AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,16.3.2023
COM(2023) 165 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Soláthar amhábhar criticiúil ar bhonn inbhuanaithe slán chun tacú leis an dá aistriú
I.Réamhrá
Thug an tAontas faoi chlaochlú uaillmhianach tionsclaíoch chun aistriú glas agus digiteach a bhaint amach. I gcroílár thosaíochtaí polaitiúla an Aontais don dá aistriú tá soláthar slán agus inbhuanaithe amhábhar criticiúil (CRManna) a áirithiú. Tá sé fíor‑riachtanach freisin le haghaidh acmhainneachtaí slándála méadaithe sna hearnálacha cosanta agus spáis.
Sa staidéar fadbhreathnaitheachta, arna fhoilsiú ag an gCoimisiún, déantar measúnú ar riachtanais an Aontais i gcomhair CRManna sa todhchaí agus ar na baic a d’fhéadfadh a bheith ar an slabhra soláthair i bpríomh‑theicneolaíochtaí agus i bpríomhearnálacha straitéiseacha. Tá sé á thuar ann go dtiocfaidh méadú thar cuimse ar an éileamh ar na príomhábhair is gá le haghaidh aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach a mbeidh rath air. Maidir le tuirbíní gaoithe ar an tír mhór agus amach ón gcósta, mar shampla, tá coinne leis go dtiocfaidh méadú 4.5 huaire faoi 2030 agus 5.5 huaire faoi 2050, faoi seach, ar an éileamh ar mhiotail chré atá gann, agus táthar á thuar go gcuirfidh na ceallraí a chumhachtaíonn ár bhfeithiclí leictreacha dlús faoin éileamh ar litiam 11 huaire faoi 2030 agus 17 n‑uaire faoi 2050, faoi seach. Léiríonn an anailís freisin go bhfuil an tAontas ag brath go mór ar líon an‑teoranta soláthróirí le haghaidh na dteicneolaíochtaí straitéiseacha uile i roinnt céimeanna dá slabhraí soláthair agus, i gcás roinnt teicneolaíochtaí, ar fud an tslabhra luacha iomláin.
Cé nach raibh an t‑éileamh ar CRManna níos airde riamh cheana agus go bhféadfadh sé méadú faoi dheich as seo go ceann 10 mbliana, tá dúshláin agus rioscaí geopholaitiúla níos mó le sárú ag a soláthar, chomh maith le dúshláin agus rioscaí comhshaoil agus sóisialta.
Tionscal casta é tionscal CRManna agus meastar gur infheistíocht ardriosca cineálacha áirithe tionscadal, go háirithe tionscadail ag na céimeanna taiscéalaíochta agus úsctha. Mar aon le tosca geolaíocha, tá bacainní arda iontrála, costais arda caipitil agus rioscaí comhfhreagracha ann. Thar aon ní eile, is cosc ollmhór iad na nósanna imeachta ceadaithe atá éiginnte fadálach. Is féidir leis an am ó thosaíonn tionscadal go dtí go mbíonn na hábhair ar fáil ar an margadh a bheith an‑fhada.
I gcás fhormhór CRManna, bíonn an táirgeacht dírithe go láidir ar chúpla soláthróir, agus bíonn an tAontas ag brath go mór ar allmhairí. D’fhéadfadh spleáchas iomarcach ar sholáthróirí aonair cur isteach ar na slabhraí soláthair iomlána, go háirithe toisc go mbaintear níos mó agus níos mó úsáide as srianta onnmhairiúcháin agus as bearta sriantacha trádála eile fad agus atá iomaíocht dhomhanda ag dul i ndéine. Taispeánadh le hionsaí neamhdhleathach na Rúise ar an Úcráin an chaoi ar féidir le soláthróirí nach féidir brath orthu spleáchais den sórt sin a shaothrú agus a armáil dá leas féin.
Ar ndóigh ní san Aontas amháin atá na dúshláin sin. Tá leas comhroinnte ag an bpobal domhanda bogadh i dtreo geilleagar digiteach agus glan‑nialasach. Tá céimeanna glactha ag tíortha cosúil leis an tSín, an tSeapáin, na Stáit Aontaithe nó ag an gCóiré Theas chun a gcuid soláthairtí a thabhairt slán, chun CRManna a phróiseáil agus a scagadh chun a spleáchais straitéiseacha a laghdú. Tá tíortha a tháirgeann CRManna ina bhfuil flúirse acmhainní, ag obair freisin chun comhpháirtithe a mhealladh lena mbeidh siad in ann oibriú chun a gcuid slabhraí luacha CRManna a fhorbairt ar bhealach inbhuanaithe.
Leagadh amach straitéis cheana féin i dtionscnamh amhábhar an Choimisiúin 2008 chun dul i ngleic leis an tsaincheist a bhaineann le rochtain ar amhábhair san Aontas. Ag tógáil air sin, cuireadh gníomhaíochtaí coincréiteacha ar aghaidh i bPlean Gníomhaíochta 2020 chun athléimneacht agus neamhspleáchas straitéiseach oscailte an Aontais a mhéadú. Sa phlean REPowerEU, moladh gníomhaíochtaí coincréiteacha i rannpháirtíocht sheachtrach fuinnimh an Aontais chun rochtain ar amhábhair chriticiúla a áirithiú lena aistriú fuinnimh a bhrú chun cinn.
Ach tá an saol athraithe agus ní mór dúinn tuilleadh a dhéanamh. Tá an Coimisiún ag moladh inniu dá bhrí sin go nglacfaí cur chuige cuimsitheach, ag uas‑scálú agus ag cur dlús faoi sholáthar amhábhar príomhúil agus tánaisteach san Aontas. Trí rannpháirtíochtaí idirnáisiúnta neartaithe, oibreoimid lenár gcomhpháirtithe chun soláthar agus slabhraí luacha inbhuanaithe a éagsúlú agus a chomhtháthú. D’fhonn gaolmhaireachtaí fadtéarmacha a bheidh tairbhiúil don dá thaobh a thógáil le tíortha ina bhfuil flúirse acmhainní, lorgóidh an tAontas comhpháirtíochtaí lena mbainfidh lántairbhe i gcomhlántacht iomlán leis an straitéis Global Gateway. Cé gur cheart do na comhpháirtíochtaí sin rannchuidiú le héagsúlú shlabhra luacha amhábhar an Aontais, ba cheart dóibh freisin inbhuanaitheacht agus breisiú luacha a fheabhsú i dtáirgeadh na dtíortha seo atá i mbéal forbartha ina bhfuil flúirse acmhainní agus i dtíortha atá ag teacht chun cinn.
Ba cheart don Aontas leas iomlán a bhaint as a chúlchistí agus gníomhaíochtaí taiscéalaíochta, úsctha, scagtha, próiseála agus athchúrsála a fhorbairt sa bhaile agus lánurraim á tabhairt dár n‑éiceachórais chomhshaoil. Tabharfaidh sé deis don Eoraip borradh a chur faoi acmhainneachtaí tionsclaíocha ar bhealach oscailte a bheidh báúil do thrádáil, ag a mbeidh ardchaighdeáin chomhshaoil agus shóisialta, agus lena gcruthófar poist cháilíochta agus lena gcuirfear borradh faoi fhás agus ár neamhspleáchas oscailte straitéiseach á mhéadú ag an am céanna.
I gcomhréir le Plean Gníomhaíochta 2020 don Gheilleagar Ciorclach, tá an tAontas ag cur dlús faoi ghníomhaíocht chun borradh a chur faoi éifeachtúlacht acmhainní agus bogadh ón ngeilleagar líneach go geilleagar ciorclach, ag díriú ar éicidhearthóireacht, athchúrsáil agus ar ionadú chun go mbeidh táirgí chomh héifeachtúil ó thaobh acmhainní agus fuinnimh de agus is féidir leo a bheith. Cuideoidh sé sin chun an gá atá le hamhábhair chriticiúla a laghdú gan cur isteach ar infhaighteacht, feidhmíocht agus in‑acmhainneacht táirgí, agus ionas go mbeifear in ann amhábhair chriticiúla a athchúrsáil agus a úsáid arís i dtáirgí nua.
Ní bheidh an tAontas in ann a dhóthain féin de CRManna a sholáthar go deo áfach agus beidh sé ag brath i gcónaí ar allmhairí le haghaidh formhór dá chuid tomhaltais.
Dá dheasca sin, is gá don Aontas a rannpháirtíocht dhomhanda a neartú chun infheistíocht, táirgeacht, agus trádáil le comhpháirtithe iontaofa a fhorbairt agus a éagsúlú agus oibriú ag an am céanna chun a spleáchas ar sholáthairtí atá thar a bheith comhchruinnithe a laghdú agus chun aghaidh a thabhairt ar na leochaileachtaí a bhíonn ann dá bharr. Féachfaidh an tAontas leis na cuspóirí sin a bhaint amach i gcomhar le tríú tíortha chun comhpháirtíochtaí a bheidh tairbhiúil don dá thaobh a áirithiú, d’fhonn a bhforbairt eacnamaíoch féin a chur chun cinn ar bhealach inbhuanaithe agus slabhraí luacha slána, iontaofa, in‑acmhainne agus sách éagsúlaithe á gcruthú freisin don Aontas ag an am céanna. Rachaidh sé sin chun tairbhe comhpháirtithe an Aontais freisin toisc go neartaíonn sé breisluach an Aontais sa chomhpháirtíocht. Mar shampla, i gcás suaití i dtíortha comhpháirtíochta, d’fhágfadh acmhainneacht mhéadaithe an Aontais go mbeadh sé in ann tacú níos fearr lena chomhpháirtithe agus na dúshláin a bhaineann leis an soláthar domhanda a mhaolú.
Léirítear an uaillmhian sin inár dtionscnaimh CRManna agus tá siad bunaithe ar 3 cholún, a oibríonn le chéile ar bhealach a thacaíonn leis an dá thaobh:
(1)An slabhra luacha d’amhábhair chriticiúla a fhorbairt san Aontas
(2)Borradh a chur faoi éagsúlú an tsoláthair agus oibriú i gcomhpháirt ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh chun tacú leis an táirgeacht dhomhanda
(3)Foinsiú inbhuanaithe a chothú agus ciorclaíocht a chur chun cinn
II.An slabhra luacha d’amhábhair chriticiúla a fhorbairt san Aontas
II.1. Rialachán atá tiomnaithe do CRManna
Bunaítear leis an Rialachán atá beartaithe an cuspóir ginearálta maidir le rochtain an Aontais ar sholáthar slán agus inbhuanaithe CRManna a áirithiú agus tá bearta ann chun acmhainneachtaí an Aontais a neartú ar fud an tslabhra luacha. Chun a áirithiú go ndíríonn na bearta a leagtar amach sa Rialachán ar na hábhair is ábhartha, bunaíodh liosta d’Amhábhair Straitéiseacha (SRManna). Tá bearta sa Rialachán ar fud an tslabhra luacha ionas go bhféadfadh, faoi 2030, acmhainneacht an Aontais a bheith ag teannadh le 10 % ar a laghad d’éileamh intíre ar SRManna ar mhianadóireacht agus úscadh nó é a shroicheadh (i gcás ina gceadaíonn cúlchistí an Aontais é sin), 40 % ar a laghad i gcomhair próiseála agus scagtha, agus 15 % ar a laghad i gcomhair athchúrsála. Dá mbeifí in ann na leibhéil sin a bhaint amach, chabhródh sé sin go suntasach leis na hiarrachtaí ar éagsúlú atá ag teastáil, d’fhonn a áirithiú, faoi 2030, nach mbeadh nach mó ná 65 % de thomhaltas bliantúil an Aontais de gach amhábhar straitéiseach ag aon chéim ábhartha den phróiseáil ag teacht ó thríú tír aonair.
Déanfar na liostaí beartaithe d’ amhábhair chriticiúla agus straitéiseacha atá i gceangal leis an Rialachán a athbhreithniú agus tabharfar cothrom le dáta iad gach 4 bliana ar a laghad más gá. Beidh na liostaí mar threoir ag gníomhaíocht an Aontais. Mar chéad chéim chun acmhainneacht inmheánach an Aontais a fhorbairt, ní mór tuiscint níos fearr a fháil ar na hacmhainní atá ar fáil, trí chláir taiscéalaíochta a fhorbairt gach 5 bliana ar a laghad san Aontas agus an t‑eolas geolaíoch a thabhairt cothrom le dáta.
Neartófar slabhra luacha amhábhar straitéiseach an Aontais trí Thionscadail Straitéiseacha a roghnú agus a chur chun feidhme, a chumhdóidh an slabhra luacha iomlán lena n‑áirítear athchúrsáil, agus a rannchuideoidh chun acmhainneacht an Aontais a mhéadú. Tairbheoidh na tionscadail straitéiseacha go háirithe de phróisis ceadaithe sruthlínithe. D’fhéadfaí Tionscadail Straitéiseacha den sórt sin a chur ar bun freisin i dtríú tíortha.
Rinne roinnt Ballstát athbhreithniú agus nuachóiriú ar a gcreataí amhábhair, mianadóireachta agus ceadaithe cheana féin. Spreagann an Coimisiún gach Ballstát le measúnú a dhéanamh ar cé acu is gá nó nach gá a gcreataí náisiúnta agus fonáisiúnta a thabhairt cothrom le dáta chun tacú le slabhra luacha CRManna atá slán agus inbhuanaithe. Spreagtar na Ballstáit lena n‑éifeachtúlacht ceadaithe a mhéadú le haghaidh tionscadail CRManna taobh amuigh de na tionscadail sin a meastar gur Tionscadail Straitéiseacha iad. Iarrtar freisin ar na Ballstáit cláir náisiúnta a ghlacadh atá deartha chun ciorclaíocht na slabhraí luacha CRManna a mhéadú, lena n‑áirítear aisghabháil CRManna ó dhramhaíl mhianadóireachta.
Féadfaidh na Ballstáit bearta a dhéanamh freisin chun acmhainneacht a gcuid foirne riaracháin a uas‑sciliú agus a chur faoi oiliúint chun déileáil le sruthlíniú na nósanna imeachta ceadaithe, agus leas á bhaint as deiseanna tacaíochta an Aontais le haghaidh acmhainneacht riaracháin amhail an Ionstraim Tacaíochta Teicniúla. Is gá bearta eile a bhreithniú freisin chun na hacmhainneachtaí riaracháin a fheabhsú, amhail uirlisí digiteacha agus sreafaí oibre sruthlínithe. D’fhonn malartú faisnéise a éascú, d’fhéadfadh na Ballstáit a bheartú ardáin dheonacha a chur ar bun freisin le haghaidh údaráis um dheonú ceadanna trí dhea‑chleachtais nó tacaíocht theicniúil a sholáthar.
Tá gá le hiarrachtaí leanúnacha chun aghaidh a thabhairt ar ábhar imní a bhaineann le feasacht agus glacadh poiblí. Próisis comhairliúcháin phoiblí atá éifeachtúil agus cuimsitheach agus cumarsáid thrédhearcach agus sheasta leo sin lena mbaineann, lena n‑áirítear le Pobail Dhúchasacha agus leis an bpobal i gcoitinne i gcás inarb infheidhme, is féidir leis na rudaí sin rannchuidiú chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin sin.
Bunaítear freisin leis an Rialachán sásra chun an faireachán ar shlabhraí soláthair CRManna a chomhordú. Déanfaidh an Coimisiún in éineacht leis na Ballstáit tástálacha struis maidir le slabhraí soláthair amhábhar straitéiseach.
Soláthraítear bearta sa Rialachán chun rioscaí soláthair a mhaolú a bhféadfadh tionchar a bheith acu ar dhea‑fheidhmiú an Mhargaidh Aonair, lena n‑áirítear trí stoic straitéiseacha d’amhábhair straitéiseacha a chomhordú agus gnóthais an Aontais a éascú, ceannach comhpháirteach amhábhar straitéiseach mar shampla. Beidh dlúth‑chomhordú á dhéanamh air sin leis na hanailísí réamhbhreathnaitheacha agus le measúnuithe mionsonraithe ar shlabhra soláthair teicneolaíochta an Choimisiúin.
Beidh Bord ag a dtabharfar le chéile an saineolas is fearr atá ar fáil sa Choimisiún Eorpach agus sna Ballstáit freagrach as anailís agus faireachán a dhéanamh ar na margaí, measúnú a dhéanamh ar rioscaí, comhairle a thabhairt maidir le straitéisí maolaithe, cúnamh a thabhairt le tionscadail straitéiseacha, stoc‑charnadh straitéiseach a éascú, agus Comhpháirtíochtaí Straitéiseacha a phlé ar bhonn tréimhsiúil.
II.2 Tacaíocht airgeadais
Beidh acmhainní airgeadais leordhóthanach de dhíth freisin ar na tionscadail straitéiseacha. I gcomhréir le rialacha comórtais, beartaítear sa Rialachán na Ballstáit agus an Coimisiún a thabhairt le chéile le hinstitiúidí airgeadais ábhartha chun foinsí príobháideacha maoinithe a phlé, ionstraimí airgeadais agus cistí an Aontais atá ann cheana a phlé, agus comhaontuithe ceannaigh a éascú.
Oibreoidh an Coimisiún in éineacht le comhpháirtithe cur chun feidhme InvestEU chun bealaí a lorg chun tacaíocht d’infheistíocht a mhéadú i gcomhréir leis na cuspóirí coiteanna a leagtar amach i Rialachán (AE) 2021/523
agus sa Rialachán, lena n‑áirítear trí oibríochtaí comhcheangail a bhunú. Is féidir le Mol Comhairleach InvestEU rannchuidiú chun tionscadail inmharthana a thógáil. Tá infheistíocht phríobháideach ó chuideachtaí, ó infheisteoirí airgeadais agus ó cheannaitheoirí fíor‑riachtanach.
Faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht, tá an Coimisiún cumhachtaithe chun liosta a thiomsú de ghníomhaíochtaí atá inbhuanaithe ar bhonn comhshaoil trí chritéir scagtha teicniúla a shainiú maidir le gach cuspóir comhshaoil trí ghníomhartha tarmligthe. Mar bheart leantach don ghníomh tarmligthe comhshaoil atá ar na bacáin, a chumhdóidh athchúrsáil, iarrfaidh an Coimisiún ar an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe 2.0 critéir tacsanomaíochta a fhorbairt le haghaidh mianadóireachta agus scagtha, ag tógáil ar an obair a tosaíodh faoi Ardán 1.0, a bheidh le breithniú agus le glacadh níos déanaí ag an gCoimisiún.
D’fhéadfadh sé nach leordhóthanach maoiniú príobháideach ann féin agus d’fhéadfadh tacaíocht phoiblí a bheith de dhíth ar rolladh amach éifeachtach na dtionscadal mar aon leis an slabhra luacha d’amhábhair chriticiúla, lena n‑áirítear i bhfoirm Státchabhrach. A mhéid a bhaineann le hacmhainní náisiúnta, soláthraíonn an creat Státchabhrach dóthain féidearthachtaí chun infheistíochtaí príobháideacha a ghiaráil agus chun tionscadail a bhaineann le CRManna a rolladh amach go héifeachtach. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún rialacha maidir le Státchabhair in oiriúint le déanaí chun solúbthacht bhreise a cheadú do na Ballstáit chun cabhair a dheonú, lena n‑áirítear a mhéid a bhaineann le táirgeadh agus athchúrsáil amhábhar criticiúil a bhaineann le príomh‑theicneolaíochtaí glan‑nialasacha. Is é an aidhm atá leis borradh breise a chur faoin bpróiseas agus é a shimpliú, le ríomhanna níos éasca, nósanna imeachta níos simplí, agus ceadú géaraithe, agus saobhadh an Mhargaidh Aonair á theorannú agus cuspóirí comhtháthaithe á gcaomhnú an tráth céanna.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
Øoibreoidh sé leis an mBanc Eorpach Infheistíochta agus le comhpháirtithe eile cur chun feidhme de chuid InvestEU chun bealaí a lorg le tacaíocht d’infheistíocht i slabhra soláthair na n‑amhábhar criticiúil a mhéadú, lena n‑áirítear trí oibríochtaí comhcheangail a bhunú, trína spreagadh le hinniúlachtaí inmheánacha a fhorbairt chun cistiú d’infheistíochtaí in amhábhair a chothú agus measúnú a dhéanamh ar bhacainní infheistíochta sa tionscal sin.
Øiarrfaidh sé ar an Ardán maidir le Maoiniú Inbhuanaithe 2.0 critéir thacsanomaíochta a fhorbairt le haghaidh mianadóireachta agus scagtha.
II.3 Caighdeánú
Ghlac an Coimisiún Clár Oibre Bliantúil an Aontais i mí Feabhra 2023 le haghaidh caighdeánú Eorpach. Ceann dá thosaíochtaí straitéiseacha is ea caighdeáin Eorpacha a fhorbairt le haghaidh taiscéalaíocht, úscadh, scagadh agus athchúrsáil CRManna, slabhra luacha an Aontais agus athléimneacht an Aontais a neartú. Ina theannta sin, is gá tacaíocht a thabhairt do na ceanglais theicniúla i gcomhair cóireála, lena n‑áirítear aisghabháil, athchúrsáil agus ullmhú d’athúsáid CRManna trí ghníomhaíochtaí caighdeánaithe. Leis sin d’áiritheofaí go gcuirfí na rialacha teicniúla i bhfeidhm ar bhealach comhsheasmhach ar fud an Aontais.
Ar leibhéal idirnáisiúnta, feidhmíonn an caighdeánú Eorpach laistigh de chomhthéacs domhanda atá ag éirí níos iomaíche. Tá na saineolaithe Eorpacha agus na comhlachtaí caighdeánaithe náisiúnta ag rannchuidiú go tábhachtach cheana féin d’obair na hEagraíochta Idirnáisiúnta um Chaighdeánú agus ba cheart dóibh ról níos gníomhaí fós a ghlacadh in obair ghaolmhar a bhainfidh le caighdeáin idirnáisiúnta a leagan síos chun a áirithiú go léireofaí prionsabail agus luachanna an Aontais atá mar bhonn ag reachtaíocht ábhartha an Aontais, chomh maith le tiomantais idirnáisiúnta, i gcaighdeáin theicniúla idirnáisiúnta maidir le CRManna. Éascóidh an Coimisiún an malartú agus an comhordú idir na Ballstáit, comhlachtaí caighdeánaithe an Aontais agus tionscail an Aontais chun acmhainní a roinnt mar thacaíocht do phróisis caighdeánaithe idirnáisiúnta.
I gcomhréir le Straitéis Caighdeánaithe an Aontais agus le Clár Oibre an Aontais um Chaighdeánú Eorpach, déanfaidh an Coimisiún na nithe seo a leanas:
ØÁiritheoidh sé n‑áireofar sruth sonrach oibre ar CRManna freisin san Fhóram Ardleibhéil um Chaighdeánú Eorpach mar rud a bheidh fíor-riachtanach le haghaidh Margadh Aonair athléimneach.
ØTacóidh sé le forbairt chaighdeáin Eorpacha na bpróiseas tionsclaíoch a bhaineann le CRManna a úsáideadh san aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach, lena n‑áirítear le haghaidh gníomhaíochtaí ciorclaíochta.
II.2. Na scileanna a bhfuil gá ag an Aontas leo
Mar a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna 2020, ionas go mbeidh sé iomaíoch i gcónaí, teastaíonn lucht saothair ón Aontas ag a mbeidh na scileanna cearta don aistriú glas agus don aistriú digiteach. Ní féidir slabhraí luacha CRManna inmharthana a bhunú san Eoraip gan forbairt cheart a dhéanamh ar scileanna (geolaithe, miotalóirí, innealtóirí meicniúla, oibrithe mianach, sórtálaithe, athchúrsálaithe agus gairmithe ardteicniúla freisin atá ábhartha don earnáil etc.). I bhfianaise claochlú scileanna, i gcás ina mbeidh ról níos ceannasaí ag an gciorclaíocht i slabhra luacha agus próiseáil ceallraí mar shampla, tá riachtanais athscilithe ag éirí i bhfad níos coitianta. Mar aon leis na bearta cothrománacha a leagtar amach i gClár Oibre Scileanna 2020, beidh beartais scileanna a bhainfidh go sonrach leis an earnáil de dhíth ar shlabhraí luacha CRManna an Aontais.
Moltar go láidir do Bhallstáit úsáid a bhaint as ionstraimí cistiúcháin an Aontais atá ar fáil, amhail Ciste Sóisialta na hEorpa Plus (ESF+), Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa (CFRE) agus an Sásra um Aistriú Cóir (JTM) chun tacú le bearta oideachais agus oiliúna chun an lucht saothair a uas‑sciliú ar fud an tslabhra luacha d’amhábhair chriticiúla, ag tabhairt aghaidh ar na bearnaí tallainne a sainaithníodh i réigiúin an Aontais An Tionscnamh Deep Tech Talent, arna bhuiséadú i gcomhthéacs an Chláir Oibre nua Nuálaíochta Eorpaí, a rannchuideoidh freisin leis an gclaochlú scileanna atá de dhíth le clár ceannródaíoch arb é is aidhm dó aon mhilliún duine a chur faoi oiliúint laistigh de réimsí domhain‑teicneolaíochta na hEorpa as seo go ceann 3 bliana.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØBunóidh sé comhpháirtíocht scileanna mórscála ar CRManna le páirtithe leasmhara agus le húdaráis phoiblí faoi Chomhaontú um Scileanna an Aontais agus é mar chuspóir gníomhaíochtaí rathúla oideachais agus oiliúna a rolladh amach ar fud an tslabhra luacha iomláin.
ØMolfaidh sé Acadamh Amhábhar a bhunú mar chuid de na hAcadaimh Glan‑Nialasacha, chun cláir oiliúna agus oideachais a fhorbairt agus a thairiscint chun lucht saothair a athsciliú agus a uas‑sciliú chun an slabhra luacha d’amhábhair chriticiúla a mhéadú san Eoraip.
II.6 Taighde agus nuálaíocht
Tá taighde agus nuálaíocht i slabhra luacha na CRManna fíor‑riachtanach chun eolas, réitigh nuálacha agus próisis fíor‑inbhuanaithe a fhorbairt, maidir le taiscéalaíocht, úscadh, próiseáil, scagadh, athchúrsáil, dearadh atá éifeachtúil ar acmhainní, úsáid agus ionadú. I ngineadóirí gaoithe, mar shampla, d’fhéadfaí maighnéid bhuana tearc-chré a ionadú le comhpháirteanna eile amhail gineadóirí sioncrónacha ilpholacha. Ar an gcaoi chéanna, d’fhéadfaí miotail an ghrúpa platanaim a úsáidtear mar chatalaígh i mbreosla‑chealla a ionadú i bpáirt nó go hiomlán le miotail eile amhail nítrídí, cairbíd nó calcaiginíd. Tá ról tábhachtach ag forbairt ábhar ardfhorbartha maidir le CRManna a ionadú go háirithe. Ba cheart glacadh freisin le torthaí taighde sna réimsí sin i gcaighdeáin amach anseo.
Tá a ndúshláin féin ag gach ceann de na codanna sin den slabhra luacha a bhaineann le teagmhais gheolaíocha, saintréithe mianraithe, airíonna ceimiceacha, an cur i bhfeidhm, agus feidhmíocht fuinnimh, chomhshaoil agus shóisialta. Tá gá le taighde chuige sin le haghaidh amhábhair chriticiúla agus neamh‑chriticiúla, chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin a bhaineann le soláthar, chomh maith leis an bhfás ar éileamh a mhaolú san Aontas. Leis na gníomhaíochtaí i ngach ceann de na codanna thuas den slabhra luacha déanfar foinsiú an Aontais a éagsúlú agus áiritheofar a inbhuanaitheacht.
Faoin gclár oibre Fís Eorpach (2021-2024), rinne an tAontas buiséadú ar thionscadail maidir le taiscéalaíocht, úscadh, próiseáil agus athúsáid, athchúrsáil agus aisghabháil arbh fhiú 470 milliún euro iad.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØNeartóidh sé an cur in úsáid agus an glacadh a dhéanfar ar dhul chun cinn taighde agus nuálaíochta atá ann cheana agus atá ag teacht chun cinn tríd an gComhairle Nuálaíochta Eorpach agus an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht i gcomhréir leis an gClár Oibre Eorpach Nua um Nuálaíocht;
ØCuirfidh sé Plean Gníomhaíochta Comhordaithe i láthair le Ballstáit maidir le hábhair ardfhorbartha, lena n‑áirítear amhábhair chriticiúla a ionadú, chun leibhéil infheistíochta i dtaighde agus nuálaíocht a bheidh ar cóimhéid leis an dúshlán a bhaint amach;
ØForbróidh sé Plean Straitéiseach Cur Chun Feidhme tríd an bhfóram páirtithe leasmhara atá ann cheana a threoróidh tosaíochtaí taighde agus nuálaíochta an Aontais sna blianta seo romhainn.
III.Borradh a chur faoi éagsúlú an tsoláthair agus oibriú i gcomhpháirt ar bhealach a rachaidh chun tairbhe an dá thaobh chun tacú leis an táirgeacht dhomhanda
Beidh an tAontas fós ag brath ar allmhairí amhábhar chun a aistriú dúbailte éiceolaíoch agus digiteach a bhaint amach agus le haghaidh cumais cosanta mhéadaithe. Tá sé ag déanamh obair mhór cheana féin ar raon leathan uirlisí chun trádáil, infheistíocht agus comhar a éascú i leith deiseanna domhanda, rud a mhéadóidh dá bhrí sin slándáil agus inacmhainneacht CRManna. I bhfianaise na ndúshlán atá ann faoi láthair, ionas go mbeidh tionchar ceart ag an bhfoireann uirlisí, ba cheart iad a chur i bhfeidhm go comhuaineach in éineacht leis na tíortha comhpháirtíochta. Ní mór sineirgí a lorg idir na huirlisí éagsúla chun cur chuige comhleanúnach a áirithiú agus chun torthaí éifeachtacha a sholáthar sa tréimhse ama is giorra agus is féidir, go háirithe leis an straitéis Global Gateway agus lena cur chun feidhme, ionstraimí airgeadais agus beartais an Aontais agus na mBallstát a ghiaráil. Áiritheofar comhordú neartaithe ghníomhaíochtaí idirnáisiúnta uile an Aontais le meitheal tiomnaithe a chruthú maidir le gníomhaíochtaí seachtracha le haghaidh CRManna i gcomhar le struchtúir ábhartha atá ann cheana, go háirithe na cinn a bhaineann le Global Gateway.
III.1. Grúpa CRManna: Ag obair in éineacht le páirtithe leasmhara
Is údar imní i gcoiteann é rochtain shláin, inacmhainne, agus inbhuanaithe a fháil ar sholáthar CRManna i measc roinnt mhaith comhpháirtithe agus is príomh‑théama é i roinnt mhaith fóram domhanda (amhail G7, G20, an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta Fuinnimh agus an Ghníomhaireacht Idirnáisiúnta um Fhuinneamh Inathnuaite) nó tionscnaimh amhail an Chomhpháirtíocht um Sheasmhacht Mhianraí nó comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tríú tíortha. Thairis sin, tá comhar idirnáisiúnta fíor‑riachtanach chun ceannasacht sa mhargadh a chomhrac agus chun aghaidh a thabhairt ar dhúshlán na hinbhuanaitheachta.
Ba cheart don Aontas na gníomhaíochtaí éagsúla sin a chomhlánú agus a fhorbairt chun Grúpa um Amhábhair Chriticiúla a bhunú, rud lena dtabharfar tíortha ina bhfuil flúirse acmhainní agus tíortha tomhailte le chéile chun soláthar slán agus inbhuanaithe de CRManna a chur chun cinn. Ba cheart don Aontas seasamh le comhpháirtithe agus soláthar de CRManna atá iontaofa, bunaithe ar bhonn tráchtála, trédhearcach agus neamhdhíobhálach don chomhshaol a chur chun cinn. Go háirithe, ba cheart don ghrúpa CRManna infheistíocht inbhuanaithe a chothú i dtíortha táirgthe agus a ligean dóibh dul chun cinn a dhéanamh sa slabhra luacha.
Bheadh an Grúpa oscailte do pháirtithe a bhfuil an dearcadh céanna acu agus atá toilteanach forbairt a dhéanamh ar na gníomhaíochtaí a leanas bunaithe ar shraith prionsabal comhaontaithe:
·Faireachán a dhéantar ar fhorbairt an mhargaidh agus comhroinnt eolais a mhéadú
·Iarrachtaí maidir le taiscéaladh a fheabhsú
·Feabhas a chur ar thimpeallacht chumasúcháin a bheadh cuiditheach le hinfheistíocht inbhuanaithe
·An t‑am a theastaíonn chun tionscadail infheistíochta a thabhairt ar an margadh a ghiorrú
·Rochtain ar an margadh a éascú, trí chomhar rialála
·Obair a dhéanamh le chéile chun cearta saothair agus cleachtais atá freagrach ó thaobh na sochaí de a chur chun cinn i slabhraí soláthair CRManna
·Geilleagar ciorclach agus inbhuanaithe a chur chun cinn a oibríonn thar theorainneacha agus acmhainní athchúrsála ardcháilíochta a fheabhsú
·Nuálaíocht san earnáil a spreagadh le soláthairtí nua a nochtadh
·Cur chuige éifeachtúil agus comhordaithe a sholáthar d’ullmhúchán agus freagairt ar ghéarchéimeanna
Rachaidh an Coimisiún i mbun pléití le comhpháirtithe féideartha a bhfuil spéis acu an grúpa seo a bhunú. Soláthraítear bunús chun obair a dhéanamh le chéile i dtreo Ghrúpa um Amhábhair Chriticiúla, atá níos leithne agus níos fairsinge, le hidirbheartaíocht idir an tAontas agus na Stáit Aontaithe maidir le comhaontú spriocdhírithe ar mhianraí criticiúla, a fhógraítear an 10 Márta 2023.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØGrúpa um amhábhair chriticiúla a bhunú le comhpháirtithe chun slabhraí soláthair a neartú agus foinsiú a éagsúlú agus chun freastal ar na comhpháirtithe féideartha uile chun an comhaontas seo a bhunú.
III.2. Comhaontuithe trádála agus infheistíochta lena soláthraítear an creat agus lena seoltar Comhaontuithe um Infheistiú Inbhuanaithe a Éascú den dara glúin
I mí na Nollag 2022, thug an tAontas an chaibidlíocht i gcrích maidir le Comhaontú Comhlachais idir an tAontas agus an tSile, a bhí ann cheana, a nuachóiriú an 9 Nollaig 2022. Sa Chomhaontú tá caibidil thiomnaithe d’Fhuinneamh agus Amhábhair, rud a chuirfidh le rochtain níos fearr ar infheistíocht inbhuanaithe in amhábhair chriticiúla amhail litiam, fad a thacaítear leis an tSile chun a geilleagar glas a fhorbairt, go háirithe maidir le fuinneamh inathnuaite agus hidrigin.
I bhfianaise chineál dianchaipitiúil na ngníomhaíochtaí eastóscaigh agus scagtha, teastaíonn ó oibreoirí eacnamaíocha timpeallacht ghnó atá fabhrach d’infheisteoirí, intuartha, agus seasmhach i dtíortha ina bhfuil flúirse acmhainní. Agus é ag cur le creataí déthaobhacha, iltaobhacha agus ilpháirtithe atá ann cheana, déanfaidh an tAontas bearta a fhorbairt a thuilleadh chun an cuspóir sin a bhaint amach.
Ar an gcéad dul síos, leagann an Eagraíocht Dhomhanda Trádála (EDT) agus a comhaontuithe iltaobhacha agus ilpháirtithe amach an creat ginearálta mar bhunlíne a chinntíonn trédhearcacht, intuarthacht agus deimhneacht dhlíthiúil, mar shampla trí fhorálacha a bhaineann le taraifí, neamh‑idirdhealú, nó a bhaineann le toirmeasc ar shrianta onnmhairiúcháin. Tá comhaontú ilpháirtithe ar ‘infheistíocht a éascú chun forbairt a dhéanamh’ faoi chaibidil faoi láthair. Cuirfidh sé borradh faoin infheistíocht i dtíortha i mbéal forbartha in earnáil CRManna, go háirithe trí fhaisnéis maidir le rialacha infheistíochta a chur ar fáil go poiblí agus go héasca, agus trí mhoilleanna maidir le ceadanna agus ceaduithe an rialtais a laghdú.
Ar an dara dul síos, baineann an tAontas úsáid as a chomhaontuithe déthaobhacha chun nascanna domhanda maidir le trádáil agus infheistíocht a neartú agus slabhraí soláthair a éagsúlú, lena n‑áirítear i gcomhthéacs shlabhraí soláthair CRManna, rud a chuireann le hathléimneacht gheilleagar an Aontais.
Tá an líonra is mó ar domhan de chomhaontuithe trádála ag an Aontas cheana féin. Tá caibidil thiomnaithe d’Fhuinneamh agus Amhábhair sna comhaontuithe a rinneadh le déanaí le Meicsiceo, leis an Ríocht Aontaithe, leis an Nua‑Shéalainn agus leis an tSile. Tá caibidlíocht fós ar siúl leis an Astráil agus leis an Indinéis, ag a bhfuil cúlchistí suntasacha d’amhábhair atá fíor‑riachtanach don aistriú fuinnimh amhail dúile tearc‑chré agus nicile.
Fiosróidh an Coimisiún, in éineacht le comhpháirtithe, an chaoi chun tacú lena bpleananna chun acmhainní eastósctha, próiseála agus athchúrsála a fhorbairt. Tabharfaidh an Coimisiún aghaidh ar shaincheisteanna a bhaineann le hamhábhair, amhail nósanna imeachta maidir le measúnú tionchair atá intuartha nó neamh‑idirdhealú d’infheisteoirí i dtríú tíortha maidir le caibidlíocht atá ar siúl faoi láthair agus déanfaidh sé measúnú cé acu is ceart nó nach ceart comhaontuithe atá ann cheana a ath‑idirbheartú d’fhonn disciplíní a neartú maidir le trádáil agus infheistíocht ar amhábhair. Tabharfar aird ar leith ar thíortha san Afraic ag a bhfuil acmhainneacht shuntasach chun amhábhair a sholáthar agus chun comhtháthú a thuilleadh i slabhraí luacha CRManna chun tairbhe frithpháirtí an dá thaobh, lena n‑áirítear na comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche sin a chur chun feidhme (EPAnna).
Tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar infheistíocht inbhuanaithe agus tá sé tiomanta chun Comhaontuithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú (SIFAnna) a fhorbairt a thuilleadh. Aireofar le Comhaontuithe SIFA den dara glúin forálacha freisin maidir le forbairt inbhuanaithe agus forálacha breise maidir le fuinneamh agus amhábhair agus bunófar leis idirphléití chun tacú le tionscadail thionsclaíocha agus cruthú luacha eacnamaíoch áitiúil trí thosaíochtaí agus módúlachtaí earnála a bhunú chun an earnáil phríobháideach a thabhairt isteach. Thug an tAontas i gcrích le déanaí a chaibidlíocht le hAngóla maidir le SIFA. Tá teagmhálaithe taiscéalaíocha fós ar bun leis an Nigéir maidir le comhaontú den sórt sin, agus féadfaidh tíortha eile teacht ina diaidh.
Ar deireadh, ba cheart a mheabhrú nach n‑íocann formhór allmhairí CRM an Aontais (92 % ar luach) dleachtanna allmhairiúcháin, de bharr taraifí náisiúin barrfhabhair (MFN) a bheith socruithe ag nialas nó comhaontuithe trádála atá i bhfeidhm. Cumhdaítear allmhairí CRManna atá fágtha le taraif idir 2-7 % le haghaidh earraí neamhphróiseáilte (e.g. Maignéisiam neamhphróiseáilte: 5 %) agus 3-9 % le haghaidh cúpla earra próiseáilte (e.g. Gailliam Próiseáilte: 3 %). Leanfaidh an Coimisiún go mion an tionchar atá ag taraifí ar an gcumas chun CRManna a allmhairiú agus déanfaidh sé scrúdú ar iarrataí maidir le fionraí dleachta, i bhfianaise na gcuspóirí maidir le héagsúlú na n‑amhábhar criticiúil a éascú agus ár spleáchais a laghdú.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØLeanfaidh sé ar aghaidh lena iarrachtaí chun an Eagraíocht Dhomhanda Trádála a chothú agus a láidriú, lena n‑áirítear idirbheartaíocht a dhéanamh ar an gcomhaontú ilpháirtithe maidir le ‘Infheistíocht a Éascú chun Forbairt a dhéanamh’.
ØÚsáid a bhaint as a líonra de Chomhaontuithe um Infheistíocht Inbhuanaithe a Éascú agus de Chomhaontuithe Saorthrádála, atá ag leathnú, chun tacú le huaillmhian chomhpháirtithe trádála an Aontais chun acmhainneachtaí próiseála a fhorbairt agus comhpháirtíochtaí ina mbeidh bua ag gach taobh, amhail leis an tSile agus leis an Astráil.
ØLeanfaidh an Coimisiún go mion an tionchar atá ag taraifí ar an gcumas chun CRManna a allmhairiú agus déanfaidh sé scrúdú ar iarrataí maidir le fionraí dleachta.
III.3. Comhpháirtíochtaí déthaobhacha straitéiseacha chun deiseanna infheistíochta a aistriú go staideanna eacnamaíocha
I bhfianaise na práinne a bhaineann le feabhas a chur ar tháirgeadh CRManna ar fud an domhain, cuirfidh an tAontas feabhas ar a chomhar le tríú tíortha trí infheistíochtaí ar shlabhraí luacha CRManna a spreagadh agus trí dheiseanna eacnamaíocha a aistriú go staideanna atá tairbhiúil go frithpháirteach. Is uirlis thábhachtach í na comhpháirtíochtaí straitéiseacha maidir le slabhraí luacha um amhábhair chun feabhas a chur ar chomhar den sórt sin.
Cuireann comhpháirtíochtaí straitéiseacha fás inbhuanaithe chun cinn agus cuireann siad le hamhábhair sheasmhacha agus slabhraí luacha tionsclaíocha. Ar deireadh, treisíonn comhpháirtíochtaí comhtháthú na slabhraí luacha amhábhair agus tionsclaíocha idir an tAontas agus an tír chomhpháirtíochta. Tá na haidhmeanna a leanas ag na Comhpháirtíochtaí seo:
(i)
slabhraí luacha amhábhair an Aontais a chomhtháthú leis na cinn atá ag an tír chomhpháirtíochta, lena n‑áirítear comhar chun Tionscadail Straitéiseacha a shainaithint atá incháilithe faoin Rialachán, maidir le taighde agus nuálaíocht agus maidir le heolas agus teicneolaíochtaí a roinnt a bhaineann le taiscéalaíocht inbhuanaithe, eastóscadh, próiseáil agus athchúrsáil CRManna, ionadaíocht CRManna agus faireachán ar rioscaí soláthair;
(ii)
feabhas a chur ar chreat rialála an Aontais agus na tíre comhpháirtíochta, chomh maith leis an inniúlacht chun rialacha ábhartha a fhorfheidhmiú;
(iii)
leasanna tionsclaíocha agus eacnamaíocha frithpháirteacha a chur chun cinn trí mhéadú ar bhreisluach sa táirgeacht i dtríú tíortha;
(iv)
forbairt agus feabhas a chur ar chaighdeáin idirnáisiúnta, lena n‑áirítear a áirithiú go soláthraítear ardleibhéal de chosaint shóisialta agus chomhshaoil agus tacaíocht dá ngealltanais a bhaineann leis an aeráid agus leis an gcomhshaol;
(v)
cistiú a chur ar bun chun forbairt a dhéanamh ar an mbonneagar is gá don slabhra luacha amhábhair;
(vi)
obair a dhéanamh i gcomhar lena chéile chun athléimneacht agus inbhuanaitheacht shlabhraí soláthair CRManna a fheabhsú;
(vii)
traenáil agus scileanna a bhaineann le slabhra luacha CRManna a fheabhsú.
Maidir le tíortha i mbéal forbartha, tógtar na comhpháirtíochtaí ar luach eacnamaíoch in‑tíre a chruthú, ag tacú leo chun dul chun cinn a dhéanamh sa slabhra luacha trí úsáid a bhaint as an gcreat den straitéis Global Gateway.
Stiúrtar gach comhpháirtíocht le treochlár ina bhfuil gníomhaíochtaí coincréiteacha comhaontaithe faoi gach colún. Déantar faireachán ar chur chun feidhme an treochláir ar bhonn bliantúil agus féadfar é a thabhairt cothrom le dáta le gníomhaíochtaí nua de réir mar is iomchuí. Déantar na comhpháirtíochtaí agus na treochláir faoi seach a fhorbairt agus a chur chun feidhme laistigh de ‘cur chuige Fhoireann na hEorpa’, lena gcuimsítear na Ballstáit a dtionsclaíocht agus a n‑institiúidí.
Bunaíodh an chéad chomhpháirtíocht straitéiseach in 2021 faoi chuimsiú an Chomhaontaithe Chuimsithigh Eacnamaíoch agus Trádála (CETA) idir an tAontas Eorpach agus Ceanada. Mar gheall air seo, tá infheistíochtaí déanta ag an Aontas i gCeanada cheana féin sna réimsí a bhaineann le hábhair chatóide gníomhaí agus ceannaigh le haghaidh litiam, nicile agus cóbalt le haghaidh cadhnraí, chomh maith le hinfheistíochtaí a bhaineann le CRManna ó Cheanada san Aontas.
Síníodh comhpháirtíocht leis an Úcráin in 2021 freisin. Is soláthróir suntasach domhanda é an Úcráin de thíotáiniam agus is foinse fhéideartha í de níos mó ná fiche CRManna le haghaidh an Aontais. Faoi chuimsiú an chreata den chomhpháirtíocht, síníodh Meabhrán Tuisceana idir an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha (BEAF) agus Suirbhéireacht Gheolaíochta na hÚcráine in 2022.
I mí na Samhna 2022, shínigh an Coimisiún comhpháirtíochtaí straitéiseacha leis an gCasacstáin agus leis an Namaib.
Go dtí seo shínigh an tAontas comhpháirtíochtaí straitéiseacha le tíortha a rinne idirbheartaíocht nó a thug comhaontú trádála infheistíochta i gcrích leis an Aontas. Tá comhaontuithe agus comhpháirtíochtaí straitéiseacha den sórt sin comhlántach, agus tugtar leo sin creat polaitiúil agus comhar déthaobhach coincréiteach san earnáil shonrach de CRManna. Maidir le tíortha nach bhfuil comhaontuithe trádála ná infheistíochta i bhfeidhm leis an Aontas acu, cuirfidh an Coimisiún chun cinn an cuspóir maidir le trádáil agus infheistíocht neamhshaofa agus é i mbun idirbheartaíochta faoin Meabhrán Tuisceana lena mbunaítear an chomhpháirtíocht. Déantar foráil sa Rialachán don Bhord CRManna plé a dhéanamh go tréimhsiúil ar Chomhpháirtíochtaí Straitéiseacha i gcomhar le struchtúir a bhaineann le Global Gateway.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØDéanfaidh sé iarracht chun líonra na gcomhpháirtíochtaí um amhábhair straitéiseacha a leathnú
ØCuirfidh sé chun cinn an cuspóir maidir le trádáil agus infheistíocht neamhshaofa i gcomhpháirtíochtaí um amhábhair straitéiseacha
III.4. Global Gateway – an cur chuige atá tairbhiúil go frithpháirteach lena seasann an tAontas amach
Tabharfaidh an tAontas tacaíocht d’infheistíochtaí i dtionscadail bhonneagair le haghaidh ár slabhraí soláthair CRManna, chun soláthar domhanda agus comhtháthú an tslabhra luacha idirnáisiúnta a mhéadú agus chun cabhrú le héagsúlú. Bainfear úsáid as Global Gateway chun cúnamh a thabhairt do thíortha comhpháirtíochta le tionscadail choincréiteacha maidir le bonneagar agus nascacht, lena n‑áirítear infheistíochtaí coincréiteacha na hearnála príobháidí a ghiaráil agus a neartú feadh an tslabhra luacha CRManna.
Faightear roinnt mhaith de na foinsí CRManna is saibhre i margaí agus geilleagair i mbéal forbartha. Tá earnáil na n‑amhábhar tábhachtach do roinnt mhaith tíortha comhpháirtíochta an Aontais ó thaobh an gheilleagair agus na fostaíochta de, agus tá an tAontas tiomanta do thacaíocht a thabhairt dár dtíortha comhpháirtíochta chun dul chun cinn a dhéanamh sa slabhra luacha. Ag baint úsáid as “cur chuige Fhoireann na hEorpa” idir an tAontas, na Ballstáit, agus gníomhaithe ábhartha eile (amhail Institiúidí Maoinithe Forbraíochta, an Banc Eorpach Infheistíochta, an Banc Eorpach Athfhoirgníochta agus Forbartha) agus sineirgí a chruthú le hearnáil phoiblí na hEorpa, tabharfar sainmhíniú ar roinnt tionscadal a bhaineann le CRManna mar thosaíochtaí faoin straitéis Global Gateway. Trí obair a dhéanamh leis na comhpháirtithe seo, dearfar tionscadail um amhábhair ar bhealach chun feabhas ar chur ar bhreisiú luacha in‑tíre. Soláthrófar leis sin tairiscint ar ardcháilíocht agus méadaithe ón Aontas do na tíortha comhpháirtíochta spriocdhírithe, rud a dhéanann leasanna na gcomhpháirtithe a ailíniú le leasanna an Aontais, agus cuirfear leis sin an bhearna infheistíochta domhanda a laghdú sna slabhraí soláthair CRManna domhanda agus ag an am céanna feabhas a chur ar an iomaíochas, ar an inbhuanaitheacht, agus ar an tslándáil. Measfar mar thosaíochtaí na tíortha a bhfuil comhpháirtíochtaí straitéiseacha bunaithe ag an Aontas leo.
I bhfianaise inbhuanaitheacht agus gníomhú ar son na haeráide a chur chun cinn sa slabhra soláthair amhábhair, is cuspóirí uileghabhálacha Global Gateway iad cruthú post atá inbhuanaithe agus obair chuibhiúil a chur chun cinn, nach mór d’infheistíochtaí rannchuidiú go gníomhach leo. Áirítear leis sin aird a thabhairt do ghrúpaí leochaileacha a bhfuil dúshláin shonracha acu chun dul isteach sa mhargadh saothair chomh maith le saincheisteanna tromchúiseacha amhail saothar leanaí. I bhfianaise na n‑íogaireachtaí agus na ndúshlán aitheanta i dtionscail eastóscacha, tabharfaidh an tAontas aird ar leith chun an tacaíocht is gá a sholáthar d’údaráis tríú tíortha ina bhfuil tionscadail CRManna chun tacú le hacmhainneacht um dea‑rialachas agus le cleachtais ghnó thrédhearcacha san earnáil seo. Ar an mbealach sin, féachfaidh an tAontas le cuidiú leo chun an creat reachtach agus forfheidhmithe a neartú lena áirithiú go ndéantar bearta maolaitheacha chun aon drochthionchar ar na pobail áitiúla nó ar an aeráid nó ar an gcomhshaol a íoslaghdú, drochthionchar a eascraíonn as gníomhaíochtaí a bhaineann le heastóscadh, scagadh agus/nó próiseáil. Is colún eile an‑tábhachtach d’idirghabháil an Aontais é na cláir sa ghairmoideachas agus gairmoiliúint (VET) a dhíriú chun forbairt a dhéanamh ar na scileanna is gá chun deiseanna fostaíochta a chomhlíonadh a chruthaítear le hidirghabhála CRManna.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØTacaíocht a thabhairt do thionscadail Global Gateway i slabhraí luacha amhábhair inbhuanaithe i dtíortha comhpháirtíochta, agus an tráth céanna aird a thabhairt ar Chaighdeáin ESG agus breisiú luacha áitiúil.
III.5. An riosca a bhaineann le hinfheistíocht a dhéanamh ar an gcoigríoch a laghdú
Seachas na ráthaíochtaí um infheistíocht a sholáthraítear faoin gCiste Eorpach um Fhorbairt Inbhuanaithe Plus, féachfaidh an tAontas freisin le rochtain ar mhaoiniú trádála le haghaidh infheistíochta a shimpliú i slabhraí soláthair CRManna ar fud an domhain. Tá scéimeanna nó uirlisí um dhí‑rioscú agGníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin (‘ECAnna’)de roinnt Ballstát chun taca le hinfheistíochtaí ar an gcoigríoch a aimsíonn allmhairí ar mhianraí criticiúla le haghaidh aistarraingteoirí sna Ballstáit faoi seach.
Obair leanúnach i dtreo straitéis chuimsitheach AE maidir le creidmheas onnmhairiúcháin, sin rud lena bhféadfar cuidiú le gníomhaíocht na mBallstát a neartú, trí thionchar an Aontais agus éifeachtacht na tacaíochta oifigiúla a sholáthraítear a uasmhéadú, go háirithe i gcás ina bhfuil oibreoirí an Aontais i gcomórtas le gníomhaithe tríú tír.
Cuirfear leis sin feabhas ar chomhordú idir uirlisí airgeadais seachtracha a bhainistítear ar leibhéal an Aontais, go háirithe maoiniú aeráide agus forbartha, agus uirlisí institiúidí airgeadais na mBallstát ábhartha lena n‑áirítear gníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin – go háirithe i gcomhthéacs Global Gateway.
Dá mbeadh Saoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin an Aontais ann, feadfaidh sé obair na ngníomhaireachtaí creidmheasa onnmhairiúcháin ar leibhéal na mBallstáit atá ann cheana a chomhlánú, méadóidh sé tionchar foriomlán an Aontais sa réimse seo agus leis sin bheifí in ann úsáid a bhaint as tacaíocht oifigiúil um chreidmheas onnmhairiúcháin chun príomhbheartais an Aontais a ghiaráil, lena n‑áirítear in earnáil na CRManna. Ar deireadh, tá an tAontas ag tacú le hobair chun dreasachtaí a chruthú sa chreat idirnáisiúnta lena rialaítear tacaíocht oifigiúil um chreidmheas onnmhairiúcháin laistigh den phróiseas reatha chun na rialacha den Socrú maidir le creidmheasanna onnmhairiúcháin arna dtacú go hoifigiúil a nuachóiriú, a leabaítear san ECFE. Cheadódh leis na dreasachtaí sin do na ECAnna chun tacú le téarmaí um idirbhearta níos fabhraí ag tabhairt rannpháirt do CRManna a úsáidtear i dteicneolaíochtaí a chuireann go suntasach le maolú ar an athrú aeráide.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØComhordú feabhsaithe a chothú idir Institiúidí Maoinithe Forbraíochta agus Gníomhaireachtaí Creidmheasa Onnmhairiúcháin maidir le tionscadail amhábhair chun feidhm a bhaint as uirlisí in éineacht nua agus sineirgí a áirithiú, ag tosú le scéimeanna ar bhonn píolótach le tíortha comhpháirtíochta straitéiseacha.
ØObair a dhéanamh san ECFE chun feabhas a chur ar shocruithe agus obair a dhéanamh le Ballstáit an Aontais chun Saoráid Chreidmheasa Onnmhairiúcháin an Aontais a bhunú le haghaidh inter alia a thacaíonn le slabhraí soláthair CRManna ar an gcoigríoch.
III.6. Cleachtais trádála mhíchothroma a chomhrac agus forfheidhmiú a ghríosú
Inniu, bíonn roinnt rialtas ag díriú ar an earnáil CRManna a fhorbairt, go minic bíonn siad spreagtha ag cuspóirí tionsclaíochta chomh maith le cuspóirí geopholaitiúla. Shainaithin an ECFE níos mó ná 18 000 beart imní mar rudaí a dhéanann difear do trádáil CRManna ag céimeanna éagsúla. Agus méadú ag teacht ar an éileamh maidir le CRManna amach anseo, is dócha go méadóidh minicíocht agus tionchar na mbeart dá réir sin, in éagmais iarrachtaí domhanda chun feabhas a chur ar an staid.
D’fhéadfadh sé sin slándáil an tsoláthair a chur i mbaol nó míchothrom iomaíochta a chruthú a ghearrann faoi iomaíochas na gcomhlachtaí, ní hamháin don Aontas ach do na tíortha ar fad atá ag brath ar allmhairí na n‑ábhar seo. Ach cruthaíonn srianta trádála neamhéifeachtaí freisin. Mar shampla, ní bhíonn toradh le feiceáil maidir le srianta ar onnmhairiúcháin mar uirlis chun próiseáil áitiúil mianraí a ghríosú.
Dá bhrí sin, tá an Coimisiún ag déanamh iarrachtaí suntasacha chun trédhearcacht a chruthú sna beartais shaobhacha a bhaineann le hamhábhair, trí bhunachar sonraí ECFE maidir le srianta ar onnmhairiúcháin a mhaoiniú. Seo ceann de na phríomhchéim maidir le feasacht a ardú ar fud an domhain i ndáil leis na himní um beartas mar gheall ar an saincheist seo, go háirithe maidir le CRManna is gá maidir leis an aistriú go fuinneamh glan, d’fhonn aghaidh a thabhairt ar na saincheisteanna seo san EDT.
Bhain an tAontas úsáid as an réiteach díospóidí cheana féin san earnáil CRManna. Mar shampla, in 2012, d'éirigh leis an Aontas i gcás eadrána in aghaidh na Síne, a bhain a srianta ar onnmhairiúcháin maidir le tearcithir. Le déanaí, d’éirigh leis Aontas i gcás le EDT chun díospóid a réiteach in aghaidh na hIndinéise in aghaidh srianta ar onnmhairiúcháin ar nicil.
Tá cuntas teiste an Aontais go dtí seo maidir le cleachtais éagóracha gan débhrí. Déanfaidh an Coimisiún forfheidhmiú a threisiú chun dul i ngleic leis na dúshláin atá ag fás san earnáil seo agus tabharfaidh sé aghaidh ar bhearta onnmhairiúcháin sriantacha a ghlac comhpháirtithe trádála maidir le mian, amhábhair thánaisteacha nó CRManna ina bhfuil dramhaíl ar bhealach seasmhach. Ina theannta sin, leanfaidh an Coimisiún le margadh an Aontais a chosaint trí úsáid a bhaint as a ionstraimí um chosaint trádála i gcás ina bhfuil údar leis, agus lánurraim á tabhairt dá oibleagáidí dhlíthiúla idirnáisiúnta agus inmheánacha.
Má fhaigheann an Coimisiún gearáin a bhfuil bunús leo chuige sin, féadfaidh imscrúduithe a thosú a bheith san áireamh ann chun scrúdú a dhéanamh cé acu is ceart nó nach ceart gníomhaíocht um chosaint trádála a dhéanamh chun tionscail mhianadóireachta agus phróiseála a chosaint lena bhféadfaí cosc a chur orthu iad féin a bhunú san Aontas mar gheall ar allmhairí a trádáladh go héagórach. Sna cásanna sin, bheadh gá le measúnú a dhéanamh go cúramach ar leas eacnamaíoch an Aontais i gcoitinne le háirithiú nach ndéanfadh na bearta um chosaint trádála dochar go díréireach do leas na dtionscal iartheachtach eile nó saobhadh a chruthú sna slabhraí soláthair CRManna.
Ina theannta sin, i gcásanna áirithe, féadfaidh infheistíochtaí díreacha coigríche (IDC) ó infheisteoirí neamh‑AE a bheith ina riosca maidir le slándáil nó ord poiblí san Aontas go beacht mar d’fhéadfaidís dul i bhfeidhm ar sholáthar na n‑ionchur criticiúil lena n‑áirítear amhábhair. Soláthraítear le creat an Aontais le haghaidh scagadh ar an infheistíocht dhíreach choigríche creat ar fud an Aontais ionas gur féidir leis an gCoimisiún Eorpach agus na Ballstáit gníomhaíocht a chomhordú chun slándáil agus/nó ord poiblí an Aontais a chosaint má chuirtear i mbaol iad le IDC. D’fhéadfaí a áireamh leis sin scagadh a dhéanamh ar na héifeachtaí féideartha d’infheistíochtaí den sórt sin ar sholáthar ionchuir chriticiúla, lena n‑áirítear amhábhair.
Trí obair an Phríomh‑Oifigigh Forfheidhmithe Trádála, déanfaidh an Coimisiún an méid a leanas:
ØLeanfaidh sé lena fhorfheidhmiú feabhsaithe agus iarrachtaí forfheidhmithe na rialacha EDT ábhartha agus comhaontuithe trádála an Aontais, le béim ar leith ar bhearta a chuireann srian ar rochtain ar CRManna.
ØDéanfaidh sé scrúdú ar cibé acu ar cheart nó nár cheart gníomhaíocht um chosaint trádála a dhéanamh chun mianadóireacht agus tionscail phróiseála/athchúrsála a chosaint.
IV.Inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht a chur chun cinn ar fud an tslabhra luacha
Ní mór slándáil agus inacmhainneacht na soláthairtí CRManna a bheith ag teacht le chéile le tuilleadh iarrachtaí chun aon drochthionchar a mhaolú, laistigh den Aontas chomh maith le tríú tíortha, i ndáil le cearta lucht saothair, cearta an duine agus cosaint an chomhshaoil. Le hiarrachtaí chun feabhas a chur ar fhorbairt inbhuanaithe slabhraí luacha CRManna tugtar deis freisin chun cearta an duine, réiteach coinbhleachta agus cobhsaíocht réigiúnach a chur chun cinn. Tá sé sin mar chuid de gealltanas an Aontais chun réitigh atá tairbhiúil go frithpháirteach a fhorbairt le comhpháirtithe agus tacaíocht a thabhairt dá n‑aistrithe inbhuanaithe féin. Ós rud é gur cineál miotail iad formhór na n‑amhábhar criticiúil, d’fhéadfaí iad a athchúrsáil. Tugtar leis sin an deis chun aistriú go geilleagar ciorclach, i gcomhthéacs an aistrithe ghlais. Féadfaidh athchúrsáil a éirí níos tábhachtaí, le tairbhí substaintiúla i dtéarmaí shlándáil an tsoláthair, na tionchair dhiúltacha a bhaineann le heastóscadh a laghdú agus luach eacnamaíoch a chruthú. Inniu, áfach, tá na rátaí athchúrsála maidir leis na hamhábhair is criticiúla fós íseal, cé go minic nach mbíonn inniúlachtaí athchúrsála, córais agus teicneolaíochtaí leordhóthanacha ann le haghaidh sainiúlachtaí na n‑amhábhar seo.
Dá bhrí sin, go hinmheánach, ba cheart don Aontas borradh a chur faoi ghníomhaíocht um éifeachtúlacht acmhainne, go háirithe trí cheanglais éicidhearthóireachta agus glacadh gasta leis an Rialachán maidir le hÉicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe.
Ní mór borradh a chur faoi iarrachtaí freisin chun ciorclaíocht na CRManna a áirithiú sa chiall is leithne, arís, laistigh den Aontas agus go hidirnáisiúnta. Go hinmheánach, ní mór don Aontas iarracht a dhéanamh le háirithiú go bhfuil a inniúlacht athchúrsála féin in ann ábhair thánaisteacha a tháirgeadh a chumhdaíonn ar a laghad 15 % dá thomhaltas bliantúil, mar a shainmhínítear sa Rialachán.
IV.1. Obair um inbhuanaitheacht an Aontais a chur chun feidhme
Le blianta beaga anuas, bhí tábhachtach róil an Aontais ag dul i méad maidir le tacaíocht agus spreagadh a thabhairt do chuideachtaí chun a ngnó a dhéanamh go freagrach. Thug an tAontas isteach meascán cuimsitheach de ghníomhaíochtaí éigeantacha agus deonacha chun Freagracht Shóisialta Chorparáideach / Iompar Gnó Freagrach (CSR/RBC) a chur chun cinn agus chun Prionsabail Threoracha maidir le Gnó agus Cearta an Duine na Náisiúin Aontaithe agus Clár Oibre na Náisiún Aontaithe 2030 don Fhorbairt Inbhuanaithe a chur chun feidhme.
Chun na críche sin, in Iúil 2021 ghlac an tAontas Treoraíocht maidir le dícheall cuí chun cuidiú le cuideachtaí an Aontais chun aghaidh a thabhairt ar an riosca maidir le hobair éigeantais ina n‑oibríochtaí agus a slabhraí soláthair, i gcomhréir le caighdeáin idirnáisiúnta. Éilítear leis an Treoir maidir le Tuairisciú Inbhuanaitheachta Corparáideach (CSRD) ar na cuideachtaí go léir atá liostaithe agus ar na cuideachtaí móra go léir, chomh maith le roinnt cuideachtaí neamh‑AE a sháraíonn tairseacha ar leith maidir le hioncam a ghintear san Aontas, chun tuarascáil a thabhairt maidir lena rioscaí agus tionchair inbhuanaitheachta i gcomhréir le caighdeáin tuairiscithe inbhuanaitheachta an Aontais atá le glacadh ag an gCoimisiún.
Is príomhshamplaí eile de bhearta ábhartha an Aontais iad Prionsabail an Aontais maidir le hAmhábhair Inbhuanaithe agus an Rialachán maidir le Ceallraí. Thairis sin, cuireann an Rialachán maidir le Mianraí Coinbhleachta dícheall cuí éigeantach sa slabhra soláthair chun cinn mar uirlis chun rioscaí maidir le a bheith ag cur le coinbhleacht armtha a shainaithint chomh maith le sáruithe tromchúiseacha eile ar chearta an duine i slabhraí luacha stáin, tantalaim, tungstain agus óir (3TG). Leis an Rialachán cuirtear leis na caighdeáin idirnáisiúnta a shocraítear le Treoraíocht ECFE um Dhícheall Cuí agus cumhdaítear allmhaireoirí 3TG an Aontais. Déanann na ceanglais díchill chuí dochar go hindíreach do bhruithneoirí agus scaglanna (AE) atá gníomhach i slabhraí soláthair allmhaireoirí 3TG an Aontais.
Tá roinnt tograí reachtacha déanta ag an gCoimisiún a bhaineann le foinsiú inbhuanaithe de CRManna. Áirítear leo sin tograí le haghaidh Treoir maidir le Dícheall Cuí in Inbhuanaitheacht Chorparáideach, Rialachán maidir le saothar éigeantach, Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe (ESPR), Rialachán maidir le Ceallraí, Treorach lena leasaítear An Treoir Réime maidir le hUisce, (an Treoir maidir le Screamhuisce agus an Treoir maidir le Caighdeáin Cáilíochta Comhshaoil
agus chun athbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíoch (IED) .
Aithníonn an tAontas, ar na leibhéil iltaobhacha agus ilpháirtithe, an tábhacht a bhaineann le caighdeáin chomhaontuithe idirnáisiúnta chun intuarthacht a áirithiú do ghnólachtaí. Cuirtear gníomhaíocht um iompar gnó freagrach san áireamh sna Caibidlí ar fad ar Thrádáil agus Forbairt Inbhuanaithe (TSD) trí thagairt do chaighdeáin idirnáisiúnta. Tá an tAontas gníomhach freisin in obair um inbhuanaitheacht de chomhlachtaí idirnáisiúnta amhail an Eagraíocht Dhomhanda Trádála, ECFE, an Eagraíocht Idirnáisiúnta Saothair (EIS) agus na Náisiúin Aontaithe (UN). Trí bhearta tacaíochta, tabharfaidh an tAontas an mhéid tacaíocht is féidir go n‑urramaítear reachtaíocht an Aontais um inbhuanaitheacht inár dtíortha comhpháirtíochta.
I gcomhthéacs an Ghrúpa um Amhábhair Chriticiúla, oibreoidh an tAontas le comhaltaí an ghrúpa chun na prionsabail idirnáisiúnta ESG a fhorbairt. Ansin, féadfaidh na prionsabail ESG seo an bealach a réiteach chun forbairt a dhéanamh ar noirm idirnáisiúnta ESG, trí comhlachtaí idirnáisiúnta más féidir é, amhail ISO, ILO, NA nó an ECFE agus, i gcás ina féidir, cur le tionscnamh idirnáisiúnta atá ann cheana. Cumhdaítear leis sin cearta an duine lena n‑áirítear cearta saothair mar a luaitear in UNGP 12.
Tá roinnt mhaith tionscnamh idirnáisiúnta freisin a dhíríonn ar an tionsclaíocht atá spriocdhírithe ar an mianadóireacht agus táirgeadh amhábhair.
Maidir le CRManna ag a bhfuil lorg comhshaoil suntasach, leis an Rialachán foráiltear an fhéidearthacht chun ceanglais a thabhairt isteach amach anseo maidir le trédhearcacht an loirg comhshaoil i ndáil le hamhábhair áirithe, má tá gá leo chun spriocanna comhshaoil an Aontais a bhaint amach. Bheadh siad faoi réir measúnaithe chríochnúla na dtionchar, lena n‑áirítear comhairliúcháin le geallsealbhóirí agus tríú tíortha, agus modhanna measúnúcháin atá fónta ó thaobh na heolaíochta de, caighdeáin idirnáisiúnta ábhartha agus éifeachtaí diúltacha féideartha ar thrádáil a chur san áireamh.
IV.2. Ag baint úsáid go réamhghníomhach as ár gcomhaontuithe trádála chun tacú leis an bhforbairt inbhuanaithe
Ar an leibhéal déthaobhach, tá caibidil uaillmhianach maidir le Trádáil agus forbairt inbhuanaithe (TSD) ag gach comhaontú a tugadh i gcrích le déanaí. Tá sé mar aidhm leis na caibidlí sin le háirithiú go mbeadh fás eacnamaíoch agus cosaint chearta an duine, obair chuibhiúil, cosaint an chomhshaoil agus aeráide ann in éineacht le chéile. Úsáidtear caibidlí TSD chun comhpháirtithe trádála a cheangal do comhaontuithe agus caighdeáin idirnáisiúnta agus dlúthchomhar a bhunú i measc páirtithe i réimse na freagrachta agus na cuntasachta sóisialta corparáidí. D’fhoilsigh an Coimisiún teachtaireacht le déanaí ina leagtar amach an bealach a fheabhsóidh an tAontas rannchuidiú na gcomhaontuithe trádála leis an bhforbairt inbhuanaithe a thuilleadh. Ina theannta sin, tá forálacha sonracha um inbhuanaitheacht i roinnt de na caibidlí i gComhaontuithe Saorthrádála an Aontais a tugadh i gcrích le déanaí maidir le Fuinneamh agus Amhábhair (ERM). Ar deireadh, mar a luaitear thuas, leagann comhpháirtíochtaí straitéiseacha amach inbhuanaitheacht mar chuspóir freisin.
IV.3. Ciorclaíocht
Maidir le formhór na CRManna, faoi láthair, tá rátaí athchúrsála ar leibhéil atá an‑íseal. Ar a laghad sa mheántéarma, trí na rátaí athchúrsála maidir le dramhaíl ina bhfuil CRManna, agus trí ionadú agus úsáid éifeachtúil de CRManna, tá an‑deis ann chun spleáchais a laghdú, slabhraí luacha a thógáil agus poist a chruthú go háitiúil (e.g. i dtionscal na hathchúrsála, taighde ar an ionadú, obair dheisiúcháin).
Trí shampla an tionscal atá ag teacht chun cinn i ndáil le hathchúrsáil amhábhair cadhnraí san Eoraip, ní mór tacaíocht a thabhairt do theicneolaíochtaí athchúrsála CRManna trí Fís Eorpach agus i sineirge le cláir taighde agus nuálaíochta na mBallstát agus iad thabhairt chun cinn ón saotharlann agus a thráchtálú.
Cé go bhfuil tosca sonracha le haghaidh gach amhábhair agus a bhfeidhmeanna, tá roinnt dúshláin coiteann ann freisin, amhail an fíoras go ndeartar táirgí go minic ar bhealach nach mbeadh sé éasca comhpháirteanna lán le CRManna a bhaint nó rochtain a fháil orthu (amhail buanmhaighnéid tearcithreach), agus an fíoras go bhfuil easpa eolais ann maidir le comhdhéanamh ceimiceach a gcomhpháirteanna agus dá láithreacht. Thairis sin, tá bailiú, cóireáil agus athchúrsáil spriocdhírithe de tháirgí agus comhpháirteanna lán le CRManna in easnamh. Chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin thuas, déanfar réitigh choiteanna a fhorbairt ar leibhéal an Aontais.
Is príomh‑dhúshlán í inmharthanacht eacnamaíoch le haghaidh oibríochtaí athchúrsála ar leith, go háirithe i gcásanna maidir le hathchúrsáil CRManna ina mbíonn próisis deighilte níos casta go ginearálta agus inar lú na cainníochtaí inghnóthaithe ná mar a bhíonn i gceist i gcás na dtáirmhiotal. Leis an infhaighteacht ar dhramhaíl in‑athchúrsála atá ag méadú, leis an dul chun cinn atá déanta i dteicneolaíochtaí athchúrsála agus le struchtúir mhargaidh nua, ba cheart laghdú teacht ar chostais sna deacáidí amach romhainn, agus le hardú phraghsanna na n‑amhábhar príomhúil agus toilteanas áirithe chun íoc as lorg comhshaoil níos lú ba cheart go laghdófar bearna na hinmharthanachta tuilleadh. Áfach, tá gá le tacaíocht airgeadais shubstaintiúil a thabhairt do tionscadail athchúrsála, ag déanamh breith ar a nuálaí atá siad agus ar sheachtrachtaí comhshaoil thomhaltas na n‑amhábhar príomhúil.
Tá sé tábhachtach freisin go bhféadtar dramhaíl agus amhábhair thánaisteacha a sheoladh laistigh den Aontas gan aon ualach míchuí. Leis rialacha nua maidir le loingsiú dramhaíola, mar a mholann an Coimisiún in 2021, éascófar loingsithe dramhaíola le haghaidh athchúrsála trí mheán an digitiúcháin agus nósanna imeachta cuíchóirithe.
Ba cheart níos mó tionscnamh um chiorclaíocht a shaothrú go hidirnáisiúnta, in éineacht lenár gcomhpháirtithe trádála, faoi chuimsiú comhpháirtíocht straitéiseach nó comhaontú saorthrádála mar shampla. Áirítear ar na réimsí comhair, comhar rialála agus margadh comhtháite a chruthú le haghaidh amhábhair atá le hathchúrsáil.
Déanfaidh na Coimisiún an méid seo a leanas:
ØAthbhreithniú a mholadh i mí an Mheithimh 2023 ar an Treoir maidir le feithiclí a bhfuil a ré caite chun ceanglais shonracha, ina bhfuil béim ar aisghabháil CRManna, maidir le dearadh agus cóireáil na bhfeithiclí a bhfuil a ré caite a chuimsiú.
ØMoltaí a sholáthar do na Ballstáit maidir le bearta a dhíríonn ar tháirgí tomhaltais atá beag agus lán le CRManna, chun feabhas a chur ar líon na bhfón póca, táibléid agus ríomhairí glúine athláimhe agus caite, a thugtar ar ais nó a aisghlactar.
ØCuimsiú cóid dramhaíola a mholadh in 2024 le haghaidh ceallraí ian litiam agus sruthanna dramhaíola idirmheánacha (“meallta dubha”) faoin Liosta Dramhaíola Eorpach le háirithiú go ndéantar iad a athchúrsáil laistigh den Aontas.
ØCuirfidh sé san áireamh go córasach cur chun feidhme reachtaíocht an Aontais maidir le ceanglais um éicidhearthóireacht
, feidhmíocht, agus faisnéis i dtáirgí agus trealamh nua, rud a chuirfidh chun cinn ionadú na CRManna agus rud a chinnteoidh go bhféadfar iad a dhíchóimeáil agus a athchúrsáil nó a athúsáid.
ØRialacha bainistithe dramhaíola is infheidhme a chomhchuibhiú le haghaidh sruthanna dramhaíola áirithe ag a bhfuil acmhainneacht aisghabhála CRManna suntasach agus measúnú a dhéanamh ar chomhtháthú táirgí lán le CRManna i reachtaíocht dramhaíola an Aontais, nach gcumhdaítear faoi láthair, amhail tuirbíní gaoithe.
ØAthbhreithniú a dhéanamh ar an Treoir um Dhramhthrealamh Leictreach agus Leictreonach chun, inter alia, aghaidh a thabhairt ar threalamh lán le CRManna i bhforálacha a bhaineann le ceanglais fhaisnéise agus spriocanna aisghabhála.
Ø200 milliún euro a chur ar fáil chun deich Moil don Chiorclaíocht breise a fheidhmiú chun aisghabháil agus athchúrsáil amhábhar a mhéadú go suntasach i measc an Aontais ar fad.
V.Conclúid
Ní mór don Aontas soláthar inbhuanaithe, inacmhainne agus éagsúlaithe de CRManna chun an t‑aistriú glas agus an t‑aistriú digiteach a bhaint amach, a théann in éineacht le chéile leis an aistriú cóir, chomh maith lena slándáil agus cosaint a áirithiú. Ní mór don Aontas amhlaidh a dhéanamh le hiomaíochas fadtéarmach a áirithiú agus chun a neamhspleáchas straitéiseach oscailte a chothú i dtimpeallacht gheopholaitiúil a athraíonn go tapa agus atá ag éirí níos dúshlánaí.
Ní féidir é sin a bhaint amach ach amháin trí ghníomhaíocht chomhbheartaithe inmheánach agus sheachtrach: bearta intíre a neartú chomh maith le rannpháirtíocht idirnáisiúnta a fheabhsú chun comhpháirtíochtaí ina mbeidh bua ag gach taobh le tríú tíortha a fhorbairt. Is í sin an t‑aon bealach chun an‑aistriú glas agus digiteach a fhíorú do chách.