Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52019PC0048

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

    COM/2019/48 final

    An Bhruiséil,23.1.2019

    COM(2019) 48 final

    2019/0009(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    Forais agus cuspóirí an togra

    An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe fógra isteach á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, mura ndaingneofar an Comhaontú um Tharraingt Siar, scoirfidh dlí príomhúil agus dlí tánaisteach an Aontais d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ón 30 Márta 2019 (“dáta an tarraingt siar”). As sin amach, beidh an Ríocht Aontaithe ina tríú tír.

    Sa Teachtaireacht ón gCoimisiún Preparing for the withdrawal of the United Kingdom from the European Union on 30 March 2019: a Contingency Action Plan [Ag ullmhú do tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach an 30 Márta 2019: Plean Gníomhaíochta Teagmhais] an 13 Samhain 2018, leagadh amach na bearta teagmhais a bhfuil rún aige a dhéanamh mura dtiocfaidh comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm dáta an tarraingt siar. Sa Teachtaireacht sin, rinne an Coimisiún liosta de na bearta a mheas sé a bheith riachtanach, agus chuir sé de mheabhrú léi go dtarlódh gá le bearta breise uair is faide anonn. Ina theannta sin, chuir an Coimisiún i láthair na sé phrionsabal ghinearálta ar cheart bearta teagmhais ar gach leibhéal a bheith i gcomhréir leo. Orthu sin tá na prionsabail nár cheart bearta a bheith ina macasamhail den leas atá le baint as ballraíocht den Aontas ná ina macasamhail de théarmaí aon idirthréimhse dá bhforáiltear sa Chomhaontú um Tharraingt Siar; ní mór bearta de chineál sealadach a bheith ann agus níor cheart feidhm a bheith acu tar éis dheireadh 2019 i bprionsabal; agus ní mór na bearta sin a bheith ina ngníomhaíochtaí aontaobhacha de chuid an Aontais Eorpaigh agus a leasanna á saothrú aige agus dá bhrí sin is féidir leis an Aontas iad a chúlghairm aon tráth i bprionsabal.

    D’iarr an Chomhairle Eorpach arís (Airteagal 50) an 13 Nollaig 2018 go gcuirfí dlús leis an obair ar ullmhacht ar gach leibhéal i dtaca le hiarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe, agus go gcuirfí san áireamh na torthaí uile is féidir a bheith ar an tarraingt siar sin. Chuir an Coimisiún pacáiste beart i láthair an 19 Nollaig 2018 mar fhreagairt ar an nglao sin. An 17 agus an 18 Nollaig 2018, shocraigh an Chomhairle Talmhaíochta agus Iascaigh na deiseanna iascaireachta do 2019. Bunaithe ar an méid sin agus teagmhálacha leanúnacha leis na Ballstáit á gcur san áireamh i dtaca leis an tionchar diúltach mór a bheadh ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ar an earnáil iascaireachta in éagmais comhaontú um tharraingt siar, agus nach féidir leis na páirtithe leasmhara féin na hiarmhairtí díobhálacha sin a mhaolú, chinn an Coimisiún go bhfuil gá le dhá bheart teagmhais don earnáil iascaireachta. I dteannta an bhirt sin a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh a leasú, tá beart á bheartú ag an gCoimisiún maidir le bainistiú inbhuanaithe a dhéanamh ar chabhlaigh iascaireachta sheachtracha.

    De bhun Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 1 (Bun-Rialachán CBI), tá rochtain chothrom ag soithí iascaireachta ar uiscí an Aontais agus ar acmhainní faoi réir rialacha an Chomhbheartais Iascaigh (CBI). Amhail ón dáta um tharraingt siar, ní bheidh feidhm a thuilleadh ag CBI maidir leis an Ríocht Aontaithe. Ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann suas le 12 mhuirmhíle agus an limistéar eacnamaíoch eisiach máguaird) mar chuid d’uiscí an Aontais a thuilleadh ansin. In éagmais aon fhoráil lena léirítear a mhalairt, ní bheadh rochtain uathoibríoch acu ar uiscí a chéile a thuilleadh. Mar réamhshocrú agus in éagmais socruithe eile, ní údarófaí do shoithí iascaireachta an Aontais iascaireacht a dhéanamh in uiscí na Ríochta Aontaithe a thuilleadh, ná a mhalairt.

    Cuid thábhachtach de shaol eacnamaíoch roinnt réigiúin chósta de chuid an Aontais Eorpaigh is ea an earnáil iascaireachta. I bhfianaise na héiginnteachta nach beag atá ann agus in éagmais comhaontú leis an Ríocht Aontaithe, tá soithí an Aontais i mbaol rochtain a chailleadh ar na huiscí sin agus ar na deiseanna iascaireachta iontu. Bheadh tionchair mhóra láithreacha aige sin ó thaobh dheiseanna iascaireachta chabhlach an Aontais, fostaíochta agus tairbhí eacnamaíocha de.

    B’ionann an toll-bhreisluach iascaigh san Aontas in 2016 agus EUR 4.5 billiún. Tá thart ar 150.000 post ag brath ar an iascach i limistéir chósta den chuid is mó mar a bhfuil deiseanna fostaíochta teoranta. Cruthaítear fostaíocht in earnálacha coimhdeacha trí ghníomhaíochtaí iascaireachta freisin: trí ghníomhaíochtaí coimhdeacha, cruthaítear fostaíocht lánaimseartha arb ionann í agus idir leath fhostaíocht lánaimseartha gach iascaire agus fostaíocht lánaimseartha gach iascaire. Déanann na Ballstáit gníomhaíochtaí iascaireachta ar luach EUR 585 milliún in uiscí na Ríochta Aontaithe. Ar an iomlán, braitheann 8 mBallstát 2 ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh 14 % dá ngabhálacha iomlána ar an meán, ó 50 % le haghaidh chabhlach na Beilge go timpeall 1 % le haghaidh na Spáinne. Ar leibhéal an phobail áitiúil, is féidir tionchar socheacnamaíoch suntasach a bheith ann ós rud é go mbíonn na soithí iascaireachta lena mbaineann ag brath go mór ar rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe. Ina theannta sin, déantar nasc idir an earnáil iascaireachta agus gníomhaíochtaí coimhdeacha réamhtheachtacha agus iartheachtacha.

    Dá bhrí sin, dá ndúnfaí uiscí na Ríochta Aontaithe ar shoithí iascaireachta an Aontais, bheadh tionchar substaintiúil aige sin ar ranna cabhlaigh sonracha agus bheadh tionchar diúltach mór aige sin ar réigiúin áirithe agus ar phobail chósta. Ós rud é go mbeadh tionchar aige sin ar réigiúin i roinnt Ballstát feadh an Atlantaigh agus na Mara Thuaidh, tá gá le réitigh chomhordaithe ar leibhéal an Aontais le haghaidh cás éigeandála den sórt sin.

    Bheadh teorainn leis an scóip chun tionchair an cháis sin a mhaolú. D’fhéadfadh soithí iascaireachta gabhálacha reatha na Ríochta Aontaithe in uiscí an Aontais a fháil ar ais, ach d’fhéadfadh sé nach mbeadh meaitseáil iomlán ann sa speiceas lena mbaineann. Maidir leis na soithí agus leis na ranna cabhlaigh ar a nimrítear an tionchar is mó de dheasca dhúnadh uiscí na Ríochta Aontaithe, d’fhéadfadh sé nárbh iad na cinn chéanna a bheadh i mbun iascaireachta le haghaidh an speicis a thiocfadh chun bheith ar fáil in uiscí an Aontais. Thairis sin, tá teorainn leis an líon iarrachtaí iascaireachta a d’fhéadfaí a atreorú ó uiscí na Ríochta Aontaithe chuig uiscí an Aontais ar chúiseanna a bhaineann le cost-éifeachtúlacht agus le cáilíocht na ngabhálacha. Leis an gceanglas a bhaineann le gníomhaíochtaí iascaireachta a bheith inbhuanaithe, d’fhéadfaí teorainn a chur le hatreorú agus le líon mór iarrachtaí iascaireachta in uiscí an Aontais. Dá bhrí sin, ní bheadh sna roghanna sin ach cúiteamh páirteach ar na caillteanais eacnamaíocha do shoithí iascaireachta an Aontais a thagann as rochtain ar bith a bheith acu a thuilleadh ar uiscí na Ríochta Aontaithe. Bheadh tionchair eacnamaíocha mhóra aige sin ar na ranna cabhlaigh de chuid an Aontais a ndéanfaí difear dóibh.

    Is é an Ciste Eorpach Muirí agus Iascaigh (CEMI) arna bhunú le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 3 an ciste do bheartais mhuirí agus iascaigh an Aontais do 2014-2020. Tá sé ar cheann de na cúig Chiste Struchtúracha agus Infheistíochta de chuid na hEorpa (SIE) atá comhlántach le chéile agus a bhfuil sé mar aidhm leo téarnamh fáis agus post a chur chun cinn san Eoraip. Tá an chiste ina chuidiú ag iascairí leis an aistriú chuig an iascaireacht inbhuanaithe; tacaíocht atá sa chiste ionas go ndéanfaidh pobail chósta a ngeilleagar a éagsúlú agus maoinítear tionscadail leis freisin, rud a chruthaíonn poist nua agus a chuireann feabhas ar an mianach saoil feadh chóstaí na hEorpa.

    Tá bearta ar fáil cheana faoi Rialachán CEMI chun na héifeachtaí eacnamaíocha díobhálacha a thagann as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach a mhaolú ar fud an tslabhra iomláin táirgeachta agus margaíochta. Faoin mbainistíocht chomhpháirteach, féadfaidh na Ballstáit a bhfuil tionchar ag tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach orthu, féadfaidh siad cinneadh a dhéanamh na leithreasuithe atá ar fáil a atreorú chuig aon bheart is gá chun iarmhairtí an méid sin a mhaolú. Mar sin féin, tá an lánrogha sin teoranta do thosaíochtaí áirithe faoi láthair. Chuirfeadh an méid sin teorainn leis an tsolúbthacht atá ag na Ballstáit chun na tionchair a bheadh ag dúnadh uiscí na Ríochta Aontaithe ar a gcabhlaigh a mhaolú agus chuirfí teorainn le héifeachtacht na mbeart sin.

    Le Rialachán CEMI tugtar rialacha agus socruithe maidir le cúiteamh airgeadais a dheonú d’iascairí agus d’úinéirí soithí iascaireachta i gcás ina scoirtear go sealadach de ghníomhaíochtaí iascaireachta. Mar sin féin, leis na critéir atá leagtha síos lena gceadaítear scor sealadach, ní cheadaítear cúiteamh i leith tarraingt siar Ballstáit ón Aontas ná i leith rochtain ar bith a bheith aige ar dheiseanna iascaireachta agus cailliúint deiseanna iascaireachta in uiscí an Bhallstáit sin ina dhiaidh sin.

    I dteannta na mbeart atá ar fáil cheana faoi Rialachán CEMI, leis an togra seo tugtar féidearthacht isteach chun tacaíocht phoiblí a thabhairt d’iascairí agus d’oibreoirí le haghaidh scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta, ar iascairí agus oibreoirí iad a bhíonn ag brath go mór ar rochtain ar uiscí na Ríochta Aontaithe agus a bhfuil tionchar ag dúnadh uiscí na Ríochta Aontaithe orthu. Ba cheart feidhm a bheith ag an mbeart sin ón lá tar éis an lae a scoirfidh dlí an Aontais d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Comhsheasmhacht le forálacha beartais atá sa réimse beartais cheana

    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle.

    Comhsheasmhacht le beartais eile de chuid an Aontais

    Tá na bearta atá beartaithe ceaptha i gcomhréir le cuspóir an Chomhbheartais Iascaigh agus tá siad comhsheasmhach le beartas an Aontais maidir leis an bhforbairt inbhuanaithe.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    Bunús dlí

    Is é is bunús dlí Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.

    Coimhdeacht

    Leis an ngníomh atá beartaithe, leasófaí Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ón Aontas ionas go dtabharfar bearta maolaithe airgeadais do shoithigh de chuid an Aontais ar a bhfuil tionchar ag dúnadh féideartha uiscí na Ríochta Aontaithe de dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach. Dá bhrí sin, is gá gníomhaíocht a dhéanamh ar leibhéal an Aontais agus ní fhéadfaí an toradh a bhaint amach trí ghníomhaíocht ar leibhéal na mBallstát. Cuirtear forálacha an togra seo chun feidhme faoi chuimsiú na bainistíochta roinnte i gcomhréir le Rialachán (AE) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 4 .

    Comhréireacht

    Comhlíonann an togra prionsabal na comhréireachta. Meastar gur Rialachán comhréireach é an Rialachán atá beartaithe mar is é is aidhm dó a áirithiú go maolófar tionchair eacnamaíocha dhiana tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

    An rogha ionstraime

    Is leasú ar Rialachán an gníomh seo.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EXPOST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    Meastóireachtaí expost/seiceálacha oiriúnachta ar an reachtaíocht atá ann cheana

    Níl an méid sin infheidhme ós cás eisceachtúil, sealadach agus aonuaire an cás arb éigean an togra seo a bheartú dá bharr.

    Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    D’ardaigh páirtithe leasmhara iascaigh agus ionadaithe éagsúla de chuid na mBallstát na dúshláin a eascraíonn as tarraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas mar aon le réitigh fhéideartha. Leag na hoibreoirí, na páirtithe leasmhara agus na Ballstáit lena mbaineann go léir béim ar an ngá atá le cúiteamh leordhóthanach a dheimhniú i gcás nach mbeadh deiseanna iascaireachta ar fáil a thuilleadh de dheasca tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas.

    Bailiú agus úsáid saineolais

    Ní raibh aon ghá le saineolas seachtrach.

    Measúnú tionchair

    Ní gá measúnú tionchair a dhéanamh, ós rud é gur cás eisceachtúil é agus nach bhfuil ach beagán riachtanas ag baint leis an tréimhse ina gcuirfear chun feidhme athrú stádais na Ríochta Aontaithe. Níl aon rogha bheartais ar fáil atá éagsúil ó thaobh ábhair agus dlí de, ach amháin an rogha atá beartaithe.

    Oiriúnacht rialála agus simpliú

    Neamhbhainteach.

    Cearta bunúsacha

    Níl aon iarmhairt ag an togra seo ar chosaint ceart bunúsach.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Chun an modhnú atá beartaithe a dhéanamh, ní gá aon athrú a dhéanamh ar uasteorainneacha bliantúla an chreata airgeadais ilbhliantúil, ná ar oibleagáidí agus íocaíochtaí de réir Iarscríbhinn I de Rialachán (AE) Uimh. 1311/2013 5 . Is é atá sa togra tús-ualú na leithreasuithe íocaíochta agus tá sé neodrach ó thaobh buiséid de le linn na clárthréimhse.

    5.EILIMINTÍ EILE

    Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Neamhbhainteach.

    2019/0009 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 42 agus Airteagal 43(2) de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach, 6

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa, 7

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)An 29 Márta 2017, chuir an Ríocht Aontaithe isteach fógra á rá go raibh rún aici tarraingt siar ón Aontas de bhun Airteagal 50 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. Scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe ó dháta theacht i bhfeidhm comhaontaithe um tharraingt siar, nó ina éagmais sin, dhá bhliain tar éis an fhógra sin, i.e. ón 30 Márta 2019, mura gcinneann an Chomhairle Eorpach d’aon ghuth, i gcomhaontú leis an Ríocht Aontaithe, fad a chur leis an tréimhse sin.

    (2)Sa chomhaontú um tharraingt siar tá socruithe le haghaidh cur i bhfeidhm forálacha de dhlí an Aontais maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe tar éis an dáta a scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe. Má thagann an comhaontú sin i bhfeidhm, beidh feidhm ag an gComhbheartas Iascaigh (CBI) maidir leis an Ríochta Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe le linn na hidirthréimhse i gcomhréir leis an gcomhaontú sin agus scoirfidh an reachtaíocht sin d’fheidhm a bheith aici ag deireadh na tréimhse sin.

    (3)Nuair a scoirfidh an Comhbheartas Iascaigh d’fheidhm a bheith aige maidir leis an Ríocht Aontaithe, ní bheidh uiscí na Ríochta Aontaithe (an fharraige teorann agus an Limistéar Eacnamaíoch Eisiach) ina gcuid d’uiscí an Aontais a thuilleadh. Dá bhrí sin, i gcás tarraingt siar mí-ordúil, tá soithí an Aontais i mbaol rochtain a chailleadh ar na huiscí sin agus ar na deiseanna iascaireachta iontu ón 30 Márta 2019 amach. Bheadh tionchar mór aige sin ó thaobh gníomhaíochtaí iascaireachta chabhlach an Aontais agus ó thaobh tairbhí eacnamaíocha de.

    (4)Tá bearta ann cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 8 is féidir a úsáid chun éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha mar gheall ar tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas a mhaolú ar fud an tslabhra iomláin táirgeachta agus margaíochta.

    (5)Le Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, leagtar síos na rialacha agus na socruithe maidir le cúiteamh airgeadais a dheonú d’iascairí agus d’úinéirí soithí iascaireachta i gcás ina scoirtear de ghníomhaíochtaí iascaireachta go sealadach. Leis na critéir lena gceadaítear scor sealadach, ní cheadaítear cúiteamh i leith tarraingt siar Ballstáit ón Aontas ná i leith rochtain ar bith a bheith aige ar dheiseanna iascaireachta agus cailliúint deiseanna iascaireachta in uiscí an Bhallstáit sin ina dhiaidh sin.

    (6)I dteannta na mbeart atá ar fáil cheana féin faoi Rialachán (AE) Uimh. 508/2014, i gcás éifeachtaí díobhálacha eacnamaíocha a bheith ann mar gheall ar tharraingt siar Ballstáit ón Aontas, ba cheart tacaíocht a bheith ar fáil ón bpobal d’iascairí agus d’oibreoirí atá ag brath go mór ar rochtain a bheith acu ar uiscí na Ríochta Aontaithe i gcás scor sealadach gníomhaíochtaí iascaireachta.

    (7)Ba cheart, dá bhrí sin, Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú dá réir.

    (8)Tá fuílleach na leithreasuithe ar fáil chun bheith tiomanta d’aon bheart lena maolófar iarmhairtí tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas Eorpach.

    (9)De ghrá na simplíochta, iarrtar ar na Ballstáit lena mbaineann a mheas an ndéanfar leasuithe ar a gclár oibríochtúil a chumasc i gcomhthéacs Airteagal 22(4) de Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 .

    (10)I gcomhréir le hAirteagal 4(3) de Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle 10 , scoirfidh feidhm de bheith ag gníomhartha, atá socraithe ar dháta ar leith, ar dhul in éag d’uair dheireanach an lae a thiteann ar an dáta sin. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe.

    (11)Ba cheart an Rialachán seo a theacht i bhfeidhm mar ábhar práinne agus ba cheart feidhm a bheith aige ón lá tar éis an lae a scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe in éagmais comhaontú um tharraingt siar arna thabhairt chun críche leis an Ríocht Aontaithe nó in éagmais síneadh a bheith curtha leis an tréimhse dhá bhliain dá dtagraítear in Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach,

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    Airteagal 1

    Déantar Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 a leasú mar a leanas:

    (1)In Airteagal 13, cuirtear an mhír 9 seo a leanas leis:

    “9. Beidh na Ballstáit in ann an méid a leagtar amach i mír 2 a shárú agus titim faoi bhun na méideanna a leagtar amach i mír 3 go mír 6 chun tacú leis na bearta a leagtar amach in Airteagal 33 den Rialachán seo mura gcuireann an Ríocht Aontaithe síneadh le cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe le haghaidh shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh na Conarthaí d’fheidhm a bheith acu maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”;

    (2)In Airteagal 25, cuirtear isteach an mhír 3a seo a leanas:

    “3a. An ranníocaíocht airgeadais iomlán ó CEMI do na bearta dá dtagraítear in Airteagal 33 den Rialachán seo a dtugtar tacaíocht dóibh chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a thagann as cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe gan bheith á leathnú ag an Ríocht Aontaithe chuig uiscí na Ríochta Aontaithe do shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh feidhm de bheith ag na Conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach, ní chuirfear san áireamh í nuair a chinntear ar sáraíodh na tairsí a leagtar amach i bpointe (a) agus i bpointe (b) de mhír 3.”;

    (3)    Leasaítear Airteagal 33 mar a leanas:

    (a)i mír 1, cuirtear an pointe (d) seo a leanas isteach:

    “(d) chun aghaidh a thabhairt ar na hiarmhairtí a thagann as cearta rochtana ar uiscí na Ríochta Aontaithe gan bheith á leathnú ag an Ríocht Aontaithe chuig uiscí na Ríochta Aontaithe do shoithí iascaireachta an Aontais atá ag brath go mór ar rochtain a bheith acu ar na huiscí sin le haghaidh a gcuid gníomhaíochtaí iascaireachta i gcás ina scoirfidh feidhm de bheith ag na conarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.”;

    (b)cuirtear an méid seo a leanas in ionad mhír 2:

    “2. An tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (a), i bpointe (b) agus i bpointe (c) de mhír 1, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta sé mhí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020 agus an tacaíocht dá dtagraítear i bpointe (d) den mhír sin, féadfar í a dheonú ar feadh fad uasta naoi mí in aghaidh an tsoithigh le linn na tréimhse idir 2014 agus 2020. Aon chaiteachas a bhaineann le pointe (d) de mhír 1, beidh sé incháilithe ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin (AE) […] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle*.

    *Rialachán (AE) [2019/....] ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an [dáta] lena leasaítear Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 maidir le rialacha áirithe a bhaineann leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh de bharr tharraingt siar na Ríochta Aontaithe ón Aontas (IO L , …, lch. ).” [cuirfidh Oifig na bhFoilseachán uimhir agus tagairt an Rialacháin leasaithigh seo isteach].

    Airteagal 2

    Teacht i bhfeidhm agus cur i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm ar an lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón lá tar éis an lae a mbeidh deireadh le feidhm na gConarthaí maidir leis an Ríocht Aontaithe agus laistigh den Ríocht Aontaithe de bhun Airteagal 50(3) den Chonradh ar an Aontas Eorpach.

    Mar sin féin, ní bheidh feidhm ag an Rialachán seo i gcás ina dtagann comhaontú um tharraingt siar i bhfeidhm arna thabhairt i gcrích leis an Ríocht Aontaithe i gcomhréir le hAirteagal 50(2) den Chonradh ar an Aontas Eorpach faoin dáta dá dtagraítear sa dara fomhír den Airteagal seo.

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Rialachán (AE) Uimh. 1380/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Nollaig 2013 maidir leis an gComhbheartas Iascaigh, lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 1954/2003 ón gComhairle agus Rialachán (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 2371/2002 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 639/2004 ón gComhairle agus Cinneadh 2004/585/CE ón gComhairle, IO. L 354, 28.12.2013, lch. 22–61
    (2)    An Bheilg, an Danmhairg, an Fhrainc, an Ghearmáin, Éire, an Spáinn, an tSualainn, an Ísiltír
    (3)    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO. L 149, 20.5.2014, lch. 1).
    (4)    Rialachán (AE, Euratom) 2018/1046 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 18 Iúil 2018 maidir leis na rialacha airgeadais is infheidhme maidir le buiséad ginearálta an Aontais, lena leasaítear Rialacháin (AE) Uimh. 1296/2013, (AE) Uimh. 1301/2013, (AE) Uimh. 1303/2013, (AE) Uimh. 1304/2013, (AE) Uimh. 1309/2013, (AE) Uimh. 1316/2013, (AE) Uimh. 223/2014, (AE) Uimh. 283/2014, agus Cinneadh Uimh. 541/2014/AE agus lena naisghairtear Rialachán (AE, Euratom) Uimh. 966/2012 (IO. L 193, 30.7.2018, lch. 1).
    (5)    Rialachán ón gComhairle (AE, Euratom) Uimh. 1311/2013 ón gComhairle an 2 Nollaig 2013 lena leagtar síos an creat airgeadais ilbhliantúil do na blianta 2014 go 2020 (IO. L 347, 20.12.2013, lch. 884).
    (6)    Rialachán (AE) Uimh. 508/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Bealtaine 2014 maidir leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) 2328/2003 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 861/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 1198/2006 ón gComhairle, Rialachán (CE) Uimh. 791/2007 ón gComhairle agus Rialachán (AE) Uimh. 1255/2011 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle (IO. L 149, 20.5.2014, lch. 1).
    (7)    Rialachán (AE) Uimh. 1303/2013 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 17 Nollaig 2013 lena leagtar síos forálacha coiteanna maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe, leis an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena leagtar síos forálacha ginearálta maidir le Ciste Forbraíochta Réigiúnaí na hEorpa, le Ciste Sóisialta na hEorpa, leis an gCiste Comhtháthaithe agus leis an gCiste Eorpach Muirí agus Iascaigh agus lena naisghairtear Rialachán (CE) Uimh. 1083/2006 ón gComhairle (IO L 347, 20.12.2013, lch. 320)
    (8)    Rialachán (CEE, Euratom) Uimh. 1182/71 ón gComhairle an 3 Meitheamh 1971 lena gcinntear na rialacha is infheidhme maidir le tréimhsí, le dátaí agus le teorainneacha ama (IO. L 124, 8.6.1971, lch. 1.).
    Top