AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,30.3.2022
COM(2022) 141 final
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA, CHUIG AN gCOMHAIRLE, CHUIG COISTE EACNAMAÍOCH AGUS SÓISIALTA NA hEORPA AGUS CHUIG COISTE NA RÉIGIÚN
Straitéis an Aontais Eorpaigh um Theicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha
1.Réamhrá
Tá teicstílí sna fabraicí a bhíonn againn sa saol laethúil. Úsáidtear iad mar éadach, mar theicstílí tí agus i dtroscán, agus i dtáirgí amhail trealamh leighis agus cosanta, foirgnimh agus feithiclí. Le teicstílí, cumasaítear feidhmiúlachtaí agus feidhmíocht na dtáirgí ach roghnaítear iad chun críoch aeistéitice agus compoird freisin.
Tá táirgeadh agus tomhaltas táirgí teicstílí ag fás i gcónaí agus tá an tionchar atá acu ar an aeráid, ar an tomhaltas uisce agus fuinnimh agus ar an gcomhshaol ag fás freisin. Tháinig méadú beagnach faoi dhó ar tháirgeadh teicstílí domhanda idir 2000 agus 2015, agus meastar go dtiocfaidh méadú 63 % faoi 2030 ar an tomhaltas éadaí agus coisbhirt, ó 62 mhilliún tona faoi láthair go dtí 102 mhilliún tona in 2030. Is ag an tomhaltas teicstílí ar an meán faoi láthair atá an ceathrú tionchar diúltach is mó ar an gcomhshaol agus ar athrú aeráide san Aontas agus an tríú thionchar is airde maidir le húsáid uisce agus talún ó thaobh na saolré domhanda de. Diúscraítear thart ar 5.8 milliún tona teicstílí gach bliain san Aontas, tuairim agus 11kg in aghaidh an duine, agus gach soicind áit éigin ar domhan cuirtear lán leoraí teicstílí i líonadh talún nó déantar iad a loscadh.
Ós rud é go gcuimsíonn éadaí an sciar is mó de thomhaltas teicstílí an Aontais Eorpaigh (81 %), is iad na treochtaí maidir le baill éadaigh a úsáid ar feadh tréimhsí níos giorra fós sula gcaitear amach iad a chuireann an cion is mó le patrúin neamh‑inbhuanaithe rótháirgeachta agus róthomhaltais. Tugtar mearfhaisean ar threochtaí den sórt sin anois, is é sin custaiméirí a mhealladh chun leanúint d’éadaí ar cháilíocht níos ísle agus ar phraghas níos ísle, a tháirgtear go mear mar fhreagairt ar na treochtaí is déanaí, a cheannach. Cé gur tháinig laghdú níos mó ná 30 % ar phraghsanna éadaí san Aontas idir 1996 agus 2018 i gcoibhneas leis an mboilsciú, tháinig méadú ar an meánchaiteachas teaghlaigh ar éadaí, rud a léiríonn nach raibh na saoránaigh in ann tairbhe iomlán a bhaint as deiseanna coigiltis costais le patrúin neamh‑inbhuanaithe den sórt sin. Thairis sin, is é an méadú ar an éileamh ar theicstílí is cúis le húsáid neamhéifeachtúil na n‑acmhainní neamh‑in‑athnuaite, lena n‑áirítear táirgeadh snáithíní sintéiseacha ó bhreoslaí iontaise.
Tá na tionchair dhiúltacha sin fréamhaithe i múnla líneach arb é is príomhthréith dó rátaí ísle úsáide, athúsáide, deisithe agus athchúrsála snáithín go snáithín i ndáil le teicstílí, agus is minic nach leagtar síos cáilíocht, marthanacht ná in‑athchúrsáilteacht mar thosaíochtaí i ndearadh agus i monaraíocht éadaí sa mhúnla sin. Cuireann scoitheadh na micreaphlaisteach ó theicstílí sintéiseacha agus ó choisbheart le linn gach céim dá saolré a thuilleadh le tionchair chomhshaoil na hearnála.
Roimh an slabhra domhanda luacha teicstílí atá casta agus ilghnéitheach tá dúshláin shóisialta arna spreagadh i bpáirt ag brúnna chun costais táirgthe a laghdú chun freastal ar éileamh ó thomhaltóirí maidir le táirgí inacmhainne. Is ábhar tromchúiseach imní é an saothar leanaí san earnáil éadaigh. Ó tharla gur mná iad an chuid is mó den lucht saothair teicstílí atá neamhoilte ar phá íseal, tá gné thábhachtach maidir leis an gcomhionannas inscne ag baint le hinbhuanaitheacht an tslabhra soláthair a fheabhsú. Le haird bhreise a thabhairt ar inbhuanaitheacht shóisialta agus chomhshaoil, tá an tAontas Eorpach ag féachaint le slabhraí luacha domhanda a neartú, agus ar an gcaoi sin cur le Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe ar fud an domhain.
San Aontas Eorpach, tá tábhacht eacnamaíoch ag baint leis an earnáil teicstílí agus éadaigh agus is féidir ról tábhachtach a bheith aici sa gheilleagar ciorclach. Tá níos mó ná 160 000 cuideachta inti ina bhfostaítear 1.5 mhilliún duine, earnáil a ghin láimhdeachas EUR 162 bhilliún in 2019. Bhí tionchar diúltach ag paindéim COVID-19 ar an earnáil. In 2020, tháinig crapadh 9.2 % i dteicstílí agus crapadh 18.1 % in éadaí ar láimhdeachas an Aontais i gcomparáid le 2019. An tráth céanna, léirigh an t‑éiceachóras teicstílí seiftiúlacht agus clisteacht le linn na paindéime nuair a d’éirigh leis línte táirgthe a athrú go ríthapa agus maisc agus trealamh cosanta eile a bhí ag teastáil go géar ach nach raibh ar fáil i gcainníochtaí leordhóthanacha a sholáthar.
An fogha míleata gan chúis gan údar a thug an Rúis faoin Úcráin lena ngabhann iarmhairtí tromchúiseacha i ndáil le praghsanna fuinnimh méadaithe, slándáil an tsoláthair amhábhar agus na tionchair ar sciartha onnmhairiúcháin an éiceachórais teicstílí, cuireann na nithe sin leochaileachtaí na slabhraí soláthair domhanda i gcuimhne dúinn.
Ní mór éiceachóras teicstílí an Aontais a thabhairt slán ón tsraith laghduithe gan choinne ar an éileamh, na bristí sna slabhraí luacha agus na harduithe praghsanna le 2 bhliain anuas, lena cruthaíodh dúshláin do chuideachtaí ina n‑oibríochtaí laethúla agus maidir lena marthanacht san fhadtéarma, agus ní mór an t‑éiceachóras a bheith in ann iomaíocht ghéar dhomhanda mar aon le suaití amach anseo a sheasamh. Ní mór athléimneacht an chórais, atá comhdhéanta go bunúsach d’fhiontair bheaga agus mheánmhéide, a neartú, go háirithe i dtaca leis an soláthar fuinnimh agus amhábhar; leas a bhaint as margaí nua le haghaidh táirgí níos inbhuanaithe; agus a tharraingteacht a mhéadú do lucht saothair atá cumasach agus oilte. Bhí brandaí nuálacha, an chruthaitheacht, saineolas agus táirgí teicstílí ardchaighdeáin san Eoraip riamh agus ba cheart iad a bheith ann i gcónaí.
De bharr na ndúshlán agus na ndeiseanna sin, tá gá le réitigh níos sistéamaí i gcomhréir le huaillmhian an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip chun an fás a dhéanamh inbhuanaithe, aeráidneodrach, fuinneamhéifeachtúil, tíosach ar acmhainní agus measúil ó thaobh an nádúir de, agus chun go mbeidh sé bunaithe ar gheilleagar glan agus ciorclach. Le Plean Gníomhaíochta an Aontais Eorpaigh 2020 um an nGeilleagar Ciorclach agus le nuashonrú 2021 ar straitéis thionsclaíoch an Aontais, sainaithnítear teicstílí mar phríomhshlabhra luacha táirge a bhfuil géarghá aige leis an aistriú chuig táirgeadh, tomhaltas agus samhlacha gnó atá inbhuanaithe agus ciorclach agus a bhfuil acmhainneacht láidir aige lena n‑aghaidh. Tá gnólachtaí, tomhaltóirí agus údaráis phoiblí san Aontas ag díriú cheana féin ar inbhuanaitheacht agus ciorclaíocht na hearnála sin a mhéadú, ach is mall an t‑aistriú é agus tá lorg comhshaoil agus aeráide na hearnála fós ard.
Trí chur leis an obair atá déanta cheana, aistriú glas agus digiteach a áirithiú, aghaidh a thabhairt ar na dúshláin shóisialta agus comhlíonadh na gceanglas inbhuanaitheachta a áirithiú, is féidir leis an Aontas a bheith ina cheannródaí domhanda maidir le slabhraí luacha teicstílí ciorclacha agus inbhuanaithe, réitigh teicneolaíochta nua agus samhlacha nuálacha gnó. Leis sin, dhéanfaí an lorg comhshaoil teicstílí ar feadh a saolré a laghdú, athléimneacht agus iomaíochas na hearnála a mhéadú, dálaí oibre a fheabhsú de réir caighdeáin saothair idirnáisiúnta agus d’áireofaí go gcoinneofaí luach na dteicstílí sa gheilleagar chomh fada agus is féidir, rud a laghdódh spleáchas ar ogh‑amhábhair.
Is é is aidhm don Straitéis seo maidir le Teicstílí Inbhuanaithe agus Ciorclacha creat comhleanúnach a chruthú mar aon le fís maidir le haistriú na hearnála teicstílí trí na nithe seo a leanas:
Faoi 2030 beidh na táirgí teicstílí a chuirfear ar mhargadh an Aontais fadsaolach agus in‑athchúrsáilte, beidh cuid mhór díobh déanta as snáithíní athchúrsáilte, beidh siad saor ó shubstaintí guaiseacha agus táirgfear iad agus cearta sóisialta agus an comhshaol á n‑urramú. Bainfidh tomhaltóirí leas as teicstílí inacmhainne ardchaighdeáin ar feadh tréimhse níos faide, ní bheidh mearfhaisean i bhfaisean, agus beidh seirbhísí athúsáide agus deisithe a bheidh brabúsach go heacnamaíoch ar fáil go forleathan. In earnáil iomaíoch athléimneach nuálach, glacfaidh táirgeoirí freagracht as a dtáirgí féin feadh an tslabhra luacha, lena n‑áirítear nuair a dhéanfar dramhaíl díobh. Tá borradh mór faoin éiceachóras ciorclach teicstílí, arna spreagadh ag acmhainní leordhóthanacha le haghaidh athchúrsáil nuálach snáithín go snáithín, cé go laghdaítear a mhéid is féidir loscadh agus líonadh talún teicstílí.
2.A new pattern for Europe: key actions for sustainable and circular textiles [Patrún nua don Eoraip: príomhghníomhaíochtaí le haghaidh teicstílí inbhuanaithe ciorclacha]
2.1.Introducing mandatory Ecodesign requirements [Ceanglais shainordaitheacha maidir leis an Éicidhearthóireacht a thabhairt isteach]
Cur le saolré na dtáirgí teicstílí is ea an bealach is éifeachtaí chun an tionchar a bhíonn acu ar an aeráide agus ar an gcomhshaol a laghdú go suntasach. Chun sin a bhaint amach, tá ról lárnach ag dearadh táirgí. Ar na príomhchúiseanna go gcaitheann tomhaltóirí teicstílí amach, tá teipeanna i gcáilíocht amhail frithsheasmhacht dathanna, láidreacht stróicthe nó cáilíocht na zipeanna agus na n‑uamanna. Le marthanacht mhéadaithe, cuirfear ar chumas tomhaltóirí éadaí a úsáid ar feadh tréimhse níos faide agus tacófar le samhlacha gnó ciorclacha an tráth céanna, amhail athúsáid, glacadh ar cíos agus deisiú, seirbhísí aisghabhála agus miondíola athláimhe, ar bhealach lena gcruthófar deiseanna coigiltis costais do shaoránaigh.
I measc na ngnéithe dearaidh eile a dhéanann difear d’fheidhmíocht chomhshaoil teicstílí an comhdhéanamh ábhair atá iontu, lena n‑áirítear na snáithíní a úsáidtear agus an cumasc atá iontu, nó láithreacht ceimiceán ar ábhar imní iad a chuireann bac ar athchúrsáil dramhaíola teicstílí, rud a chuireann níos lú ná 1 % le teicstílí nua ar fud an domhain. I monarchana, bíonn 25-40 % den fhabraic ar fad a úsáidtear fágtha nó déanfar dramhaíl di.. Íoschúrsáiltear tuairim agus 20 % de na teicstílí úsáidte a bhailítear san Eoraip lena n‑úsáid mar cheirtíní tionscail nó feidhmeanna eile, agus cailltear an chuid eile.
Cé go bhfuil gá le teicneolaíochtaí sórtála agus ard‑athchúrsála a fhorbairt a thuilleadh, is é an dearadh táirgí a fheabhsú an chéad chéim chun aghaidh a thabhairt ar dhúshláin theicniúla. Mar shampla, is minic a chumasctar snáithíní le snáithíní eile (e.g. poileistear le cadás), rud a fhágann go bhfuil sé níos deacra athchúrsáil a dhéanamh de dheasca infhaighteacht íseal na dteicneolaíochtaí lenar féidir dramhaíl teicstílí a scaradh de réir snáithín. Ina theannta sin, is féidir le leaisteán, a chuirtear le snáithíní go minic chun a bhfeidhmiúlachtaí a mhéadú, feidhmiú mar éilleán i mbeagnach gach ceann de na teicneolaíochtaí athchúrsála snáithíní teicstílí, rud a dhéanann dochar d’fhéidearthacht eacnamaíoch agus costas comhshaoil an phróisis athchúrsála. Maidir leis an athchúrsáil theirmimheicniúil, d’fhéadfadh an cumasc de chineálacha éagsúla poileistir dochar a dhéanamh do phróiseáil na dramhaíola teicstílí agus do cháilíocht an aschuir athchúrsála freisin.
Tá ceanglais a bhaineann le gnéithe comhshaoil na dtáirgí teicstílí sna scéimeanna deonacha arna bhforbairt ag an gCoimisiún cheana féin, amhail critéir an Éicilipéid AE le haghaidh Táirgí Teicstílí agus critéir SPG an Aontais Eorpaigh le haghaidh táirgí agus seirbhísí teicstílí. Cuimsítear leo, mar shampla, critéir shonracha le haghaidh táirgí marthanacha ardchaighdeáin, srianta ar cheimiceáin ghuaiseacha mar aon le ceanglais maidir le foinsiú snáithíní teicstílí atá inbhuanaithe ó thaobh an chomhshaoil de. Tá obair leanúnach á déanamh ar lorg comhshaoil na dtáirgí éadaigh agus coisbhirt le hionadaithe ón tionscal teicstílí agus tá an obair sin le cur i gcrích faoi 2024.
Chun cur leis an eolas sin faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, faoi réir a fhormheasa ag na comhreachtóirí agus measúnú tionchair tiomnaithe, déanfaidh an Coimisiún ceanglais éicidhearthóireachta tháirgeshonracha atá ceangailteach ó thaobh an dlí a fhorbairt chun feidhmíocht na dteicstílí i dtaca le marthanacht, ath‑inúsáidteacht, indeisitheacht, in‑athchúrsáilteacht snáithín go snáithín agus cion sainordaitheach snáithíní athchúrsáilte a mhéadú, chunsubstaintí ar ábhar imní iad a laghdú agus a rianú agus na drochthionchair ar an aeráid agus ar an gcomhshaoil a bhaineann leo a laghdú. Tríd an méid sin a dhéanamh, tabharfar aird ar leith ar chostéifeachtacht agus comhréireacht na mbeart, mar aon le hinacmhainneacht na dteicstílí. Mar chuid de na ceanglais agus faoi réir an mheasúnaithe tionchair chun a raon feidhme a shainiú, tabharfaidh an Coimisiún isteach critéir shainordaitheacha maidir le soláthar poiblí glas, a saineofar a raon feidhme tar éis measúnú tionchair a dhéanamh, chomh maith le ceanglais maidir le dreasachtaí na mBallstát maidir le táirgí teicstílí.
Tabharfaidh an Coimisiún tosaíocht do na táirgí a bhfuil an acmhainn is airde agus na tionchair is mó acu i dtaca le hinbhuanaitheacht chomhshaoil. Léirítear le measúnú tosaigh an Choimisiúin gur cheart a chuimsiú leis sin teicstílí pearsanta agus teaghlaigh, cairpéid agus tochtanna. Saineofar an liosta deiridh ar bhonn comhairliúcháin chun an chéad chlár oibre a ghlacadh faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe a sheolfar roimh dheireadh 2022.
Is ábhar imní í láithreacht na substaintí guaiseacha a úsáidtear i dtáirgí teicstílí a chuirtear ar mhargadh an Aontais agus a meastar gur substaintí carcanaigineacha, substaintí só‑ghineacha nó substaintí atá tocsaineach don atáirgeadh iad 60 ceann díobh, agus tá aghaidh á tabhairt ag an gCoimisiún ar an ábhar imní sin faoi REACH. Thairis sin, tríd na critéir maidir le ceimiceacha agus ábhair atá sábháilte agus inbhuanaithe trí dhearadh a fhorbairt, tacóidh an Coimisiún leis an tionscal substaintí eile a úsáid in ionad na substaintí ar ábhar imní iad i dtáirgí teicstílí agus na substaintí sin a laghdú murach sina chuirfear ar mhargadh an Aontais, mar a fógraíodh sa Straitéis Ceimiceán um an Inbhuaine. Tá sin i gcomhréir leis na gníomhartha chun cosaint na n‑oibrithe a nochtar do shubstaintí guaiseacha a mhéadú mar a shainítear i gCreat Straitéiseach AE maidir le Sláinte agus Sábháilteacht ag an Obair 2014-2020.
Tá an uaillmhian maidir le truailliú nialasach a shaothrú i dtáirgeadh teicstílí ina treoir don athbhreithniú ar an Treoir maidir le hAstaíochtaí Tionsclaíocha agus don athbhreithniú leanúnach ar an Doiciméad Tagartha maidir leis na Teicnící Is Fearr atá Ar Fáil (BAT) (BREF) don Tionscal Teicstílí..
2.2.Stop a chur le díothú teicstílí gan díol nó teicstílí arna dtabhairt ar ais
Cur amú luacha agus acmhainní atá i gceist le hearraí gan díol nó earraí arna dtabhairt ar aisa dhíothú, lena n‑áirítear éadaigh a dhíothú. Mar dhídhreasú i gcomhair an cleachtaidh sin, faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, molann an Coimisiún oibleagáid trédhearcachta lena gceanglaítear ar chuideachtaí móra líon na dtáirgí a dhiúscraíonn siad agus a dhíothaíonn siad lena n‑áirítear teicstílí, a nochtadh go poiblí, mar aon leis an gcóireáil bhreise a dhéantar orthu i dtaca le hullmhúchán le haghaidh athúsáide, athchúrsála, loiscthe nó líonadh talún. Faoi réir cumhachtú faoin Rialachán atá beartaithe agus measúnú tionchair tiomnaithe a fháil, déanfaidh an Coimisiún toirmisc ar dhíothú táirgí gan díol a thabhairt isteach freisin, lena n‑áirítear teicstílí gan díol nó arna dtabhairt ar ais de réir mar is iomchuí.
Thairis sin, tá uirlisí digiteacha ag dul i bhfeidhm ar an gcaoi a ndéantar éadaí a dhearadh, a mhonarú agus a sheirbhísiú ar fud an domhain, rud a chuireann ar chumas miondíoltóirí agus tomhaltóirí idirghníomhú le chéile agus rud a chruthaíonn freagairt níos dinimiciúla do riachtanais na dtomhaltóirí. I gcomhar leis an tionscal, déanfaidh an Coimisiún measúnú, go háirithe i gcomhthéacs na Conaire Aistrithe le haghaidh an Éiceachórais Teicstílí, ar an gcaoi a bhféadfaí teicneolaíochtaí atá ag teacht chun cinn líon na n‑éadaí a cheannaítear ar líne a thugtar ar ais a laghdú, monaraíocht shaincheaptha ar éileamh a spreagadh, agus ar an gcaoi sin, éifeachtúlachtaí na bpróiseas tionsclaíochta a fheabhsú agus an lorg carbóin ríomhghnó a laghdú.
2.3.Aghaidh a thabhairt ar thruailliú ó mhicreaphlaistigh
Tá an truailliú ó mhicreaphlaistigh go forleathan sa nádúr anois, lena n‑áirítear sa mhuirthimpeallacht, agus is ábhar mór imní atá ag dul i méid é. Tá teicstílí a dhéantar as snáithíní sintéiseacha ar cheann de na príomhfhoinsí de scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach. Meastar gur snáithíní sintéiseacha iad thart ar 60 % de na snáithíní a úsáidtear in éadaí, poileistear den chuid is mó, agus tá méadú ag teacht ar an méid sin.
Ós rud é go scaoiltear an méid is airde micreaphlaisteach sna chéad cúig go deich níochán, tá tionchar mór ag an mearfhaisean, a bhfuil baint aige le húsáid mhéadaitheach snáithíní sintéiseacha iontaise-bhunaithe, ar an truailliú ó mhicreaphlaistigh. Scaoiltear suas le 40,000 tona snáithíní sintéiseacha gach bliain in eisilteach na meaisíní níocháin amháin..
Tá sé beartaithe ag an gCoimisiún aghaidh a thabhairt ar na céimeanna éagsúla den tsaolré ina scoitear snáithíní sintéiseacha sa chomhshaol trí thacar beart coisctheacha agus laghdaithe, go háirithe trí cheanglais dearaidh atá ceangailteach ó thaobh an dlí de a thabharfar isteach faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, agus faoin tionscnamh atá le teacht ón gCoimisiún chun aghaidh a thabhairt ar an scaoileadh neamhbheartaithe micreaphlaisteach sa chomhshaol freisin, a chuirfear i láthair sa dara leath de 2022. I dteannta dhearadh na dtáirgí, díreofar na bearta ar phróisis mhonaraíochta, ar réamhníochán i monarchana monaraíochta tionsclaíocha, ar lipéadú agus ar ábhair nuálacha a chur chun cinn. I measc na roghanna eile tá scagairí meaisín níocháin, lenar féidir an méid a scaoiltear ó níochán a laghdú suas le 80 %, forbairt glantach éadrom, treoirlínte cúraim agus níocháin, cóireáil dramhaíola ar theicstílí a bhfuil a ré caite, agus rialacháin maidir le cóireáil fuíolluisce agus sloda séarachais a fheabhsú.
Cuirfidh an Coimisiún san áireamh an obair chaighdeánúcháin atá á déanamh faoi láthair maidir le modhanna tástála a bhunú chun scaoileadh micreaphlaisteach ó theicstílí sintéiseacha a ní a thomhas, chomh maith le cumais theicneolaíocha agus theicniúla an tionscail.
2.4.Ceanglais faisnéise agus Pas Táirge Digiteach a thabhairt isteach
Le faisnéis shoiléir struchtúrtha inrochtana maidir le saintréithe inbhuanaithe comhshaoil na dtáirgí, tugtar cumhacht do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí roghanna níos fearr a dhéanamh agus cuirtear feabhas ar an gcumarsáid idir gníomhaithe feadh na slabhraí luacha, lena n‑áirítear táirgeoirí agus athchúrsálaithe, i ndáil le substaintí ar ábhar imní iad, deisiú nó an comhdhéanamh snáithíní, mar shampla. Le faisnéis den sórt sin, cuirtear borradh faoi infheictheacht agus inchreidteacht cuideachtaí agus táirgí inbhuanaithe. Dá bhrí sin, mar chuid de na bearta faoin Rialachán nua maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, tabharfaidh an Coimisiún Pas Táirge Digiteach le haghaidh teicstílí isteach bunaithe ar na ceanglais faisnéise shainordaitheacha maidir le ciorclaíocht agus príomhghnéithe comhshaoil eile.
Chun comhsheasmhacht leis an bpíosa nua reachtaíochta sin a áirithiú, déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar an Rialachán maidir le Lipéadú Teicstílí, lena gceanglaítear go mbíonn lipéad ar theicstílí a dhíoltar ar mhargadh an Aontais ina sainaithnítear go soiléir an comhdhéanamh snáithíní agus lena dtugtar tásc ar aon chuid neamhtheicstíle de bhunadh ainmhíoch. Mar chuid den athbhreithniú sin agus faoi réir measúnú tionchair, tabharfaidh an Coimisiún nochtadh éigeantach isteach maidir le cineálacha faisnéise eile, amhail paraiméadair inbhuanaitheachta agus chiorclaíochta, méid na dtáirgí agus, i gcás inarb infheidhme, an tír ina ndéantar na próisis mhonaraíochta (‘déanta in’).
I gcomhthéacs na dtograí thuasluaite, déanfaidh an Coimisiún breithniú freisin ar an bhféidearthacht lipéad digiteach a thabhairt isteach.
2.5.Maíomhanna comhshaoil maidir le teicstílí fíor-inbhuanaithe
Is minic a chuirtear in aghaidh tomhaltóirí atá toilteanach táirgí níos inbhuanaithe a cheannach de dheasca neamhiontaofacht maíomhanna: tugadh le fios le scagadh a rinneadh le déanaí ar mhaíomhanna inbhuanaitheachta san earnáil teicstílí, éadaigh agus bróg go bhféadfadh 39 % díobh a bheith bréagach nó míthreorach. Is é a tharlaíonn ar deiridh go gceannaíonn daoine táirgí nach bhfuil chomh hinbhuanaithe agus a shíleann siad ó tharla go ndéantar maíomhanna ar shaintréithe áirithe na dtáirgí teicstílí nach gcuirtear i ndáiríre sochair chomhshaoil shuntasacha ar fáil leo.
Beidh ceanglais nua a bheidh thar a bheith ábhartha maidir le táirgí teicstílí ina dtorthaí ar an tionscnamh maidir le Tomhaltóirí a Chumhachtú don Aistriú Glas lena mbeartaíonn an Coimisiún an Treoir maidir le Cleachtais Tráchtála Éagóracha agus an Treoir maidir le Cearta Tomhaltóirí 2011/83/AE a leasú. Le rialacha nua an Aontais, áiritheofar go gcuirfear faisnéis ar fáil do thomhaltóirí ag an díolphointe faoi ráthaíocht tráchtála i leith marthanachta chomh maith le faisnéise is ábhartha maidir le deisiú, lena n‑áirítear scór indeisitheachta, nuair a bheidh sé ar fáil. Ní cheadófar maíomhanna ginearálta, amhail ‘glas’, ‘éiceabhách’, ‘chun leas an chomhshaoil’ ach amháin má tá sármhaitheas aitheanta san fheidhmíocht chomhshaoil mar bhonn leo, bunaithe go háirithe ar an Éicilipéad AE, éicilipéid de chineál I, nó reachtaíocht shonrach de chuid an Aontais is ábhartha maidir leis an maíomh. Ní mór lipéadaithe inbhuanaitheachta deonacha lena gcumhdaítear gnéithe comhshaoil nó sóisialta a bheith ag brath ar fhíorú tríú páirtí nó ní mór d’údaráis phoiblí iad a bhunú. Thairis sin, beidh coinníollacha maidir le maíomhanna glasa a bhaineann le feidhmíocht chomhshaoil amach anseo a dhéanamh, amhail ‘aeráidneodrach faoi 2030’, agus maidir le comparáid a dhéanamh le táirgí eile.
Chun na forálacha sin a chomhlánú trí cheanglais níos sonraí, tá an Coimisiún ag leanúint de bheith ag obair ar na critéir íosta le haghaidh na gcineálacha maíomhanna uile i gcomhthéacs an Tionscnaimh um Maíomhanna Comhshaoil, a chuirfear i láthair sa dara leath de 2022. An úsáid a bhaintear as modhanna maidir le Lorg Comhshaoil meastar gur bealach é chun bunús a thabhairt le maíomhanna comhshaoil agus chun iad a chur in iúl, rud a léiríonn go bhfuiltear ag cloí leis na rialacha níos ginearálta maidir le cosaint tomhaltóirí. Cuirfear an obair leanúnach ar lorg comhshaoil na dtáirgí éadaigh agus coisbhirt san áireamh sa chomhthéacs sin.
Déanfaidh an Coimisiún athbhreithniú freisin ar chritéir an Éicilipéid AE le haghaidh teicstílí agus coisbhirt chun tacú lena nglacadh i measc táirgeoirí agus chun bealach atá éasca le haithint agus iontaofa a thairiscint do thomhaltóirí chun táirgí teicstílí éiceabhácha a roghnú.
Is ábhar imní ar leith atá ag dul i méid ébeachtas na maíomhanna glasa a dhéantar i ndáil le húsáid polaiméirí plaisteacha athchúrsáilte in éadaí i gcás nach dtagann na polaiméirí sin as athchúrsáil snáithín go snáithín, ach as buidéil shórtáilte PET go háirithe. Lasmuigh den riosca tomhaltóirí a chur ar míthreoir, níl an cleachtas sin i gcomhréir leis an tsamhail chiorclach le haghaidh bhuidéil PET, atá oiriúnach lena gcoinneáil i gcóras athchúrsála lúbiata le haghaidh ábhar teagmhála bia agus atá faoi réir oibleagáidí freagrachta leathnaithe táirgeora, lena n‑áirítear táillí, d’fhonn cuspóirí rialacha an Aontais maidir le táirgí plaisteacha aon úsáide agus maidir le pacáistíocht a bhaint amach. Tá tuilleadh dúshlán roimh na maíomhanna sin i bhfianaise ról na snáithíní sintéiseacha sa truailliú ó mhicreaphlaistigh. Dá bhrí sin, chun beachtas na maíomhanna glasa sin agus ábharthacht na faisnéise a chuirtear ar fáil do ghnólachtaí agus do thomhaltóirí a áirithiú, agus athchúrsáil polaiméirí plaisteacha agus a margaí a chur chun cinn a thuilleadh, tabharfaidh an Coimisiún aird ar leith ar an tsaincheist sin i gcomhthéacs tionscnamh atá le teacht amhail an Tionscnamh um Maíomhanna Glasa, an t‑athbhreithniú ar chritéir an Éicilipéid AE le haghaidh teicstílí agus coisbhirt, agus i bhforbairt ceanglas éicidhearthóireachta táirgebhunaithe atá ceangailteach ó thaobh an dlí de. Spreagann an Coimisiún gnólachtaí freisin tosaíocht a thabhairt dá n‑iarrachtaí maidir le hathchúrsáil snáithín go snáithín agus maíomhanna a dhéanamh maidir leis an méid atá bainte amach acu chun aghaidh a thabhairt ar an dúshlán tábhachtach seo chun an ciorcal le haghaidh táirgí teicstílí a shlánú.
2.6.Freagracht leathnaithe táirgeora agus borradh a chur faoi athúsáid agus athchúrsáil na dramhaíola teicstílí
Tá acmhainneacht shuntasach ann dramhaíl teicstílí a laghdú agus a áirithiú go gcruthaíonn sí luach breise trína hullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála. Bailítear suas le 2.1 milliún tona éadaí iarthomhaltais agus teicstílí baile ar leithligh san Aontas gach bliain lena n‑athchúrsáil nó lena ndíol ar mhargaí domhanda athúsáide, is é sin thart ar 38 % de theicstílí a chuirtear ar mhargadh an Aontais. Meastar go ndiúscraítear an 62 % eile i sruthanna dramhaíola measctha.
Tá sé ríthábhachtach go mbeidh táirgeoirí freagrach as an dramhaíl a chruthaíonn a dtáirgí chun giniúint dramhaíola teicstílí a dhíchúpláil ó fhás na hearnála. Tá sé léirithe go bhfuil na ceanglais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora (EPR) éifeachtach chun feabhas a chur ar bhailiú deighilte dramhaíola agus ar bhainistiú na dramhaíola ina dhiaidh sin i gcomhréir le hord na réiteach dramhaíola. Is féidir le EPR dearadh táirgí a dhreasú lena gcuirtear ciorclaíocht chun cinn le linn saolré an ábhair agus lena gcuirtear deireadh saoil táirgí san áireamh. Tá ceanglais EPR le haghaidh teicstílí tugtha isteach ag roinnt Ballstát den Aontas cheana féin, nó tá tabhairt isteach na gceanglas sin á bhreithniú acu, i bhfianaise na hoibleagáide faoi reachtaíocht dramhaíola an Aontais bailiú ar leithligh dramhaíola teicstílí a bhunú faoin 1 Eanáir 2025.
Sa chomhthéacs sin, molfaidh an Coimisiún rialacha comhchuibhithe de chuid an Aontais maidir le freagracht leathnaithe táirgeora le haghaidh teicstílí trí éiceamhodhnú táillí, mar chuid den athbhreithniú atá le déanamh ar an Treoir Réime Dramhaíola in 2023. Is é an príomhchuspóir a bheidh ann geilleagar a chruthú maidir le bailiú, sórtáil, athúsáid, ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála, chomh maith le dreasachtaí le haghaidh táirgeoirí agus brandaí chun a áirithiú go ndéanfar a gcuid táirgí a dhearadh de réir phrionsabail na ciorclaíochta. Chuige sin agus faoi réir measúnú tionchair, molfaidh an Coimisiún go ndéanfar sciar shuntasach de na ranníocaíochtaí a dhéantar le scéimeanna EPR a dhíriú ar bhearta coiscthe dramhaíola agus ar ullmhú le haghaidh athúsáide.
Déanfaidh an Coimisiún breithniú freisin ar a cheangal go ndéanfaí dramhaíl teicstílí a bhailítear ar leithligh ó theaghlaigh agus dramhaíl chomhchosúil a ullmhú le haghaidh athúsáide mar chéad chéim riachtanach, rud a chuirfidh borradh faoi ullmhú do ghníomhaíochtaí athúsáide, athúsáide agus deisithe agus a laghdóidh na méideanna le haghaidh cineálacha cóireála dramhaíola atá níos ísle in ord na réiteach dramhaíola.
Déanfaidh an Coimisiún dlúthfhaireachán ar fhorbairtí i nginiúint, comhdhéanamh agus cóireáil dramhaíola teicstílí. Sheol an Coimisiún staidéar tiomnaithe freisin d’fhonn spriocanna sainordaitheacha a mholadh maidir leis an dramhaíl teicstílí a ullmhú le haghaidh athúsáide agus athchúrsála mar chuid den athbhreithniú ar reachtaíocht dramhaíola an Aontais atá beartaithe le haghaidh 2024.
3.Weaving the industry of tomorrow: creating the enabling conditions [Tionscal an lae amárach a fhí: cruthú na ndálaí cumasúcháin
3.1.Launching the Transition Pathway for the textiles ecosystem of the future [An Chonair Aistrithe a Sheoladh don éiceachóras teicstílí a bheidh ann amach anseo]
Leis an nuashonrú ar Straitéis Thionsclaíoch an Aontais, cuirtear i dtábhacht an gá atá le dlús breise a chur leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus le hathléimneacht éiceachórais thionsclaíocha an Aontais a mhéadú. Chun déanamh amhlaidh, tá sé beartaithe ag an gCoimisiún conairí aistrithe a chomhchruthú. Isuirlisí comhoibríocha fíor-riachtanacha iad sin chun na héiceachórais thionsclaíocha a chlaochlú.
I dteannta na straitéise sin, foilseoidh seirbhísí an Choimisiúin cásanna i dtreo Conair Aistrithe le haghaidh an Éiceachórais Teicstílí a chomhchruthú.
Cuirfear tús leis an bpróiseas comhchruthaithe le páirtithe leasmhara sa dara ráithe de 2022. Faoi dheireadh 2022, ba cheart fís chomhaontaithe maidir leis an éiceachóras agus gealltanais shonracha a bheith ann mar thoradh ar an bpróiseas sin. D’fhéadfadh gealltanais maidir le ciorclaíocht agus samhlacha gnó ciorclacha, gníomhaíochtaí chun an t‑iomaíochas inbhuanaithe, an digitiú agus an athléimneacht a neartú, agus infheistíochtaí sonracha a bhfuil gá leo le haghaidh an dá aistriú a bheith san áireamh iontu.
A luaithe a bhunófar an Chonair Aistrithe, beifear in ann faireachán a dhéanamh freisin ar an dul chun cinn a dhéanfar maidir leis an dá aistriú agus na bearnaí infheistíochta agus nuálaíochta a líonadh, agus borradh a chur faoi iomaíochas an éiceachórais teicstílí ar an gcaoi sin freisin. Is féidir an uirlis chomhoibríoch sin a úsáid mar fhóram plé in oirchill gníomhaíochtaí faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, lena n‑áirítear an Pas Digiteach Táirgí.
3.2.Rótháirgeadh agus róthomaltas éadaí a aisiompú: lena gcuirfear mearfhaisean as faisean
Leis na ceanglais dearaidh shainordaiteacha le haghaidh teicstílí inbhuanaithe agus ciorclacha a thabharfar isteach faoin Rialachán maidir leis an Éicidhearthóireacht le haghaidh Táirgí Inbhuanaithe, leathnófar saolré na n‑éadaí, in éineacht le rialacha nua maidir le freagracht leathnaithe táirgeora faoin Treoir Réime Dramhaíola, céim ríthábhachtach chun tosaigh a bheidh ann i dtreo paraidím nua de roghanna tarraingteacha ar threochtaí faisin atá ag athrú go tapa.
Ba cheart do chuideachtaí a bheith ina gcrann taca don mhalartú paraidíme sin. Na daoine sin a thóg a samhlacha gnó le fiche bliain anuas trí leas a bhaint as líon ard línte faisin agus micreabhailiúchán ar luas atá ag síormhéadú, spreagtar iad chun prionsabail chiorclaíochta agus samhlacha gnó a inmheánú, líon na mbailiúchán a laghdú in aghaidh na bliana, freagracht a ghlacadh agus gníomhú chun a lorg carbóin agus comhshaoil a íoslaghdú.
Is deacair nósanna ceannaigh tomhaltóirí a athstruchtúrú mura ndéanann cuideachtaí foráil maidir le samhlacha gnó ciorclacha nua, amhail samhlacha ‘táirge mar sheirbhís’, seirbhísí aisghabhála, bailiúcháin táirgí athláimhe agus seirbhísí deisithe. Cé gur margadh nideoige atá sna samhlacha nua sin fós, tá sé léirithe go síneann siad saolré táirgí teicstílí, agus gur rogha mhalartach chostéifeachtach agus inacmhainne ar mhearfhaisean iad. Ó tharla go bhfuil mearfhaisean nasctha leis an úsáid mhéadaitheach a bhaintear as snáithíní sintéiseacha iontaise-bhunaithe, leis an aistriú chuig samhlacha gnó níos inbhuanaithe laghdófaí spleáchas na dtáirgeoirí éadaigh ar bhreoslaí iontaise agus na tionchair a bhíonn acu ar an athrú aeráide agus ar thruailliú ó mhicreaphlaisteach.
Mar a luaitear thuas, déanfaidh an Coimisiún, i gcomhthéacs na Conaire Aistrithe, teagmháil le páirtithe leasmhara chun méadú na bpróiseas monaraíochta, athúsáide, deisithe agus samhlacha nua gnó ciorclacha atá tíosach ar acmhainní in earnáil na dteicstílí a éascú.
Tá tábhacht ar leith ag baint le borradh a chur faoi fhiontair shóisialta atá gníomhach san earnáil athúsáide, ós rud é go bhfuil acmhainneacht shuntasach acu gnólachtaí agus poist áitiúla ghlasa chuimsitheacha a chruthú san Aontas Eorpach. Ar an meán, cruthaíonn fiontar sóisialta 20-35 phost in aghaidh gach 1,000 tona teicstílí a bhailítear lena n‑athúsáid
. Mar sin féin, is iomaí dúshlán atá os comhair na hearnála chun bheith iomaíoch agus a bheith ina gníomhaí príomhshrutha in earnáil na dteicstílí. Chun tacú leis an earnáil athúsáide uas‑scála a dhéanamh, cur lena n‑acmhainní agus prionsabail chiorclaitheachta a inmheánú tuilleadh, tá gá le roinnt beart. Tugann an Chonair Aistrithe maidir leis an nGeilleagar Gaireachta agus Sóisialta deis iad sin a phlé le páirtithe leasmhara. Ina theannta sin, faoi Phlean Gníomhaíochta an Aontais maidir leis an nGeilleagar Sóisialta a glacadh le déanaí, glacfaidh an Coimisiún treoir maidir leis an gcaoi is féidir tacú le glacadh an gheilleagair chiorclaigh agus le comhpháirtíochtaí don gheilleagar ciorclach idir fiontair shóisialta agus gníomhaithe eile, lena n‑áirítear gnólachtaí príomhshrutha, lena bhféachfar go háirithe ar na deiseanna a chuireann athúsáid agus deisiú teicstílí ar fáil.
Bíonn ról tábhachtach ag na Ballstáit i ndáil leis sin freisin. I dteannta na mbeart chun tacú leis an earnáil athúsáide agus deisiúcháin, lena n‑áirítear mar chuid den gheilleagar sóisialta, is féidir bearta cánachais, i gcomhréir le rialacha na Státchabhrach agus na hEagraíochta Domhanda Trádála, a bheith ina n‑uirlis an‑úsáideach. Molann an Coimisiún do na Ballstáit bearta fabhracha cánachais a ghlacadh don earnáil athúsáide agus deisiúcháin. Forbróidh an Coimisiún treoir maidir le samhlacha gnó ciorclacha a chur chun cinn trí infheistíocht, maoiniú agus dreasachtaí eile a mbeidh deiseanna ag gabháil leo chun luach ciorclach agus poist a chruthú san éiceachóras teicstílí.
Chun dlús a chur leis an athrú ar phatrúin tomhaltais agus táirgthe, cuirfidh an Coimisiún an t‑aistriú sin chun cinn faoin mana #ReFashionNow, rud a chuirfidh cáilíocht, marthanacht, úsáid níos faide, deisiú agus athúsáid sa chroílár. Faoi chuimsiú Ardán Eorpach Páirtithe Leasmhara an Gheilleagar Chiorclaigh, spreagfaidh sé dearthóirí, táirgeoirí, miondíoltóirí, fógróirí agus saoránaigh chun tuiscint as an nua a chruthú ar fhaisean. Beidh tionscnaimh eile de chuid an Aontais mar thúsphointe freisin do ghníomhaíochtaí nithiúla #ReFashionNow, go háirithe an Bauhaus Eorpach, an Gealltanas um Thomhaltas Inbhuanaithe, chomh maith le Bliain Eorpach na hÓige.
3.3.Iomaíocht chóir agus comhlíonadh a áirithiú i margadh inmheánach dea-fheidhmiúil
Tá rialacha i reachtaíocht an Aontais maidir le faireachas margaidh lena n‑áirithiú gur féidir le húdaráis inniúla náisiúnta reachtaíocht an Aontais a chur i bhfeidhm maidir le táirgí a chuirtear ar mhargadh an Aontais gan beann ar a n‑áit tionscnaimh. Mar gheall ar dhúshláin an mhargaidh dhomhanda agus ar shlabhraí soláthair atá ag éirí níos casta, chomh maith leis an méadú ar tháirgí a dhíoltar ar líne laistigh den Aontas, tá gá le bearta forfheidhmiúcháin níos láidre, chun sábháilteacht tomhaltóirí agus margadh inmheánach dea-fheidhmiúil a áirithiú.
Chuige sin, is gá comhordú agus comhar struchtúrtha idir na húdaráis forfheidhmithe náisiúnta agus cleachtais faireachais margaidha shruthlíniú. Déanfaidh Líonra nuachruthaithe an Aontais um Chomhlíonadh Táirgí cleachtais faireachais margaidh trasteorann san Aontas a chomhordú agus tacóidh sé leo i réimsí tosaíochta a bheidh le moladh ag na húdaráis inniúla agus áiritheoidh sé comhordú trasearnála idir Grúpaí éagsúla um Chomhar Riaracháin (ADCOnna), amhail ADCO maidir le Ceimiceáin agus Lipéadú Teicstílí. Cuirfidh an Coimisiún tacaíocht ar fáil trí thionscnaimh agus tionscadail chomhpháirteacha chun dlús a chur leis an gcomhoibriú idir na gníomhaithe ábhartha uile, go háirithe údaráis chustaim agus údaráis faireachais margaidh, idir an tionscal agus saotharlanna tástála san éiceachóras teicstílí, le fothú acmhainní faoi Chlár an Mhargaidh Aonair, lena n‑áiritheofar úsáid uirlisí digiteacha le haghaidh faireachas margaidh agus lena leagfar síos coinníollacha aonfhoirmeacha agus minicíocht na seiceálacha i gcás táirgí áirithe.
Chun sáruithe ar mhaoin intleachtúil (IP) a chomhrac, déanfaidh an Coimisiún Bosca Uirlisí an Aontais in aghaidh an ghóchumtha a chruthú faoi 2023, ina leagfar amach prionsabail maidir le gníomhaíocht chomhpháirteach, comhar agus comhroinnt faisnéise i measc sealbhóirí cirt, idirghabhálaithe, ar líne agus as líne araon, agus údaráis forfheidhmithe dlí, amhail údaráis chustaim, údaráis phóilíneachta agus údaráis faireachais margaidh.
3.4.Tacú le taighde, nuálaíocht agus infheistíochtaí
Chun go n‑éireoidh leis an aistriú glas agus leis an aistriú digiteach agus go mbainfear athléimneacht amach i gcomhthéacs na slabhraí luacha domhanda, táthar ag brath ar inniúlacht an éiceachórais teicstílí é féin a athcheapadh. Tá sé ríthábhachtach taighde agus nuálaíocht a fheabhsú agus infheistíochtaí a chur chun cinn san earnáil chun leas a bhaint as an gcumas atá inti fás inbhuanaithe agus poist áitiúla a chruthú agus ba cheart é a bheith ina thosaíocht ar leibhéal an Aontais, ar an leibhéal náisiúnta agus ar an leibhéal réigiúnach.
Le Bauhaus Eorpach Nua déantar tionscnaimh inláimhsithe lena gcuirtear stíleanna maireachtála inbhuanaithe chun cinn, lena n‑áirítear faisean, den Chomhaontú glas don Eoraip. Mar chuid den chlár sin agus faoin mana #ReFashionNow, tacóidh an Coimisiún le tionscadail lena méadaítear inbhuanaitheacht an fhaisin agus éilimh a bhaineann le haeistéitic agus le cuimsitheacht á gcomhlíonadh ag an am céanna.
Tá an Coimisiún ag obair freisin arthreochlár comhchoiteann teicneolaíochta tionsclaíche maidir le ciorclaíocht, a bhfuil sé d’aidhm aige taighde tionsclaíoch agus nuálaíocht thionsclaíoch a shruthlíniú, lena n‑áirítear athchúrsáil teicstílí. Tacaítear leis sin le staidéar a foilsíodh le déanaí maidir le héifeachtacht na bhféidearthachtaí athchúrsála atá ag dramhaíl teicstílí faoi láthair, rud a léiríonn an gá le tuilleadh nuálaíochta chun iad a neartú.
Le Comhpháirtíochtaí Príobháideacha Poiblí saineofar tionscnaimh taighde a bheidh ann amach anseo agus áiritheoidh siad ceannaireacht agus barr feabhais an éiceachórais. Mar shampla, beidh an Chomhpháirtíocht ‘Déanta san Eoraip’ ina crann taca do mhonaraíocht agus úsáid teicstílí atá cumasaithe go digiteach, iomaíoch, glas, inbhuanaithe agus athléimneach go sóisialta. Leis an tacaíocht, dírítear freisin ar spleáchas an tionscail ar bhreoslaí iontaise a laghdú le nuálaíocht bhithbhunaithe san earnáil teicstílí, tríd an gComhghnóthas um Eoraip Bhithbhunaithe Chiorclach, a bhfuil sé d’aidhm aige, inter alia, cineálacha nua snáithíní teicstílí a fhorbairt. Is é is aidhm don Phróiseas Comhpháirtíochta ‘Process4Planet’ ciorclaíocht a chur chun cinn agus dícharbónú fairsing a dhéanamh ar thionscail phróisis na hEorpa, lena n‑áirítear an tionscal teicstílí, tríd an nuálaíocht is gá a fhorbairt agus a chur in úsáid trí thionscnaimh amhail na Moil don Chiorclaíocht (H4C). Sa bhreis ar an gcistiú leanúnach ó chláir atá ann cheana amhail an Institiúid Eorpach um Nuálaíocht agus Teicneolaíocht (EIT), seolfar glaonna sonracha faoin gclár Fís Eorpach chun teicneolaíochtaí agus próisis a fhorbairt níos mó chun deisiú a uas‑scálú, bailiú agus sórtáil a fheabhsú, acmhainní athchúrsála teicstílí a mhéadú i dtionscal an Aontais
, athchúrsáil snáithín go snáithín a mhéadú agus ábhar snáithín athchúrsáilte a ghlacadh. Beidh nuálaíocht shóisialta ríthábhachtach freisin, go háirithe chun fiontair atá dírithe ar athúsáid a chothú.
Déanfaidh an Coimisiún cómhaoiniú ar thionscadail maidir le nuálaíocht theicneolaíoch le haghaidh samhlacha gnó faisin chiorclaigh faoin gclár LIFE agus tacóidh sé le glacadh comhpháirtíochtaí laistigh den gheilleagar sóisialta ciorclach. Is féidir leis an éiceachóras teicstílí tairbhe a bhaint freisin as na deiseanna a chuirtear ar fáil le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, lena dtacaítear leis an athrú i réigiúin agus lena gcuirtear maoiniú ar fáil don taighde agus ann nuálaíocht, ann digitiú, iomaíochas FBManna, forbairt scileanna, an nascacht dhigiteach, dearadh táirgí ciorclacha agus próisis táirgthe chiorclacha.
Spreagfaidh an Coimisiún cuideachtaí de chuid an éiceachórais teicstílí páirt a ghlacadh i dtionscnaimh chun Spás Sonraí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip agus an Spás Sonraí Monaraíochta a fhorbairt chun sonraí a chomhroinnt agus a athúsáid ar bhealach níos éasca idir cuideachtaí. Cuirtear tacaíocht níos leithne ar fáil don nuálaíocht dhigiteach tríd an Líonra de Mhoil Nuálaíochta Digití Eorpacha, lena bhforbrófar na bonneagair dhigiteacha is gá chun teicneolaíochtaí digiteacha nua a thástáil agus chun cabhrú le lucht saothair na hearnála tuiscint níos fearr a fháil ar na deiseanna a bhaineann le digitiú agus a saineolas teicneolaíoch a thabhairt cothrom le dáta.
Tá ról lárnach ag na Ballstáit freisin maidir le tacaíocht a thabhairt don taighde, don nuálaíocht agus d’infheistíochtaí, lena n‑áirítear trí iasachtaí agus deontais ón tSaoráid Téarnaimh agus Athléimneachta (RRF) a úsáid. Mar shampla, tá sé curtha in iúl ag an bPortaingéil cheana féin go bhfuil sé beartaithe aici tacú le hinfheistíochtaí atá dírithe ar bhiththionscal ciorclach náisiúnta a nuachóiriú agus a fhorbairt chun cur le hionchorprú ábhar bithbhunaithe i dteicstílí. Tá sé beartaithe ag an bhFrainc nuálaíocht a fhorbairt i réimsí éagsúla, lena n‑áirítear ábhair athchúrsáilte a athchúrsáil agus a athionchorprú, agus teicstílí sainaitheanta i measc na gcúig ábhar tosaíochta. Tá an Iodáil ag breithniú ar Mhoil Athchúrsála a bhunú chun dramhaíl teicstílí a bhailiú, a shórtáil agus a phróiseáil. Ina theannta sin, is féidir le go leor comhpháirteanna a bhaineann leis an nuálaíocht agus leis an digitiú sna pleananna náisiúnta tacú leis an éiceachóras, amhail trealamh digiteach a cheannach.
Tá sé ríthábhachtach infheistíocht phríobháideach i dteicstílí inbhuanaithe a chur ar fáil. De réir obair Ardán na saineolaithe maidir le Maoiniú Inbhuanaithe, tá glacadh na gcritéar scagtha teicniúil á bhreithniú ag an gCoimisiún lena gcinnfear, i measc nithe eile, cad is rannchuidiú substaintiúil ann leis an ngeilleagar ciorclach i monaraíocht éadaí faoin Rialachán maidir le Tacsanomaíocht le haghaidh Infheistíochtaí Inbhuanaithe, mar aon le critéir maidir le truailliú ó bhailchríochnú teicstílí.
3.5.Na scileanna is gá don aistriú glas agus don aistriú digiteach a fhorbairt
Éilíonn éiceachóras na dteicstílí lucht saothair ardoilte chun leas a bhaint as na deiseanna fostaíochta a eascraíonn as an aistriú digiteach agus as an aistriú glas, ós rud é nach bhfuil cáilíochtaí ardleibhéil ach ag 13 % den lucht saothair
. Tá an earnáil ag streachailt le tallann óg cáilithe a mhealladh agus tá FBManna in éiceachóras na dteicstílí á gcoinneáil siar de dheasca easpa fostaithe oilte. Thuairiscigh 55 % de chuideachtaí Eorpacha go raibh deacrachtaí acu folúntais TFC a líonadh, agus tá bearna scileanna glasa ag 40 % de chuideachtaí.. Tá tábhacht ar leith ag baint le réimsí amhail éicidhearthóireacht, forbairt snáithíní, táirgeadh nuálach teicstílí, deisiú agus athúsáid. Tá gá le gairmoideachas agus gairmoiliúint, idir oiliúint tosaigh agus oiliúint leanúnach, lena n‑áirítear printíseachtaí chun daoine a ullmhú leis na scileanna riachtanacha.
Faoi Chomhshocrú an Aontais um Scileanna
, thacaigh an Coimisiún le comhpháirtíocht scileanna ar scála mór a bhunú don éiceachóras teicstílí chun uasoiliúint, athoiliúint agus sealbhú agus aistriú scileanna glasa agus digiteacha a chur chun cinn, lena n‑áirítear eolas ar mheasúnú saolré agus ar mheasúnú slabhra luacha. I gcomhréir leis an gClár Oibre Nua Scileanna don Eoraip, le Compás Digiteach 2030 agus le cuspóirí chruinniú mullaigh Porto, leis an gComhaontú um Scileanna don éiceachóras teicstílí, a seoladh an 16 Nollaig 2021, gealltar príomhtháscairí feidhmíochta sonracha d’fhonn comhpháirtíochtaí áitiúla a chruthú idir an tionsclaíocht, údaráis phoiblí agus soláthraithe oideachais. Áirítear ar na gníomhaíochtaí a comhaontaíodh éagsúlú i mbainistiú cuideachtaí a mhéadú suas le 5 % gach bliain, go háirithe an rochtain atá ag mná ar phoist ar leibhéil níos airde; tacú le 10 000 FBM ina n‑iarrachtaí digitithe; 20 próiseas agus uirlis nua oideachais a dhearadh chun freagairt do scileanna glasa agus digiteacha; tairiscint na bprintíseachtaí san earnáil a mhéadú 20 %; agus gealltanais eile maidir le huasoiliúint agus athoiliúint an lucht saothair sna blianta atá le teacht.
4.Slabhraí luacha teicstíle inbhuanaithe a nascadh ar bhonn domhanda
Féachfaidh an tAontas le dul chun cinn domhanda i dtreo teicstílí níos inbhuanaithe agus níos ciorclaí a bhaint amach i bhfóraim idirnáisiúnta (G7, G20), i gcomhthéacs na Comhghuaillíochta Domhanda maidir leis an nGeilleagar Ciorclach agus le hÉifeachtúlacht Acmhainní (GACERE) agus Chomhthionól Comhshaoil na Náisiún Aontaithe. Rachaidh an Coimisiún i dteagmháil le comhpháirtithe eile ar an leibhéal domhanda, réigiúnach agus déthaobhach chun comhar a chur chun cinn agus tionscnaimh lena dtacaítear le slabhraí luacha teicstílí inbhuanaithe agus le faisean inbhuanaithe. Is sampla praiticiúil de rannpháirtíocht den sórt sin é tionscadal InTex, tionscadal de chuid Chlár Comhshaoil na Náisiún Aontaithe (UNEP) atá maoinithe ag an Aontas, chun Cleachtais Ghnó Nuálacha agus Samhlacha Eacnamaíocha a spreagadh sa Slabhra Luacha Teicstílí.
4.1.Dícheall cuí maidir le cothroime chomhshaoil agus shóisialta
Déantar an chuid is mó de na teicstílí deiridh éadaigh agus teaghlaigh a thomhlaítear san Eoraip a allmhairiú ó thríú tíortha. In 2019, bhí an tAontas Eorpach ar cheann de na hallmhaireoirí éadaigh is mó ar domhan dar luach iomlán EUR 80 billiún. Le cur chun cinn slabhraí luacha níos glaise agus níos cothroime thar theorainneacha agus ilchríocha, áiritheofar go gcuirfear gnéithe sóisialta agus comhshaoil araon ar fud an domhain san áireamh agus táirgí teicstílí a thomhlaítear san Eoraip agus lasmuigh de á monarú.
Sa Teachtaireacht maidir le hobair chuibhiúil ar fud an domhain le haghaidh aistriú cóir domhanda agus téarnamh inbhuanaithe sainaithnítear teicstílí mar phríomhearnáil ina gcuirfear dálaí oibre cuibhiúla chun cinn tríd an gcaidreamh déthaobhach agus trí fhóraim iltaobhacha. Sa chomhthéacs sin, d’fhéadfaí an comhionannas inscne a chur chun cinn sa tionscal teicstílí mar meastar gur mná iad 75 % de na hoibrithe éadaigh ar domhan. Ina theannta sin, faoi chuimsiú an Chláir ‘Obair Níos Fearr’, tacaíonn an Coimisiún le tríú tíortha comhpháirtíochta chun dálaí oibre a fheabhsú agus comhlíonadh na gcaighdeán saothair idirnáisiúnta a mhéadú.
I gcomhthéacs na slabhraí luacha teicstílí, le treoir ECFE um dhícheall cuí i dtaca leis an earnáil éadaigh agus coisbhirt sainaithnítear roinnt rioscaí coiteanna maidir le sáruithe tromchúiseacha ar chearta an duine agus ar chearta saothair, lena n‑áirítear saothar leanaí, idirdhealú, saothar éignithe, imní maidir le sláinte agus sábháilteacht ag an obair, agus pá éagórach. Leis an togra le haghaidh Treoir maidir le Dícheall Cuí i ndáil le hInbhuanaitheacht Chorparáideach, tugtar isteach oibleagáid maidir le dícheall cuí cothromach ar chuideachtaí móra chun drochthionchair iarbhír nó fhéideartha ar chearta an duine, lena n‑áirítear cearta saothair, an timpeallacht in oibríochtaí na gcuideachtaí féin agus ina slabhraí luacha domhanda, a shainaithint, a chosc, a mhaolú, a thabhairt chun críche agus a chur san áireamh. Cuideachtaí meánchaipitlithe (cuideachtaí móra a bhfuil níos mó ná 250 fostaí acu agus os cionn EUR 40 milliún láimhdeachas) atá gníomhach in earnálacha ardtionchair, lena n‑áirítear san earnáil teicstílí, tagann siad faoina raon feidhme freisin. Beidh ar chuideachtaí tríú tíortha a bhfuil baint acu le slabhraí luacha teicstílí ceannaitheoirí Eorpacha, nó ceannaitheoirí móra atá ag feidhmiú san Aontas, a ghineann láimhdeachas suntasach san Aontas, na hoibleagáidí sin a chomhlíonadh freisin. Thairis sin, le Straitéis an Aontais maidir le Cearta an Linbh cuirtear i dtábhacht an ‘neamhfhulaingt ar shaothar leanaí’ agus iarrtar ar Bhallstáit an Aontais a slabhraí luacha a scaoileadh saor ó shaothar leanaí. Tá tionscnamh reachtaíochta nua á ullmhú ag an gCoimisiún freisin chun cosc éifeachtach a chur ar tháirgí a dhéantar le saothar éignithe, lena n‑áirítear le saothar leanaí éignithe, a chur ar mhargadh an Aontais.
Ina theannta sin, le forbairt agus cur chun feidhme leanúnach an chreata idirnáisiúnta maidir le trédhearcacht agus inrianaitheacht le haghaidh slabhraí luacha inbhuanaithe sa tionscal éadaigh agus coisbhirt
, déanfar bainistiú slabhraí luacha ar bhealach níos éifeachtaí a éascú, sáruithe saothair agus cearta an duine agus tionchair ar an gcomhshaol a shainaithint agus tabharfar aghaidh a thabhairt orthu.
4.2.Aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le dramhaíl teicstílí a onnmhairiú
Tá méadú seasta ag teacht aronnmhairí dramhaíola teicstílí lasmuigh den Aontas, rud a shroich 1.4 milliún in 2020. Faoin togra ón gCoimisiún le déanaí maidir le rialacha nua de chuid an Aontais maidir le loingsiú dramhaíola, ní cheadófaí dramhaíl teicstílí a onnmhairiú chuig tíortha neamh‑ECFE ach amháin faoin gcoinníoll go dtabharfadh na tíortha sin fógra don Choimisiún ina léirítear go bhfuil siad toilteanach cineálacha sonracha dramhaíola a onnmhairiú agus ina léirítear an cumas atá acu í a bhainistiú ar bhealach inbhuanaithe.
Chun a áirithiú nach féidir lipéad bréagach a chur ar shruthanna dramhaíola mar earraí athláimhe nuair a onnmhairítear ón Aontas iad agus an córas dramhaíola a sheachaint ar an gcaoi sin, ar bhonn cumhachtaithe dá bhforáiltear sa togra, déanfaidh an Coimisiún breithniú ar chritéir shonracha ar leibhéal an Aontais a fhorbairt chun idirdhealú idir dramhaíl agus táirgí teicstílí athláimhe áirithe. Seoladh glao faoin gclár LIFE chun feabhas a chur ar inrianaitheacht onnmhairí teicstílí úsáidte agus dramhaíl teicstílí.
Oibreoidh an Coimisiún freisin chun trédhearcacht agus inbhuanaitheacht i dtrádáil dhomhanda i ndáil le dramhaíl teicstílí agus teicstílí úsáidte, Ar an leibhéal déthaobhach, neartóidh an tAontas a chomhar maidir le saincheisteanna comhleasa a bhaineann le loingsiú dramhaíola teicstílí trína idirphlé faoin gcomhshaol le tríú tíortha agus réigiúin, agus i gcomhthéacs na gcaibidlí maidir le forbairt inbhuanaithe i gcomhaontuithe trádála déthaobhacha agus ó réigiún go réigiún an Aontais freisin, i gcás inarb ábhartha, i gcomhréir le cuspóirí ginearálta an Aontais chun an ghné inbhuanaitheachta dá bheartas trádála a mhéadú.
5.Conclúid
Chun inbhuanaitheacht níos mó a bhaint amach maidir leis an éiceachóras teicstílí, tá gá le hathruithe doimhne ar an mbealach líneach atá i réim faoi láthair ina ndéantar táirgí teicstílí a dhearadh, a tháirgeadh, a úsáid agus a dhiúscairt, mar aon lena thionchar ar an athrú aeráide a laghdú, ar úsáid acmhainní neamh‑inbhuanaithe agus ar thruailliú comhshaoil, agus chun deireadh a chur leis an sárú ar chearta an duine sna slabhraí luacha teicstílí.
Leis an aistriú chuig tionscal teicstílí atá inbhuanaithe agus ciorclach, i sineirgíocht le clár oibre láidir digitithe agus cothroime shóisialta, is féidir cabhrú leis an earnáil téarnamh ó ghéarchéim COVID-19, feabhas a chur ar a hathléimneacht don todhchaí agus a hinbhuanaitheacht iomaíoch a neartú, agus rannchuidiú go dearfach chun aghaidh a thabhairt ar ghéarchéimeanna aeráide agus bithéagsúlachta agus ar an éagóir shóisialta.
Iarrann an Coimisiún ar institiúidí agus ar chomhlachtaí an Aontais an Straitéis sin a fhormhuiniú agus iarrann sé ar na Ballstáit, ar an slabhra luacha iomlán agus ar na comhpháirtithe idirnáisiúnta gealltanas a thabhairt go ndéanfaidh siad gníomhaíocht dhaingean nithiúil chun í a chur chun feidhme.