianúil agus éifeachtach shásraí comhair agus réitigh díospóidí RGCS i gcásanna trasteorann. Tá iarmhairtí tábhachtacha ag na difríochtaí sin freisin do chearta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú agus do chearta gearánach (mar ábhair sonraí). Is réamhriachtanas é a áirithiú go bhforfheidhmítear RGCS i gceart chun muinín an phobail a áirithiú sa phróiseas digitithe níos leithne agus chun cothrom iomaíochta a ráthú do na heintitis uile a phróiseálann sonraí pearsanta.

Is é is aidhm don togra dul i ngleic le fadhbanna sna réimsí seo a leanas:

·Gearáin: Is foinse bhunriachtanach faisnéise iad gearáin chun sáruithe ar rialacha cosanta sonraí a bhrath. Tá léirmhínithe éagsúla ag DPAnna ar cheanglais maidir le foirm ghearáin, rannpháirtíocht gearánach sa nós imeachta, agus diúltú do ghearáin. Mar shampla: d’fhéadfadh DPAnna diúltú do ghearán a nglacann DPAnna eile leis ar an mbonn nach gcuireann sé faisnéis leordhóthanach ar fáil; tugann roinnt DPAnna cearta comhionanna do ghearánaigh agus na páirtithe atá faoi imscrúdú, cé nach gcuireann cuid eile gearánaigh san áireamh ná nach mbíonn gearánaigh bainteach ach ar bhonn anteoranta leo; glacann roinnt DPAnna cinneadh foirmiúil lena ndiúltaítear gach gearán nach leantar leis, cé go dteipeann ar DPAnna eile é sin a dhéanamh. Ciallaíonn na difríochtaí sin go nathraíonn láimhseáil gearán agus rannpháirtíocht gearánach ag brath ar an áit a dtaisctear an gearán, nó ar cén DPA atá ina DPA ceannais i gcás ar leith. Mar thoradh air sin, cuireann siad moill ar thabhairt i gcrích an imscrúdaithe agus ar sholáthar leighis don duine is ábhar do na sonraí i gcásanna trasteorann. Ina rún maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir le RGCS, leag Parlaimint na hEorpa béim ar an ngá atá le soiléiriú a dhéanamh ar sheasamh na ngearánach i gcás gearáin trasteorann.

·Cearta nós imeachta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú: Is prionsabal bunúsach de dhlí an Aontais iad cearta cosanta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú, ar prionsabal é atá le hurramú i ngach cúinse, go háirithe i nósanna imeachta a bhféadfadh pionóis arda a bheith mar thoradh orthu. Mar gheall ar dhéine na bpionós a d’fhéadfaí a fhorchur, ní mór do pháirtithe atá faoi imscrúdú i leith sáruithe ar RGCS ráthaíochtaí a bheith acu atá cosúil leo siúd dá bhforáiltear i nósanna imeachta de chineál pionóis. Tá éagsúlacht mhór ar fud na mBallstát maidir le cearta nós imeachta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú, amhail méid an chirt chun éisteacht a fháil agus an ceart rochtana ar an gcomhad. A mhéid a éistear páirtithe, uainiú na héisteachta, agus na doiciméid a chuirtear ar fáil do pháirtithe ionas go mbeidh siad in ann a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú, is eilimintí iad ar a nglacann na Ballstáit cineálacha éagsúla cur chuige. Ní bhíonn na cineálacha éagsúla cur chuige sin comhoiriúnach i gcónaí leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagal 60 RGCS, atá bunaithe ar an toimhde go ndearna na páirtithe atá faoi imscrúdú a gcearta próisis chuí a fheidhmiú sula gcuireann an DPA ceannais síos an dréachtchinneadh. Nuair a chuirtear cás faoi bhráid an Bhoird chun díospóidí a réiteach, d’fhéadfadh éagsúlacht a bheith ann maidir lena mhéid a éisteadh leis na páirtithe maidir leis na saincheisteanna a ardaíodh sa dréachtchinneadh agus maidir le hagóidí DPAnna lena mbaineann. Ina theannta sin, tá easpa soiléireachta ann maidir leis an méid ar cheart éisteacht a thabhairt do pháirtithe atá faoi imscrúdú le linn réiteach díospóide ag an mBord faoi Airteagal 65 RGCS. Mura ráthaítear an ceart chun éisteacht a fháil, d’fhéadfadh cinntí DPAnna lena gcinntear sáruithe ar RGCS a bheith níos leochailí d’agóid dhlíthiúil.

·Comhar agus réiteach díospóidí: Déantar cur síos ginearálta ar an nós imeachta comhair in Airteagal 60 RGCS. I gcásanna trasteorann, ceanglaítear ar DPAnna ‘faisnéis ábhartha’ a mhalartú d’fhonn teacht ar chomhthoil. A luaithe a chuireann an DPA ceannais isteach dréachtchinneadh sa chás, beidh an deis ag DPAnna eile ‘agóidí ábhartha réasúnaithe’ a dhéanamh. Fágann na hagóidí sin go bhféadfaí díospóidí a réiteach (nuair nach leanann an DPA ceannais iad). Cé gur eilimint bhunriachtanach é an nós imeachta um réiteach díospóidí in Airteagal 65 RGCS chun léirmhíniú comhsheasmhach ar RGCS a áirithiú, ba cheart é a fhorchoimeád do chásanna eisceachtúla nach bhfuil comhthoil curtha ar bun mar thoradh ar chomhar dílis idir DPAnna. Is léir ón taithí a fuarthas ar fhorfheidhmiú RGCS i gcásanna trasteorann nach bhfuil dóthain comhair ann idir DPAnna sula ndéantar dréachtchinneadh a chur isteach ag an DPA ceannais. Mar thoradh ar easpaí i ndáil le comhar leordhóthanach agus le forbairt comhthola maidir le príomhshaincheisteanna san imscrúdú ag an gcéim luath seo, tíolactar go leor cásanna chun díospóidí a réiteach.

Tá difríochtaí i bhfoirm agus i struchtúr na n‑agóidí ábhartha réasúnaithe arna gcur isteach ag DPAnna lena mbaineann le linn an nós imeachta um chomhar trasteorann. Cuireann na difríochtaí sin bac ar thabhairt i gcrích éifeachtúil an nós imeachta um réiteach díospóidí agus ar na DPAnna uile lena mbaineann a áireamh sa nós imeachta, go háirithe DPAnna na mBallstát níos lú, a bhfuil níos lú acmhainní acu ná DPAnna na mBallstát níos mó.

·Ní sholáthraíonn RGCS spriocdhátaí do chéimeanna éagsúla den nós imeachta comhair agus réitigh díospóidí. I bhfianaise na castachta éagsúla a bhaineann le himscrúduithe agus i bhfianaise lánrogha DPAnna sáruithe ar RGCS a imscrúdú, níl sé inmhianaithe spriocdhátaí a fhorordú do gach céim den nós imeachta. Mar sin féin, cuideoidh forchur spriocdhátaí i gcás inarb iomchuí le moill mhíchuí a sheachaint maidir le cásanna a chur i gcrích.

Is é is aidhm don togra aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna sin trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh céimeanna áirithe den phróiseas imscrúdaithe i gcásanna trasteorann, agus ar an gcaoi sin tacú le feidhmiú rianúil shásraí comhair agus réitigh díospóidí RGCS. Téann an togra i ngleic go háirithe leis na fadhbanna a sainaithníodh thuas ar na bealaí seo a leanas:

·Foirm gearán agus seasamh gearánach: Soláthraíonn an togra foirm ina sonraítear an fhaisnéis is gá do gach gearán faoi Airteagal 77 RGCS maidir le próiseáil trasteorann agus sonraítear ann rialacha nós imeachta maidir le rannpháirtíocht gearánach sa nós imeachta, lena náirítear a gceart a gcuid tuairimí a chur in iúl. Sonraítear ann rialacha nós imeachta maidir le gearáin a dhiúltú i gcásanna trasteorann agus soiléirítear ann róil an DPA ceannais agus an DPA lenar taisceadh an gearán i gcásanna den sórt sin. Aithníonn sí a thábhachtaí agus a dhleathaí atá sé socrú cairdiúil a dhéanamh ar chásanna atá bunaithe ar ghearáin.

·Comhchuibhiú spriocdhírithe ar chearta nós imeachta i gcásanna trasteorann: Leis an togra, tugtar an ceart do na páirtithe atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil ag céimeanna tábhachtacha sa nós imeachta, lena náirítear le linn don Bhord díospóidí a réiteach, agus soiléirítear inneachar an chomhaid riaracháin agus cearta rochtana na bpáirtithe ar an gcomhad. Ar an gcaoi sin neartaítear cearta cosanta na bpáirtithe leis an togra agus áirithítear leis urramú comhsheasmhach na gceart sin beag beann ar cé acu DPA atá i gceannas ar an imscrúdú.

·Comhar agus réiteach díospóidí a chuíchóiriú: Tugann an togra na huirlisí is gá do DPAnna chun comhthoil a bhaint amach trí shubstaint bhreise a chur leis an gceanglas ar DPAnna comhoibriú agus ‘faisnéis ábhartha’ a leagtar amach in Airteagal 60 RGCS a chomhroinnt. Bunaítear leis an Rialachán seo creat do gach DPA chun tionchar fóinteach a imirt ar chás trasteorann trína dtuairimí a chur ar fáil go luath sa nós imeachta imscrúdaithe agus trí úsáid a bhaint as na huirlisí uile a chuirtear ar fáil le RGCS. Rud atá ríthábhachtach, éascóidh sé sin comhthoil a fhorbairt agus laghdóidh sé an dóchúlacht go mbeidh easaontais ann níos déanaí sa nós imeachta, rud a d’éileodh úsáid a bhaint as an sásra um réiteach díospóidí. I gcás ina bhfuil easaontas idir DPAnna maidir le príomhshaincheist raon feidhme an imscrúdaithe i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin, soláthraíonn an togra ról don Bhord chun an teasaontas a réiteach trí chinneadh ceangailteach práinneach a ghlacadh. Trí pháirt a thabhairt don Bhord maidir leis an tsaincheist scoite sin, tugtar an tsoiléireacht is gá don DPA ceannais chun dul ar aghaidh leis an imscrúdú agus áirithítear leis nach mbeidh gá le leas a bhaint as sásra réitigh díospóidí Airteagal 65 mar gheall ar an easaontas maidir le raon feidhme an imscrúdaithe.

Leagtar síos sa togra ceanglais mhionsonraithe maidir le foirm agus struchtúr na n‑agóidí ábhartha réasúnaithe arna n‑ardú ag DPAnna lena mbaineann, rud a éascaíonn rannpháirtíocht éifeachtach gach DPA agus réiteach spriocdhírithe agus tapa ar an gcás.

·Leis an togra, leagtar síos spriocdhátaí nós imeachta don nós imeachta um réiteach díospóidí, sonraítear an fhaisnéis atá le cur ar fáil ag an DPA ceannais agus an tábhar á chur faoi bhráid réiteach díospóidí, agus soiléirítear ról na ngníomhaithe uile a bhfuil baint acu le réiteach díospóidí (DPA ceannais, DPAnna lena mbaineann agus an Bord). Ar an gcaoi sin, éascaítear leis an togra an nós imeachta um réiteach díospóidí a thabhairt chun críche go pras do na páirtithe atá faoi imscrúdú agus do na hábhair sonraí.

Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

Comhlánaíonn an togra RGCS trí rialacha nós imeachta a shonrú le haghaidh príomhchéimeanna an phróisis imscrúdaithe arna bhunú le RGCS. Ní dhéanann sé difear do chearta na n‑ábhar sonraí, d’oibleagáidí rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí, ná do na forais dhleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha amach in RGCS.

Cuireann an togra le bunphrionsabail RGCS maidir le gearáin, comhar agus réiteach díospóidí, agus forlíontar leis na forálacha sin le breiseanna spriocdhírithe chun éifeachtacht agus éifeachtúlacht an fhorfheidhmithe a fheabhsú i gcásanna trasteorann.

Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

Tá an togra go hiomlán comhsheasmhach agus comhoiriúnach le beartais an Aontais atá ann cheana i réimsí eile.

2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

Bunús dlí

Is é Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE) an bunús dlí leis an togra.

Le hAirteagal 16 CFAE tugtar de chumhacht do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle rialacha a leagan síos maidir le daoine aonair a chosaint i dtaca le próiseáil sonraí pearsanta agus maidir le saorghluaiseacht na sonraí sin. Baineann an togra le forfheidhmiú RGCS i gcásanna trasteorann. Is é is cuspóir don fhorfheidhmiú sin an ceart atá ag ábhair sonraí a sonraí pearsanta a chosaint a áirithiú. Dá réir sin, is é Airteagal 16 CFAE an bunús dlí iomchuí don togra.

Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)

Is é an tAontas is fearr atá in ann gníomhú toisc go mbaineann an togra le nós imeachta atá ann cheana arna bhunú ag RGCS a bhaineann le DPAnna roinnt Ballstát de chuid an Aontais agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (comhlacht de chuid an Aontais). Dá réir sin, ní féidir le Ballstáit an Aontais na fadhbanna a shainaithnítear thuas a réiteach agus iad ag gníomhú ina n‑aonar.

Comhréireacht

Áirithítear leis an togra seo cothromaíocht iomchuí idir comhlíonadh an chuspóra maidir le feidhmiú rianúil fhorfheidhmiú trasteorann RGCS a áirithiú agus gan cur isteach go míchuí ar chórais náisiúnta dlí. 

Is é is aidhm don togra feidhmiú rianúil an tsásra comhair agus réitigh díospóidí arna bhunú ag RGCS a áirithiú. Dá réir sin, ní bhaineann an togra ach le cásanna trasteorann faoi RGCS. Baineann cásanna den sórt sin le DPAnna ó roinnt Ballstát den Aontas agus leis an mBord.

Cumhdaítear sna rialacha nós imeachta náisiúnta reatha a mhéid a éistear le páirtithe atá faoi imscrúdú agus rannpháirtíocht gearánach sa nós imeachta riaracháin. Bíonn tionchar ag na heilimintí seo ar an gcaoi a ndéantar imscrúdú ó thús go deireadh. Mar sin, chun cuspóir an togra a bhaint amach, tá sé bunriachtanach comhchuibhiú spriocdhírithe a dhéanamh ar an gceart chun éisteacht a fháil agus ar rannpháirtíocht gearánach ag céimeanna tábhachtacha sa nós imeachta agus i gcásanna trasteorann amháin — chun forfheidhmiú trasteorann a chuíchóiriú — agus ní théann sé thar a bhfuil riachtanach sna himthosca. Thar aon ní eile, tá feidhm cheana féin ag ceart na bpáirtithe atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil maidir le himscrúduithe arna ndéanamh ag DPAnna faoin RGCS, ós rud é gur eilimint bhunriachtanach de chearta cosanta agus den cheart chun dea-riaracháin mar a ráthaítear sa Chairt é an ceart chun éisteacht a fháil. Mar an gcéanna, ní mór an gearánach a chur ar an eolas faoi dhul chun cinn a ghearáin faoi Airteagal 77(2) RGCS. Den chuid is mó déanann an togra comhchuibhiú agus creat ar mhódúlachtaí na gcéimeanna nós imeachta sin.

An rogha ionstraime

Is rialachán an ionstraim iomchuí don togra. Forlíonann an togra nós imeachta a leagtar síos i rialachán atá ann cheana, an RGCS. Is é is aidhm dó dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le cineálacha éagsúla cur chuige nós imeachta ag DPAnna trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar ghnéithe áirithe den nós imeachta riaracháin a chuireann DPAnna i bhfeidhm agus an RGCS á fhorfheidhmiú. Dá réir sin, tá gá le rialachán (atá infheidhme go díreach sna Ballstáit) chun ilroinnt dhlíthiúil a laghdú agus chun an méid comhchuibhithe is gá a áirithiú chun feidhmiú rianúil na sásraí comhair agus comhsheasmhachta arna mbunú ag RGCS a ráthú agus chun deimhneacht dhlíthiúil a sholáthar do ghearánaigh, do pháirtithe atá faoi imscrúdú agus do DPAnna. Ní áiritheodh treoir, a thugann lánrogha do na Ballstáit maidir le conas na torthaí inmhianaithe a bhaint amach, an méid comhchuibhithe is gá chun cuspóirí an togra a bhaint amach.

3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

Ina thuarascáil tar éis 2 bhliain de chur i bhfeidhm RGCS, thug an Coimisiún dá aire go raibh gá le tuilleadh dul chun cinn chun láimhseáil cásanna trasteorann a dhéanamh níos éifeachtúla agus níos comhchuibhithe ar fud an Aontais 9 . I ndoiciméad inmheánach oibre a ghabhann leis an tuarascáil, 10 shainaithin an Coimisiún an gá atá le dul i ngleic le difríochtaí sna réimsí seo a leanas:

·nósanna imeachta riaracháin náisiúnta, maidir leis an méid seo a leanas go háirithe: nósanna imeachta maidir le gearáin a láimhseáil, na critéir inghlacthachta le haghaidh gearán, fad na nimeachtaí i ngeall ar thréimhsí ama éagsúla nó gan aon spriocdhátaí a bheith ann, an tráth sa nós imeachta a dheonaítear an ceart chun éisteacht a fháil, an fhaisnéis agus rannpháirtíocht gearánach le linn an nós imeachta;

·léirmhínithe ar choincheapa a bhaineann leis an sásra comhair; agus

·an cur chuige maidir le cathain chun tús a chur leis an nós imeachta comhair, páirt a thabhairt do DPAnna lena mbaineann agus faisnéis a chur in iúl dóibh.

Ina rún maidir le tuarascáil 2020 ón gCoimisiún maidir le RGCS, thathantaigh Parlaimint na hEorpa ar an gCoimisiún a mheas an gcuireann nósanna imeachta riaracháin náisiúnta bac ar lánéifeachtacht an chomhair faoi Airteagal 60 de RGCS chomh maith lena chur chun feidhme éifeachtach 11 . D’iarr Parlaimint na hEorpa ar an mBord eilimintí bunúsacha de nós imeachta riaracháin comhchoiteann a bhunú chun gearáin a láimhseáil i gcásanna trasteorann faoin gcomhar arna bhunú faoi Airteagal 60 de RGCS. In 2020, sheol an Bord machnamh ar fheabhas a chur ar an gcomhar idir DPAnna i gcásanna trasteorann. Tar éis an mhachnaimh sin, 12 i mí Dheireadh Fómhair 2022 tharchuir an Bord liosta chuig an gCoimisiún inar sainaithníodh gnéithe nós imeachta den chomhar idir DPAnnaa d’fhéadfaí a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais 13 .

Sa tuarascáil tar éis 2 bhliain de chur i bhfeidhm RGCS, thug an Coimisiún dá aire nach raibh aon sampla fós ann de réiteach díospóidí ar leibhéal an Bhoird. Ó foilsíodh an tuarascáil in 2020, ghlac an Bord ocht gcinn de chinntí ceangailteacha faoi Airteagal 65(1)(a) RGCS. Chuir rannpháirtíocht an Choimisiúin sa Bhord ar a chumas ceachtanna a fhoghlaim maidir le feidhmiú an tsásra um réiteach díospóidí. Is é measúnú an Choimisiúin go háirithe go bhféadfaí luas an imscrúdaithe a fheabhsú agus go bhféadfaí réiteach díospóidí a sheachaint tríd an leibhéal comhair idir DPAnna a mhéadú sula ndéanfaidh an DPA ceannais dréachtchinneadh a thíolacadh.

Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

Tá ullmhúchán an togra bunaithe ar ionchur ó réimse leathan páirtithe leasmhara. Bhí comhaontú ginearálta i measc na bpáirtithe leasmhara go bhféadfaí níos mó a dhéanamh chun éifeachtúlacht fhorfheidhmiú trasteorann RGCS a fheabhsú.

Go háirithe, fuair an Coimisiún ionchur maidir leis an togra ó na bealaí seo a leanas:

·An Bord: Tá an Bord comhdhéanta de na DPAnna, forfheidhmitheoirí RGCS. Tá sé de chúram air, i measc cúraimí eile, díospóidí a réiteach i gcásanna trasteorann faoi RGCS. Dá réir sin, thug an Coimisiún aird chuí ar ionchur an Bhoird ag gach céim den phróiseas ullmhúcháin. Ar an gcéad dul síos, freagraíonn an togra don liosta saincheisteanna a tharchuir an Bord chuig an gCoimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus sainaithnítear gnéithe den nós imeachta forfheidhmithe trasteorann a d’fhéadfaí a chomhchuibhiú ar leibhéal an Aontais. Tugann an togra aghaidh ar fhormhór na saincheisteanna a shainaithin an Bord ar a liosta. I gcásanna áirithe, chinn an Coimisiún gan aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna a shainaithin an Bord, go háirithe i gcás inar mheas an Coimisiún go raibh aghaidh leordhóthanach tugtha cheana féin ag RGCS ar an tsaincheist, nó gur cheart go bhfanfadh an tábhar faoi lánrogha an DPA ceannais nó gur cheart é a chinneadh leis an dlí náisiúnta. Ina theannta sin, téann an togra i ngleic le saincheisteanna áirithe seachas na saincheisteanna sin a shainaithin an Bord ar a liosta, i gcás inar mheas an Coimisiún go raibh gá leis sin chun feidhmiú rianúil an fhorfheidhmithe trasteorann agus urraim ar chearta próisis chuí a áirithiú . Ina theannta sin, reáchtáil an Coimisiún comhairliúchán spriocdhírithe maidir le gnéithe den togra le foghrúpaí den Bhord a dhéileálann le comhar agus forfheidhmiú trasteorann ag cruinnithe an 21 Márta 2023 agus an 24 Aibreán 2023, chun leas a bhaint as saineolas DPAnna a bhíonn ag déileáil leis na saincheisteanna sin ina gcuid oibre ó lá go lá. Thacaigh an Bord go hiomlán leis an gCoimisiún agus é ag gníomhú sa réimse seo agus chuir sé ionchur luachmhar ar fáil don Choimisiún ag cruinnithe mhí an Mhárta agus mhí Aibreáin 2023.

·Grúpa Saineolaithe Ilpháirtithe Leasmhara RGCS: Bunaíodh an sainghrúpa sin chun cabhrú leis an gCoimisiún an RGCS a chur i bhfeidhm. Tá sé comhdhéanta d’ionadaithe ón tsochaí shibhialta, ón lucht gnó, ón lucht acadúil agus ó chleachtóirí dlí. Thacaigh an grúpa sin, tríd is tríd, leis an gCoimisiún agus é ag gníomhú sa réimse seo trí thogra reachtach. Tionóladh an chéad phlé ag cruinniú a tionóladh an 19 Deireadh Fómhair 2022 maidir le liosta an Bhoird i mí Dheireadh Fómhair 2022 agus d’úsáid an Coimisiún an dara cruinniú an 21 Aibreán 2023 chun dul i gcomhairle maidir le gnéithe sonracha den togra. I bhfianaise an réimse leathan páirtithe leasmhara a bhfuil ionadaíocht acu sa ghrúpa seo, bhí tuairimí éagsúla ag páirtithe leasmhara maidir le gnéithe áirithe den togra. Thacaigh na páirtithe leasmhara go léir le creat dlíthiúil a chur ar fáil le haghaidh socrú cairdiúil sa togra. Ba dhíol sásaimh do ENRanna go raibh sé ar intinn ag an gCoimisiún foirm na ngearán a chomhchuibhiú agus thacaigh siad le rannpháirtíocht an ghearánaigh sa nós imeachta, agus thug siad dá naire na difríochtaí móra sa chaoi a ndéileáiltear le gearáin sna Ballstáit. Chuir grúpaí tionscail a dhéanann ionadaíocht ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe béim ar an ngá atá ann an ceart chun éisteacht a fháil a thabhairt do na páirtithe atá faoi imscrúdú agus réiteach easaontas idir DPAnna a spreagadh go luath sa phróiseas imscrúdaithe.

·Grúpa Saineolaithe RGCS na mBallstát: Fónann an Sainghrúpa seo mar fhóram chun tuairimí agus faisnéis a roinnt idir an Coimisiún agus na Ballstáit maidir le cur i bhfeidhm RGCS. D’iarr an Coimisiún tuairimí na mBallstát ar liosta an Bhoird i mí Dheireadh Fómhair 2022 sular cuireadh tús leis an bpróiseas dréachtaithe. Tríd is tríd, thacaigh na Ballstáit leis an smaoineamh maidir le togra le haghaidh tionscnamh reachtach chun forfheidhmiú trasteorann RGCS a fheabhsú agus ba dhíol sásaimh dóibh é. Mar sin féin, shainaithin Ballstáit áirithe a bhfuil rialacha nós imeachta cothrománacha acu is infheidhme maidir le gach nós imeachta riaracháin go bhféadfaí cur isteach ar na rialacha sin, go háirithe maidir le comhchuibhiú chearta na bpáirtithe chun éisteacht a fháil agus rannpháirtíocht gearánach sa nós imeachta. Dá réir sin, tá an Coimisiún tar éis comhchuibhiú na ngnéithe sin sa togra a theorannú go cúramach do chásanna trasteorann agus a mhéid is gá chun feidhmiú rianúil an tsásra comhair agus réitigh díospóidí a áirithiú. Thionóil an Coimisiún cruinniú tiomnaithe le Sainghrúpa RGCS na mBallstát an 19 Aibreán 2023.

Thionóil an Coimisiún cruinnithe déthaobhacha freisin maidir leis an togra arna iarraidh sin, le ENRanna, le húdaráis náisiúnta agus le heagraíochtaí ionadaíocha tionscail.

D’fhoilsigh an Coimisiún glao ar fhianaise ón 24 Feabhra go dtí an 24 Márta 2023 agus fuair sé 73 fhreagra. Fuair an Coimisiún aiseolas ó réimse leathan páirtithe leasmhara, lena n‑áirítear ENRanna agus comhlachais tionscail.

Thug an Coimisiún aird chuí ar an aiseolas ó na páirtithe leasmhara uile agus an togra á ullmhú.

Bailiú agus úsáid saineolais

Cuirtear san áireamh sa togra an raon ionchuir a fuarthas ó pháirtithe leasmhara le linn an phróisis ullmhúcháin, go háirithe an saineolas a sholáthraíonn an Bord, Grúpa Saineolaithe Il-gheallsealbhóirí RGCS, agus Sainghrúpa RGCS na mBallstát.

Tá an togra ag brath freisin ar chásdlí Chúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh (CBAE), go háirithe cásdlí maidir le feidhmiú an tsásra comhair agus comhsheasmhachta in RGCS, chomh maith le cásdlí a bhaineann leis an gceart chun éisteacht a fháil agus leis an gceart chun dea-riaracháin in Airteagal 41 den Chairt.

Measúnú tionchair

Ní dhearnadh measúnú tionchair i ndáil leis an togra. Ní dhéanann an togra difear do chearta na n‑ábhar sonraí, d’oibleagáidí rialaitheoirí agus próiseálaithe sonraí, ná do na forais dhleathacha chun sonraí pearsanta a phróiseáil mar atá leagtha síos ag RGCS.

Comhlánaíonn an togra RGCS ar bhealach spriocdhírithe trí rialacha nós imeachta a shonrú don nós imeachta forfheidhmithe trasteorann arna bhunú le Caibidil VII RGCS. Ar an gcaoi sin, feidhmíonn an togra laistigh den chreat nós imeachta arna bhunú ag RGCS.

Dá réir sin, beidh tionchar an togra teoranta d’fheabhas a chur ar fheidhmiú an nós imeachta fhorfheidhmithe thrasteorann atá leagtha síos ag RGCS. Ní athraíonn an togra róil na ngníomhaithe sa nós imeachta seo — gearánaigh, an DPA ceannais, DPAnna lena mbaineann, agus an Bord — atá leagtha síos in RGCS. Dá bhrí sin, ní bheidh tionchair shuntasacha eacnamaíocha, chomhshaoil nó shóisialta mar thoradh ar an togra, ná ní bheidh caiteachas suntasach i gceist leis.

Beidh tionchar dearfach ag comhchuibhiú na ngnéithe nós imeachta seo ar DPAnna, ar ghearánaigh, ar pháirtithe atá faoi imscrúdú agus ar mhuinín an phobail as RGCS:

·DPAnna — tacóidh an tionscnamh leis an nós imeachta comhair agus cuirfidh sé soiléireacht ar fáil maidir le socruithe agus uainiú an chomhair i gcásanna trasteorann. Cuirfidh sé sin ar chumas DPAnna úsáid níos éifeachtúla a bhaint as a gcuid acmhainní. Ina theannta sin, trí uirlisí a chur ar fáil do DPAnna chun feabhas a chur ar a gcomhar i gcásanna trasteorann, éascóidh an tionscnamh forbairt comhthola i measc DPAnna, rud a laghdóidh líon na neasaontas agus a chuirfidh meon an chomhair chun cinn.

·Gearánaigh agus ábhair sonraí — trí chomhar idir DPAnna a chuíchóiriú agus RGCS á fhorfheidhmiú, tacófar le himscrúduithe a chur i gcrích go tráthúil. Cuideoidh sé sin le déileáil ar bhealach níos éifeachtúla le sáruithe ar RGCS agus le leigheas tapa a chur ar fáil don ábhar sonraí. Ina theannta sin, beidh an deis chéanna ag gearánaigh a bheith rannpháirteach sa nós imeachta i gcásanna trasteorann beag beann ar an áit a dtaisctear an gearán nó cén DPA atá ina DPA ceannais.

·Páirtithe atá faoi imscrúdú — trí fheabhas a chur ar an gcomhar i gcásanna trasteorann, cuideofar le himscrúduithe a ghiorrú agus le soláthar ráthaíochtaí riachtanacha a áirithiú, amhail an ceart chun éisteacht a fháil agus rochtain ar an gcomhad, agus ar an gcaoi sin cosaint an chirt chun dea-riaracháin (Airteagal 41 den Chairt) agus cearta cosanta (Airteagal 48 den Chairt) na bpáirtithe atá faoi imscrúdú a áirithiú. Le comhchuibhiú na gceart sin, beidh an cinneadh deiridh níos láidre freisin.

·Muinín an phobail as RGCS — neartóidh an tionscnamh muinín an phobail as RGCS trí réiteach níos tapúla ar imscrúduithe a éascú agus líon na neasaontas idir DPAnna i gcásanna trasteorann a laghdú.

Oiriúnacht rialála agus simpliú

Ní bhaineann le hábhar

Cearta bunúsacha

Trí réiteach tapa ar chásanna trasteorann a éascú, tacaíonn an togra leis an gceart atá ag ábhair sonraí a sonraí pearsanta a chosaint faoi Airteagal 8 den Chairt agus leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil faoi Airteagal 47 den Chairt.

Trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar cheart na bpáirtithe atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil agus rochtain a fháil ar an gcomhad, áirithítear leis an togra cearta na bpáirtithe chun dea-riaracháin faoi Airteagal 41 den Chairt agus go n‑urramaítear cearta cosanta faoi Airteagal 48 den Chairt.

4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

Níl aon impleachtaí buiséadacha suntasacha ag an togra seo.

5.EILIMINTÍ EILE

Pleananna cur chun feidhme agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

Déanfaidh an Coimisiún faireachán ar chur i bhfeidhm an Rialacháin mar aon lena fhaireachán leanúnach ar chur i bhfeidhm RGCS.

Doiciméid mhíniúcháin (le haghaidh treoracha)

Ní bhaineann le hábhar

Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra

I gCaibidil I, sainmhínítear ábhar an rialacháin agus leagtar amach na sainmhínithe a úsáidtear ar fud na hionstraime. Tá feidhm ag na sainmhínithe a úsáidtear in RGCS maidir leis an togra. Ní thugtar aghaidh sa togra ach ar fhorfheidhmiú trasteorann RGCS.

I gCaibidil II tá rialacha mionsonraithe maidir le gearáin a chur isteach agus a láimhseáil. Forordaíonn sé foirm ina sonraítear an fhaisnéis is gá do ghearáin trasteorann arna gcur isteach ar bhonn Airteagal 77 RGCS agus soláthraíonn sé fachtóirí do DPAnna a chur san áireamh agus iad ag breithniú a mhéid is iomchuí chun gearán a imscrúdú. Trí fhoirm choiteann a sholáthar do gach gearán trasteorann, simplítear an nós imeachta gearáin do na hábhair sonraí agus baintear na cineálacha cur chuige ilroinnte maidir le coincheap an ghearáin. Ceanglaítear le hAirteagal 3 ar DPAnna admháil ar an ngearán a chur ar fáil don ghearánach. Déantar foráil in Airteagal 5 maidir le creat dlíthiúil le haghaidh socrú cairdiúil gearán chun an úsáid a bhaineann DPAnna as socrú cairdiúil a éascú agus chun soiléiriú a dhéanamh ar na himpleachtaí dlíthiúla a bhaineann le socrú cairdiúil do ghearánaigh agus do DPAnna. Déantar foráil in Airteagal 6 maidir le rialacha mionsonraithe maidir le doiciméid a aistriú le linn comhar trasteorann.

Baineann Caibidil III le comhar idir údaráis mhaoirseachta i gcásanna trasteorann.

I Roinn 1 cuirtear uirlisí breise ar fáil do DPAnna chun teacht ar chomhthoil i gcásanna trasteorann. Sonraítear ann gur cheart go n‑áireofaí doiciméid áirithe san ‘fhaisnéis ábhartha’ atá le comhroinnt ag údaráis mhaoirseachta le linn comhar trasteorann agus gur cheart na doiciméid sin a roinnt ar luathchaoithiúlacht an DPA. Áirithítear leis an bhforáil seo go mbeidh an fhaisnéis uile is gá ag DPAnna lena mbaineann chun a dtuairimí maidir leis an imscrúdú a chur ar fáil don DPA ceannais.

Foráiltear le hAirteagal 9 a luaithe a dhéanfaidh an DPA ceannais réamhthuairim ar an imscrúdú, go seolfaidh sé ‘achoimre ar phríomh‑shaincheisteanna’ ina sainaithneofar na príomhthorthaí fíorais agus tuairimí an DPA ceannais maidir leis an gcás chuig DPAnna lena mbaineann. Is é cuspóir na hachoimre ar phríomh‑shaincheisteanna cur ar chumas DPAnna lena mbaineann tionchar fóinteach a bheith acu ar chúrsa an imscrúdaithe ag céim luath trína dtuairimí a chur ar fáil maidir le measúnú an DPA ceannais. Cuideoidh sé sin le DPAnna easaontais a réiteach, mar shampla, maidir leis an measúnú dlíthiúil nó, i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin, maidir le raon feidhme an imscrúdaithe, ag céim luath, rud a laghdóidh an dóchúlacht maidir le réiteach díospóidí níos déanaí sa nós imeachta. I gcás nach mbeidh aon chomhaontú ann ag an gcéim seo maidir le raon feidhme an imscrúdaithe i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin, nó maidir leis an measúnú casta dlíthiúil nó teicneolaíoch arna dhéanamh ag an DPA ceannais, ceanglaítear le hAirteagal 10 ar DPA a easaontaíonn leis an DPA ceannais iarraidh a dhéanamh ar an DPA ceannais faoi Airteagal 61 (cúnamh frithpháirteach) nó faoi Airteagal 62 (comhoibríochtaí) RGCS. Cinntíonn an fhoráil seo go mbainfidh DPAnna úsáid as na huirlisí go léir a sholáthraíonn RGCS chun difríochtaí maidir le príomh‑shaincheisteanna a réiteach le linn an nós imeachta comhair. I gcás nach féidir le DPAnna teacht ar chomhaontú maidir le raon feidhme an imscrúdaithe i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin, foráiltear le hAirteagal 10 go n‑iarrfaidh an DPA ceannais cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord de bhun Airteagal 66(3) RGCS. Sa chás sin, toimhdeofar gur comhlíonadh an gá práinneach atá le gníomhú. Áirithítear leis an bhforáil seo go réiteofar an t‑easaontas maidir le raon feidhme ar bhealach tapa agus éifeachtúil, lena gcuirfear an tsoiléireacht is gá ar fáil don DPA ceannais chun dul ar aghaidh leis an imscrúdú.

I Roinn 2 de Chaibidil III tugtar rialacha mionsonraithe maidir le diúltú iomlán nó páirteach na ngearán. Áirithítear leis na forálacha sin go bhfuil an fhaisnéis is gá ag an DPA lenar taisceadh an gearán chun cur ar a chumas an cinneadh lena ndiúltaítear gearán a ghlacadh, agus go nglacfar cinneadh lena ndiúltaítear gearán i ngach cás nach bhfuiltear ag leanúint leis an ngearán nó nach dtarraingítear siar é. Tugtar deis don ghearánach freisin a thuairimí a chur in iúl sula ndiúltófar go hiomlán nó go páirteach don ghearán.

I Roinn 3 de Chaibidil III, déantar comhchuibhiú ar chearta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú éisteacht a fháil. Foráiltear leis go gcuirfidh an DPA ceannais a réamhthorthaí faoi bhráid na bpáirtithe atá faoi imscrúdú, ina leagfar amach na hagóidí a ardaíodh, na fíorais ábhartha, an fhianaise thacaíochta, anailís dhlíthiúil, agus, i gcás inarb infheidhme, bearta ceartaitheacha atá beartaithe. Leis na réamhthorthaí, beidh na páirtithe atá faoi imscrúdú in ann tuiscint iomlán a fháil ar na líomhaintí a rinneadh agus freagairt do na líomhaintí sin, lena n‑áiritheofar go n‑urramófar a gcearta cosanta. Foráiltear in Airteagal 15 go dtabharfar an deis do ghearánaigh barúlacha i scríbhinn a chur isteach maidir leis na réamhthorthaí. Foráiltear le hAirteagal 17 go mbeidh deis ag na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl i gcás ina mbeartaíonn an DPA ceannais dréachtchinneadh athbhreithnithe a thíolacadh i bhfianaise agóidí ábhartha réasúnaithe arna gcur in iúl ag DPAnna lena mbaineann.

I Roinn 4 de Chaibidil III leagtar síos ceanglais mhionsonraithe maidir le foirm agus struchtúr na n‑agóidí ábhartha réasúnaithe arna n‑ardú ag DPAnna lena mbaineann, rud a éascaíonn rannpháirtíocht éifeachtach gach DPA agus réiteach tapa ar an gcás.

Leagtar síos i gCaibidil IV rialacha mionsonraithe maidir le rochtain ar an gcomhad agus maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le faisnéis rúnda. Tugann na forálacha sin soiléireacht maidir leis na doiciméid ar cheart a bheith mar chuid den chomhad riaracháin i gcásanna trasteorann agus an tráth a dtugtar rochtain ar an gcomhad do na páirtithe atá faoi imscrúdú.

Sonraítear i gCaibidil V rialacha nós imeachta maidir leis an nós imeachta um réiteach díospóidí a leagtar amach in Airteagal 65 RGCS. Sonraítear in Airteagal 22 an fhaisnéis atá le soláthar ag an DPA ceannais don Bhord agus ábhar á chur faoi bhráid réiteach díospóidí. Sonraítear ann spriocdhátaí agus socruithe maidir le hinghlacthacht agóidí ábhartha réasúnaithe ag an mBord a chinneadh. Foráiltear in Airteagal 24 d’éisteacht do na páirtithe atá faoi imscrúdú, nó, i gcás ina ndiúltaítear gearán, don ghearánach, sula ndéanfaidh an Bord cinneadh ceangailteach faoi Airteagal 65(1)(a) RGCS. Trí róil na ngníomhaithe uile a shoiléiriú agus trí spriocdhátaí a chur ar fáil do chéimeanna áirithe nós imeachta, éascóidh na forálacha sin an nós imeachta um réiteach díospóidí a thabhairt chun críche go tapa agus go héifeachtúil.

Le hAirteagail 25 agus 26 leagtar síos socruithe mionsonraithe maidir le hábhair a chur faoi bhráid réiteach díospóidí faoi Airteagal 65(1)(b) agus (c) RGCS.

Leagtar síos i gCaibidil VI rialacha nós imeachta mionsonraithe maidir leis an nós imeachta práinne in Airteagal 66 RGCS.

I gCaibidil VII tá forálacha críochnaitheacha an rialacháin, a bhaineann le spriocdhátaí, forálacha idirthréimhseacha, agus teacht i bhfeidhm an rialacháin.

2023/0202 (COD)

Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE


lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679

TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 16 de,

Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 14 ,

Ag féachaint don tuairim ó Choiste na Réigiún 15 ,

Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

De bharr an mhéid seo a leanas:

(1)Le Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 16 , bunaítear córas forfheidhmiúcháin díláraithe arb é is aidhm dó léirmhíniú agus cur i bhfeidhm comhsheasmhach Rialachán (AE) 2016/679 a áirithiú i gcásanna trasteorann. I gcásanna a bhaineann le próiseáil trasteorann sonraí pearsanta, éilíonn an córas seo comhar idir údaráis mhaoirseachta d’fhonn teacht ar chomhthoil agus, i gcás nach féidir le húdaráis mhaoirseachta teacht ar chomhthoil, foráiltear do réiteach díospóidí ag an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí (an Bord).

(2)Chun foráil a dhéanamh maidir le feidhmiú rianúil agus éifeachtach an tsásra comhair agus réitigh díospóidí dá bhforáiltear in Airteagail 60 agus 65 de Rialachán (AE) 2016/679, is gá rialacha a leagan síos maidir le stiúradh imeachtaí ag na húdaráis mhaoirseachta i gcásanna trasteorann, agus ag an mBord le linn réiteach díospóidí, lena náirítear gearáin trasteorann a láimhseáil. Is gá freisin, ar an gcúis sin, rialacha a leagan síos maidir le feidhmiú an chirt éisteacht a fháil ó na páirtithe atá faoi imscrúdú sula nglacfaidh údaráis mhaoirseachta agus, de réir mar a bheidh, an Bord cinntí.

(3)Is foinse bhunriachtanach faisnéise iad gearáin chun sáruithe ar rialacha cosanta sonraí a bhrath. Tá gá le nósanna imeachta soiléire agus éifeachtúla a shainiú chun gearáin a láimhseáil i gcásanna trasteorann ós rud é go bhféadfaidh údarás maoirseachta déileáil leis an ngearán seachas an túdarás lenar taisceadh an gearán.

(4)Chun go mbeidh sé inghlactha, ba cheart faisnéis shonraithe áirithe a bheith i ngearán. Dá bhrí sin, chun cabhrú le gearánaigh na fíorais is gá a chur faoi bhráid na núdarás maoirseachta, ba cheart foirm ghearáin a chur ar fáil. Níor cheart an fhaisnéis a shonraítear ar an bhfoirm a éileamh ach amháin i gcásanna de phróiseáil trasteorann de réir bhrí Rialachán (AE) 2016/679 cé go bhféadfadh údaráis mhaoirseachta an fhoirm a úsáid i gcásanna nach mbaineann le próiseáil trasteorann. Is féidir an fhoirm a sheoladh isteach go leictreonach nó tríd an bpost. Ba cheart tíolacadh na faisnéise a liostaítear san fhoirm sin a bheith ina choinníoll chun go ndéileálfaí le gearán a bhaineann le próiseáil trasteorann mar ghearán dá dtagraítear in Airteagal 77 de Rialachán (AE) 2016/679. Níor cheart aon fhaisnéis bhreise a éileamh chun go measfaí gearán a bheith inghlactha. Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta a bheith in ann taisceadh gearán i bhformáid leictreonach atá áisiúil don úsáideoir a éascú agus aird á tabhairt ar riachtanais daoine faoi mhíchumas, ar choinníoll go gcomhfhreagraíonn an fhaisnéis a theastaíonn ón ngearánach don fhaisnéis a cheanglaítear leis an bhfoirm agus nach bhfuil aon fhaisnéis bhreise de dhíth chun an gearán a fháil inghlactha.

(5)Tá sé d’oibleagáid ar údaráis mhaoirseachta cinneadh a dhéanamh maidir le gearáin laistigh de thréimhse ama réasúnta. Braitheann an tréimhse ama réasúnach ar imthosca gach cáis agus, go háirithe, ar chomhthéacs an cháis, ar na céimeanna nós imeachta éagsúla a leanann an príomhúdarás maoirseachta, ar iompar na bpáirtithe le linn an nós imeachta agus ar chastacht an cháis.

(6)Déanfar gach gearán a láimhseálann údarás maoirseachta de bhun Airteagal 57(1), pointe (f), de Rialachán (AE) 2016/679 a imscrúdú le gach dícheall cuí a mhéid is iomchuí agus é á chur san áireamh nach mór gach úsáid a bhainfidh an túdarás maoirseachta as cumhachtaí a bheith iomchuí, riachtanach agus comhréireach d’fhonn comhlíonadh Rialachán (AE) 2016/679 a áirithiú. Is faoi lánrogha gach údaráis inniúil atá sé cinneadh a dhéanamh maidir lena mhéid ba cheart gearán a imscrúdú. Agus measúnú á dhéanamh acu ar a mhéid is iomchuí imscrúdú a dhéanamh, ba cheart é a bheith d’aidhm ag údaráis mhaoirseachta réiteach sásúil a thabhairt don ghearánach, nach gá gur gá imscrúdú uileghabhálach a dhéanamh ar na heilimintí dlíthiúla agus fíorasacha uile a eascraíonn as an ngearán, ach a sholáthraíonn leigheas éifeachtach tapa don ghearánach. D’fhéadfaí a chur in iúl don mheasúnú ar mhéid na mbeart imscrúdaitheach is gá a thromchúisí atá an sárú líomhnaithe, cineál sistéamach nó atriallach an tsáraithe, nó an fíoras, de réir mar a bheidh, gur bhain an gearánach leas freisin as a chearta faoi Airteagal 79 de Rialachán (AE) 2016/679. 

(7)Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis is gá maidir le dul chun cinn an imscrúdaithe a chur ar fáil don údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán chun críche nuashonruithe a chur ar fáil don ghearánach.

(8)Ba cheart don údarás inniúil maoirseachta rochtain a thabhairt don ghearánach ar na doiciméid ar dá mbun a tháinig an túdarás maoirseachta ar réamhchonclúid maidir le diúltú go hiomlán nó go páirteach don ghearán.

(9)Ionas gur féidir leis na húdaráis mhaoirseachta deireadh a chur go tapa le sáruithe ar Rialachán (AE) 2016/679 agus réiteach tapa a chur ar fáil do ghearánaigh, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta féachaint, i gcás inarb iomchuí, le gearáin a réiteach trí shocrú cairdiúil. Ní chuireann an fíoras gur réitíodh gearán aonair trí shocrú cairdiúil cosc ar an údarás inniúil maoirseachta cás ex officio a shaothrú, mar shampla i gcás sáruithe sistéamacha nó atriallacha ar Rialachán (AE) 2016/679.  

(10)Chun feidhmiú éifeachtach na sásraí comhair agus comhsheasmhachta i gCaibidil VII de Rialachán (AE) 2016/679 a ráthú, tá sé tábhachtach go réiteofar cásanna trasteorann ar bhealach tráthúil agus i gcomhréir le meon an chomhair dhílis agus éifeachtaigh is bonn le hAirteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/679. Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a inniúlacht a fheidhmiú faoi chuimsiú dlúthchomhair leis na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann. Ar an gcaoi chéanna, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann páirt ghníomhach a ghlacadh san imscrúdú ag céim luath d’fhonn teacht ar chomhthoil, agus leas iomlán á bhaint as na huirlisí dá bhforáiltear le Rialachán (AE) 2016/679.

(11)Tá sé thar a bheith tábhachtach go dtiocfadh na húdaráis mhaoirseachta ar chomhthoil maidir le príomhghnéithe an imscrúdaithe a luaithe is féidir agus sula gcuirfí líomhaintí in iúl do na páirtithe atá faoi imscrúdú agus sula nglacfaí an dréachtchinneadh dá dtagraítear in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/679, rud a laghdódh líon na gcásanna a chuirfí faoi bhráid an tsásra um réiteach díospóidí in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679 agus, ar deireadh, a d'áiritheodh réiteach tapa ar chásanna trasteorann.

(12)Ba cheart an comhar idir údaráis mhaoirseachta a bheith bunaithe ar idirphlé oscailte lenar féidir le húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann tionchar fóinteach a bheith acu ar chúrsa an imscrúdaithe trína dtaithí agus a dtuairimí a roinnt leis an bpríomhúdarás maoirseachta, agus aird chuí á tabhairt ar an gcorrlach le haghaidh lánrogha atá ag gach údarás maoirseachta, lena náirítear sa mheasúnú ar a mhéid is iomchuí chun cás a imscrúdú, agus ar thraidisiúin éagsúla na mBallstát. Chun na críche sin, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta achoimre ar phríomhshaincheisteanna ina leagtar amach a réamhthuairim ar na príomhshaincheisteanna in imscrúdú a chur ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. Ba cheart é a chur ar fáil ag céim sách luath chun gur féidir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann a chuimsiú go héifeachtach ach ag an am céanna ag céim ina bhfuil tuairimí an phríomhúdaráis maoirseachta maidir leis an gcás aibí go leor. Ba cheart an deis a bheith ag na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann a mbarúlacha a thabhairt maidir le raon leathan ceisteanna, amhail raon feidhme an imscrúdaithe agus sainaithint measúnuithe casta fíorasacha agus dlíthiúla. Ós rud é go gcinntear le raon feidhme an imscrúdaithe na hábhair lena néilítear imscrúdú ag an bpríomhúdarás maoirseachta, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta féachaint le comhthoil a bhaint amach a luaithe is féidir maidir le raon feidhme an imscrúdaithe.

(13)Ar mhaithe le comhar ionchuimsitheach éifeachtach idir na húdaráis mhaoirseachta uile lena mbaineann agus an príomhúdarás maoirseachta, ba cheart barúlacha na núdarás maoirseachta lena mbaineann a bheith gonta agus i dtéarmaí a bheadh soiléir agus beacht go leor ionas go mbeidh siad sothuigthe do na húdaráis mhaoirseachta uile. Ba cheart na hargóintí dlíthiúla a ghrúpáil trí thagairt a dhéanamh don chuid den achoimre ar phríomhshaincheisteanna lena mbaineann siad. Féadfar barúlacha na núdarás maoirseachta lena mbaineann a fhorlíonadh le doiciméid bhreise. Mar sin féin, ní leor tagairt amháin i mbarúlacha údaráis mhaoirseachta lena mbaineann do dhoiciméid fhorlíontacha a bheith ann in éagmais na nargóintí bunriachtanacha sa dlí nó i bhfíoras ar cheart a bheith sna barúlacha. Ba cheart na sonraí bunúsacha dlíthiúla agus fíorasacha a bhfuiltear ag brath orthu i ndoiciméid den sórt sin a léiriú, i bhfoirm achomair ar a laghad, ar bhealach comhleanúnach agus intuigthe sa bharúil féin.

(14)I gcásanna nach nardaíonn saincheisteanna conspóideacha, ní gá plé forleathan idir na húdaráis mhaoirseachta chun teacht ar chomhthoil agus, dá bhrí sin, d’fhéadfaí déileáil leo ar bhealach níos tapúla. I gcás nach nardóidh aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann barúlacha maidir leis an achoimre ar phríomhshaincheisteanna, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta na réamhthorthaí dá bhforáiltear in Airteagal 14 a chur in iúl laistigh de 9 mí.

(15)Ba cheart d’údaráis mhaoirseachta leas a bhaint as na modhanna uile is gá chun teacht ar chomhthoil de mheon an chomhair dhílis agus éifeachtaigh. Dá bhrí sin, má tá dibhéirseacht sa tuairim idir na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus an príomhúdarás maoirseachta maidir le raon feidhme imscrúdaithe atá bunaithe ar ghearáin, lena náirítear forálacha Rialachán (AE) 2016/679 a ndéanfar a shárú a imscrúdú, nó i gcás ina mbaineann barúlacha na núdarás maoirseachta lena mbaineann le hathrú tábhachtach ar an measúnú casta dlíthiúil nó teicneolaíoch, ba cheart don údarás lena mbaineann na huirlisí dá bhforáiltear faoi Airteagail 61 agus 62 de Rialachán (AE) 2016/679 a úsáid.

(16)Mura gcuireann úsáid na nuirlisí sin ar chumas na núdarás maoirseachta teacht ar chomhthoil maidir le raon feidhme imscrúdaithe atá bunaithe ar ghearáin, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh ón mBord faoi Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Chun na críche sin, ba cheart a thoimhdiú go bhfuil ceanglas práinne ann. Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta teacht ar chonclúidí iomchuí ó chinneadh ceangailteach práinneach an Bhoird chun críocha réamhthorthaí. Ní féidir le cinneadh ceangailteach práinneach an Bhoird teacht roimh thoradh imscrúdú an phríomhúdaráis maoirseachta ná roimh éifeachtacht chearta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú chun éisteacht a fháil. Go háirithe, níor cheart don Bhord raon feidhme an imscrúdaithe a leathnú ar a thionscnamh féin.

(17)Chun é a chur ar a chumas don ghearánach a cheart chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fheidhmiú faoi Airteagal 78 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don údarás maoirseachta atá ag diúltú go hiomlán nó go páirteach do ghearán é sin a dhéanamh trí bhíthin cinneadh a bhféadfaí agóid a dhéanamh ina aghaidh os comhair cúirt náisiúnta.

(18)Ba cheart go mbeadh an deis ag gearánaigh a gcuid tuairimí a chur in iúl sula ndéantar cinneadh a bhfuil drochthionchar aige orthu. Dá bhrí sin, i gcás ina ndiúltófar go hiomlán nó go páirteach do ghearán i gcás trasteorann, ba cheart an deis a bheith ag an ngearánach a thuairimí a chur in iúl sula dtíolacfar dréachtchinneadh faoi Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679, dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi Airteagal 60(4) de Rialachán (AE) 2016/679 nó cinneadh ceangailteach ón mBord faoi Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679. Féadfaidh an gearánach rochtain a iarraidh ar an leagan neamhrúnda de na doiciméid ar a bhfuil an cinneadh diúltú go hiomlán nó go páirteach don ghearán bunaithe.

(19)Is gá soiléiriú a dhéanamh ar roinnt na bhfreagrachtaí idir an príomhúdarás maoirseachta agus an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán i gcás ina ndiúltófar gearán i gcás trasteorann. Mar phointe teagmhála don ghearánach le linn an imscrúdaithe, ba cheart don údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán tuairimí an ghearánaigh a fháil maidir leis an diúltú atá beartaithe don ghearán agus ba cheart dó a bheith freagrach as gach cumarsáid leis an ngearánach. Ba cheart gach cumarsáid den sórt sin a roinnt leis an bpríomhúdarás maoirseachta. Ós rud é, faoi Airteagal 60(8) agus (9) de Rialachán (AE) 2016/679, go bhfuil sé de fhreagracht ar an údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an cinneadh críochnaitheach lena ndiúltaítear an gearán a ghlacadh, ba cheart an fhreagracht a bheith ar an údarás maoirseachta sin freisin as an dréachtchinneadh a ullmhú faoi Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679.

(20)Ba cheart forfheidhmiú éifeachtach rialacha an Aontais maidir le cosaint sonraí a bheith comhoiriúnach le lánurraim do chearta cosanta na bpáirtithe, ar prionsabal bunúsach de chuid dhlí an Aontais é atá le hurramú i ngach cás, agus go háirithe i nósanna imeachta a bhféadfadh pionóis a bheith mar thoradh orthu.

(21)Chun go gcosnófar go héifeachtach an ceart chun dea-riaracháin agus na cearta chun cosanta mar a chumhdaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh (‘an Chairt’), lena náirítear ceart gach duine éisteacht a fháil sula nglactar aon bheart aonair a dhéanfadh dochar dó, tá sé tábhachtach foráil a dhéanamh maidir le rialacha soiléire maidir le feidhmiú an chirt sin.

(22)Leis na rialacha maidir leis an nós imeachta riaracháin arna chur i bhfeidhm ag údaráis mhaoirseachta agus Rialachán (AE) 2016/679 á fhorfheidhmiú, ba cheart a áirithiú go mbeidh an deis ag na páirtithe atá faoi imscrúdú go héifeachtach a gcuid tuairimí a chur in iúl maidir le fírinne agus ábharthacht na bhfíoras, na nagóidí agus na nimthosca a chuir an túdarás maoirseachta chun cinn le linn an nós imeachta, rud a chuirfidh ar a gcumas a gcearta cosanta a fheidhmiú. Leagtar amach sna réamhthorthaí an réamhsheasamh maidir leis an sárú líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679 tar éis imscrúdú a dhéanamh. Dá bhrí sin, is cosaint nós imeachta bhunriachtanach iad lena náirithítear go nurramaítear an ceart chun éisteacht a fháil. Ba cheart na doiciméid is gá a sholáthar do na páirtithe atá faoi imscrúdú chun iad féin a chosaint go héifeachtach agus chun barúlacha a dhéanamh maidir leis na líomhaintí a dhéantar ina gcoinne, trí rochtain a fháil ar an gcomhad riaracháin.

(23)Sainítear sna réamhthorthaí raon feidhme an imscrúdaithe agus, dá bhrí sin, raon feidhme aon chinnidh chríochnaithigh a dhéanfar amach anseo (de réir mar a bheidh, ar bhonn cinneadh ceangailteach arna eisiúint ag an mBord faoi Airteagal 65(1), pointe (a) de Rialachán (AE) 2016/679) a fhéadfar a dhíriú ar rialaitheoirí nó ar phróiseálaithe. Ba cheart na réamhthorthaí a chur in iúl i dtéarmaí, fiú má tá siad gonta, go bhfuil siad sách soiléir chun a chur ar chumas na bpáirtithe atá faoi imscrúdú cineál an tsáraithe líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679 a shainaithint i gceart. Comhlíontar an oibleagáid an fhaisnéis uile is gá a thabhairt do na páirtithe atá faoi imscrúdú ionas go mbeidh siad in ann iad féin a chosaint i gceart mura líomhnaítear leis an gcinneadh críochnaitheach go ndearna na páirtithe atá faoi imscrúdú sáruithe seachas na sáruithe sin dá dtagraítear sna réamhthorthaí agus nach gcuireann sé san áireamh ach fíorais a raibh deis ag na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl ina leith. Ní gá, áfach, go mbeadh cinneadh críochnaitheach an phríomhúdaráis maoirseachta ina mhacasamhail de na réamhthorthaí. Ba cheart cead a thabhairt don phríomhúdarás maoirseachta sa chinneadh deiridh freagairtí na bpáirtithe atá faoi imscrúdú ar na réamhthorthaí a chur san áireamh, agus, i gcás inarb infheidhme, an dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679, agus cinneadh lena réitítear an díospóid idir na húdaráis mhaoirseachta faoi Airteagal 65(1), pointe (a). Ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta a bheith in ann a mheasúnú féin a dhéanamh ar na fíorais agus ar na cáilíochtaí dlíthiúla arna gcur chun cinn ag na páirtithe atá faoi imscrúdú chun na hagóidí a thréigean i gcás ina gcinnfidh an túdarás maoirseachta go bhfuil siad gan bhunús nó chun a argóintí a fhorlíonadh agus a athdhréachtú, i bhfíoras agus i ndlí araon, chun tacú leis na hagóidí atá á gcoimeád aige. Mar shampla, agus argóint arna cur chun cinn ag páirtí atá faoi imscrúdú le linn an nós imeachta riaracháin á cur san áireamh, gan deis a bheith tugtha dó tuairim a chur in iúl ina leith sin sula nglacfar an cinneadh críochnaitheach, ní féidir leis an argóint sin a bheith ina shárú ar chearta cosanta per se.

(24)Ba cheart ceart éisteachta a thabhairt do na páirtithe atá faoi imscrúdú sula dtíolactar dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679 nó sula nglacfaidh an Bord cinneadh ceangailteach de bhun Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679.  

(25)Ba cheart an deis a thabhairt do ghearánaigh baint a bheith acu leis na himeachtaí arna dtionscnamh ag údarás maoirseachta d’fhonn saincheisteanna a bhaineann le sárú féideartha ar Rialachán (AE) 2016/679 a shainaithint nó a shoiléiriú. Má tá tús curtha ag údarás maoirseachta cheana féin le himscrúdú maidir le hábhar an ghearáin nó má dhéileálafaidh sé leis an ngearán in imscrúdú ex officio tar éis an gearán a fháil, ní chuireann sé sin bac ar cháilíocht an ábhair sonraí mar ghearánach. Mar sin féin, ní hionann nós imeachta sáraíochta idir an gearánach agus na páirtithe atá faoi imscrúdú agus imscrúdú arna dhéanamh ag údarás maoirseachta ar shárú a d’fhéadfadh rialaitheoir nó próiseálaí a dhéanamh ar Rialachán (AE) 2016/679. Is nós imeachta é a chuir údarás maoirseachta tús leis, ar a thionscnamh féin nó ar bhonn gearáin, i gcomhlíonadh a chúraimí faoi Airteagal 57(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Dá bhrí sin, níl na páirtithe atá faoi imscrúdú agus an gearánach sa staid nós imeachta chéanna agus ní féidir leis an ngearánach an ceart chun éisteacht chóir a fháil a agairt nuair nach ndéanann an cinneadh dochar dá sheasamh dlíthiúil. Ní féidir le rannpháirtíocht an ghearánaigh sa nós imeachta i gcoinne na bpáirtithe atá faoi imscrúdú dochar a dhéanamh do cheart na bpáirtithe sin éisteacht a fháil.

(26)Ba cheart an deis a thabhairt do na gearánaigh tuairimí ar na réamhthorthaí a chur isteach i scríbhinn. Níor cheart rochtain a bheith acu, áfach, ar rúin ghnó nó ar fhaisnéis rúnda eile de chuid páirtithe eile atá rannpháirteach sna himeachtaí. Níor cheart go mbeadh gearánaigh i dteideal rochtain ghinearálaithe a bheith acu ar an gcomhad riaracháin.

(27)Agus spriocdhátaí á leagan síos do pháirtithe atá faoi imscrúdú agus do ghearánaigh chun a dtuairimí maidir le réamhthorthaí a chur ar fáil, ba cheart d’údaráis mhaoirseachta aird a thabhairt ar chastacht na saincheisteanna a ardaíodh sna réamhthorthaí, d’fhonn a áirithiú go mbeidh deis leordhóthanach ag na páirtithe atá faoi imscrúdú agus ag gearánaigh a dtuairimí maidir leis na saincheisteanna a ardaíodh a chur ar fáil go fóinteach.

(28)Is éard atá i gceist leis an malartú tuairimí sula nglacfar dréachtchinneadh idirphlé oscailte agus malartú fairsing tuairimí inar cheart do na húdaráis mhaoirseachta a lándícheall a dhéanamh chun teacht ar chomhthoil maidir leis an mbealach chun cinn in imscrúdú. Os a choinne sin, maidir leis an easaontas a cuireadh in iúl in agóidí ábhartha réasúnaithe de bhun Airteagal 60(4) de Rialachán (AE) 2016/679, ar easaontas é lena nardaítear an fhéidearthacht maidir le réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679 agus lena gcuirtear moill ar ghlacadh cinnidh chríochnaithigh ag an údarás maoirseachta inniúil, ba cheart dó teacht chun cinn i gcás eisceachtúil ina dteipfeadh ar údaráis mhaoirseachta teacht ar chomhthoil agus i gcás inar gá léirmhíniú comhsheasmhach ar Rialachán (AE) 2016/679 a áirithiú. Ba cheart agóidí den sórt sin a úsáid go tíosach, nuair a bhíonn ábhair a bhaineann le forfheidhmiú comhsheasmhach Rialachán (AE) 2016/679 i mbaol, ós rud é go gcuirtear an leigheas don ábhar sonraí siar le gach úsáid a bhaintear as agóidí ábhartha agus réasúnaithe. Ós rud é gur cheart raon feidhme an imscrúdaithe agus na fíorais ábhartha a chinneadh sula gcuirfear na réamhthorthaí in iúl, níor cheart do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann na hábhair sin a tharraingt anuas in agóidí ábhartha réasúnaithe. Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann iad a tharraingt anuas, áfach, ina mbarúlacha maidir leis an achoimre ar phríomhshaincheisteanna de bhun Airteagal 9(3), sula gcuirfear réamhthorthaí in iúl do na páirtithe atá faoi imscrúdú.

(29)Ar mhaithe leis an nós imeachta um réiteach díospóidí a thabhairt i gcrích go héifeachtúil agus go hionchuimsitheach, i gcás inar cheart go mbeadh na húdaráis mhaoirseachta uile in ann a dtuairimí a thabhairt agus aird á tabhairt ar na srianta ama le linn réiteach díospóidí, ba cheart go gcomhlíonfadh foirm agus struchtúr na nagóidí ábhartha réasúnaithe ceanglais áirithe. Dá bhrí sin, ba cheart agóidí ábhartha réasúnaithe a bheith teoranta d’fhad forordaithe, ba cheart go sainaithneofaí go soiléir leo an teasaontas leis an dréachtchinneadh agus ba cheart iad a bheith i bhfoclaíocht i dtéarmaí atá soiléir, comhleanúnach agus beacht go leor.

(30)Déantar foráil maidir le rochtain ar an gcomhad riaracháin mar chuid de na cearta chun cosanta agus an ceart chun dea-riaracháin a chumhdaítear sa Chairt. Ba cheart rochtain ar an gcomhad riaracháin a thabhairt do na páirtithe atá faoi imscrúdú nuair a thugtar fógra dóibh faoi réamhthorthaí agus ba cheart an spriocdháta chun a bhfreagra i scríbhinn ar na réamhthorthaí a chur isteach a leagan síos.

(31)Agus rochtain á tabhairt acu ar an gcomhad riaracháin, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a áirithiú go gcosnófar rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile. Áirítear i gcatagóir na faisnéise rúnda eile aon fhaisnéis seachas rúin ghnó, a d’fhéadfaí a mheas mar fhaisnéis rúnda, a mhéid a dhéanfadh nochtadh na faisnéise sin dochar suntasach do rialaitheoir, do phróiseálaí nó do dhuine nádúrtha. Ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta a bheith in ann a iarraidh ar pháirtithe atá faoi imscrúdú a thíolacann nó a thíolaic doiciméid nó ráitis faisnéis rúnda a shainaithint.

(32)I gcás ina bhfuil gá le rúin ghnó nó le faisnéis rúnda chun sárú a chruthú, ba cheart do na húdaráis mhaoirseachta measúnú a dhéanamh maidir le gach doiciméad aonair cibé is mó an gá chun nochtadh ná an díobháil a d’fhéadfadh a bheith ann mar gheall ar an nochtadh.

(33)Agus ábhar á tharchur chuig réiteach díospóidí faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart don phríomhúdarás maoirseachta an fhaisnéis uile is gá a sholáthar don Bhord chun a chur ar a chumas measúnú a dhéanamh ar inghlacthacht agóidí ábhartha réasúnaithe agus an cinneadh a dhéanamh de bhun Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679. A luaithe a gheobhaidh an Bord na doiciméid uile is gá a liostaítear in Airteagal 23, ba cheart do Chathaoirleach an Bhoird tarchur an ábhair a chlárú de réir bhrí Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2016/679.

(34)Ba cheart an cinneadh ceangailteach ón mBord faoi Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679 a bheith bainteach go heisiach le hábhair as ar eascair an réiteach díospóide agus ba cheart é a dhréachtú ar bhealach lena gceadaítear don phríomhúdarás maoirseachta a chinneadh críochnaitheach a ghlacadh ar bhonn chinneadh an Bhoird agus a lánrogha á coinneáil aige ag an am céanna.

(35)Chun réiteach díospóidí idir údaráis mhaoirseachta arna gcur faoi bhráid an Bhoird faoi Airteagal 65(1), pointí (b) agus (c) de Rialachán (AE) 2016/679 a chuíchóiriú, is gá rialacha nós imeachta a shonrú maidir leis na doiciméid atá le cur faoi bhráid an Bhoird agus ar cheart don Bhord a chinneadh a bhunú orthu. Is gá a shonrú freisin cathain ba cheart don Bhord tíolacadh an ábhair chun réiteach díospóidí a chlárú.

(36)Chun cuíchóiriú a dhéanamh ar an nós imeachta maidir le tuairimí práinneacha agus cinntí ceangailteacha práinneacha ón mBord a ghlacadh faoi Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2016/679, is gá rialacha nós imeachta a shonrú maidir le huainiú na hiarrata ar thuairim phráinneach nó ar chinneadh ceangailteach práinneach, maidir leis na doiciméid atá le cur faoi bhráid an Bhoird agus ar cheart don Bhord a chinneadh a bhunú orthu, maidir le cé chuige ar cheart tuairim nó cinneadh an Bhoird a chur, agus maidir le hiarmhairtí thuairim nó chinneadh an Bhoird.

(37)Baineann Caibidlí III agus IV le comhar idir údaráis mhaoirseachta, le cearta nós imeachta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú agus le rannpháirtíocht gearánach. Chun deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, níor cheart feidhm a bheith ag na forálacha sin maidir le himscrúduithe atá ar siúl cheana féin tráth a thiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm. Ba cheart feidhm a bheith acu maidir le himscrúduithe ex officio arna noscailt tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir le himscrúduithe atá bunaithe ar ghearáin i gcás inar taisceadh an gearán tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Déantar foráil i gCaibidil V maidir le rialacha nós imeachta le haghaidh cásanna a chuirtear faoi bhráid réiteach díospóidí faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679. Ar chúiseanna deimhneachta dlíthiúla freisin, níor cheart feidhm a bheith ag an gCaibidil seo maidir le cásanna a cuireadh faoi bhráid réiteach díospóidí roimh theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo. Ba cheart feidhm a bheith aige maidir le gach cás a chuirtear faoi bhráid réiteach díospóidí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

(38)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí agus leis an mBord Eorpach um Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(2) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug siad tuairim chomhpháirteach an [ ],

TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

Caibidil I

Forálacha ginearálta

Airteagal 1

Ábhar

Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha nós imeachta maidir le gearáin a láimhseáil agus imscrúduithe a dhéanamh i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin agus ex officio ag údaráis mhaoirseachta i bhforfheidhmiú trasteorann Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 2

Sainmhínithe

Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe in Airteagal 4 de Rialachán (AE) 2016/679.

Beidh feidhm freisin ag na sainmhínithe seo a leanas:

(1)ciallaíonn ‘páirtithe atá faoi imscrúdú’ an rialaitheoir nó na rialaitheoirí agus/nó an próiseálaí nó na próiseálaithe a imscrúdaítear mar gheall ar shárú líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679 a bhaineann le próiseáil trasteorann;

(2)ciallaíonn ‘achoimre ar phríomhshaincheisteanna’ an achoimre atá le cur ar fáil ag an bpríomhúdarás maoirseachta do na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ina sainaithnítear na príomhfhíorais ábhartha agus tuairimí an phríomhúdaráis maoirseachta maidir leis an gcás;

(3)ciallaíonn ‘réamhthorthaí’ an doiciméad arna sholáthar ag an bpríomhúdarás maoirseachta do na páirtithe atá faoi imscrúdú ina leagtar amach na líomhaintí, na fíorais ábhartha, an fhianaise thacaíochta, anailís dhlíthiúil, agus, i gcás inarb infheidhme, na bearta ceartaitheacha atá beartaithe;

(4)ciallaíonn ‘agóidí ábhartha réasúnaithe coinnithe’ na hagóidí a bhfuil sé deimhnithe ag an mBord go bhfuil siad ábhartha agus réasúnaithe de réir bhrí Airteagal 4(24) de Rialachán (AE) 2016/679.

Caibidil II

Gearáin a chur isteach agus a láimhseáil

Airteagal 3

Gearáin trasteorann

1.Maidir le gearán ar bhonn Rialachán (AE) 2016/679 a bhaineann le próiseáil trasteorann, soláthrófar an fhaisnéis a cheanglaítear san Fhoirm, mar a leagtar amach san Iarscríbhinn. Ní cheanglófar aon fhaisnéis bhreise a chur ar fáil chun go mbeidh an gearán inghlactha.

2.Déanfaidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán a shuíomh an mbaineann an gearán le próiseáil trasteorann.

3.Déanfaidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán iomláine na faisnéise a cheanglaítear leis an bhFoirm a chinneadh laistigh de mhí amháin.

4.Tar éis measúnú a dhéanamh ar iomláine na faisnéise a cheanglaítear leis an bhFoirm, déanfaidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an gearán a tharchur chuig an bpríomhúdarás maoirseachta.

5.I gcás ina maíonn an gearánach go bhfuil sé faoi rún agus gearán á chur isteach aige, déanfaidh an gearánach leagan neamhrúnda den ghearán a thíolacadh freisin.

6.Admhóidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh gearán go bhfuarthas an gearán laistigh de sheachtain amháin. Beidh an admháil sin gan dochar don mheasúnú ar inghlacthacht an ghearáin de bhun mhír 3.

Airteagal 4

Gearáin a imscrúdú

Agus measúnú á dhéanamh aige ar a mhéid is iomchuí gearán a imscrúdú i ngach cás, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta na himthosca ábhartha uile san áireamh, lena n‑áirítear gach ceann díobh seo a leanas:

(a)a thapúla atá sé leigheas éifeachtach agus tráthúil a chur ar fáil don ghearánach;

(b)tromchúis an tsáraithe líomhnaithe;

(c)cineál sistéamach nó atriallach an tsáraithe líomhnaithe.

Airteagal 5

Socrú cairdiúil

Féadfar gearán a réiteach trí shocrú cairdiúil idir an gearánach agus na páirtithe atá faoi imscrúdú. I gcás ina measfaidh an t‑údarás maoirseachta gur thángthas ar shocrú cairdiúil ar an ngearán, cuirfidh sé an socrú atá beartaithe in iúl don ghearánach. Mura ndéanfaidh an gearánach agóid i gcoinne an tsocraithe chairdiúil a mhol an t‑údarás maoirseachta laistigh de mhí amháin, measfar an gearán a bheith tarraingthe siar.

Airteagal 6

Aistriúcháin

1.Beidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán freagrach as an méid seo a leanas:

(a)gearáin agus tuairimí gearánach a aistriú go teanga an phríomhúdaráis maoirseachta chun críocha an imscrúdaithe;

(b)doiciméid arna soláthar ag an bpríomhúdarás maoirseachta a aistriú go teanga na cumarsáide leis an ngearánach, i gcás inar gá na doiciméid sin a chur ar fáil don ghearánach de bhun an Rialacháin seo nó de bhun Rialacháin (AE) 2016/679.

2.Ina rialacha nós imeachta, cinnfidh an Bord an nós imeachta chun barúlacha nó agóidí ábhartha réasúnaithe arna gcur in iúl ag údaráis mhaoirseachta lena mbaineann a aistriú i dteanga seachas an teanga a úsáideann an príomhúdarás maoirseachta chun críocha an imscrúdaithe.

Caibidil III

Comhar faoi Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/679

Roinn 1

Teacht ar chomhthoil de réir bhrí Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2016/679

Airteagal 7

Comhar idir údaráis mhaoirseachta

Agus iad ag comhoibriú d’fhonn teacht ar chomhthoil, dá bhforáiltear in Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2016/679, úsáidfidh na húdaráis mhaoirseachta na modhanna uile dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 2016/679, lena n‑áirítear cúnamh frithpháirteach de bhun Airteagal 61 agus comhoibríochtaí de bhun Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2016/679.

Baineann na forálacha sa roinn seo leis an gcaidreamh idir údaráis mhaoirseachta agus níl siad ceaptha cearta a thabhairt do dhaoine aonair ná do na páirtithe atá faoi imscrúdú.

Airteagal 8

Faisnéis ábhartha de réir bhrí Airteagal 60(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679

1.Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann a thabhairt cothrom le dáta go tráthrialta faoin imscrúdú agus cuirfidh sé an fhaisnéis ábhartha uile ar fáil do na húdaráis mhaoirseachta eile lena mbaineann a luaithe is a bheidh sí ar fáil agus a luaithe is féidir.

2.Áireofar an méid seo a leanas san fhaisnéis ábhartha de réir bhrí Airteagal 60(1) agus (3) de Rialachán (AE) 2016/679, i gcás inarb infheidhme:

(a)faisnéis maidir le himscrúdú a oscailt ar shárú líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679;

(b)iarrataí ar fhaisnéis de bhun Airteagal 58(1), pointe (e) de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)faisnéis faoi úsáid cumhachtaí imscrúdaitheacha eile dá dtagraítear in Airteagal 58(1) de Rialachán (AE) 2016/679;

(d)i gcás ina mbeartaítear gearán a dhiúltú, na cúiseanna atá ag an bpríomhúdarás maoirseachta leis an ngearán a dhiúltú;

(e)achoimre ar phríomhshaincheisteanna in imscrúdú i gcomhréir le hAirteagal 9;

(f)faisnéis a bhaineann le céimeanna arb é is aidhm dóibh sárú ar Rialachán (AE) 2016/679 a shuíomh sula nullmhaítear réamhthorthaí;

(g)réamhthorthaí;

(h)freagairt na bpáirtithe atá faoi imscrúdú ar na réamhthorthaí;

(i)tuairimí an ghearánaigh ar na réamhthorthaí;

(j)i gcás ina ndiúltófar do ghearán, aighneachtaí i scríbhinn ón ngearánach;

(k)aon bhearta ábhartha a dhéanfaidh an príomhúdarás maoirseachta tar éis freagra na bpáirtithe atá faoi imscrúdú a fháil ar na réamhthorthaí agus sula gcuirfear dréachtchinneadh isteach de réir bhrí Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 9

Achoimre ar phríomh‑shaincheisteanna

1.A luaithe a bheidh réamhthuairim ag an bpríomhúdarás maoirseachta ar na príomhshaincheisteanna in imscrúdú, dréachtóidh sé achoimre ar phríomhshaincheisteanna chun críche comhair faoi Airteagal 60(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

2.Áireofar san achoimre ar phríomhshaincheisteanna gach ceann de na heilimintí seo a leanas:

(a)na príomhfhíorais ábhartha;

(b)réamhshainaithint raon feidhme an imscrúdaithe, go háirithe forálacha Rialachán (AE) 2016/679 lena mbaineann an sárú líomhnaithe a dhéanfar a imscrúdú;

(c)measúnuithe casta dlí agus teicneolaíocha a shainaithint atá ábhartha maidir le réamhthreoshuíomh a measúnaithe;

(d)réamhshainaithint beart ceartaitheach/bearta ceartaitheacha féideartha.

3.Féadfaidh na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann barúlacha a thabhairt maidir leis an achoimre ar phríomhshaincheisteanna. Ní mór na barúlacha sin a chur ar fáil laistigh de 4 seachtaine ón achoimre ar phríomhshaincheisteanna a fháil.

4.Leis na barúlacha a chuirfear ar fáil de bhun mhír 3, comhlíonfar na ceanglais seo a leanas:

(a)go bhfuil an teanga a úsáidtear sách soiléir agus go bhfuil téarmaí beachta inti chun go bhféadfaidh an príomhúdarás maoirseachta, agus, de réir mar a bheidh, na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann, a seasaimh a ullmhú;

(b)leagtar amach argóintí dlíthiúla go gonta agus iad grúpáilte trí thagairt don chuid den achoimre ar phríomhshaincheisteanna lena mbaineann siad;

(c)féadfar tacú le barúlacha an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann le doiciméid, a d’fhéadfadh cur leis na barúlacha maidir le pointí sonracha.

5.Féadfaidh an Bord srianta ar fhad uasta na mbarúlacha arna dtíolacadh ag údaráis mhaoirseachta lena mbaineann maidir leis an achoimre ar phríomhshaincheisteanna a shonrú ina rialacha nós imeachta.

6.I gcásanna nár chuir aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann barúlacha ar fáil faoi mhír 3 den Airteagal seo, measfar gur cásanna neamhchonspóideacha iad. I gcásanna den sórt sin, cuirfear na réamhthorthaí dá dtagraítear in Airteagal 14 in iúl do na páirtithe atá faoi imscrúdú laistigh de 9 mí ó dhul in éag an spriocdháta dá bhforáiltear i mír 3 den Airteagal seo.

Airteagal 10

Modhanna a úsáid chun teacht ar chomhthoil

1.Cuirfidh údarás maoirseachta lena mbaineann iarraidh faoi bhráid an phríomhúdaráis maoirseachta faoi Airteagal 61 de Rialachán (AE) 2016/679, Airteagal 62 de Rialachán (AE) 2016/679, nó an dá rud, i gcás, tar éis barúlacha na núdarás maoirseachta lena mbaineann de bhun Airteagal 9(3) a fháil, nach naontaíonn údarás maoirseachta lena mbaineann le measúnú an phríomhúdaráis maoirseachta maidir leis an méid seo a leanas:

(a)raon feidhme an imscrúdaithe i gcásanna atá bunaithe ar ghearáin, lena náirítear forálacha Rialachán (AE) 2016/679 lena mbaineann an sárú líomhnaithe a dhéanfar a imscrúdú;

(b)réamhthreoshuíomh i ndáil le measúnuithe casta dlí arna sainaithint ag an bpríomhúdarás maoirseachta de bhun Airteagal 9(2), pointe (c);

(c)réamhthreoshuíomh i ndáil le measúnuithe casta teicneolaíocha arna sainaithint ag an bpríomhúdarás maoirseachta de bhun Airteagal 9(2), pointe (c).

2.Déanfar an iarraidh faoi mhír 1 laistigh de 2 mhí ó dhul in éag na tréimhse dá dtagraítear in Airteagal 9(3).

3.Rachaidh an príomhúdarás maoirseachta i dteagmháil leis na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann ar bhonn a mbarúlacha maidir leis an achoimre ar phríomhshaincheisteanna, agus, i gcás inarb infheidhme, mar fhreagairt ar iarrataí faoi Airteagail 61 agus 62 de Rialachán (AE) 2016/679, chun teacht ar chomhthoil. Úsáidfear an chomhthoil mar bhonn don phríomhúdarás maoirseachta leanúint den imscrúdú agus na réamhthorthaí a dhréachtú nó, i gcás inarb infheidhme, a réasúnú chun críocha Airteagal 11(2) a chur ar fáil don údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán.

4.Más rud é, in imscrúdú atá bunaithe ar ghearáin, nach bhfuil aon chomhthoil idir an príomhúdarás maoirseachta agus údarás maoirseachta amháin nó níos mó lena mbaineann maidir leis an ábhar dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointe (b) den Rialachán seo, iarrfaidh an príomhúdarás maoirseachta cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord faoi Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2016/679. Sa chás sin, toimhdeofar go bhfuil na coinníollacha maidir le cinneadh ceangailteach práinneach a iarraidh faoi Airteagal 66(3) de Rialachán (AE) 2016/679 á gcomhlíonadh.

5.Agus cinneadh ceangailteach práinneach ón mBord á iarraidh aige de bhun mhír 4 den Airteagal seo, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta an méid seo a leanas ar fáil:

(a)na doiciméid dá dtagraítear in Airteagal 9(2), pointí (a) agus (b);

(b)barúlacha an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann nach naontaíonn le réamhshainaithint an phríomhúdaráis maoirseachta ar raon feidhme an imscrúdaithe.

6.Glacfaidh an Bord cinneadh ceangailteach práinneach maidir le raon feidhme an imscrúdaithe ar bhonn bharúlacha na núdarás maoirseachta lena mbaineann agus ar bhonn sheasamh an phríomhúdaráis maoirseachta maidir leis na barúlacha sin.

Roinn 2

Diúltú iomlán nó páirteach do ghearáin

Airteagal 11

Éisteacht an ghearánaigh sula ndiúltófar go hiomlán nó go páirteach do ghearán

1.I gcomhréir leis an nós imeachta dá bhforáiltear in Airteagail 9 agus 10, soláthróidh an príomhúdarás maoirseachta don údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán na cúiseanna lena réamhthuairim gur cheart diúltú go hiomlán nó go páirteach don ghearán.

2.Cuirfidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an gearánach ar an eolas faoi na cúiseanna atá le diúltú iomlán nó páirteach don ghearán agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a chur in iúl i scríbhinn. Ní bheidh an teorainn ama níos lú ná 3 seachtaine. Cuirfidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an gearánach ar an eolas faoi iarmhairtí na mainneachtana a thuairimí a chur in iúl.

3.Mura gcuireann an gearánach a thuairimí in iúl laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán, measfar an gearán a bheith tarraingthe siar.

4.Féadfaidh an gearánach rochtain a iarraidh ar an leagan neamhrúnda de na doiciméid ar a bhfuil an diúltú beartaithe don ghearán bunaithe.

5.Má chuireann an gearánach a thuairimí in iúl laistigh den teorainn ama arna leagan síos ag an údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán agus mura neascraíonn athrú ar an réamhthuairim gur cheart diúltú go hiomlán nó go páirteach don ghearán as na tuairimí, ullmhóidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an dréachtchinneadh faoi Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679 a chuirfidh an príomhúdarás maoirseachta faoi bhráid na núdarás maoirseachta eile lena mbaineann de bhun Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679. 

Airteagal 12

Dréachtchinneadh athbhreithnithe lena ndiúltaítear gearán go hiomlán nó go páirteach

1.I gcás ina measann an príomhúdarás maoirseachta go nardaíonn an dréachtchinneadh athbhreithnithe de réir bhrí Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679 eilimintí ar cheart an deis a bheith ag an ngearánach a thuairimí a chur in iúl ina leith, tabharfaidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán, sula dtíolacfar an dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679, deis don ghearánach a thuairimí a chur in iúl maidir leis na heilimintí nua sin.

2.Socróidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a chur in iúl.

Airteagal 13

Cinneadh lena ndiúltaítear gearán go hiomlán nó go páirteach

Agus cinneadh lena ndiúltaítear gearán go hiomlán nó go páirteach á ghlacadh aige i gcomhréir le hAirteagal 60(8) de Rialachán (AE) 2016/679, cuirfidh an t‑údarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an gearánach ar an eolas faoin leigheas breithiúnach atá ar fáil dó i gcomhréir le hAirteagal 78 de Rialachán (AE) 2016/679.

Roinn 3

Cinntí atá dírithe ar rialaitheoirí agus ar phróiseálaithe

Airteagal 14

Réamhthorthaí agus freagra

1.Nuair a bheidh sé ar intinn ag an bpríomhúdarás maoirseachta dréachtchinneadh de réir bhrí Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679 a chur faoi bhráid na núdarás maoirseachta eile lena mbaineann a chinneann go ndearnadh sárú ar Rialachán (AE) 2016/679, dréachtóidh sé réamhthorthaí.

2.Cuirfear i láthair sna réamhthorthaí líomhaintí a ardaíodh ar bhealach uileghabhálach agus soiléir go leor chun a chur ar chumas na bpáirtithe atá faoi imscrúdú aird a thabhairt ar an iompar arna imscrúdú ag an bpríomhúdarás maoirseachta. Go háirithe, ní mór dóibh na fíorais uile agus an measúnú dlíthiúil iomlán a ardaíodh i gcoinne na bpáirtithe atá faoi imscrúdú a leagan amach go soiléir, ionas gur féidir leo a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na fíorais agus na conclúidí dlíthiúla a bhfuil sé ar intinn ag an bpríomhúdarás maoirseachta feidhm a bhaint astu sa dréachtchinneadh de réir bhrí Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679, agus an fhianaise ar fad ar a bhfuil sé ag brath a liostú.

Léireofar sna réamhthorthaí bearta ceartaitheacha a bheartaíonn an príomhúdarás maoirseachta a úsáid.

I gcás ina bhfuil sé ar intinn ag an bpríomhúdarás maoirseachta fíneáil a fhorchur, liostóidh sé sna réamhthorthaí na heilimintí ábhartha ar a bhfuil sé ag brath agus an fhíneáil á ríomh. Go háirithe, liostóidh an príomhúdarás maoirseachta na fíorais agus na hábhair dlí fhíor-riachtanacha a bhféadfadh forchur na fíneála agus na n‑eilimintí a liostaítear in Airteagal 83(2) de Rialachán (AE) 2016/679 a bheith mar thoradh orthu, lena n‑áirítear aon tosca géaraitheacha nó maolaitheacha a chuirfidh sé san áireamh.

3.Tabharfaidh an príomhúdarás maoirseachta fógra faoi réamhthorthaí do gach ceann de na páirtithe atá faoi imscrúdú.

4.Déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, agus na réamhthorthaí á gcur in iúl aige do na páirtithe atá faoi imscrúdú, teorainn ama a leagan síos ar laistigh di a fhéadfaidh na páirtithe sin a dtuairimí a thabhairt i scríbhinn. Ní bheidh sé d’oibleagáid ar an bpríomhúdarás maoirseachta tuairimí i scríbhinn a fhaightear tar éis dhul in éag na teorann ama sin a chur san áireamh.

5.Agus na réamhthorthaí á gcur in iúl do na páirtithe atá faoi imscrúdú, tabharfaidh an príomhúdarás maoirseachta rochtain do na páirtithe sin ar an gcomhad riaracháin i gcomhréir le hAirteagal 20.

6.Féadfaidh na páirtithe atá faoi imscrúdú, ina bhfreagra i scríbhinn ar réamhthorthaí, na fíorais agus na hargóintí dlíthiúla ar fad atá ar eolas acu agus atá ábhartha dá gcosaint i gcoinne líomhaintí an phríomhúdaráis maoirseachta a leagan amach. Cuirfidh siad i gceangal aon doiciméad ábhartha mar chruthúnas ar na fíorais a leagtar amach. Ní dhéileálfaidh an príomhúdarás maoirseachta, ina dhréachtchinneadh, ach amháin le líomhaintí, lena náirítear na fíorais agus an measúnú dlíthiúil bunaithe ar na fíorais sin, ar tugadh deis do na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a thabhairt ina leith.

Airteagal 15

Na réamhthorthaí a tharchur chuig gearánaigh

1.I gcás ina neiseoidh an príomhúdarás maoirseachta réamhthorthaí a bhaineann le hábhar a bhfuil gearán faighte aige ina leith, cuirfidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán leagan neamhrúnda de na réamhthorthaí ar fáil don ghearánach agus socróidh sé teorainn ama faoina bhféadfaidh an gearánach a thuairimí a chur in iúl i scríbhinn.

2.Beidh feidhm ag mír 1 freisin nuair a dhéileálann údarás maoirseachta, i gcás inarb iomchuí, le roinnt gearán go comhpháirteach, nuair a scoilteann sé na gearáin i gcodanna éagsúla nó nuair a fheidhmíonn sé a lánrogha ar bhealach ar bith eile maidir le raon feidhme an imscrúdaithe mar atá leagtha amach sna réamhthorthaí.

3.I gcás ina measann an príomhúdarás maoirseachta gur gá doiciméid atá sa chomhad riaracháin a chur ar fáil don ghearánach ionas gur féidir leis an ngearánach a thuairimí ar na réamhchinntí a chur in iúl go héifeachtach, cuirfidh an túdarás maoirseachta lenar taisceadh an gearán an leagan neamhrúnda de na doiciméid sin ar fáil don ghearánach agus na réamhchinntí á gcur ar fáil aige de bhun mhír 1.

4.Ní chuirfear an leagan neamhrúnda de na réamhthorthaí ar fáil don ghearánach ach amháin chun críche an imscrúdaithe nithiúil inar eisíodh na réamhthorthaí.

5.Sula bhfaighidh an gearánach an leagan neamhrúnda de na réamhthorthaí ná aon doiciméad eile a chuirfear ar fáil de bhun mhír 3, seolfaidh sé dearbhú rúndachta chuig an bpríomhúdarás maoirseachta, ina ngeallann an gearánach gan aon fhaisnéis ná aon mheasúnú a rinneadh sa leagan neamhrúnda de na réamhthorthaí a nochtadh nó na torthaí sin a úsáid chun críocha eile seachas an timscrúdú nithiúil inar eisíodh na torthaí sin.

Airteagal 16

Glacadh an chinnidh chríochnaithigh

‑‑Tar éis dó an dréachtchinneadh a chur faoi bhráid na núdarás maoirseachta lena mbaineann de bhun Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus i gcás nach ndearna aon cheann de na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agóid i gcoinne an dréachtchinnidh laistigh de na tréimhsí dá dtagraítear in Airteagal 60(4) agus (5) de Rialachán (AE) 2016/679, glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta a chinneadh faoi Airteagal 60(7) de Rialachán (AE) 2016/679 agus tabharfaidh sé fógra ina leith do phríomhbhunaíocht nó bunaíocht aonair an rialaitheora nó an phróiseálaithe, de réir mar a bheidh, agus cuirfidh sé na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann agus an Bord ar an eolas faoin gcinneadh atá i gceist, lena náirítear achoimre ar na fíorais agus na forais ábhartha.

Airteagal 17

An ceart éisteacht a fháil i ndáil leis an dréachtchinneadh athbhreithnithe

1.I gcás ina measann an príomhúdarás maoirseachta go nardaíonn an dréachtchinneadh athbhreithnithe de réir bhrí Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679 eilimintí ar cheart an deis a bheith ag na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl ina leith, déanfaidh an príomhúdarás maoirseachta, sula dtíolacfar an dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi Airteagal 60(5) de Rialachán (AE) 2016/679, deis a thabhairt do na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl maidir leis na heilimintí nua sin.

2.Socróidh an príomhúdarás maoirseachta teorainn ama ar laistigh di a fhéadfaidh na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl.

Roinn 4

Agóidí ábhartha réasúnaithe

Airteagal 18

Agóidí ábhartha réasúnaithe

1.Maidir le hagóidí ábhartha réasúnaithe de réir bhrí Airteagal 4(24) de Rialachán (AE) 2016/679:

(a)beidh siad bunaithe go heisiach ar eilimintí fíorasacha a áirítear sa dréachtchinneadh; agus

(b)gan raon feidhme na líomhaintí a athrú trí phointí a ardú arb ionann iad agus líomhaintí breise maidir le sárú ar Rialachán (AE) 2016/679 a shainaithint nó trí chineál intreach na líomhaintí a ardaítear a athrú.

2.Comhlíonfaidh foirm agus struchtúr na nagóidí ábhartha réasúnaithe gach ceann de na ceanglais seo a leanas:

(a)ní rachaidh fad gach agóide ábhartha réasúnaithe agus seasamh an phríomhúdaráis maoirseachta maidir le haon agóid den sórt sin thar thrí leathanach agus ní bheidh iarscríbhinní san áireamh iontu. I gcásanna a bhaineann le saincheisteanna dlíthiúla atá thar a bheith casta, féadfar an fad uasta a mhéadú go sé leathanach, ach amháin má ghlacann an Bord le himthosca sonracha a thugann údar le fad níos faide;

(b)sonrófar easaontas an údaráis mhaoirseachta lena mbaineann leis an dréachtchinneadh ag tús na hagóide ábhartha réasúnaithe agus beidh an fhoclaíocht ann i dtéarmaí atá soiléir, comhleanúnach agus beacht go leor chun go mbeidh ar chumas an phríomhúdaráis maoirseachta lena mbaineann, agus de réir mar a bheidh, na núdarás maoirseachta lena mbaineann, a seasaimh a ullmhú agus chun go mbeidh ar chumas an Bhoird an díospóid a réiteach go héifeachtúil;

(c)déanfar argóintí dlíthiúla a leagan amach agus a ghrúpáil faoi threoir na coda oibríochtúla den dréachtchinneadh lena mbaineann siad. De ghnáth, déanfar ráiteas achomair roimh gach argóint nó grúpa argóintí.

Caibidil IV

Rochtain ar an gcomhad riaracháin agus faisnéis rúnda a láimhseáil

Airteagal 19

Ábhar an chomhaid riaracháin

1.Is éard atá sa chomhad riaracháin in imscrúdú a bhaineann le sárú líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679 na doiciméid uile a fuarthas, a táirgeadh agus/nó a cuireadh le chéile ag an bpríomhúdarás maoirseachta le linn an imscrúdaithe.

2.Le linn imscrúdú a dhéanamh ar shárú líomhnaithe ar Rialachán (AE) 2016/679, féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta doiciméid a thabhairt ar ais don pháirtí óna bhfuarthas iad, ar doiciméid iad nach mbaineann le hábhar an imscrúdaithe tar éis scrúdú níos mionsonraithe a dhéanamh orthu. Tar éis iad a chur ar ais, ní bheidh na doiciméid sin mar chuid den chomhad riaracháin a thuilleadh.

3.Ní áireofar leis an gceart rochtana ar an gcomhad riaracháin comhfhreagras ná malartú tuairimí idir an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann. Is doiciméid inmheánacha iad an fhaisnéis a mhalartaítear idir na húdaráis mhaoirseachta chun críche imscrúdú a dhéanamh ar chás aonair agus ní bheidh rochtain ag na páirtithe atá faoi imscrúdú ná ag an ngearánach uirthi.

4.Tabharfar rochtain ar agóidí ábhartha réasúnaithe de bhun Airteagal 60(4) de Rialachán (AE) 2016/679 i gcomhréir le hAirteagal 24. 

Airteagal 20

Rochtain ar an gcomhad riaracháin agus úsáid doiciméad

1.Deonóidh an príomhúdarás maoirseachta rochtain ar an gcomhad riaracháin do na páirtithe atá faoi imscrúdú, rud a chuirfidh ar a gcumas a gceart chun éisteacht a fháil a fheidhmiú. Tabharfar rochtain ar an gcomhad riaracháin tar éis don phríomhúdarás maoirseachta na réamhthorthaí a chur in iúl do na páirtithe atá faoi imscrúdú.

2.Áireofar sa chomhad riaracháin gach doiciméad, inchoiritheach agus saorthach, lena náirítear fíorais agus doiciméid is eol do na páirtithe atá faoi imscrúdú.

3.Ní fhéadfaidh conclúidí an phríomhúdaráis maoirseachta sa dréachtchinneadh faoi Airteagal 60(3) de Rialachán (AE) 2016/679 agus sa chinneadh críochnaitheach faoi Airteagal 60(7) de Rialachán (AE) 2016/679 brath ach ar dhoiciméid a luaitear sna réamhthorthaí nó a raibh deis ag na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtuairimí a chur in iúl ina leith.

4.Ní úsáidfear doiciméid a fhaightear trí rochtain ar an gcomhad riaracháin de bhun an Airteagail seo ach amháin chun críocha imeachtaí breithiúnacha nó riaracháin chun Rialachán (AE) 2016/679 a chur i bhfeidhm sa chás sonrach dár soláthraíodh na doiciméid sin.

Airteagal 21

Faisnéis rúnda a shainaithint agus a chosaint

1.Mura bhforáiltear a mhalairt sa Rialachán seo, maidir le faisnéis arna bailiú nó arna fáil ag údarás maoirseachta i gcásanna trasteorann faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena náirítear aon doiciméad ina bhfuil faisnéis den sórt sin, ní dhéanfaidh an túdarás maoirseachta an fhaisnéis sin a chur in iúl ná a chur ar fáil a mhéid atá rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile aon duine san áireamh ann.

2.Aon fhaisnéis a bhailíonn nó a fhaigheann údarás maoirseachta i gcásanna trasteorann faoi Rialachán (AE) 2016/679, lena náirítear aon doiciméad ina bhfuil an fhaisnéis sin, déantar í a eisiamh ó iarrataí ar rochtain faoi dhlíthe maidir le rochtain phoiblí ar dhoiciméid oifigiúla fad a bheidh na himeachtaí ar siúl.

3.Agus réamhthorthaí á gcur in iúl do pháirtithe atá faoi imscrúdú agus le linn dó foráil a dhéanamh maidir le rochtain ar an gcomhad riaracháin ar bhonn Airteagal 20, áiritheoidh an príomhúdarás maoirseachta go ndéanfaidh na páirtithe atá faoi imscrúdú a dtugtar rochtain dóibh ar fhaisnéis ina bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile an fhaisnéis sin a láimhseáil agus lánurraim á tabhairt dá rúndacht agus nach núsáidfear an fhaisnéis sin chun dochair do sholáthraí na faisnéise. Ag brath ar mhéid rúndachta na faisnéise, glacfaidh an príomhúdarás maoirseachta socruithe iomchuí chun éifeacht iomlán a thabhairt do chearta cosanta na bpáirtithe atá faoi imscrúdú agus aird chuí á tabhairt ar rúndacht na faisnéise.

4.Déanfaidh eintiteas a chuireann isteach faisnéis a mheasann sé a bheith rúnda an fhaisnéis a mheasann sé a bheith rúnda a shainaithint go soiléir, agus tabharfaidh sé cúiseanna leis an rúndacht a éilítear. Soláthróidh an teintiteas leagan neamhrúnda ar leith den aighneacht.

5.Gan dochar do mhír 4, féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta a cheangal ar na páirtithe atá faoi imscrúdú, nó ar aon pháirtí eile a tháirgeann doiciméid de bhun Rialachán (AE) 2016/679, na doiciméid nó codanna de na doiciméid a measann siad go bhfuil rúin ghnó nó faisnéis rúnda eile iontu a shainaithint agus na páirtithe a meastar na doiciméid sin a bheith rúnda ina leith a shainaithint.

6.Féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta teorainn ama a shocrú do pháirtithe atá faoi imscrúdú agus d’aon pháirtí eile a ardaíonn éileamh rúndachta chun:

(a)bunús a thabhairt lena néilimh ar rúin ghnó agus ar fhaisnéis rúnda eile maidir le gach doiciméad aonair nó cuid de dhoiciméad, ráiteas nó cuid de ráiteas;

(b)leagan neamhrúnda de na doiciméid agus de na ráitis a sholáthar, ina ndéantar na rúin ghnó agus faisnéis rúnda eile a fholú;

(c)tuairisc ghonta, neamhrúnda a thabhairt ar gach píosa faisnéise folaithe.

7.Mura gcomhlíonann na páirtithe atá faoi imscrúdú ná aon pháirtí eile míreanna 4 agus 5, féadfaidh an príomhúdarás maoirseachta glacadh leis nach bhfuil rúin ghnó ná faisnéis rúnda eile sna doiciméid nó sna ráitis lena mbaineann.

Caibidil V

Réiteach díospóidí

Airteagal 22

Tarchur chuig réiteach díospóidí faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679

1.Mura leanann an príomhúdarás maoirseachta na hagóidí ábhartha réasúnaithe nó má tá sé den tuairim nach bhfuil na hagóidí ábhartha ná réasúnaithe, cuirfidh sé an tábhar faoi bhráid an tsásra um réiteach díospóidí a leagtar amach in Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679.

2.Agus an tábhar á tharchur chuig réiteach díospóidí, cuirfidh an príomhúdarás maoirseachta gach ceann de na doiciméid seo a leanas ar fáil don Bhord:

(a)an dréachtchinneadh nó an dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi réir na nagóidí ábhartha réasúnaithe;

(b)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(c)na réamhthorthaí;

(d)tuairim a dhéanfaidh na páirtithe atá faoi imscrúdú i scríbhinn, de réir mar a bheidh, de bhun Airteagail 14 agus 17;

(e)tuairimí a dhéanann gearánaigh i scríbhinn, de réir mar a bheidh, de bhun Airteagail 11, 12 agus 15;

(f)na hagóidí ábhartha réasúnaithe nár lean an príomhúdarás maoirseachta;

(g)na cúiseanna ar a mbonn nár lean an príomhúdarás maoirseachta na hagóidí ábhartha réasúnaithe nó inar mheas sé nach raibh na hagóidí ábhartha ná réasúnaithe.

3.Laistigh de 4 seachtaine tar éis dó na doiciméid atá liostaithe i mír 2 a fháil, sainaithneoidh an Bord agóidí ábhartha réasúnaithe a coinníodh.

Airteagal 23

Clárú i ndáil le cinneadh faoi Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679

Cláróidh Cathaoirleach an Bhoird ábhar a tharchur chuig réiteach díospóidí faoi Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679 tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis gach ceann de na doiciméid seo a leanas a fháil:

(a)an dréachtchinneadh nó an dréachtchinneadh athbhreithnithe faoi réir na nagóidí ábhartha réasúnaithe;

(b)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(c)tuairim a dhéanfaidh na páirtithe atá faoi imscrúdú i scríbhinn, de réir mar a bheidh, de bhun Airteagail 14 agus 17;

(d)tuairimí a dhéanann gearánaigh i scríbhinn, de réir mar a bheidh, de bhun Airteagail 11, 12 agus 15;

(e)na hagóidí ábhartha réasúnaithe a coinníodh;

(f)na cúiseanna ar a mbonn nár lean an príomhúdarás maoirseachta na hagóidí ábhartha réasúnaithe a coinníodh.

Airteagal 24

Ráiteas ar chúiseanna sula nglacfar an cinneadh faoi Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679

1.Sula nglacfaidh sé an cinneadh ceangailteach de bhun Airteagal 65(1), pointe (a), de Rialachán (AE) 2016/679, déanfaidh Cathaoirleach an Bhoird, tríd an bpríomhúdarás maoirseachta, ráiteas ar chúiseanna a sholáthar do na páirtithe atá faoi imscrúdú agus/nó, i gcás gearán a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach, don ghearánach, ina míneofar an réasúnú a bheartaíonn an Bord a ghlacadh ina chinneadh. I gcás ina bheartaíonn an Bord cinneadh ceangailteach a ghlacadh lena gceanglófar ar an bpríomhúdarás maoirseachta a dhréachtchinneadh nó a dhréachtchinneadh athbhreithnithe a leasú, cinnfidh an Bord ar cheart na hagóidí ábhartha réasúnaithe a coinníodh agus ar a mbonn a bheartaíonn an Bord a chinneadh a ghlacadh a bheith ag gabháil leis an ráiteas ar chúiseanna sin.

2.Beidh seachtain amháin ag na páirtithe atá faoi imscrúdú agus/nó, i gcás gearán a dhiúltú go hiomlán nó go páirteach, ag an ngearánach, ón dáta a bhfaighfear an ráiteas ar chúiseanna dá dtagraítear i mír 1 chun a dtuairimí a chur in iúl.

3.Déanfar an spriocdháta i mír 2 a fhadú seachtain amháin i gcás ina gcuirfidh an Bord síneadh ama leis an tréimhse chun an cinneadh ceangailteach a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2016/679.

4.Maidir leis an tréimhse chun cinneadh ceangailteach an Bhoird dá bhforáiltear in Airteagal 65(2) de Rialachán (AE) 2016/679 a ghlacadh, ní bheidh sí ar bun le linn na dtréimhsí dá bhforáiltear i mír 2 agus i mír 3.

Airteagal 25

An nós imeachta i ndáil le cinneadh faoi Airteagal 65(1), pointe (b), de Rialachán (AE) 2016/679

1.Agus ábhar á tharchur chuig an mBord faoi Airteagal 65(1), pointe (b), de Rialachán 2016/679, déanfaidh an túdarás maoirseachta a tharchuireann an tábhar maidir le hinniúlacht na príomhbhunaíochta gach ceann de na doiciméid seo a leanas a chur ar fáil don Bhord:

(a)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(b)measúnú ar na fíorais sin a mhéid a bhaineann le coinníollacha Airteagal 56(1) de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)tuairimí an rialaitheora nó an phróiseálaí arb í a phríomhbhunaíocht is ábhar don tarchur;

(d)tuairimí údarás maoirseachta eile lena mbaineann an tarchur;

(e)aon doiciméad nó faisnéis eile a mheasann an túdarás maoirseachta a dhéanann an tarchur a bheith ábhartha agus riachtanach chun teacht ar réiteach ar an ábhar.

2.Cláróidh Cathaoirleach an Bhoird an tarchur tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis na doiciméid dá dtagraítear i mír 1 a fháil.

Airteagal 26

An nós imeachta i ndáil le cinneadh faoi Airteagal 65(1), pointe (c), de Rialachán (AE) 2016/679

1.Agus ábhar á tharchur chuig an mBord faoi Airteagal 65(1), pointe (c), de Rialachán 2016/679, cuirfidh an túdarás maoirseachta a dhéanann an tarchur nó an Coimisiún gach ceann de na doiciméid seo a leanas ar fáil don Bhord:

(a)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(b)an tuairim, de réir mar a bheidh, arna heisiúint ag an mBord de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2016/679;

(c)tuairimí an údaráis mhaoirseachta a tharchuireann an tábhar nó tuairimí an Choimisiúin i dtaobh, de réir mar a bheidh, an raibh sé de cheangal ar údarás maoirseachta an dréachtchinneadh a chur in iúl don Bhord de bhun Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/679, nó nár lean údarás maoirseachta tuairim ón mBord arna heisiúint de bhun Airteagal 64 de Rialachán (AE) 2016/679.

2.Iarrfaidh Cathaoirleach an Bhoird na doiciméid seo a leanas:

(a)tuairimí an údaráis maoirseachta a líomhnaítear gur sháraigh sé an ceanglas maidir le dréachtchinneadh a chur in iúl don Bhord nó nár lean sé tuairim an Bhoird;

(b)aon doiciméad nó faisnéis eile a mheasann an túdarás maoirseachta a bheith ábhartha agus riachtanach chun teacht ar réiteach ar an ábhar.

Má dhearbhaíonn aon údarás maoirseachta gur gá a thuairimí maidir leis an ábhar a tarchuireadh a chur isteach, cuirfidh sé na tuairimí sin isteach laistigh de choicís ón tarchur dá dtagraítear i mír 1.

3.Cláróidh Cathaoirleach an Bhoird an tarchur tráth nach déanaí ná seachtain amháin tar éis na doiciméid dá dtagraítear i míreanna 1 agus 2 a fháil.

Caibidil VI

Nós imeachta práinne

Airteagal 27

Tuairimí práinneacha faoi Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2016/679

1.Déanfar iarraidh ar thuairim phráinneach ón mBord de bhun Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2016/679 tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh dhul in éag na mbeart sealadach arna nglacadh faoi Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus beidh gach ceann de na nithe seo a leanas inti:

(a)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(b)tuairisc ar an mbeart sealadach a glacadh ar a chríoch féin, fad an bhirt sin agus na cúiseanna lena ghlacadh, lena náirítear an bonn cirt leis an ngéarghá a bhaineann le gníomhú chun cearta agus saoirsí na nábhar sonraí a chosaint;

(c)bonn cirt leis an ngéarghá atá le bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar chríoch Bhallstát an údaráis maoirseachta iarrthaigh, lena náirítear míniú ar chineál eisceachtúil na nimthosca a éilíonn glacadh na mbeart lena mbaineann.

2.Díreofar tuairim phráinneach an Bhoird chuig an údarás maoirseachta a thíolaic an iarraidh. Beidh sé cosúil le tuairim de réir bhrí Airteagal 64(1) de Rialachán (AE) 2016/679 agus cuirfidh sé ar chumas an údaráis iarrthaigh a bheart sealadach a choinneáil nó a leasú i gcomhréir le hoibleagáidí Airteagal 64(7) de Rialachán (AE) 2016/679.

Airteagal 28

Cinntí práinneacha faoi Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2016/679

1.Déanfar iarraidh ar chinneadh práinneach ón mBord de bhun Airteagal 66(2) de Rialachán (AE) 2016/679 tráth nach déanaí ná 3 seachtaine roimh dhul in éag na mbeart sealadach arna nglacadh faoi Airteagail 61(8), 62(7), nó 66(1) de Rialachán (AE) 2016/679. Beidh gach ceann de na nithe seo a leanas san iarraidh sin:

(a)achoimre ar na fíorais ábhartha;

(b)an beart sealadach a glacadh ar chríoch Bhallstát an údaráis mhaoirseachta a d’iarr an cinneadh, fad an chinnidh sin agus na cúiseanna leis na bearta sealadacha a ghlacadh, go háirithe an bonn cirt leis an ngéarghá a bhaineann le gníomhú chun cearta agus saoirsí na nábhar sonraí a chosaint;

(c)faisnéis faoi aon bhearta imscrúdaitheacha a rinneadh ar a chríoch féin agus freagraí a fuarthas ó bhunaíocht áitiúil na bpáirtithe atá faoi imscrúdú nó aon fhaisnéis eile atá i seilbh an údaráis mhaoirseachta iarrthaigh;

(d)bonn cirt leis an ngéarghá atá le bearta críochnaitheacha a ghlacadh ar chríoch an údaráis mhaoirseachta iarrthaigh, agus aird á tabhairt ar chineál eisceachtúil na nimthosca lena gceanglaítear an beart críochnaitheach a ghlacadh, nó cruthúnas gur mhainnigh údarás maoirseachta freagra a thabhairt ar iarraidh faoi Airteagal 61(3) nó 62(2) de Rialachán (AE) 2016/679;

(e)i gcás nach é an túdarás iarrthach an príomhúdarás maoirseachta, tuairimí an phríomhúdaráis maoirseachta;

(f)i gcás inarb infheidhme, tuairimí bhunaíocht áitiúil na bpáirtithe atá faoi imscrúdú a ndearnadh bearta sealadacha ina leith de bhun Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2016/679.

2.Díreofar an cinneadh práinneach dá dtagraítear i mír 1 chuig an údarás maoirseachta a thíolaic an iarraidh agus cuirfidh sé ar chumas an údaráis iarrthaigh a bheart sealadach a choinneáil nó a leasú.

3.I gcás ina nglacfaidh an Bord cinneadh ceangailteach práinneach lena léirítear gur cheart bearta críochnaitheacha a ghlacadh, glacfaidh an túdarás maoirseachta ar a ndírítear an cinneadh bearta den sórt sin sula rachaidh na bearta sealadacha arna nglacadh faoi Airteagal 66(1) de Rialachán (AE) 2016/679 in éag.

4.Tabharfaidh an túdarás maoirseachta a thíolaic an iarraidh dá dtagraítear i mír 1 fógra faoina chinneadh maidir leis na bearta críochnaitheacha do bhunaíocht an rialaitheora nó an phróiseálaithe ar chríoch a Bhallstáit agus cuirfidh sé an Bord ar an eolas. I gcás nach é an príomhúdarás maoirseachta an túdarás iarrthach, cuirfidh an túdarás iarrthach an príomhúdarás maoirseachta ar an eolas faoin mbeart críochnaitheach.

5.I gcás ina léirítear leis an gcinneadh ceangailteach práinneach nach gá bearta críochnaitheacha a ghlacadh go práinneach, leanfaidh an príomhúdarás maoirseachta agus na húdaráis mhaoirseachta lena mbaineann an nós imeachta in Airteagal 60 de Rialachán (AE) 2016/679.

Caibidil VII

Forálacha ginearálta agus críochnaitheacha

Airteagal 29

Tús na dtréimhsí ama agus sainmhíniú ar an lá oibre

1.Déanfar teorainneacha ama dá bhforáiltear nó arna socrú ag na húdaráis mhaoirseachta de bhun Rialachán (AE) 2016/679 a ríomh i gcomhréir le Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 17 .

2.Cuirfear tús le tréimhsí ama ar an lá oibre, tar éis an teagmhais dá dtagraíonn an fhoráil ábhartha de Rialachán (AE) Uimh. 2016/679 nó den Rialachán seo.

Airteagal 30

Forálacha idirthréimhseacha

Beidh feidhm ag Caibidlí III agus IV maidir le himscrúduithe ex officio a osclaítear tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo agus maidir le himscrúduithe atá bunaithe ar ghearáin i gcás inar taisceadh an gearán tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Beidh feidhm ag Caibidil V maidir leis na cásanna uile a chuirtear faoi bhráid réiteach díospóidí faoi Airteagal 65 de Rialachán (AE) 2016/679 tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo.

Airteagal 31

Teacht i bhfeidhm

Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

An tUachtarán    An tUachtarán

(1)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí), IO L 119, 4.5.2016, lch. 1–88.
(2)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Cosaint sonraí mar cholún de chumhachtú na saoránach agus cur chuige an Aontais i leith an aistrithe dhigitigh - dhá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (COM/2020/264 final).
(3)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar thuarascáil mheastóireachta an Choimisiúin maidir le cur chun feidhme an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí dhá bhliain tar éis a chur i bhfeidhm (2020/2717(RSP)).
(4)     https://edpb.europa.eu/our-work-tools/our-documents/statements/statement‑enforcement‑cooperation_ga  
(5)     https://edpb.europa.eu/system/files/2022-10/edpb_letter_out2022-0069_to_the_eu_commission_on_procedural_aspects_en_0.pdf  
(6)     https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&do=groupDetail.groupDetail&groupID=3537  
(7)     https://ec.europa.eu/transparency/expert-groups-register/screen/expert-groups/consult?lang=ga&do=groupDetail.groupDetail&groupID=3461
(8)     Https://commission.europa.eu/strategy-documents/commission‑work-programme/commission‑work-programme-2023_ga  
(9)    Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Cosaint sonraí mar cholún de chumhachtú na saoránach agus cur chuige an Aontais i leith an aistrithe dhigitigh - dhá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (COM/2020/264 final).
(10)    Doiciméad inmheánach oibre de chuid an Choimisiúin a ghabhann leis an doiciméad Teachtaireacht ón gCoimisiún chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle, Cosaint sonraí mar cholún de chumhachtú na saoránach agus cur chuige an Aontais i leith an aistrithe dhigitigh - dhá bhliain de chur i bhfeidhm an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí (SWD/2020/ 115 final).
(11)    Rún ó Pharlaimint na hEorpa an 25 Márta 2021 ar thuarascáil mheastóireachta ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Rialacháin Ghinearálta maidir le Cosaint Sonraí dhá bhliain tar éis a chur i bhfeidhm (2020/2717(RSP)).
(12)     https://edpb.europa.eu/our-work-tools/our-documents/statements/statement‑enforcement‑cooperation_ga  
(13)     https://edpb.europa.eu/system/files/2022-10/edpb_letter_out2022-0069_to_the_eu_commission_on_procedural_aspects_en_0.pdf  
(14)    IO C , , lch. .
(15)    IO C , , lch. .
(16)    Rialachán (AE) 2016/679 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 27 Aibreán 2016 maidir le daoine nádúrtha a chosaint i ndáil le sonraí pearsanta a phróiseáil agus maidir le saorghluaiseacht sonraí den sórt sin, agus lena naisghairtear Treoir 95/46/CE (An Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí) (IO L 119, 4.5.2016, lch. 1).
(17)    Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, dátaí agus teorainneacha ama (IO L 124, 8.6.1971, lch. 1).
Top

An Bhruiséil,4.7.2023

COM(2023) 348 final

IARSCRÍBHINN

a ghabhann leis an Togra le haghaidh

RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

lena leagtar síos rialacha nós imeachta breise a bhaineann le forfheidhmiú Rialachán (AE) 2016/679




IARSCRÍBHINN

Gearán a chuirtear isteach ar bhonn Airteagal 3 1

Cuid A: Faisnéis éigeantach

1.Sainaithint an duine nó an eintitis atá ag déanamh an ghearáin

I gcás inar duine nádúrtha an gearánach, foirm aitheantais a chur isteach 2 .

I gcás inarb é comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2016/679 a thíolacfaidh an gearán, cruthúnas a chur isteach go bhfuil an comhlacht comhdhéanta mar is ceart i gcomhréir le dlí Ballstáit.

I gcás ina gcuirtear isteach gearán ar bhonn Airteagal 80(1) de Rialachán 2016/679, cruthúnas go bhfuil an comhlacht atá an gearán á thaisceadh aige ag gníomhú ar bhonn sainordú ábhair sonraí.

2.Sonraí teagmhála 3

I gcás ina gcuirtear isteach an gearán go leictreonach, seoladh ríomhphoist.

I gcás ina gcuirtear isteach an gearán tríd an bpost, seoladh poist.

Uimhir theileafóin.

3.Eintiteas a sáraíonn a phróiseáil ar do shonraí pearsanta Rialachán (AE) 2016/679

An fhaisnéis go léir atá i do sheilbh a chur ar fáil chun sainaithint an eintitis is ábhar do do ghearáin a éascú.

4.Ábhar gearáin

Leag amach na fíricí óna ndéantar nó óna ndearnadh, i do thuairimse, do shonraí pearsanta a phróiseáil, ar sonraí iad a sháraíonn Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS). Tabhair le fios go háirithe an comhthéacs inar próiseáladh do shonraí pearsanta.

Cuid B: Faisnéis fhorlíontach

Más féidir, sonraigh na forálacha de Rialachán (AE) 2016/679 (RGCS) a mheasann tú gur sháraigh an t‑eintiteas atá ag próiseáil do shonraí pearsanta iad.

Sonraigh an ndearna tú teagmháil leis an eintiteas a luaitear i bpointe 3 de Chuid A roimh do ghearán agus léirigh toradh aon ghníomhaíochtaí den sórt sin. Más féidir, cuir i gceangal le do thoil aon chomhfhreagras ábhartha idir tú féin agus an t‑eintiteas.

Sonraigh an bhfuil tús curtha agat le himeachtaí riaracháin agus/nó breithiúnacha eile maidir le hábhar do ghearáin. Más amhlaidh atá, tabhair míniú, le do thoil, ar stádas agus, i gcás inarb ábhartha, ar thoradh na ngníomhaíochtaí sin.

Gach doiciméad atá i do sheilbh a bhaineann leis na fíricí a leagtar amach sa ghearán a chur isteach (mar shampla, cóip de na doiciméid lena bhfianaítear an caidreamh leis an rialaitheoir sonraí (e.g. sonraisc, conarthaí); cóip d’aon teachtaireachtaí nó ríomhphoist mhargaíochta; pictiúir, grianghraif nó gabhálacha scáileáin; tuarascálacha ó shaineolaithe; tuarascálacha ó fhinnéithe; tuarascálacha cigireachta).

Cuid C: Dearbhú agus síniú

Deimhnigh, le do thoil, gur de mheon macánta go hiomlán a thugtar an fhaisnéis a thugtar san fhoirm seo.

Dáta agus síniú.

(1)    Ba cheart an gearán a chomhlánú agus a chur isteach go leictreonach nó a chomhlánú agus a chur isteach chuig an údarás maoirseachta tríd an bpost.
(2)    Mar shampla, pas, ceadúnas tiomána, aitheantas náisiúnta.
(3)    I gcás ina bhfuil an gearán á thiolacadh ag comhlacht dá dtagraítear in Airteagal 80 de Rialachán (AE) 2016/679, ba cheart an fhaisnéis uile i bpointe 2 a sholáthar.
Top