Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52022DC0682

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN Creat beartais AE maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe

COM/2022/682 final

An Bhruiséil,30.11.2022

COM(2022) 682 final

TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN

Creat beartais AE maidir le plaistigh bhithbhunaithe, inmhúirínithe agus in-bhithdhíghrádaithe


1.Réamhrá

Spreag aistriú an Aontais Eorpaigh chuig geilleagar ciorclach, atá tíosach ar acmhainní agus aeráidneodrach, mar aon leis an uaillmhian truailliú nialasach a bhaint amach agus an gá le bithéagsúlacht a chosaint agus a fheabhsú athsmaoineamh foriomlán ar an dóigh a ndéantar plaistigh a tháirgeadh, a úsáid agus a dhiúscairt. In ainneoin na niarrachtaí a rinneadh chun inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht plaisteach a mhéadú, níor athchúrsáladh ach 14% den dramhaíl phlaisteach intíre in 2020, agus loscadh an chuid eile trí aisghabháil fuinnimh, cuireadh i líonadh talún í, caitheadh amach mar bhruscar í, nó onnmhairíodh í 1 . I bhfianaise na samhla sin atá líneach den chuid is mó agus na gcomharthaí atá ann go dtiocfaidh méadú faoi dhó ar tháirgeadh sna 20 bliain amach romhainn 2 , tá géarghá le hinbhuanaitheacht comhshaoil fhoriomlán plaisteach a fheabhsú. Mar sin féin, tá dúshláin chasta ag baint le hastaíochtaí gás ceaptha teasa (GCT) a laghdú, giniúint dramhaíola, caitheamh bruscair agus truailliú plaisteach 3 .

Agus réitigh ar na dúshláin sin á gcuardach againn, tá plaistigh bhithbhunaithe, inbhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe ag teacht chun cinn inár saol laethúil mar roghanna malartacha ar na plaistigh thráidisiúnta atá i dtreis faoi láthair. Úsáidtear iad i bhfeidhmeanna amhail pacáistiú, arb ionann iad agus beagnach leath an éilimh ar phlaistigh den sórt sin, agus earraí agus teicstílí tomhaltóra ina dhiaidh sin, agus in earnálacha amhail talmhaíocht, iompar agus tógáil. Ar fud an domhain, is ionann na plaistigh sin agus 1% den acmhainn iomlán táirgthe plaisteach, maidir le méid os cionn 2 mhilliún tona in aghaidh na bliana. Tá an ceathrú cuid den acmhainn táirgthe san Eoraip, agus is san Áise atá beagnach leath de. Táthar ag súil go bhfásfaidh a dtáirgeadh níos tapúla ná mar a d’fhás sé i mblianta roimhe seo agus go méadófar a gcion d’acmhainn iomlán an táirge plaisteach faoi 2025 4 .

Glactar leis go forleathan go bhfuil plaistigh bhithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaithe, agus inmhúirínithe, san Eoraip agus go hidirnáisiúnta, níos neamhdhíobhálaí don chomhshaol ná plaistigh thraidisiúnta, atá bunaithe ar iontaise agus atá do-bhithdhíghrádaithe. Ag an am céanna, tá níos mó fianaise agus feasachta eolaíoch ann go gcaithfear roinnt coinníollacha a chomhlíonadh lena áirithiú go mbainfear torthaí dearfacha comhshaoil amach ar an iomlán i ndáil le táirgeadh agus úsáid na bplaisteach sin agus nach gcuirfidh siad leis na fadhbanna a bhaineann le truailliú plaisteach, leis an athrú aeráide agus le cailliúint bithéagsúlachta. Agus plaistigh á ndéanamh as bithmhais nó a áirithiú gur féidir le táirgí plaisteacha bithdhíghrádú i roinnt timpeallachtaí glactha roinnt d’fhéadfadh buntáistí a bheith ann i gcomparáid le plaistigh thraidisiúnta, baineann a ndúshláin inbhuanaitheachta agus a gcomhbhabhtálacha féin leis na réitigh sin agus ba cheart iad a thuiscint go maith agus aird chuí a thabhairt orthu. Níor cheart go gcuirfeadh siad isteach ach an oiread leis an ngá saolré plaisteach a ailíniú leis an ngeilleagar ciorclach agus a áirithiú, mar thosaíocht, go laghdófar an úsáid acmhainne ar an gcéad dul síos, go gcoinneofar amhábhair na mbunábhar uile, lena n‑áirítear bunábhair bhithbhunaithe, chomh fada agus is féidir, agus go roghnófar amhábhair thánaisteacha seachas amhábhair phríomhúla.

Cé go dtugtar aghaidh i mbeartais agus i reachtaíocht an Aontais ar roinnt gnéithe agus feidhmeanna a bhaineann le plaistigh bhithbhunaithe, inbhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe, bfhearr cur chuige níos sistéamaí a ghlacadh chun tacú le cinntí ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach araon. Ba cheart go mbeadh an cur chuige sin bunaithe ar an gComhaontú Glas don Eoraip 5 , ar phlean gníomhaíochta an gheilleagair chiorclaigh 6 agus ar straitéis AE maidir le plaistigh 7 . Ina theannta sin, tá sé mar aidhm leis an bplean 8 laghdú 50% a dhéanamh ar ghníomhaíochta truaillithe nialasaigh maidir le bruscar plaisteach ar muir, agus laghdú 30% a dhéanamh ar mhicreaphlaistigh a scaoileadh isteach sa chomhshaol faoi 2030. Is é fócas straitéis ithreach AE 9 éilliú ithreach ag an bhfoinse a chosc.

Cothaítear leis na beartais sin na spriocanna seo a leanas, in ord tosaíochta: plaistigh a laghdú, a athúsáid agus a athchúrsáil chun úsáid fuinnimh agus acmhainní a íoslaghdú agus ábhair a choinneáil sa gheilleagar chomh fada agus is féidir, ag féachaint le timpeallacht saor ó thocsain a bhaint amach.

Le cur chuige níos sistéamaí, féachfar le cothromaíocht chúramach a bhaint amach idir an gá le laghdú a dhéanamh ar an spleáchas ar acmhainní iontaise, a bhfuil a dtionchair á mbrath go láidir sa ghéarchéim fuinnimh atá ann faoi láthair mar gheall ar chogadh brúidiúil na Rúise ar an Úcráin, agus slándáil bia a áirithiú, a bhfuil tionchar ag úsáid talún le haghaidh táirgeadh bithmhaise a chaithfidh freastal ar éilimh iomaíocha uirthi.

Is é an aidhm leis an gcreat beartais seo le haghaidh plaistigh bhithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe tuiscint níos fearr a thabhairt ar na dúshláin agus na tairbhí a eascraíonn as a n‑úsáid. Leagtar amach ann freisin na coinníollacha lena áirithiú go mbeidh tionchar dearfach ag a dtáirgeadh agus a n‑ídiú ar an gcomhshaol ar an iomlán. Tá sé mar aidhm leis bearnaí sa bheartas a líonadh, treoir a thabhairt do bheartas nó reachtaíocht AE amach anseo maidir le cúrsaí den sórt sin agus treoir a sholáthar don mhargadh chun aon fhorbairtí neamh‑inbhuanaithe a sheachaint. Le comhthuiscint ar fud an Aontais Eorpaigh ar úsáid na n‑ábhar plaisteach sin éascófar an margadh aonair agus cuirfear cosc ar dhifríochtaí ar an leibhéal náisiúnta lena ilroinntear an margadh.

2.Na coincheapa: plaistigh bhithbhunaithe, inbhithdhíghrádaithe nó inmhúirínithe?

Trí phointí ʻbithbhunaithe a thabhairt ar phlaistigh tá amhábhair, nó an bunábhar, a úsáidtear chun iad a tháirgeadh á dtabhairt le fios. Déantar plaistigh thraidisiúnta as acmhainní iontaise (ola agus gás nádúrtha), agus déantar plaistigh bhithbhunaithe as bithmhais. Is as plandaí a fhástar go sonrach lena núsáid mar bhunábhar chun acmhainní iontaise a ionadú, amhail cána siúcra, barra gráin, barra ola nó foinsí neamhbhia amhail adhmad, a thagann an bhithmhais den chuid is mó faoi láthair 10 . Foinsí eile is ea dramhaíl orgánach agus fotháirgí, amhail ola chócaireachta úsáidte, bagás agus tallola. Dfhéadfadh plaistigh a bheith déanta go hiomlán nó go páirteach as bunábhar bithbhunaithe. Mar a thaispeántar san fhíor thíos, dfhéadfadh plaistigh bhithbhunaithe a bheithbithdhíghrádaithe agus do-bhithdhíghrádaithe araon.

Cé nach ndianscaoileann plaistigh thraidisiúnta ag deireadh a saolré, deartar plaistigh ar a dtugtar plaistigh ʻinbhithdhíghrádaithe chun go ndianscaoilfidh siad ag deireadh a saolré trína gcomhábhair orgánacha go léir (polaiméirí agus breiseáin orgánacha) a thiontú, den chuid is mó, go dé-ocsaíd charbóin agus uisce, bithmhais mhiocróbach nua, salainn mhianracha agus, in éagmais ocsaigine, go meatán 11 . Chun go dtarlóidh sé sin, chomh maith le saintréithe an ábhair phlaistigh, teastaíonn dálaí oiriúnacha sa timpeallacht ghlactha agus go leor ama. Is é sin an fáth a gcaithfear bithdhíghrádú plaisteach a bhreithniú, ní hamháin i gcomhthéacs airíonna an ábhair, ach thar aon rud eile i gcomhthéacs ʻairí an chórais i gcás ina bhfuil tosca a bhaineann le hábhar agus leis an gcomhshaol chomh tábhachtach céanna. Mar a thaispeántar thíos, dfhéadfadh plaistigh bithdhíghrádú a dhéanamh a bheith ina bplaistighbhithbhunaithe agus bunaithe ar iontaise araon.

Is éard is ‘plaistigh inmhúirínithe ann ná fothacar de phlaistigh inbhithdhíghrádaithe a dheartar le bithdhíghrádú faoi dhálaí rialaithe, trí mhúiríniú tionsclaíoch i saoráidí speisialta le haghaidh múirínithe nó díleá anaeróbach de ghnáth. Ní mór an dramhaíl plaisteach inbhithdhíghrádaithe a chuirtear le haghaidh múiríniú tionsclaíoch a bhailiú ar dtús. Tá caighdeán Eorpach ann maidir le pacáistiú atá inmhúirínithe go tionsclaíoch 12 ach níl aon chaighdeán ann maidir le múiríniú baile toisc go bhféadfadh na coinníollacha maidir le múiríniú baile a bheith anéagsúil.

Léaráid 1: Roghanna eile ar phlaistigh thráidisiúnta (Foinse: An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil) 13

3.Plaistigh bhithbhunaithe

Sainaithnítear sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach an gá le haghaidh a thabhairt ar dhúshláin inbhuanaitheachta atá ag teacht chun cinn maidir le plaistigh bhithbhunaithe a fhoinsiú, a lipéadú agus a úsáid, bunaithe ar mheasúnú a dhéanamh ar an gcás ina bhfaightear fíorthairbhí comhshaoil as úsáid a bhaint as bunábhar bithbhunaithe, ag dul níos faide ná an laghdú ar úsáid acmhainní iontaise. Ciallaíonn sé sin freisin a áirithiú nach mbeidh drochthionchar ag úsáid bunábhair bithbhunaithe ar bhithéagsúlacht, ar éiceachórais, ar úsáid talún agus uisce.

Beidh carbón de dhíth ar earnáil na gceimiceán mar bhunábhar i gcónaí le haghaidh ábhar amhail plaistigh. Chun astaíochtaí GCT a laghdú, leagtar amach i gclár oibre AE an gheilleagair chiorclaigh tosaíocht chun tomhaltas táirgí gearrshaolacha agus dramhaíola a laghdú, agus chun athchúrsáil phlaisteach agus úsáid ábhair athchúrsáilte a mhéadú chun táirgí nua a dhéanamh.

Ós rud é go mbeidh gá i gcónaí le bunábhar carbóin, tá carbón inathnuaite ó bhithmhais a fhaightear ar bhealach inbhuanaithe ina mhalairt ar charbón iontaise. Go sonrach, trí dhramhaíl orgánach agus seachtháirgí a úsáid chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh, féadtar díchúpláil pháirteach ó acmhainní iontaise a sholáthar agus féadtar spriocanna maidir le haeráidneodracht a bhaint amach agus úsáid acmhainní bitheolaíocha príomhúla á laghdú agus dochar don bhithéagsúlacht á sheachaint. Aithníodh ról na bithmhaise a fhoinsítear go hinbhuanaithe freisin 14 agus tá forbairtí beartais agus margaidh ann a spreagtear méadú ar an ábhar bithbhunaithe 15 . Leagtar amach sa Teachtaireacht maidir le ‘Timthriallta Carbóin Inbhuanaithe 16 an cuspóir uaillmhianach gur cheart go dtiocfadh 20% 17 ar a laghad den charbón a úsáidtear i dtáirgí ceimiceacha agus plaisteacha as acmhainní neamhiontaise inbhuanaithe chun cuidiú le haeráidneodracht a bhaint amach. Leagtar béim sa straitéis bhithgheilleagair 18 nuashonraithe ar an tábhacht a bhaineann le teacht ar réitigh bhithbhunaithe atá neamhdhíobhálach don dúlra. Féadfar cruthú post a spreagadh le plaistigh bhithbhunaithe cruthú chomh maith, go háirithe trí ról na dtáirgeoirí príomhúla i mbithgheilleagair áitiúla a mhéadú. Chun tionchar dearfach den sórt sin a áirithiú, beidh lucht saothair oilte ag teastáil ón tionscal plaisteach bithbhunaithe. Chuige sin, cuidíonn an Clár Oibre Scileanna don Eoraip 19 le haistriú i scileanna a chun lánacmhainneacht a bhaint amach.

3.1 Ábhar plaisteach bithbhunaithe

Níl aon íosmhéid sainordaitheach d’ábhar bithbhunaithe ann faoi láthair ná níl aon scéim ná lipéad deimhniúcháin comhaontaithe ann chun táirge plaisteach a lipéadú mar tháirge bithbhunaithe. Leis na caighdeáin trasearnála a d’fhorbair an Coiste Teicniúil Eorpach um Chaighdeánú maidir le táirgí bithbhunaithe (CEN/TC411) soláthraítear treoraíocht maidir le gnéithe amhail modhanna tomhais d’ábhar bithbhunaithe, cumarsáid gnólacht le gnólacht agus cumarsáid gnólacht le tomhaltóir. Baintear úsáid fhorleathan as na caighdeáin dheonacha sin sa mhargadh agus moltar iad a chur i bhfeidhm toisc go n‑áirithítear cur chuige comhsheasmhach leo.

Chun glassnasú a chomhrac agus gan tomhaltóirí a chur ar amú, níor cheart éilimh chineálacha a dhéanamh ar tháirgí plaisteacha amhail ʻbithphlaistigh agus ʻbithbhunaithe. Leis an togra ón gCoimisiún maidir le tomhaltóirí a chumhachtú don aistriú glas 20 , cuirtear toirmeasc chun cinn ar chleachtais den sórt sin mura bhfuil feidhmíocht aitheanta chomhshaoil den scoth mar bhonn leo nó i gcás nach gcuirtear sonraíocht an éilimh ar fáil i dtéarmaí soiléire feiceálacha ar an meán céanna. Chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, níor cheart déilimh ach tagairt a dhéanamh do chion cruinn intomhaiste an ábhair plaistigh bithbhunaithe sa táirge, agus ba cheart a lua, mar shampla, ʻgo bhfuil 50% dábhar plaisteach bithbhunaithe sa táirge.

Tá sé tábhachtach freisin a áirithiú go ndéantar ábhar bithbhunaithe a thomhas go beacht. Ba cheart tús áite a thabhairt do mhodhanna radacarbónbhunaithe 21 toisc go bhfuil a gcuid torthaí láidir agus go nglactar go forleathan lena núsáid. Meastar nach modh oiriúnach é úsáid bithmhaise a dhoiciméadú trí líne chúraim agus trí chion a chur i leith táirgí deiridh trí chuntasaíocht maischothromaíochta chun sciar iarbhír an ábhair bithbhunaithe a dhearbhú. Níor cheart an modh sin a úsáid ach amháin nuair a áirithítear ardleibhéal trédhearcachta agus cuntasachta leis, agus nuair a bhíonn caighdeáin chomhaontaithe chun glassnasú a sheachaint leis mar bhonn faoi.

3.2 Inbhuanaitheacht bunábhair

I bhformhór na gcásanna, éilítear le táirgeadh bithmhaise úsáid acmhainní nádúrtha amhail talamh agus uisce agus úsáid ceimiceán amhail leasacháin agus lotnaidicídí. Dá bhrí sin, d’fhéadfadh athrú ar thalamhúsáid, go díreach nó go hindíreach, teacht as táirgeadh plaisteach ó bhithmhais phríomhúil, agus d’fhéadfadh cailliúint bithéagsúlachta, díghrádú éiceachóras, dífhoraoisiú agus ganntanas uisce a bheith mar thoradh air sin, chomh maith le hiomaíocht le barra atá beartaithe lena gcaitheamh ag an duine.

 I gcomhréir le prionsabail an gheilleagair chiorclaigh, ba cheart do tháirgeoirí tús áite a thabhairt dúsáid dramhaíola orgánaí agus seachtháirgí mar bhunábhar, trí úsáid na bithmhaise príomhúla a íoslaghdú agus tionchair shuntasacha ar an gcomhshaol a sheachaint mar sin.

Nuair a úsáidtear bithmhais phríomhúil, tá sé tábhachtach a áirithiú go bhfuil sé inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de agus nach ndéantar dochar don bhithéagsúlacht ná do shláinte an éiceachórais léi. Ós rud é go mbíonn tomhaltóirí ag súil go bhfuil plaistigh bhithbhunaithe fíor-inbhuanaithe, aon uair a dhéanfar táirge as ábhar bithbhunaithe agus mbeidh éileamh ar ábhar bithbhunaithe air, ní foláir go dtagann an t‑ábhar ó bhithmhais a fhoinsítear go hinbhuanaithe.

I gcomhréir le straitéis foraoise AE do 2030, mar chuid den athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (REDIII) i mí Iúil 2021 22 , molann an Coimisiún prionsabal úsáid chascáideach na bithmhaise a chomhtháthú sna scéimeanna náisiúnta tacaíochta, ar dá réir ba cheart bithmhais a úsáid i gcás ina bhfuil breisluach eacnamaíoch níos airde ag baint léi. I gcomhréir leis an bprionsabal sin, is fearr an bhithmhais chun ábhair a tháirgeadh, lena náirítear plaistigh, agus in ord fochuideachta amháin, mar fhoinse bithfhuinnimh.

Thairis sin, ba cheart tús áite a thabhairt do tháirgí fadsaolacha thar tháirgí gearrshaolacha, lena n‑áirítear táirgí aon úsáide. Baineann an t‑ordú tosaíochta sin le dramhaíl, seachtháirgí agus bithmhais phríomhúil a thagann, mar shampla, as talmhaíocht, foraoiseacht nó dobharshaothrú. Ba cheart dramhaíl orgánach agus seachtháirgí a roghnú thar bhithmhais phríomhúil, go háirithe i gcás táirgí gearrshaolacha.

Ní mór don bhithmhais a úsáidtear chun plaistigh bhithbhunaithe a tháirgeadh critéir inbhuanaitheachta an Aontais maidir le bithfhuinneamh a chomhlíonadh 23 . Mar a mhol an Coimisiún faoin athbhreithniú ar an Treoir maidir le Fuinneamh Inathnuaite (REDIII) i mí Iúil 2021, áirítear sna critéir sin bearta a bhaineann le bithmhais foraoise agus le bithbhreoslaí lena mbaineann ardriosca go dtiocfaidh athrú ar thalamhúsáid dhíreach agus indíreach, amhail na cinn a fhaightear as ola phailme 24 . Go dtí go dtabharfar idirbheartaíocht REDIII chun críche, ba cheart critéir inbhuanaitheachta REDII maidir le bithfhuinneamh a chur i bhfeidhm. Is é sin an cur chuige a glacadh i dTacsanomaíocht AE le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe le haghaidh ʻbithmhais talmhaíochta a úsáidtear chun plaistigh a mhonarú ina foirm phríomhúil 25 freisin.

Maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa, ní féidir an creat bithfhuinnimh a chur i bhfeidhm go díreach ar phlaistigh bhithbhunaithe toisc nach núsáidtear iad sin chun fuinneamh a ghiniúint. Tá modheolaíochtaí fós á bhforbairt chun tionchair na bplaisteach bithbhunaithe a mheasúnú i gcomparáid le plaistigh bunaithe ar iontaise ó thaobh saolré de. Is í an mhodheolaíocht is comhchuibhithe atá ar fáil faoi láthair an creat a dfhorbair Airmheán Comhpháirteach Taighde an Choimisiúin, dá dtagraítear mar ‘Modh LCA plaisteach 26 , a chuireann le modh Lorg Comhshaoil Táirgí AE (PEF) 27 . Thairis sin, ba cheart measúnú a dhéanamh go luath ar nuálaíochtaí chun forbairt roghanna sábháilte agus inbhuanaithe a áirithiú 28 .

Tá gá le tuilleadh dul chun cinn eolaíoch chun cuntasaíocht ar ghlacadh carbóin bithghinigh agus scaoileadh ó tháirgí le linn a saolré a ionchorprú sa mheasúnú. Tá plé chun na críche seo ar siúl i gcomhthéacs Thionscnamh Saolré na Náisiún Aontaithe 29 . Ní féidir ach le táirgí plaisteacha bithbhunaithe a bhfuil saolré fada leo nach loisctear nuair a dhéantar dramhaíl dóibhéifeachtaí tairbhiúla stórála carbóin a bheith acu. I gcás táirgí gearrshaolacha, i.e. an chuid is mó de tháirgí plaisteacha bithbhunaithe atá ann inniu amhail pacáistiú aon úsáide, scaoiltear ar ais go tapa an carbón a thógtar isteach ón atmaisféar ar dtús.

4.Plaistigh inbhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe

Leagtar béim sa phlean gníomhaíochta don gheilleagar ciorclach ar an ngá le treoir bheartais a thabhairt maidir le plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe nó inmhúirínithe a úsáid, bunaithe ar mheasúnú ar na feidhmeanna ina bhféadfadh leis an úsáid sin a bheith tairbhiúil don chomhshaol, agus ar na critéir le haghaidh feidhmeanna dá leithéid. Leagtar béim ann freisin ar an ngá lena áirithiú nach gcuirfear tomhaltóirí amú trí tháirge a lipéadú mar tháirge ʻin‑bhithdhíghrádaithe’ nó mar tháirge ʻinmhúirínithe’ agus nach spreagfaidh sé iad lena dhiúscairt ar bhealach a mbeidh caitheamh bruscair nó truailliú plaisteach mar thoradh air mar gheall ar dhálaí atá mí‑oiriúnach don chomhshaol nó nach bhfuil dóthain ama ann chun é a dhíghrádú.

Tréith thábhachtach go deimhin is ea bith‑dhíghrádú plaisteach toisc go ndearbhaítear leis an mairfidh siad agus an gcruinneoidh siad sa timpeallacht, ag briseadh síos ina mblúirí níos lú agus níos lú, ina micreaphlaistigh agus ina nanaplaistí, agus bheith ina bhfoinse truaillithe atá ag méadú, atá díobhálacha do shláinte an duine agus don chomhshaol. Ní dócha nach mairfidh agus nach gcrunneoidh plaistigh in‑bhithdhígrádaithe ar choinníoll go ndianscaoilfidh siad go hiomlán sa timpeallacht ghlactha a bhfuil siad beartaithe di agus nach ndoirtfidh siad isteach i dtimpeallacht nach mbeidh siad ábalta dí‑bhithghrádú inti. D’fhéadfadh sé sin tarlú, mar shampla, má aistrítear plaisteach atá in‑bhithdhíghrádaithe in ithir tríd an ngaoth nó trí rith ó shruth ón ithir isteach in uiscí abhann nó mara. Caithfidh an t‑amscála don bhith‑dhíghrádú a bheith gearr go leor freisin ionas nach ndéanfaidh sé dochar d’éiceachórais agus do bheatha mhuirí, mar shampla trí ionghabháil ag ainmhithe mara.

Réimse is ea bithdhíghrádú plaisteach a bhfuil anaird tugtha air ó thaobh taighde agus nuálaíochta de. Tá sé á chur faoi réir bearta beartais níos mó agus níos mó atá deartha lena áirithiú nach ndéanfaidh plaistigh inbhithdhíghrádaithe díobháil, go mbainfidh tairbhí comhshaoil leo agus nach dtabharfar le tuiscint do thomhaltóirí gur féidir plaistigh inbhithdhíghrádaithe a chaitheamh uathu mar bhruscar. Cuimsítear i raon feidhm na treorach maidir le tionchar táirgí plaisteacha áirithe ar an gcomhshaol 30 a laghdú táirgí plaisteacha atá déanta as plaistigh inbhithdhíghrádaithe toisc má chaitear na táirgí sin mar bhruscar, nach bhfuil aon ráthaíocht ann gur féidir iad a bhithdhíghrádú sa timpeallacht oscailte. Ina theannta sin, cuirtear cosc leo ar phlaistigh ocsóindíghrádaithe toisc nach soláthraítear tairbhe chruthaithe don comhshaol leo, toisc nach ndéanann siad bithdhíghrádú iomlán, agus toisc go bhfuil tionchar diúltach acu ar athchúrsáil gnáthphlaisteach.

Sonraítear sa Rialachán maidir le Táirgí Leasacháin 31 go gcaithfidh oibreáin bhratúcháin agus breiseáin foirmlithe, faoin 16 Iúil 2026, critéir maidir le inbhithdhíghrádaitheacht arna socrú a chomhlíonadh. Ceanglaítear leis freisin measúnú a dhéanamh ar an gcumas atá ag scannáin mhóta talmhaíochta chun bithdhíghrádú i ndálaí ithreach nádúrtha agus i dtimpeallachtaí uisceacha ar fud an Aontais Eorpaigh. Ina theannta sin, leis an srian atá beartaithe ar mhicreaphlaistigh a chuirtear leis daon ghnó faoi REACH 32 , díolmhaítear polaiméirí inbhithdhíghrádaithe má chomhlíonann siad critéir shonracha inbhithdhíghrádaitheachta, a chruthaítear i gcomhréir le ceann amháin de thrí ghrúpa modhanna diantástála scagtha lena dtomhaistear bithdhíghrádú éasca nó bithdhíghrádú bunúsach, nó i gcomhréir le staidéir ionsamhlúcháin inar cheart critéir inbhithdhíghrádaitheachta a chomhlíonadh i dtrí rannán comhshaoil um uisce, ithir agus dríodar (nó dhá cheann, dúsáidí talmhaíochta agus gairneoireachta). Maidir le polaiméirí, lena náirítear polaiméirí inbhithdhíghrádaithe, mar a fógraíodh i straitéis ceimiceán AE um an inbhuanaitheacht 33 , tá an Coimisiún ag smaoineamh ar an dualgas clárúcháin a leathnú chuig polaiméirí áirithe ar údar imní iad i gcomhthéacs athbhreithniú spriocdhírithe REACH.

4.1 Plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe

Chun tuilleadh treoraíochta a thabhairt d’fhorbairt beartais, chuir an Coimisiún de chúram ar a Ghrúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta measúnú a dhéanamh ar inbhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte. Leagtar béim 34 ina dtuairim ar an ngá le húsáid plaisteach inbhithdhígrádaithe sa timpeallacht oscailte a theorannú d’fheidhmeanna ar leith nach féidir laghdú, athúsáid ná athchúrsáil a dhéanamh ina leith. Ina theannta sin, leagtar béim láidir nár cheart na plaistigh sin a mheas mar réiteach ar bhainistiú míchuí dramhaíola nó caitheamh bruscair. Chun na buntáistí comhshaoil a dfhéadfadh a bheith ag plaistigh in bhithdhíghrádaithe thar phlaistigh dho-bhithdhíghrádaithe a bhaint amach, molann an Grúpa tacú le forbairt caighdeán soiléir tástála agus deimhniúcháin. Sainaithnítear inti freisin an gá le faisnéis chruinn a chur chun cinn maidir le hairíonna, úsáid agus diúscairt iomchuí, agus na teorainneacha atá le plaistigh inbhithdhíghrádaithe agus a bhfeidhmeanna maidir le grúpaí úsáideoirí ar leith. Sainaithníodh sa tuairim a deisigh an Grúpa na hairíonna ábhartha, an timpeallacht ina gcríochnaíonn an tábhar, an dóchúlacht go ndoirtfear isteach i dtimpeallachtaí eile é, agus iompraíocht tomhaltóirí mar thosca tábhachtacha.

I bhfianaise na gcúinsí sin, mar chéad phrionsabal chun plaistigh nua a dhearadh nó chun bearta beartais a fhorbairt, ní mór bith‑dhíghrádaitheacht a mheas mar ‘airí an chórais’ a chuireann san áireamh airíonna ábhartha, dálaí sonracha comhshaoil agus rioscaí.

Ar an dara dul síos, ní mór úsáid plaisteach a bhith‑dhíghrádaíonn sa timpeallacht oscailte a theorannú d’ábhair a bhfuil sé cruthaithe ina leith go bhfuil a mbith‑dhíghrádaitheacht iomlán faoi bhun tréimhse ama shonrach fhianaisebhunaithe chun díobháil don chomhshaol a sheachaint, agus d’fheidhmeanna sonracha i gcás nar roghannna inmharthana iad an t‑ídiú a laghdú nó a athúsáid agus i gcás nach bhfuil baint, bailiú ná athchúrsáil iomlán táirgí plaisteacha indéanta. Ós rud é go n‑úsáidtear plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe den chuid is mó i bhfeidhmeanna réasúnta gearrshaolach amhail pacáistiú bia agus deochanna, cailltear na hacmhainní a úsáidtear chun na táirgí sin a tháirgeadh go gasta. Má chuirtear plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe in ionad gnáthphlaisteach beidh an baol ann go gcuirfear moill ar fhorbairt réiteach an gheilleagair chiorclaigh bunaithe ar dhramhaíl na dtáirgí sin a laghdú agus ar athúsáid na dtáirgí sin. Tá baol ann freisin go ndéanfar dearthaí chun plaistigh a athchúrsáil chun ábhair a choinneáil chomh fada agus is féidir, chomh maith le húsáid malairtí níos inbhuanaithe nach bhfuil plaistigh iontu a dhídhreasú. Dá bhrí sin, níor cheart féachaint ar mhalartuithe mar réiteach maidir le bainistiú míchuí dramhaíola nó caitheamh bruscair.

Is samplaí maithe iad na scannáin mhóta a úsáidtear sa talmhaíocht dfheidhmeanna oiriúnacha plaisteach a bithdhíghrádaíonn sa timpeallacht oscailte, ar choinníoll go bhfuil sé deimhnithe go gcomhlíonann said caighdeáin iomchuí. Chuige sin, iarrfaidh an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaighdeán Eorpach 35 atá ann cheana chun go gcuirfear san áireamh, go háirithe, an baol go rachaidh iarmhair phlaisteacha a bhithdhíghrádaíonn in ithir isteach i gcórais uisce 36 . Maidir le feidhmeanna eile plaisteach inbhithdhíghrádaithe a measfar iad a bheith oiriúnach, amhail rópaí dalaí a úsáidtear san iascach, táirgí a úsáidtear le haghaidh cosaint crann, fáiscíní feistithe plandaí nó snáitheanna bearrtha faiche, ba cheart caighdeáin nua maidir le modhanna tástála a fhorbairt.

Bosca sampla: Scannáin mhóta

Úsáidtear gnáthphlaistigh - plaistigh bunaithe ar iontaise agus pláistigh dho-bhithdhíghrádaithe go forleathan chun táirgeacht níos airde, fómhair níos luaithe, níos lú spleáchais ar luibhicídí agus ar lotnaidicídí a chur chun cinn, chun cosaint a thabhairt ar shioc agus chun uisce a chaomhnú. Ach tá bainistiú cuí na bplaisteach sin sa talmhaíocht ag deireadh a saolré ina fhadhb. In 2019, níor bailíodh ach thart ar 63% den dramhaíl agraphlaisteach (neamhphacáistithe) a gineadh san Aontas, agus ní fios cén ceann scríbe a bhí ag an 37% eile – rinneadh iad a stóráil, a dhó, a chur nó a bhailiú le dramhaíl eile. In ainneoin a mór-acmhainneachta d’athchúrsáil, ní dhéantar ach 24% de na plaistigh agraphlaisteacha a chuirtear ar an margadh gach bliain san Aontas a athchúrsáil faoi láthair. Mura ndéantar scannáin mhóta a bhaint nó mura ndéantar iad a bhaint go hiomlán, rud nach féidir a áirithiú i gcónaí, scaoileann siad plaistigh a chruinníonn sna hithreacha, ilroinntear iad ina micreaphlaistigh nó scaiptear tríd an ngaoth nó trí rith chun srutha. Ag cur san áireamh go bhfuil sé deacair truailliú plaisteach ithreach a chur ina cheart, is féidir le scannáin mhóta deimhnithe in‑bhithdhíghrádaithe rogha tairbhiúil eile a thairiscint. Tá leas díreach ag feirmeoirí i sláinte na hithreach a chothabháil agus is féidir a bheith ag súil go seiceálfaidh siad an lipéadú agus na treoracha maidir le conas na táirgí sin a úsáid agus a dhiúscairt i gceart. Ba cheart plaistigh dho-bhithdhíghrádaithe a bhaint, a bhailiú agus a athchúrsáil. Is féidir le Ballstáit cuidiú trí chórais ábhartha maidir le Freagracht Táirgí Leathnaithe a bhunú.

Tá caighdeáin tástála agus deimhniúcháin chomhsheasmhacha agus eolaíochtbhunaithe maidir le bithdhíghrádú plaisteach sa timpeallacht oscailte riachtanach do na feidhmeanna teoranta sin ina bhféadfadh plaistigh inbhithdhíghrádaithe a bheith úsáideach. Is gnách go ndéantar tástálacha ar bhithdhíghrádaitheacht i dtimpeallachtaí saorga lena áirithiú gur féidir na dálaí tástála a athchruthú, ach is gá breathnú ar na próisis a tharlaíonn i dtimpeallachtaí nádúrtha faoi fhíordhálaí 37 . Tá dúshlán ar leith ag baint le caighdeáin maidir le hinbhithdhíghrádaitheacht sa mhuirthimpeallacht, toisc nach dócha go dtarlóidh bithdhíghrádú ag bun na farraige mar gheall ar shainiúlachtaí na muirthimpeallachta 38 . Cuireadh de chúram ar an gCoimisiún measúnú a dhéanamh ar an dul chun cinn eolaíoch agus teicniúil maidir le critéir fhéideartha nó caighdeán le haghaidh inbhithdhíghrádaitheacht sa mhuirthimpeallacht faoin Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide  39 .

Is éard atá i gceist le dúshláin bhreise ná breiseáin a úsáidtear chun plaistigh inbhithdhígrádaithe a mhonarú, ar cheart dóibh bithdhíghrádú mar an gcéanna. Maidir leis an meascán ceimiceach casta atá i bplaistigh, lena náirítear breiseáin, agus a dtocsaineacht, léirítear i gcomparáid le plaistigh thraidisiúnta gur féidir le plaistigh inbhithdhíghrádaithe a bheith tocsaineach ar an gcaoi chéanna 40 . Ina theannta sin, is féidir le plaistigh inbhithdhíghrádaithe na breiseáin sin a scaoileadh isteach sa chomhshaol go díreach agus é sin a dhéanamh níos tapúla ná plaistigh thraidisiúnta 41 . Maidir le breiseáin a úsáidtear chun plaistigh inbhithdhíghrádaithe nó inmhúirínithe a mhonarú, ba cheart go mbithdhígrádódh siad ar bhealach sábháilte agus níor cheart go ndéanfaidís dochar don chomhshaol. Ba cheart iad a nochtadh freisin do mhiondíoltóirí, dúsáideoirí agus don phobal.

Ar an tríú dul síos, is príomhréimse eile é iompraíocht tomhaltóra nó úsáideoirí a bhaineann le plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe a dteastaíonn cur chuige cúramach ina leith. Ionas nach gcuirfear tomhaltóirí amú, ní mór go sonrófaí i gcónaí i bplaistigh a bhfuil an lipéad ʻin‑bhithdhíghrádaithe orthu an timpeallacht oscailte ghlactha dá bhfuil siad beartaithe agus an tréimhse ama is gá chun iad a bhith‑dhígrádú, i gcomhthéacs seachtainí, míonna nó blianta. Ba chóir go n‑áiritheorfaí leis an gcreat ama luaite nach mbeadh ach na tionchair timpeallachta is lú agus is féidir i gceist. Ba cheart éilimh den sórt sin a bheith bunaithe ar chaighdeáin atá ann cheana nó ar scéimeanna deimhniúcháin. 

Níor cheart éilimh, lena n‑áirítear i bhfoirm lipéad, a dhéanamh ar bhith= dhíghrádú táirgí a ndéantar bruscar díobh de ghnáth, lena n‑áirítear táirgí a chumhdaítear faoin Treoir maidir le Plaistigh Aonúsáide.

4.2 Plaistigh atá inmhúirínithe go tionsclaíoch

Cé go bhfuil feidhm ag rialacha an chreata maidir leis na tairbhí foriomlána comhshaoil a bhaineann le plaistigh in‑bhithdhíghrádaithe a áirithiú maidir le plaistigh inmhúirínithe, teastaíonn aird bhreise a thabhairt ar na hábhair sin i bhfianaise na sainiúlachtaí maidir le múiríniú. Is minic a bhíonn ról lárnach ag tomhaltóirí maidir leis na plaistigh sin a threorú chuig córais chóireála dramhaíola rialaithe.

Níor cheart plaistigh atá inmhúirínithe go tionsclaíoch a úsáid le haghaidh feidhmeanna sonracha ach amháin nuair is mó na tairbhí chomhshaoil ná a roghanna malartacha agus nuair nach mbeidh tionchar diúltach acu ar cháilíocht an mhúirín, agus iompraíocht tomhaltóirí á cur san áireamh. Ina theannta sin, ní mór córas bailithe agus cóireála bithdhramhaíola comhoiriúnach a bheith ann. Is iad na tairbhí féideartha a bhaineann le plaistigh atá inmhúirínithe go tionsclaíoch a úsáid gabháil bithdhramhaíola níos airde agus truailliú múirín níos ísle ag plaistigh dho-bhithdhíghrádaithe. Tá múirín ar chaighdeán níos airde níos tairbhiúla lena úsáid mar leasachán orgánach sa talmhaíocht agus ní thagann sé chun bheith ina fhoinse truaillithe plaisteach in ithreacha agus i screamhuisce.

Tá málaí plaisteacha atá inmhuirínithe go tionsclaíoch chun bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh ina bhfeidhm thairbhiúil. Is féidir leis na málaí sin truailliú plaisteach múirín>laghdú toisc go bhfuil málaí plaisteacha traidisiúnta, lena náirítear blúirí a fhanann cothrom i ndiaidh gnímh chun iad a bhaint, ina bhfadhb truaillithe iad sna córais chóireála bithdhramhaíola reatha atá in úsáid ar fud an Aontais 42 . Amhail an 31 Nollaig 2023, ní mór bithdhramhaíl a bhailiú nó a athchúrsáil ar leithligh ag an bhfoinse 43 , agus mar gheall ar thabhairt isteach málaí plaisteacha atá inmhuirínithe go tionsclaíoch chun bithdhramhaíl a bhailiú ar leithligh i dtíortha amhail an Iodáil agus an Spáinn, ní raibh an oiread sin truaillithe i mbithdhramhaíl agus tháinig méadú ar ghabháil na bithdhramhaíola. Mar sin féin, ní thacaíonn gach Ballstát ná réigiún le húsáid málaí den sórt sin mar go bhfuil gá le modhanna múirínithe sonracha agus dfhéadfadh traséilliú sruthanna dramhaíola tarlú.

Samplaí d’fheidhmeanna oiriúnacha i bpacáistiú is ea greamáin torthaí agus glasraí, málaí tae agus cochaill caife scagaire, chomh maith le málaí siopadóireachta plaisteacha anéadrom cé gur fearr roghanna eile gan aon phacáistiú nó cinn inathúsáidte. I gcás ina bhfuil gnáthphlaistigh agus plaistigh inmhúirínithe araon le fáil ar an margadh i gcomhair feidhmeanna comhchosúla, tá easpa soiléireachta ag tomhaltóirí atá ag dul i méid maidir le conas pacáistiú plaisteach inmhúirínithe a dhiúscairt i gceart 44 . Laghdaítear leis an traséilliú a thagann as sin ar dhramhaíl ghnáthphacáistithe agus ar phacáistiú inmhúirínithe cáilíocht na namhábhar tánaisteach agus ba cheart é a chosc ag an bhfoinse. Dá bhrí sin, sainordaítear sa togra ón gCoimisiún le haghaidh Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistiú 45 úsáid as pacáistíocht phlaistigh inmhúirínithe le haghaidh na dtáirgí sin agus tuartar ann nach mór go néascófaí le pacáistiú eile, lena náirítear pacáistiú atá déanta as polaiméirí plaisteacha inbhithdhíghrádaithe, athchúrsáil ábhar gan dochar a dhéanamh dinathchúrsáilteacht sruthanna dramhaíola eile. Faoi na rialacha nua, tá sé de chumhacht ag an gCoimisiún an liosta sin a leasú i bhfianaise forbairtí teicneolaíocha agus rialála a dhéanann difear do dhiúscairt plaisteach inmhúirínithe agus ar choinníoll go rachaidh úsáid ábhar den sórt sin chun tairbhe do shláinte an chomhshaoil agus do shláinte an duine.

Chun aghaidh a thabhairt ar mhearbhall tomhaltóirí, ní leor úsáid lipéad, toisc go bhféadfadh sé nach noibreoidís i gcónaí mar a bhí beartaithe 46 . Chun nach gcuirfear tomhaltóirí amú, níor cheart ach plaistigh dheimhnithe atá inmhúirínithe go tionsclaíoch bheith cáilithe mar phlaistigh ʻinmhúirínithe agus ba cheart a shonrú i gcónaí gur le haghaidh múiríniú tionsclaíoch atá siad beartaithe.

Ba cheart go dtaispeánfar ar phacáistíocht atá inmhúirínithe go tionsclaíoch an dóigh ar cheart iad a dhiúscairt agus úsáid á baint as picteagraim, mar a mholann an Coimisiún ina thogra le haghaidh Rialachán maidir le Pacáistíocht agus Dramhaíl ó Phacáistiú 47 . Seachas feasacht a mhúscailt go simplí, ba cheart go bhféachfaí le feachtais faisnéise le gníomhaíocht diúscartha éifeachtach agus ceart a chur chun cinn.

Ba cheart pacáistiú atá inmhúirínithe go tionsclaíoch a bheith i gcomhréir leis na caighdeáin iomchuí. Chuige sin, iarrfaidh an Coimisiún go ndéanfaí athbhreithniú ar an gcaighdeán Eorpach 48 atá ann cheana dfhonn na coincheapa maidir le hinbhithdhíghrádaitheacht agus inmhúiríneacht a shoiléiriú; ina léireofar na dálaí múirínithe tionsclaíocha reatha i saoráidí cóireála bithdhramhaíola an Aontais, ag tabhairt aghaidh ar éifeachtaí tocsaineacha nó díobhálacha ar an gcomhshaol; agus ina dtabharfar aghaidh ar an táirge ina iomláine, lena náirítear breiseáin.

Tá múiríniú baile níos dúshlánaí ó thaobh a áirithiú go bhfuil bith‑dhíghrádú iomlán déanta ar phlaistigh inmhúirínithe agus ní mór a bheith níos cúramaí. Ní thugtar le tuiscint le comhlíonadh na gcaighdeán do mhúiríniú tionsclaíoch dianscaoileadh faoi mhuiríniú baile freisin. I múiríniú tionsclaíoch, bíonn na dálaí riachtanacha ag teochta arda (55°C -60°C) agus leibhéil arda taise go minic. I múiríniú baile, braitheann na dálaí riachtanacha go mór ar chúinsí aeráide áitiúla agus ar chleachtais tomhaltóirí, rioscaí bith‑dhíghrádaithe a bheith níos moille ná múiríniú tionsclaíoch nó neamhchríochnaithe, agus is minic a bhíonn na torthaí níos gaire do bhith‑dhíghrádú sa timpeallacht oscailte ná do mhúiríniú tionsclaíoch. Níor cheart múiríniú baile le haghaidh plaisteach nach gcumhdaítear faoi rialacha AE a mheas ach amháin i gcomhthéacs dálaí áitiúla sonracha faoi mhaoirseacht na n‑údarás ábhartha agus ar choinníoll go bhfuil breisluach soiléir ag baint le húsáid plaisteach den sórt sin.

5.Tacaíocht leanúnach don taighde, don nuálaíocht agus don infheistíocht

Tacaíonn cláir atá á maoiniú ag an Aontas cheana le taighde agus nuálaíocht a bhaineann le plaistigh bhithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe. Dírítear na cuspóirí ar inbhuanaitheacht comhshaoil na bpróiseas foinsithe agus táirgthe agus úsáid agus diúscairt na dtáirgí deiridh a áirithiú.

Cuirfidh an Coimisiún taighde agus nuálaíocht chun cinn chun plaistigh chiorclacha bhithbhunaithe a dhearadh a bheidh sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh agus lena néascófar athúsáid, athchúrsáil agus bhithdhíghrádú. Áirítear leis sin measúnú a dhéanamh ar na tairbhí a bhaineann le feidhmeanna i gcás go bhfuil na hábhair agus na táirgí bithbhunaithe inbhithdhíghrádaithe agus inathchúrsáilte araon. Tá gá le tuilleadh oibre freisin chun glanastaíochtaí gás ceaptha teasa plaisteach bithbhunaithe a mheasúnú agus a laghdú i gcomparáid lena gcoibhéisí atá bunaithe ar iontaise, agus saolré na feidhme agus an fhéidearthacht iad a athchúrsáil roinnt uaireanta á gcur san áireamh 49 .

Ní mór próisis bhith‑dhíghrádaitheachta a iniúchadh tuilleadh. Áirítear leis sin obair lena áirithiú gur féidir le plaistigh bhithbhunaithe d’úsáidí talmhaíochta agus d’úsáidí eile bithghrádú go sábháilte, agus an t‑aistriú a d’fhéadfaí a dhéanamh chuig timpeallachtaí eile, achair ama bith‑dhíghrádaitheachta agus éifeachtaí fadtéarmacha á gcur san áireamh. Áirítear leis sin freisin obair chun aon éifeachtaí diúltacha, lena n‑áirítear éifeachtaí fadtéarmacha, atá ag breiseáin a úsáidtear i dtáirgí in‑bhithdhíghrádaithe agus i dtáirgí plaisteacha a íoslaghdú. I measc réimse féideartha na bhfeidhmeanna neamhphacáistithe le haghaidh plaistigh inmhuirínithe, is gá aird ar leith a thabhairt ar tháirgí sláinteachais ionsúiteacha. Tá gá le taighde freisin ar iompraíocht tomhaltóirí agus ar na héilimh ar in‑bhithdhíghrádaitheacht mar thoisc a bhféadfadh tionchar a bheith aige ar iompar bruscair.

6.Gnéithe idirnáisiúnta

Tá plaistigh ina gcuid de shlabhraí luacha comhtháite domhanda. Beidh tionchar suntasach ag cinntí agus ag treoraíocht straitéiseach maidir le plaistigh bhithbhunaithe, in‑bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe i bhfóraim idirnáisiúnta agus iltaobhacha agus i dtíortha nach tíortha den Aontas Eorpaigh iad ar chumas an Aontais a chuspóirí beartais a chur chun feidhme ina niomláine agus ar thionchar na mbeart arna sainaitheanta ar an talamh.

Tabharfaidh an Coimisiún faoi chuspóirí na teachtaireachta sin, agus tuairimí Bhallstáit an Aontais, na Comhairle agus Pharlaimint na hEorpa á gcur san áireamh aige, i bplé faoi chomhaontuithe iltaobhacha ábhartha comhshaoil amhail Coinbhinsiún Basel maidir le dramhaíolacha guaiseacha agus a ndiúscairt; idirbheartaíocht ar ionstraimí atá ceangailteach ó thaobh dlí maidir le truailliú plaisteach, go háirithe idirbheartaíocht arna tionscnamh le Rún 5/14 ó UNEA; plé i gcomhthéacs EDT, lena n‑áirítear Idirphlé EDT maidir le Truailliú Plaisteach agus Trádáil Plaisteach atá Inbhuanaithe ó thaobh an Chomhshaoil de, agus comhaontuithe saorthrádála a bheidh le tabhairt i gcrích nó le feabhsú ag an Aontas amach anseo; chomh maith le hidirphlé agus comhar le tíortha nach tíortha den Aontas Eorpach iad. Ina theannta sin, neartóidh an Coimisiún cur chuige an Aontais i leith caighdeánú idirnáisiúnta ar na plaistigh sin, rud a chuideoidh le caighdeáin chomhsheasmhacha a bhaint amach ar an leibhéal domhanda.

Conclúid

Tá go leor ábhar plaisteach nua ag teacht chun cinn ar an margadh. Is féidir le plaistigh bhithmhillte, in‑bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe tairbhí a sholáthar i gcomparáid le plaistigh thraidisiúnta má dheartar iad le haghaidh ciorclaíochta, má tháirgtear go sábháilte agus ó bhunábhar a fhoinsítear go hinbhuanaithe iad, agus tús áite á thabhairt d’úsáid éifeachtach na bithmhaise tánaistí, agus a chomhlíonann na caighdeáin ábhartha. Mar sin féin, tá dúshláin ag baint leis na plaistigh sin freisin. Tá sé tábhachtach a áirithiú go gcuirfidh siad leis an ngeilleagar ciorclach, a bhfuil sé mar aidhm leis luach na n‑acmhainní, na n‑ábhar agus na dtáirgí a choinneáil sa gheilleagar chomh fada agus is féidir agus dramhaíl a sheachaint.

Is é is aidhm leis an gcreat beartais sin soiléireacht agus tuiscint a sholáthar maidir leis na plaistigh sin agus treoir a thabhairt dfhorbairtí beartais amach anseo ar leibhéal AE amhail faoi riachtanais éicidhearthóireachta do tháirgí inbhuanaithe 50 , Tacsanomaíocht AE le haghaidh infheistíochtaí inbhuanaithe, cláir mhaoiniúcháin agus plé gaolmhar i bhfóraim idirnáisiúnta.

Molann an Coimisiún do shaoránaigh, údaráis phoiblí agus gnólachtaí an creat sin a úsáid ina gcinntí beartais, infheistíochta nó ceannaigh.

(1)     ‘Plaistigh a Athmhúnlú’ , Systemiq (2022), bunaithe ar na sonraí acadúla agus tionscail is fearr atá ar fáil.
(2)    An Fóram Eacnamaíoch Domhanda, Ellen MacArthur Foundation, agus McKinsey & Co., ‘The New Plastics Economy: Rethinking the Future of Plastics’ (2016).
(3)   ​Plaistigh, an geilleagar ciorclach agus comhshaol na hEorpa — An Ghníomhaireacht Eorpach Comhshaoil (europa.eu)
(4)    European Bioplastics/nova-Institute Nushonraithe Margaidh 2021 . Is é 1% sciar an Aontais Eorpaigh den mhargadh na bplaisteach sin freisin.
(5)    COM(2019) 640.
(6)    COM(2020) 98 final.
(7)    COM(2018) 28.
(8)    COM(2021) 400.
(9)    COM(2021) 699 final.
(10)     Carbón Inathnuaite – Bloic Thógála agus Polaiméirí Bithbhunaithe
(11)    Grúpa Príomhchomhairleoirí Eolaíochta an Choimisiúin, In-bhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte | An Coimisiún Eorpach (europa.eu) .
(12)    Caighdeán Eorpach EN 13432:2000.
(13)   Plaistigh in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe — dúshláin agus deiseanna — An Ghníomhaireacht Eorpach Chomhshaoil (europa.eu)
(14)    Staidéar an Choimisiúin Eorpaigh maidir le ʻPlaistigh Bhithbhunaithe: foinsiú agus inneachar inbhuanaithe’ (2022). Nasc le teacht.
(15)    Tá sé beartaithe ag rialtas na hÍsiltíre céatadán na bplaisteach athchúrsáilte agus bithbhunaithe a mhéadú go 41% agus 15% faoi seach faoi 2030 agus tá sé ag féachaint ar spriocanna éigeantacha faoi láthair. Mar réamhriachtanas le haghaidh tacaíochta, ní mór do phlaistigh bhithbhunaithe na critéir inbhuanaitheachta a chomhlíonadh, lena n-áirítear táirgeadh talmhaíochta inbhuanaithe agus laghdú 30% ar astaíochtaí CO2. Céatadán éigeantach de phlaisteach athchúrsáilte nó bithbhunaithe. San Aontas Eorpach - CE Delft - GA
(16)    COM(2021) 800.
(17)    Is é 10% an leibhéal reatha. Is é 1 go 2% an chuid a úsáidtear chun plaistigh a dhéanamh.
(18)    COM(2018) 673.
(19)    https://ec.europa.eu/social/BlobServlet?docId=22832&langId=ga
(20)     Togra le haghaidh Treoir maidir le Tomhaltóirí a Chumhachtú don aistriú glas .
(21)    Leis na modhanna sin úsáidtear 14C mar mharcóir le haghaidh cion an charbóin bithbhunaithe.
(22)     Togra le haghaidh treoir ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gcomhairle lena leasaítear Treoir (AE) 2018/2001°maidir le fuinneamh ó fhoinsí inathnuaite a chur chun cinn
(23)    Seachas astaíochtaí gás ceaptha teasa.
(24)     Fuinneamh inathnuaite arna ghiniúint
(25)     https://eur-lex.europa.eu/legal-content/GA/TXT/?uri=CELEX%3A32021R2139
(26)     Measúnú Saolré an Airmheáin Chomhpháirtigh Taighde de chuid an Choimisiúin maidir le bunábhar malartach le haghaidh táirgeadh plaisteac . Bhraith cé acu an raibh tionchair na bplaisteach bithbhunaithe i gcomparáid le tionchair na bplaisteach traidisiúnta níos airde nó níos ísle ar chur i bhfeidhm, ar an bpolaiméir, ar an mbunábhar, ar an ábhar tagartha, ar an bpróiseas monaraíochta agus ar an gcatagóir shonrach tionchair chomhshaoil arna mbreithniú. Go ginearálta, áirítear ar na dúshláin mhodheolaíocha a bhaineann le tionchair ó fhoinsiú bithmhaise a ríomh athruithe indíreacha ar thalamhúsáid, éifeachtaí bitheacha ídithe acmhainní, tionchair bhithéagsúlachta, gnéithe a bhaineann le deireadh saolré, comparáid idir teicneolaíochtaí nua bithbhunaithe agus na cinn seanbhunaithe, traidisiúnta agus, ar deireadh, foinsí sonraí.
(27)

  Moladh ón gCoimisiún maidir le húsáid a bhaint as modhanna an Loirg Comhshaoil​ .

(28)      Chun na críche sin, dfhoilsigh an tAirmheán Comhpháirteach Taighde creat le déanaí chun measúnú a dhéanamh ar cheimiceáin agus ar ábhair atá Sábháilte agus Inbhuanaithe trí Dhearadh, agus tá treoirlínte á bhforbairt aige chun tacú le measúnú comhshaoil a dhéanamh ar theicneolaíochtaí luathchéime do tháirgí bithbhunaithe. An tAirmheán Comhpháirteach Taighde, LCA Ionchasach maidir le Teicneolaíochtaí Nuálacha agus Teicneolaíochtaí atá ag Teacht Chun Cinn do tháirgí BITH-bhunaithe
(29)     Baile - Tionscnamh Saolré
(30)     EUR-Lex - 32019L0904 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(31)     EUR-Lex - 02019R1009-20220716 - EN - EUR-Lex (europa.eu) . In éagmais critéir den sórt sin, ní bheidh na polaiméirí sin in aon táirge leasacháin AE a chuirfear ar an margadh tar éis an dáta sin.
(32)     ​Togra ón gCoimisiún maidir le srian​ ar micreaphlaistigh a cuireadh isteach d’aon ghnó.
(33)     Straitéis Ceimiceán AE
(34)     In-bhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
(35)    Caighdeán Eorpach EN 17033:2018
(36)

Saincheisteanna le haghaidh feabhsúcháin is ea an cleachtas saothraithe, nach leanann saothróirí i gcónaí, cineálacha éagsúla timpeallachtaí talmhaíochta AE agus tarlú agus rioscaí a bhaineann le rith chun srutha, agus breiseáin ghuaiseacha in-bhithdhíghrádaithe agus do-bhithdhíghrádaithe a bheith ann.

(37)    Haider et al. 2018.
(38)    Braitheann bith-dhíghrádaitheacht ar mheascán de phróisis agus de pharaiméadair aibitheacha (UV, teocht, taise, pH) agus bitheacha (gníomhaíocht mhiocróbach), rudaí nach bhfaightear sa domhainfharraige go minic.
(39)     EUR-Lex - 32019L0904 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(40)    Zimmermann L., Dombrowski A., Völker C. & Wagner M. (2020) An bhfuil bithphlaistigh agus ábhair plandabhunaithe níos sábháilte ná plaistigh thraidisiúnta? Tocsaineacht in vitro agus comhdhéanamh ceimiceach . Timpeallacht Idirnáisiúnta.
(41)

 Meng Qin et al. (2021) A review of biodegradable plastics to biodegradable microplastics: another ecological threat to soil environments?  Journal of Cleaner Production.

(42)    Staidéar an Choimisiúin Eorpaigh ar ‘Ábharthacht táirgí plaisteacha agus pacáistíochta inmhúirínithe i ngeilleagar ciorclach (2020). Plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe (europa.eu)
(43)     EUR-Lex - 02008L0098-20180705 - EN - EUR-Lex (europa.eu)
(44)    Staidéar an Choimisiúin Eorpaigh ar ‘Ábharthacht táirgí plaisteacha agus pacáistíochta inmhúirínithe i ngeilleagar ciorclach (2020). Plaistigh bhithbhunaithe, in-bhithdhíghrádaithe agus inmhúirínithe (europa.eu)
(45)    COM(2022)677 final.
(46)    Tuarascáil Athbhreithnithe ar Fhianaise SAPEA ar ‘In-bhithdhíghrádaitheacht plaisteach sa timpeallacht oscailte, Caibidil 6 ʻGnéithe sóisialta, iompraíochta agus beartais. I measc na dtosca a bhfuil tionchar acu tá easpa tuisceana, castacht agus iomadú lipéad chomh maith le tosca a bhaineann le bonneagar dramhaíola (e.g. infhaighteacht agus gaireacht an bhonneagair cumasúcháin dramhaíola).
(47)    COM(2022)677 final.
(48)    Caighdeán Eorpach EN 13432:2000
(49)   Tuarascáil ETC/WMGE 3/2021: Astaíochtaí gás ceaptha teasa agus impleachtaí caipitil nádúrtha plaisteach (lena n-áirítear plaistigh bhithbhunaithe) — Eionet Portal (europa.eu)
(50)     Éicidhearthóireacht le haghaidh táirgí inbhuanaithe | An Coimisiún Eorpach (europa.eu)
Top