AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,25.11.2021
COM(2021) 725 final
2021/0380(COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
{SEC(2021) 572 final} - {SWD(2021) 344 final} - {SWD(2021) 345 final}
MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN
1.COMHTHÉACS AN TOGRA
•Forais agus cuspóirí an togra
Tá bunú Pointe Rochtana Aonair Eorpaigh (ESAP) faoi 2024 ina bheart suaitheanta de chuid Phlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil a ghlac an Coimisiún Eorpach i Meán Fómhair 2020. Rannchuideoidh ESAP le cuspóirí Aontas na Margaí Caipitil a bhaint amach trí rochtain uile-Aontais a sholáthar ar fhaisnéis arna foilsiú ag eintitis atá ábhartha do mhargaí caipitil, seirbhísí airgeadais agus airgeadas inbhuanaithe i.e. faisnéis faoina ngníomhaíochtaí eacnamaíocha agus faoina dtáirgí eacnamaíocha, go príomha. Soláthróidh ESAP rochtain ar an bhfaisnéis sin ar bhealach éifeachtúil agus neamh-idirdhealaitheach.
Tá faisnéis faoi ghníomhaíochtaí agus faoi tháirgí na n‑eintiteas ríthábhachtach le haghaidh cinnteoireacht soláthraithe caipitil. Rannchuideoidh ESAP le comhtháthú breise na seirbhísí airgeadais agus na margaí caipitil sa mhargadh aonair, le leithdháileadh caipitil ar bhealach níos éifeachtúla ar fud an Aontais agus le forbairt na margaí caipitil náisiúnta beaga agus forbairt na ngeilleagar a chur chun cinn trí infheictheacht níos fearr a thabhairt dóibh. Cuirfidh ESAP ar chumas eintiteas neamhliostaithe, lena n‑áirítear fiontair bheaga agus mheánmhéide (FBManna) faisnéis a chur ar fáil ar bhonn deonach. Éascófar leis sin an rochtain a bheidh acu ar chaipiteal.
Cuid de phacáiste is ea an togra seo ina bhfuil na nithe seo a leanas:
–togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach;
–togra le haghaidh Treoir lena leasaítear Treoracha áirithe; agus
–togra le haghaidh Rialachán lena leasaítear Rialacháin áirithe (an togra seo).
Tá gá le leasuithe ar rialacháin áirithe chun na cuspóirí thuas a bhaint amach chun rannchuidiú le comhtháthú an mhargaidh aonair, go háirithe maidir le bailiú faisnéise atá le cur ar fáil do ESAP.
•Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana
Cuireann an togra seo le ceanglais na reachtaíochta atá ann cheana i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus an airgeadais inbhuanaithe. Chun go bhfeidhmeoidh na margaí caipitil go héifeachtúil, tá sé riachtanach go mbeadh sreabhadh rialta faisnéise ábhartha, iontaofa, iomlán, tráthúil agus inchomparáide ar fáil do rannpháirtithe sa mhargadh agus do pháirtithe leasmhara eile.
Ní chruthaítear leis an togra seo aon cheanglas nua um thuairisciú ó thaobh ábhair de, ach cuireann sé leis na ceanglais nochta atá ann cheana dá bhforáiltear sna gníomhartha dlí de chuid an Aontais Eorpaigh a leasaítear leis an togra seo.
•Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais
Cuidíonn an togra seo le cur chun feidhme na straitéise Eorpaí le haghaidh socruithe sonraí i dTeachtaireacht ón gCoimisiún i mí Feabhra 2020, trí infhaighteacht na faisnéise ábhartha a chumasú spás coiteann sonraí Eorpach airgeadais. Cuid de na spásanna sonraí airgeadais Eorpacha is ea é ESAP a chuirtear i láthair sa straitéis.
Ina Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, chuir an Coimisiún maoiniú inbhuanaithe i gcroílár an chórais airgeadais agus mar réamhchoinníoll chun creat cumasúcháin a chruthú d’infheistíochtaí príobháideacha i dtionscadail agus gníomhaíochtaí inbhuanaithe.
Ina theannta sin, rannchuidíonn an togra seo le cuspóirí an Chomhaontaithe Ghlais don Eoraip a bhaint amach agus leis an Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú trí aghaidh a thabhairt ar infhaighteacht agus inúsáidteacht faisnéise faoi inbhuanaitheacht ghníomhaíochtaí na n‑eintiteas Eorpach.
2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT
•Bunús dlí
Dá mbeadh idirghabháil ar leibhéal an Aontais ann chun ilroinnt a laghdú, trí bhíthin pointe rochtana aonair, rannchuideodh sé tuilleadh le comhtháthú an mhargaidh aonair trí dheireadh a chur le bacainní ar scaipeadh faisnéise laistigh den Aontas. Leis an gConradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh (CFAE), tugtar an inniúlacht do na hinstitiúidí Eorpacha forálacha iomchuí a leagan síos a bhfuil bunú agus feidhmiú an mhargaidh inmheánaigh mar chuspóir acu (
Airteagal 114 CFAE
).
•Coimhdeacht (i gcás inniúlacht neamheisiach)
Ní féidir leis na Ballstáit cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar bhonn aonair. Tá saoirse áirithe ag na Ballstáit faoi láthair rialacha a cheapadh maidir le sásraí agus formáidí na gceanglas um thuairiscitú corparáideach atá leagtha amach i reachtaíocht an Aontais. Mar gheall ar ilroinnt gheografach agus théamach na sásraí agus na bhformáidí nochta, atá forleatach san Aontas, méadaíonn sé costais rochtana agus próiseála d’úsáideoirí faisnéise corparáidí. Dá ndéanfadh na Ballstáit tuilleadh gníomhaíochtaí aonair, ní laghdófaí an ilroinnt sin ach amháin má bhogann siad sa treo céanna chun pointe rochtana aonair a bhunú agus chun aghaidh a thabhairt ar roinnt bacainní, agus is beag an dóchúlacht gur amhlaidh a bheidh gan cur chuige comhordaithe.
Dá bhrí sin, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach.
•Comhréireacht
I gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní théann an tionscnamh seo thar a bhfuil riachtanach chun cuspóirí an tionscnaimh seo a ghnóthú. Ní chuirfidh an togra seo le ceanglais um thuairisciú ná ní mhodhnófar iad ó thaobh ábhair de. Chun an t‑ualach ar eintitis agus ar údaráis náisiúnta a íoslaghdú, cuireann ESAP a mhéid is féidir leis na bealaí tuairiscithe sonraí agus leis an mbonneagar atá ann cheana.
•An rogha ionstraime
Meastar gurb é Rialachán Omnibus an ionstraim dlí is iomchuí chun Rialacháin atá ann cheana a leasú chun ESAP a bhunú ós rud é go sonraítear leis an gcuid is mó de na forálacha istigh ann an fhaisnéis phoiblí ba cheart a chur faoi bhráid ESAP trí chomhlacht bailiúcháin. Ina theannta sin, le Rialachán cuirfear deireadh leis an riosca go mbeidh éagsúlachtaí ann idir dlíthe náisiúnta nach bhfuil gá leo maidir leis na meiteashonraí a bheidh le cur san áireamh ag eintitis san fhaisnéis a fhoilsítear agus na cúraimí a bheidh le déanamh ag na comhlachtaí bailiúcháin, rud atá ríthábhachtach chun go bhfeidhmeoidh ESAP mar is ceart.
3.TORTHAÍ AR MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, AR CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS AR MHEASÚNUITHE TIONCHAIR
•Meastóireachtaí ex post/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana
Baintear leas sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo – inter alia – as seiceáil oiriúnachta ar chreat AE le haghaidh tuairisciú poiblí ag eintitis a d’fhoilsigh an Coimisiún i mí Aibreáin 2021. Toradh tábhachtach ar an tseiceáil oiriúnachta seo is ea an gá leas a bhaint as acmhainneacht na n‑uirlisí digiteacha chun rochtain ar fhaisnéis rialáilte arna nochtadh ag eintitis, úsáid agus athúsáid na faisnéise sin a fheabhsú. Leagadh béim sa tseiceáil oiriúnachta, go háirithe, ar an easpa rochtana ar fhaisnéis rialáilte ar fhaisnéis rialáilte agus ar inléiteacht theoranta na faisnéise arna nochtadh ag eintitis ar fud an Aontais.
•Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara
Déantar achoimre ar an bpróiseas comhairliúcháin agus ar na príomhchonclúidí ar a bhfuil an togra seo bunaithe in Iarscríbhinn 2 den Mheasúnú Tionchair a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialachán lena mbunaítear ESAP. I measc na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin bhí comhairliúchán spriocdhírithe ar líne, ceardlanna le catagóirí éagsúla geallsealbhóirí ábhartha, agus ionchur ó ghrúpaí saineolaithe ábhartha arna mbunú ag an gCoimisiún, go háirithe an Fóram Ardleibhéil maidir le hAontas na Margaí Caipitil.
Ar an iomlán, ba dhíol sásaimh do na grúpaí geallsealbhóirí uile a ndeachthas i gcomhairle leo tionscnamh an Choimisiúin maidir le ESAP agus chuir siad in iúl go dtacaíonn siad le cur chun feidhme de réir a chéile chun tús áite a thabhairt don fhaisnéis maidir le ESAP i gcéimeanna éagsúla agus chun an fhaisnéis sin a chur ar fáil. Leag na páirtithe leasmhara béim freisin ar a thábhachtaí atá sé leas a bhaint as prionsabal ‘comhadú uair amháin’. Ullmhaitheoirí na faisnéise atá le tuairisciú go poiblí agus FBManna, chuir siad béim freisin ar an ngá atá ann gan ualaí breise riaracháin a chruthú, lena n‑áirítear gan aon cheanglas um thuairisciú nua a thabhairt isteach d’eintitis.
Thacaigh formhór na bpáirtithe leasmhara le raon leathan faisnéise atá le cur san áireamh in EASP lena gcumhdaítear idir fhaisnéis airgeadais agus fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht. Chreid formhór mór na bpáirtithe leasmhara gur rud úsáideach a bheadh i gcaighdeánú na faisnéise faoi chomhchreat tuairiscithe ina bhfuil scéimeanna coiteanna agus meiteashonraí coiteanna chun aghaidh a thabhairt ar na dúshláin a bhaineann le hinchomparáideacht, iontaofacht, agus in-athúsáideacht faisnéise. Luaigh siad freisin go bhfuil easpa comhchaighdeán den sórt sin ar cheann de na príomhbhacainní ar úsáideoirí agus ar an tsochaí agus iad ag próiseáil faisnéis shóisialta agus rialachais a bhaineann leis an gcomhshaol agus airgeadais.
Tá tuairimí comhchosúla ag formhór na ngeallsealbhóirí maidir le gné an bhonneagair agus maidir leis an gcaoi ar cheart do ESAP faisnéis a bhailiú, agus tugann siad le fios gur cheart do ESAP cur leis na bealaí tuairiscithe náisiúnta nó Eorpacha atá ann cheana. Ina theannta sin, d’iarr páirtithe leasmhara go gcuirfí faisnéis ar fáil trí ESAP agus go bhfoilsítear í san am céanna i meán nó ar bhealach ar bith eile.
•Bailiú agus úsáid saineolais
Sa mheasúnú tionchair a ghabhann leis an togra seo baintear leas freisin as sonraí atá ar fáil ó thaighde deisce agus go háirithe as na staidéir agus an saineolas seo a leanas:
–Staidéar ar ‘Regulatory framework analysis for potential integration into the European Electronic Access Point (EEAP)’ [Anailís ar an gcreat rialála le haghaidh comhtháthú a d’fhéadfaí a dhéanamh sa Phointe Rochtana Leictreonach Eorpach (EEAP)];
–‘Impact Assessment study on the list of High Value Datasets to be made available by the Member States under the Open Data Directive’ [Staidéar ar Mheasúnú Tionchair ar liosta na dTacair Sonraí Ardluacha atá le cur ar fáil ag na Ballstáit faoin Treoir maidir le Sonraí Oscailte];
–Saineolas arna soláthar ag Business Reporting – Advisory Group (BR-AG), cuideachta a rinne conradh go sonrach chun cabhrú leis an gCoimisiún don tionscnamh seo.
Bhí an t‑ábhar a bailíodh agus a úsáideadh chun an measúnú tionchair a chothú fíorasach nó bhí sé ag teacht ar bhealach eile ó fhoinsí creidiúnacha agus aitheanta a fheidhmíonn mar thagarmharcanna agus mar phointí tagartha don ábhar. Tríd is tríd, rinneadh ionchur a fuarthas ó pháirtithe leasmhara le linn na ngníomhaíochtaí comhairliúcháin a láimhseáil mar thuairimí, ach amháin de chineál fíorasach.
•Measúnú tionchair
Scrúdaigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála an Measúnú Tionchair a ghabhann leis an togra seo an 22 Iúil 2021. Thug an Bord tuairim dhearfach ina raibh roinnt tuairimí, ar thug an Coimisiún aghaidh orthu sa leagan deiridh den Mheasúnú Tionchair (tá mionsonraí in Iarscríbhinn 1 de).
Déantar anailís sa Mheasúnú Tionchair ar roinnt roghanna beartais chun na cuspóirí sonracha a bhaint amach maidir le rochtain éasca agus comhtháite a chumasú ar fhaisnéis phoiblí na n‑eintiteas ábhartha agus chun úsáid dhigiteach (agus athúsáid) na faisnéise sin a mhéadú. Baineann na roghanna beartais a d’fhéadfadh a bheith ábhartha don togra seo leis na gnéithe seo a leanas: (1) raon feidhme na faisnéise a bhfuil rochtain uirthi trí ESAP; (2) formáid na faisnéise a bhfuil rochtain uirthi trí ESAP; (3) tiomsú na faisnéise a bhfuil rochtain uirthi trí ESAP agus idirnascadh na bpointí bailiúcháin atá ann cheana. Is iad sin na príomhghnéithe i dtéarmaí aghaidh a thabhairt ar na fadhbanna a sainaithníodh agus is iad príomhchinntithigh na gcostas iad freisin.
Rinneadh measúnú freisin ar na gnéithe seo a leanas, cé go meastar go bhfuil siad níos teicniúla agus nach bhfuil chomh tábhachtach céanna chun cuspóirí sonracha ESAP a bhaint amach: (i) tráthúlacht inrochtaineachta faisnéise trí ESAP; (ii) sláine sonraí agus creidiúnacht na foinse a áirithiú; (iii) marthanú; (iv) tréimhse coinneála; (v) prionsabail maidir le ‘faisnéis dheonach’ ar féidir rochtain a fháil orthu trí ESAP.
•Oiriúnacht rialála agus simpliú
Leis an togra seo, tugtar aghaidh den chuid is mó ar chomhlachtaí bailiúcháin a ainmniú, comhlachtaí a bhfuil gá leo chun ESAP a bhunú. Tiocfaidh simpliú agus éifeachtúlacht fheabhsaithe as ESAP, trí bhealaí nochta a chuíchóiriú, ar thaobh an éilimh (úsáideoirí) den chuid is mó, agus beidh laghdú ar chostais chuardaigh agus phróiseála, agus go pointe áirithe, ar eintitis ó thaobh oibleagáidí comhdaithe de.
•Cearta bunúsacha
Leis an togra seo urramaítear cearta bunúsacha agus comhlíontar na prionsabail a aithnítear go háirithe le Cairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Feabhsóidh ESAP rochtain ar fhaisnéis lena n‑áirítear sonraí pearsanta. Tá sé sin riachtanach chun nuálaíocht shonraíbhunaithe a chur chun cinn san airgeadas, chun cabhrú le margaí caipitil na hEorpa a chomhtháthú, infheistíochtaí a chur i dtreo gníomhaíochtaí inbhuanaithe, agus éifeachtúlacht a thabhairt do thomhaltóirí agus do ghnólachtaí. San am céanna, ní chuirfidh ESAP feabhas ar rochtain ach ar na sonraí pearsanta sin nach mór a phróiseáil de bhun dhlí an Aontais nó de bhun bunús dlí eile de bhun Rialachán (AE) 2016/679, toisc nach dtugtar isteach leis an togra seo ceanglais nua maidir le tuairisciú sonraí sa bhreis orthu siúd atá ann cheana.
4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA
Leis an togra seo, tugtar aghaidh den chuid is mó ar na heintitis a chomhdaíonn faisnéis agus ar na comhlachtaí bailiúcháin.
Chun cuspóirí an tionscnaimh seo a bhaint amach ar an mbealach is fearr, níl aon impleachtaí breise ag an togra seo ó thaobh costas ná an méid atá neamhchosanta ar an ráiteas airgeadais dlíthiúil agus na himpleachtaí buiséadacha atá ag an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear ESAP do chomhlachtaí bailiúcháin náisiúnta nó de chuid an Aontais (Sásraí a Cheapfar go hOifigiúil, Údaráis Inniúla Náisiúnta, Údaráis Mhaoirseachta Eorpacha dá dtagraítear i gcomhthéacs reachtaíocht an Aontais maidir le seirbhísí airgeadais, margaí caipitil agus inbhuanaitheacht).
I gcás na gcomhlachtaí bailiúcháin, meastar gur thart ar EUR 50 800 ar an leibhéal aonair (aonuaire) a bheidh na costais a bhaineann leis an Aontas/comhlachtaí bailithe náisiúnta a idirnascadh le ESAP (agus sin bunaithe go príomha ar chomhéadain feidhmchláir a fhorbairt), agus san am céanna gur thart ar EUR 6 500 a bheidh na costais athfhillteacha bliantúla. I gcásanna áirithe, tá sineirgí láidre ann le cúraimí atá ann cheana féin nó le tionscadail atá pleanáilte cheana féin ag comhlachtaí bailiúcháin, amhail an togra a rinneadh le déanaí chun Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 a leasú chun cumhacht a thabhairt don Údarás Baincéireachta Eorpach (ÚBE) foilsiú nochtuithe stuamachta bliantúla, leathbhliantúla agus ráithiúla na n‑institiúidí a lárú. Feidhmeoidh ÚBE mar chomhlacht bailiúcháin i ndáil leis an bhfaisnéis sin i gcomhthéacs ESAP. Cuireann an togra seo freisin leis na Sásraí a Ceapadh go hOifigiúil agus a bhailíonn faisnéis rialáilte faoi láthair ó eisitheoirí urrús inaistrithe atá liostaithe ar mhargaí rialáilte an Aontais Eorpaigh de bhun na Treorach um Thrédhearcacht.
EUR 800 in aghaidh na bliana a bheadh i gcostais ar na heintitis chomhdaithe (costais chomhdaithe) ina mbeadh na costais a bhaineann le haitheantóir eintitis dhlítheanaigh a fháil, uirlisí sínithe, deimhniú digiteach, agus táillí comhdaithe féideartha arna ngearradh ag na comhlachtaí bailiúcháin (meastachán a bheadh faoi cheangal níos airde – sainchumas náisiúnta a bheidh i maoiniú na gcomhlachtaí bailiúcháin, agus d’fhéadfadh maoiniú poiblí a bheith san áireamh go coitianta). EUR 121.4 milliún in aghaidh na bliana a bheadh sna costais sin do na heintitis chomhdaithe ar fad.
Ní féidir impleachtaí buiséadacha an mhéid thuas maidir leis na buiséid náisiúnta a thuar go cinnte cé is moite den scrúdú a dhéanfar ar chostais, mar go mbeidh sin ag brath ar go leor tosca, lena n‑áirítear cibé acu comhlacht bailiúcháin poiblí nó príobháideach é, na socruithe maoinithe atá acu faoi láthair, etc.
Cuireann an Coimisiún saineolas saincheaptha ar fáil trí Thionscnamh Tacaíochta Teicniúla (TSI) chun cabhrú le Ballstáit de chuid an Aontais athchóirithe feabhsaithe fáis a cheapadh agus a chur chun feidhme i raon leathan réimsí beartais. Le clár TSI an Choimisiúin, is féidir leis na hÚdaráis Inniúla Náisiúnta, arna iarraidh sin dóibh, an tacaíocht theicniúil a mhaoiniú i bpáirt chun ESAP a chur chun feidhme. Trí chlár TSI, déanfaidh an Coimisiún ionchur a sholáthar maidir le gnéithe praiticiúla na n‑athchóirithe freisin. D’fhéadfadh sin a bheith i bhfoirm comhairle straitéisí nó dlí, staidéir, oiliúna agus misin intíre ag saineolaithe. Tá an maoiniú a sholáthraítear tríd an STI bunaithe ar na babhtaí iarratais bliantúla.
5.EILIMINTÍ EILE
•Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe
Ní éilítear plean cur chun feidhme leis an togra seo.
Bheadh sé de chúram ar ESMA faireachán a dhéanamh ar eilimintí áirithe den togra seo, go háirithe a mhéid a bhaineann lena inléite atá an fhaisnéis, i gcomhréir leis an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear ESAP.
Sa togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear ESAP, tá clásal athbhreithnithe le haghaidh an phacáiste.
•Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra
Le gach Airteagal den togra seo leasaítear Rialachán sonrach as measc na gceann atá liostaithe san Iarscríbhinn a ghabhann leis an togra le haghaidh Rialacháin lena mbunaítear ESAP, trí fhoráil bhreise a thabhairt isteach lena rialófar na gnéithe sonracha seo a leanas chun feidhmiú ESAP a chumasú:
(1)Nochtadh agus formáid faisnéise áirithe
Sonraítear san fhoráil bhreise sin nach mór aon fhaisnéis, aon doiciméad agus aon tuarascáil a chuireann eintiteas ar fáil go poiblí faoi dhlí an Aontais (lena n‑áirítear gníomhaireachtaí rátála creidmheasa, cistí, contrapháirtithe lárnacha, taisclanna lárnacha urrús, eisitheoirí urrús, iniúchóirí nó institiúidí creidmheasa, de réir mar is infheidhme), a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin i bhformáid atá inbhainte ó thaobh sonraí de nó i bhformáid meaisín-inléite, i gcás inarb ábhartha, i gcomhthráth lena bhfoilsiú.
Sonraítear san fhoráil sin freisin nach mór ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a bheith ag gabháil le haon fhaisnéis, doiciméad agus tuarascáil atá le cur ar fáil go poiblí agus nach mór na meiteashonraí seo a leanas ar a laghad a bheith ar áireamh iontu:
–ainm an eintitis atá ag cur na faisnéise isteach;
–aitheantóir an eintitis dhlítheanaigh;
–méid an eintitis;
–an cineál faisnéise;
–an tréimhse shonrach ama chun an fhaisnéis a chur ar fáil don phobal, i gcás inarb ábhartha.
Forbróidh an tÚdarás Maoirseachta Eorpach ábhartha (i.e. ESMA, ÚBE nó ÚEÁPC), agus sin bunaithe ar anailís chostais/sochair, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme chun an méid seo a leanas a shonrú:
–na meiteashonraí sonracha atá le háireamh san fhaisnéis;
–struchtúrú na sonraí ar an bhfaisnéis;
–an fhormáid mheaisín-inléite.
Tugtar de chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a ghlacadh trí bhíthin gníomhartha cur chun feidhme.
(2)Comhlachtaí bailiúcháin a ainmniú
Sonraítear san fhoráil seo an comhlacht bailiúcháin ábhartha ar cheart d’eintiteas comhdaithe an fhaisnéis a chur faoina bhráid. I gcás ina sainaithnítear comhlacht bailiúcháin laistigh de Rialachán cheana féin, déanfar é a ainmniú go sonrach chun faisnéis a bhailiú chun críche ESAP. Nuair nach féidir comhlacht bailiúcháin a shainaithint laistigh de Rialachán chun críche ESAP, déantar cúram a bheith ina gcomhlachtaí bailiúcháin chun críche ESAP a chineachadh ar shásraí arna gceapadh go hoifigiúil arna mbunú faoi Threoir 2004/109/CE (an Treoir Trédhearcachta).
(3)Dáta cur i bhfeidhm
Leis an dáta cur i bhfeidhm a shonraítear i ngach Airteagal, cinntear cén uair a thiocfaidh Rialachán sonrach agus a oibleagáidí gaolmhara maidir le nochtadh faoi raon feidhme ESAP.
2021/0380 (COD)
Togra le haghaidh
RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE
lena leasaítear Rialacháin áirithe maidir le bunú agus oibriú an Phointe Rochtana Aonair Eorpaigh
(Téacs atá ábhartha maidir leis an LEE)
TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,
Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,
Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,
Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,
Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa,
Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,
De bharr an mhéid seo a leanas:
(1)I bPlean Gníomhaíochta Aontas na Margaí Caipitil (CMU), mhol an Coimisiún feabhas a chur ar rochtain an phobail ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais de chuid eintiteas trí Phointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) a thógáil. Le Straitéis Airgeadais Dhigitigh an Choimisiúin, leagadh amach línte ginearálta maidir leis an gcaoi inar féidir leis an Eoraip tacú leis an gclaochlú digiteach airgeadais sna blianta atá le teacht, agus go háirithe chun airgeadas sonraíbhunaithe a chur chun cinn. Sa Straitéis maidir leis an Aistriú chuig Geilleagar Inbhuanaithe a Mhaoiniú, chuir an Coimisiún maoiniú inbhuanaithe i gcroílár an chórais airgeadais mar chur chuige ríthábhachtach chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach, mar chuid den Chomhaontú Glas.
(2)Tá ESAP le bunú i gcomhréir le Rialachán (AE) XXX/XXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle [Rialachán ESAP] d’fhonn rochtain éasca ar shonraí a chumasú le haghaidh cinnteoirí sa gheilleagar agus sa tsochaí chun cinntí fónta a dhéanamh a fhreastalaíonn ar fheidhmiú éifeachtúil an mhargaidh. Dá rollfaí amach spásanna coiteanna sonraí Eorpach in earnálacha ríthábhachtacha, lena n‑áirítear an earnáil airgeadais, d’fhreastalófaí ar an gcuspóir sin. Meastar go rachaidh an domhan airgeadais faoi chlaochlú digiteach sna blianta atá le teacht, agus ba cheart don Aontas tacú leis seo, trí airgeadas sonraíbhunaithe a chur chun cinn go háirithe. Ina theannta sin, maidir le hairgeadas inbhuanaithe a chur i gcroílár an chórais airgeadais, is cur chuige ríthábhachtach é chun aistriú glas gheilleagar an Aontais a bhaint amach. Ionas go n‑éireoidh leis an aistriú glas trí bhíthin airgeadas inbhuanaithe, tá sé fíor-riachtanach go mbeidh rochtain éasca ag infheisteoirí ar fhaisnéis a bhaineann le hinbhuanaitheacht na ngnólachtaí ionas go mbeidh siad níos eolaí agus cinntí á ndéanamh acu faoi infheistíochtaí. Chun na críocha sin, maidir le rochtain an phobail ar fhaisnéis airgeadais agus neamhairgeadais maidir le daoine nádúrtha nó dlítheanacha a gceanglaítear orthu faisnéis a chur ar fáil don phobal, nó maidir le faisnéis airgeadais nó faisnéis a bhaineann leis an inbhuanaitheacht i dtaobh a ngníomhaíochtaí eacnamaíocha a chur faoi bhráid comhlacht bailiúcháin ar bhonn deonach (‘eintitis’), ba cheart iad a fheabhsú. Is modh éifeachtúil é chun é sin a dhéanamh ar leibhéal an Aontais ardán láraithe, ESAP, a bhunú, lena dtabharfar rochtain leictreonach ar an bhfaisnéis ábhartha uile.
(3)Ba cheart d’ESAP rochtain éasca láraithe a chur ar fáil don phobal ar fhaisnéis faoi eintitis agus faoina dtáirgí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht a gceanglaítear ar eintitis agus údaráis í a fhoilsiú i gcomhréir le roinnt Treoracha sa réimse sin. In aon chás, féadfaidh aon duine nádúrtha nó dlítheanach faisnéis faoina ghníomhaíochtaí eacnamaíocha ábhartha a chur faoi bhráid seirbhísí airgeadais, nó faoi bhráid margaí caipitil, nó maidir le faisnéis faoin inbhuanaitheacht, faoi bhráid comhlacht bailiúcháin d’fhonn an fhaisnéis sin a chur ar fáil ar EASP i gcomhréir le hAirteagal 3 de Rialachán (AE) XXX/XXX [Rialachán ESAP].
(4)Ba cheart roinnt Rialachán i réimse na seirbhísí airgeadais, na margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta a leasú d’fhonn feidhmiú ESAP a chumasú. Ionas go bhféadfadh ESAP a fheidhmiú go fónta agus go héifeachtúil ar mhodh comhréireach, ba ghá d’uas-scálú an bhailithe agus do chur isteach na faisnéise a dhéanamh de réir a chéile.
(5)Ar mhaithe le feidhmiú ESAP, ba cheart comhlachtaí bailiúcháin a ainmniú chun an fhaisnéis a bhaineann le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht a bhailiú ó na heintitis ábhartha. In éagmais comhlachta bailiúcháin arna bhunú cheana faoi dhlí an Aontais, déanfaidh na Ballstáit ceann de na Sásraí atá Ceaptha go hOifigiúil arna mbunú faoi Threoir 2004/109/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ainmniú chun an fhaisnéis a bhailiú agus a stóráil, agus tabharfaidh siad fógra don Údarás Eorpach um Urrúis agus Margaí (ESMA) dá réir sin. Ba cheart don Sásra atá Ceaptha go hOifigiúil gníomhú mar chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) XXXX/XXX [Rialachán ESAP] agus ba cheart dó na cúraimí sonracha a leagtar amach sa Rialachán sin a dhéanamh. I gcás ina gceanglaítear faoi dhlí an Aontais ar Údarás Maoirseachta Eorpach nó údarás inniúil faisnéis a tharraingt suas agus a fhoilsiú ar a shuíomh gréasáin maidir leis na heintitis ábhartha agus lena dtáirgí airgeadais i ndáil le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht, ba cheart don údarás sin gníomhú mar chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2) de Rialachán (AE) XXXX/XXX [Rialachán ESAP]. Ba cheart don údarás sin faisnéis a fhoilsiú i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di, ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis a chur san áireamh, agus an cineál faisnéise a shonrú.
(6)Chun a áirithiú go soláthróidh ESAP rochtain thráthúil ar fhaisnéis atá ábhartha le haghaidh seirbhísí airgeadais, margaí caipitil agus na hinbhuanaitheachta mar a leagtar amach i Rialachán (AE) XXXX/XXX [Rialachán ESAP], ba cheart d’eintitis a bhfaisnéis a chur faoi bhráid chomhlacht bailiúcháin tráth a chuirfidh siad an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.
(7)Ionas go bhféadfaí an fhaisnéis a úsáid go digiteach, ba cheart do na heintitis an fhaisnéis a chur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di nó, i gcás ina gceanglaítear a leithéid faoi dhlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite. Ba cheart freisin do na heintitis na meiteashonraí a iarrtar ó na comhlachtaí bailiúcháin a chur leis an bhfaisnéis a chuireann siad faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin sin. Ba cheart a chumhachtú don Choimisiún caighdeáin theicniúla cur chun feidhme arna bhforbairt ag an Údarás Maoirseachta Eorpach ábhartha a ghlacadh lena sonrófar na meiteashonraí le haghaidh gach píosa faisnéise, struchtúrú sonraí na faisnéise, agus an fhaisnéis a gceanglaítear an fhormáid mheaisín-inléite ina leith agus an fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid sa chás sin.
(8)Ba cheart d’eintitis a bheith freagrach as an bhfaisnéis a chuireann siad faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin. Dá n‑áiritheofaí sláine sonraí agus inchreidteacht na foinse, chumasófaí cosaint na n‑eintiteas ó athrú míchuí ar a bhfaisnéis, agus chothófaí muinín an phobail in ESAP. Chun na críche sin, ba cheart go mbeadh ríomhshéala cáilithe ag gabháil le doiciméid a chuireann eintitis faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin, ríomhshéala arna chur san áireamh ag an eintiteas tuairiscithe maidir leis an bhfaisnéis arna cur faoi bhráid na gcomhlachtaí bailiúcháin, agus sin i gcás go bhfuil gá le séala den sórt sin, i gcomhréir leis na sonraíochtaí a leagtar amach i Rialachán (AE) XXXX/XXX [Rialachán ESAP].
(9)Chuathas i gcomhairle leis an Maoirseoir Eorpach ar Chosaint Sonraí i gcomhréir le hAirteagal 42(1) de Rialachán (AE) 2018/1725 agus thug sé a thuairim uaidh an [cuir isteach an dáta].
(10)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a bhaint amach go leordhóthanach, eadhon na ceanglais maidir le nochtadh le haghaidh na faisnéise poiblí is ceart a bheith inrochtana trí ESAP a chomhchuibhiú, agus gur fearr is féidir mar sin, de thairbhe a raoin feidhme nó a éifeachtaí, é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta de réir mar a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a ghnóthú.
(11)Ba cheart na Rialacháin seo a leanas a leasú dá réir:
–Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009 maidir le gníomhaireachtaí rátála creidmheasa;
–Rialachán (AE) Uimh. 236/2012 maidir le díol folamh agus gnéithe áirithe de bhabhtálacha mainneachtana creidmheasa;
–Rialachán (AE) Uimh. 648/2012 maidir le díorthaigh thar an gcuntar, contrapháirtithe lárnacha agus stórtha trádála;
–Rialachán (AE) Uimh. 345/2013 maidir le cistí caipitil fiontair Eorpacha;
–Rialachán (AE) Uimh. 346/2013 maidir le cistí fiontraíochta sóisialta Eorpacha;
–Rialachán (AE) Uimh. 575/2013 maidir le ceanglais stuamachta i gcomhair institiúidí creidmheasa agus infheistíochta;
–Rialachán (AE) Uimh. 537/2014 maidir le ceanglais shonracha a bhaineann le hiniúchóireacht reachtúil ar eintitis leasa phoiblí;
–Rialachán (AE) Uimh. 596/2014 maidir le drochúsáid mhargaidh (an rialachán maidir le drochúsáid mhargaidh);
–Rialachán (AE) Uimh. 600/2014 maidir le margaí in ionstraimí airgeadais;
–Rialachán (AE) Uimh. 909/2014 maidir le socraíocht urrús san Aontas Eorpach a fheabhsú agus maidir le taisclanna lárnacha urrús;
–Rialachán (AE) Uimh. 1286/2014 maidir le doiciméid faisnéise bunriachtanaí do tháirgí infheistíochta miondíola pacáistithe agus táirgí infheistíochta atá árachas-bhunaithe (PRIIPanna);
–Rialachán (AE) Uimh. 2015/760 maidir le cistí infheistíochta fadtéarmaí Eorpacha;
–Rialachán (AE) 2015/2365 maidir le trédhearcacht idirbheart maoinithe urrús agus athúsáide;
–Rialachán (AE) 2016/1011 maidir le hinnéacsanna a úsáidtear mar thagarmharcanna in ionstraimí airgeadais agus i gconarthaí airgeadais nó chun feidhmíocht cistí infheistíochta a thomhas;
–Rialachán (AE) 2017/1129 maidir leis an réamheolaire atá le foilsiú nuair a thairgtear urrúis don phobal nó nuair a ligtear isteach iad chun a dtrádála ar mhargadh rialáilte;
–Rialachán (AE) 2017/1131 maidir le cistí margaidh airgid;
–Rialachán (AE) 2019/1238 maidir le Táirge Pinsin Phearsanta Uile-Eorpach (TPPU);
–Rialachán (AE) 2019/2033 maidir leis na ceanglais stuamachta ar ghnólachtaí infheistíochta;
–Rialachán (AE) 2019/2088 maidir le nochtaí ó thaobh na hinbhuanaitheachta de in earnáil na seirbhísí airgeadais;
–Rialachán (AE) 2020/852 maidir le creat a bhunú chun infheistíocht inbhuanaithe a éascú;
–Rialachán (AE) 2021/23 maidir le creat le haghaidh téarnamh agus réiteach contrapháirtithe lárnacha,
TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:
Airteagal 1
Leasú ar Rialachán (CE) Uimh. 1060/2009
I Rialachán (CE) 1060/2009 cuirtear an tAirteagal 13a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 13a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 8(1), Airteagal 8(6) agus Airteagal 8(7), Airteagal 8a(1), Airteagal 8a(3), Airteagal 10(1), Airteagal 10(4), Airteagal 11(1), agus Airteagal 12, déanfaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile na ngníomhaireachtaí rátála creidmheasa atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghníomhaireachta rátála creidmheasa a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an ghníomhaireachta rátála creidmheasa de réir catagóire a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gníomhaireachtaí rátála creidmheasa an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 5(3), Airteagal 8d(2), Airteagal 11(2), Airteagal 11a(1), Airteagal 11a(2), Airteagal 18(3), Airteagal 24(5), agus Airteagal 36d(1) a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainm agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghníomhaireachta rátála creidmheasa mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 2
Leasú ar Rialachán (AE) 236/2012
I Rialachán (AE) 236/2012, cuirtear an tAirteagal 11a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 11a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 6(1), déanfaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an duine nádúrtha nó dhlítheanaigh de réir catagóire a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an duine nádúrtha nó dlítheanach an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é an t‑údaráis inniúil náisiúnta a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 3
Leasú ar Rialachán (AE) 648/2012
I Rialachán (AE) 648/2012, cuirtear an tAirteagal 38a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 38a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 26(7), Airteagal 28(2), Airteagal 38(1), Airteagal 38(3) an dara fomhír, Airteagal 38(4), Airteagal 38(5), Airteagal 39(7), Airteagal 39(8), agus Airteagal 49(3), déanfaidh CPLanna agus comhaltaí imréitigh an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín‑inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an CPL atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an CPL a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an CPL de réir catagóire a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh CPLanna agus comhaltaí imréitigh an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 6(1), Airteagal 18(2), an dara fomhír, Airteagal 25(4), an ceathrú fomhír, Airteagal 25m(1), Airteagal 25q(3), Airteagal 59(3), Airteagal 68(1), Airteagal 73(3), agus Airteagal 77(2), an ceathrú fomhír, a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na CPLanna agus na gcomhaltaí imréitigh mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) a chur ar fáil ar ESAP, is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina gcomhlachtaí bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), den [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na CPLanna agus na gcomhaltaí imréitigh, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)
na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(a)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(b)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 4
Leasú ar Rialachán (AE) 345/2013
I Rialachán (AE) 345/2013, cuirtear an tAirteagal 13a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 13a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) a chur ar fáil ar ESAP, arna bhunú faoin Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).’
Airteagal 5
Leasú ar Rialachán (AE) 346/2013
I Rialachán (AE) 346/2013, cuirtear an tAirteagal 14a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 14a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 18(1) a chur ar fáil ar ESAP, arna bhunú faoin Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin. ________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).’
Airteagal 6
Leasú ar Rialachán (AE) 575/2013
I Rialachán (AE) 575/2013, cuirtear an tAirteagal 434b seo a leanas isteach:
‘Airteagal 434b
Inrochtaineacht faisnéise ar an Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun chuid a hOcht den Rialachán seo, déanfaidh na hinstitiúidí an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile na hinstitiúide atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na hinstitiúide a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid na hinstitiúide de réir catagóire, a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh institiúidí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Chun críocha mhír 1, is é ÚBE a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus ÚEÁPC, measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 7
Leasú ar Rialachán (AE) 537/2014
I Rialachán (AE) 537/2014, cuirtear an tAirteagal 13a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 13a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 13, déanfaidh an t‑iniúchóir nó an gnólacht iniúchóireachta an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an iniúchóra nó an ghnólachta iniúchóireachta atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an iniúchóra nó an ghnólachta iniúchóireachta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an iniúchóra nó an ghnólachta iniúchóireachta de réir catagóire mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh iniúchóirí nó gnólachtaí iniúchóireachta an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2025, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, tugtar cumhachtaí cur chun feidhme don Choimisiún, tar éis dul i gcomhairle le CCEFI, chun a shonrú:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh an Coimisiún measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 8
Leasú ar Rialachán (AE) 596/2014
I Rialachán (AE) 596/2014, cuirtear an tAirteagal 21a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 21a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 17(1), Airteagal 17(2), agus Airteagal 19(3), déanfaidh an t‑eisitheoir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis]:
(i)ainmneacha uile an eisitheora atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an eisitheoirí an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2024, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(2) a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil arna mbunú faoi Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 17(1) agus Airteagal 19(3) a chur ar fáil ar ESAP, is é an sásra ábhartha atá ceaptha go hoifigiúil a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 34(1) a chur ar fáil ar ESAP, is é an t‑údarás inniúil náisiúnta a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 9
Leasú ar Rialachán (AE) 600/2014
I Rialachán (AE) 600/2014, cuirtear an tAirteagal 23a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 23a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 14(6), Airteagal 15(1) an dara fomhír, Airteagal 18(4), Airteagal 27(1), Airteagal 34, Airteagal 40(5), Airteagal 44(2), Airteagal 45(6) agus Airteagal 48 a chur ar fáil ar ESAP, arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, is é ESMA a cháileoidh mar an comhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).’
Airteagal 10
Leasú ar Rialachán (AE) 909/2014
I Rialachán (AE) 909/2014, cuirtear an tAirteagal 74a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 74a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 7(1), Airteagal 7(9), Airteagal 26(4), Airteagal 27(4), Airteagal 27(7), Airteagal 28(2), Airteagal 33(1), Airteagal 33(2), Airteagal 34(1), Airteagal 38(6), Airteagal 39(3), Airteagal 41(2), Airteagal 54(3), pointe (e), Airteagal 54(4), pointe (f) agus Airteagal 59(4), pointe (j) den Rialachán seo, déanfaidh an TLU an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás inarb ábhartha, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an TLU atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an TLU mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an TLU de réir catagóire mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh an TLU aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 12(2) agus Airteagal 62 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an TLU, mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 11
Leasú ar Rialachán (AE) 1286/2014
I Rialachán (AE) 1286/2014, cuirtear an tAirteagal 29a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 29a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair atá an doiciméad faisnéise bunriachtanaí á phoibliú acu de bhun Airteagal 5(1), déanfaidh an monaróir PRIIPanna an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailithe ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineacht na faisnéise sin ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an doiciméad faisnéise bunriachtanaí sin nó an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an mhonaróra PRIIP atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an mhonaróra PRIIP de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh sa doiciméad faisnéise bunriachtanaí nó san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh monaróirí PRIIP aitheantóir eintitis dhlítheanaigh a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2025, d’fhonn an doiciméad faisnéise bunriachtanaí dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 27(1) agus Airteagal 29(1) a chur ar fáil ar ESAP, is é an t‑údarás inniúil a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an mhonaróra PRIIP, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh na ÚMEanna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh na ÚMEanna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh an Comhchoiste na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 12
Leasú ar Rialachán (AE) 2015/760
I Rialachán (AE) 2015/760, cuirtear an tAirteagal 25a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 25a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 3(3) a chur ar fáil ar ESAP, arna bhunú faoin Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste mar a shainmhínítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).’
Airteagal 13
Leasú ar Rialachán (AE) 2015/2365
I Rialachán (AE) 2015/2365, cuirtear an tAirteagal 32a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 32a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 8(3), Airteagal 12(1), Airteagal 19(8), Airteagal 26(1), agus Airteagal 26(4) den Rialachán seo, déanfaidh eintitis an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an eintitis atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an eintitis de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh eintitis aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, chun críocha mhír 1, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 22(4), pointe (b), Airteagal 25(1), Airteagal 25(2), Airteagal 25(3) a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 14
Leasú ar Rialachán (AE) 2016/1011
I Rialachán (AE) 2016/2011, cuirtear an tAirteagal 28a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 28a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 4(5), Airteagal 11(1) pointe (c), Airteagal 12(3), Airteagal 13(1), Airteagal 25(7), Airteagal 26(3), Airteagal 27(1) agus Airteagal 28(1), déanfaidh an riarthóir an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an riarthóra atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an riarthóra de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh riarthóirí aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Chun críocha mhír 1, is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina gcomhlachtaí bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 45(1) a chur ar fáil ar ESAP, is iad na húdaráis inniúla náisiúnta a bheidh ina gcomhlachtaí bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 36 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an riarthóra mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 15
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1129
I Rialachán (AE) 2017/1129, cuirtear an tAirteagal 21a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 21a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 1(4) pointí (f) agus (g), Airteagal 1(5) an chéad fhomhír, pointí (e) agus (f), Airteagal 8(5), Airteagal 9(4), Airteagal 10(2), Airteagal 17(2), Airteagal 21(1), Airteagal 21(9), agus Airteagal 23(1), déanfaidh an t‑eisitheoir, an tairgeoir nó an duine atá ag iarraidh go ligfí é nó í isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha, an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí é nó í isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora, an tairgeora nó an duine atá ag iarraidh go ligfí é nó í isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an eisitheora de réir catagóire, mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1 pointe (b)(ii), gheobhaidh eisitheoirí, an tairgeoir, nó an duine atá ag iarraidh go ligfí é nó í isteach chun trádála ar mhargadh rialáilte, i gcás inarb ábhartha, an t‑aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 25(1), Airteagal 25(4), agus Airteagal 26(2) a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eisitheora nó, i gcás inarb infheidhme, an tairgeora mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 16
Leasú ar Rialachán (AE) 2017/1131
I Rialachán (AE) 2017/1131, cuirtear an tAirteagal 37a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 37a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 4(7) a chur ar fáil ar ESAP, arna bhunú faoin Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), den Rialachán sin. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an chiste, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).’
Airteagal 17
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/1238
I Rialachán (AE) 2019/1238, cuirtear an tAirteagal 70a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 70a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 26(1) den Rialachán seo, déanfaidh an soláthraí TPPU an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineacht na faisnéise sin ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an tsoláthraí TPPU atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an tsoláthraí TPPU, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an tsoláthraí TPPU de réir catagóire, mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh soláthraithe TPPU aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2025, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin dá dtagraítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 65(6) a chur ar fáil ar ESAP, is é ÚEÁPC a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais árachais nó athárachais mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán (AE) sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear in Airteagal 63(4), Airteagal 69(1) agus Airteagal 69(4) a chur ar fáil ar ESAP, is iad na húdaráis inniúla a bheidh ina gcomhlachtaí bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP]. Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP], agus beidh ar áireamh inti ainmneacha agus, i gcás ina bhfuil fáil air, aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais árachais nó athárachais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin, agus beidh ar áireamh inti freisin an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) den Rialachán sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ÚEÁPC dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ÚEÁPC anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚEÁPC measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Déanfaidh ÚEÁPC na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin a chur faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 18
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2033
I Rialachán (AE) 2019/2033, cuirtear an tAirteagal 46a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 46a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Chuid a Sé den Rialachán seo, déanfaidh gnólachtaí infheistíochta an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineacht na faisnéise sin ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an ghnólachta infheistíochta atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnólachta infheistíochta, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an ghnólachta infheistíochta de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh gnólachtaí infheistíochta aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ÚBE a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus ÚEÁPC, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Chun críocha phointe (c), déanfaidh ÚBE, i ndlúthchomhar le ESMA agus ÚEÁPC, measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ÚBE na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar an chumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 19
Leasú ar Rialachán (AE) 2019/2088
I Rialachán (AE) 2019/2088, cuirtear an tAirteagal 18a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 18a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2025 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 3(1), Airteagal 3(2), Airteagal 4(1), Airteagal 4(3), Airteagal 4(4), Airteagal 4(5), Airteagal 5(1) agus Airteagal 10(1) den Rialachán seo, déanfaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais agus comhairleoirí airgeadais an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an eintitis atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó na gcomhairleoirí airgeadais, i gcás inarb ábhartha, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid na rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó na gcomhairleoirí airgeadais, i gcás inarb ábhartha de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh rannpháirtithe sa mhargadh airgeadais nó comhairleoirí airgeadais aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2024, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh na ÚMEanna, tríd an gComhchoiste, dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh na ÚMEanna anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh na ÚMEanna measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tugtar cumhacht don Choimisiún na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1093/2010, de Rialachán (AE) Uimh. 1094/2010 agus de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 20
Leasú ar Rialachán (AE) 2020/852
I Rialachán (AE) 2020/852, cuirtear an tAirteagal 8a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 8a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2024 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 7 agus Airteagal 8(2) den Rialachán seo, déanfaidh an gnóthas an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin ábhartha dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)ullmhófar an fhaisnéis i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an ghnóthais atá ag cur na faisnéise isteach;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an ghnóthais, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an ghnóthais de réir catagóire, mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach a mbeidh an fhaisnéis le cur ar fáil go poiblí ar ESAP ina leith, i gcás inarb ábhartha.
(c)beidh ar áireamh san fhaisnéis ríomhshéala cáilithe mar a shainmhínítear in Airteagal 3, pointe (27), de Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle***.
2.Chun críocha mhír 1(b)(ii) gheobhaidh na gnóthais aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) den [Rialachán ESAP].
3.Faoin 31 Nollaig 2023, d’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, ainmneoidh na Ballstáit ceann de na sásraí atá ceaptha go hoifigiúil dá dtagraítear in Airteagal 21(2) de Threoir 2004/109/CE mar an comhlacht bailiúcháin a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] agus tabharfaidh siad fógra do ESMA ina leith sin.
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n‑aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 21
Leasú ar Rialachán (AE) 2021/23
I Rialachán (AE) 2021/23, cuirtear an tAirteagal 95a seo a leanas isteach:
‘Airteagal 95a
Inrochtaineacht faisnéise ar an bPointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP)
1.Ón 1 Eanáir 2026 ar aghaidh, nuair a bheidh aon fhaisnéis á poibliú acu de bhun Airteagal 50(2), Airteagal 72(3), Airteagal 82(2), pointe (a), agus Airteagal 83(1) den Rialachán seo, déanfaidh na húdaráis réitigh an fhaisnéis sin a chur faoi bhráid an chomhlachta bailiúcháin dá dtagraítear i mír 3 den Airteagal seo ag an am céanna, le haghaidh inrochtaineachta ar ESAP arna bhunú faoi Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.
Comhlíonfaidh an fhaisnéis sin na ceanglais uile seo a leanas:
(a)Ullmhófar an fhaisnéis sin i bhformáid ar féidir sonraí a bhaint di mar a shainmhínítear de bhun Airteagal 2, pointe (3), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP] nó, i gcás ina gceanglaítear é le dlí an Aontais, i bhformáid mheaisín-inléite, mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (13), de Threoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle**;
(b)beidh na meiteashonraí uile seo a leanas ag gabháil leis an bhfaisnéis:
(i)ainmneacha uile an eintitis lena mbaineann an fhaisnéis;
(ii)aitheantóir eintitis dhlítheanaigh an eintitis a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iii)méid an eintitis de réir catagóire, mar a shonraítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(iv)an cineál faisnéise, mar a aicmítear de bhun Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP];
(v)an tréimhse shonrach ar ina leith a mbeidh an fhaisnéis ar fáil go poiblí ar ESAP, i gcás inarb ábhartha.
2.Chun críocha mhír 1, pointe (b)(ii), gheobhaidh eintitis aitheantóir eintitis dhlítheanaigh mar a shonraítear faoi Airteagal 7(4) de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
3.D’fhonn an fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1 a chur ar fáil ar ESAP, is é ESMA a bheidh ina chomhlacht bailiúcháin mar a shainmhínítear in Airteagal 2, pointe (2), de Rialachán (AE) XX/XXXX [Rialachán ESAP].
4.D’fhonn bailiú agus riarachán éifeachtúil na sonraí arna gcur isteach i gcomhréir le mír 1, pointí (a) agus (b), a áirithiú, forbróidh ESMA dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme lena sonrófar:
(a)na meiteashonraí atá le cur san áireamh san fhaisnéis;
(b)struchtúrú na sonraí san fhaisnéis;
(c)cén fhaisnéis a bhfuil gá le formáid mheaisín-inléite ina leith agus cén fhormáid mheaisín-inléite atá le húsáid.
Sula bhforbróidh sé na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme, déanfaidh ESMA anailís costais is tairbhe. Chun críocha phointe (c), déanfaidh ESMA measúnú ar na buntáistí agus na míbhuntáistí a bhaineann le formáidí meaisín-inléite éagsúla agus déanfaidh sé tástálacha allamuigh iomchuí chun na críche sin.
Cuirfidh ESMA na dréachtchaighdeáin theicniúla cur chun feidhme sin faoi bhráid an Choimisiúin.
Tarmligtear cumhacht don Choimisiún chun na caighdeáin theicniúla cur chun feidhme dá dtagraítear sa chéad fhomhír a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 15 de Rialachán (AE) Uimh. 1095/2010.
________________
* Rialachán (AE) XX/XXXX ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle lena mbunaítear Pointe Rochtana Aonair Eorpach (ESAP) lena soláthraítear rochtain láraithe ar fhaisnéis atá ar fáil go poiblí maidir le seirbhísí airgeadais, le margaí caipitil agus leis an inbhuanaitheacht (IO L [...], […], p. […]).
** Treoir (AE) 2019/1024 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 20 Meitheamh 2019 maidir le sonraí oscailte, agus maidir le faisnéis ón earnáil phoiblí a athúsáid (IO L 172, 26.6.2019, lch. 56).
*** Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena n-aisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).’
Airteagal 22
Teacht i bhfeidhm
Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.
Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.
Arna dhéanamh sa Bhruiséil,
Thar ceann Pharlaimint na hEorpa
Thar ceann na Comhairle
An tUachtarán
An tUachtarán