Choose the experimental features you want to try

This document is an excerpt from the EUR-Lex website

Document 52018PC0640

    Togra le haghaidh RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne Ionchur ón gCoimisiún Eorpach do chruinniú na gCeannairí in Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

    COM/2018/640 final

    An Bhruiséil,12.9.2018

    COM(2018) 640 final

    2018/0331(COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne




    FMT:ItalicIonchur ón gCoimisiún Eorpach do chruinniú na gCeannairí in Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

    {SEC(2018) 397 final} - {SWD(2018) 408 final} - {SWD(2018) 409 final}


    MEABHRÁN MÍNIÚCHÁIN

    1.COMHTHÉACS AN TOGRA

    1.1.Forais agus cuspóirí an togra

    A bhuí le huileláithreacht an idirlín féadann lucht a úsáidte cumarsáid agus obair a dhéanamh, meascadh go cuideachtúil le daoine agus faisnéis agus ábhar a chruthú, a fháil agus a chomhroinnt leis na céadta milliún daoine ar fud an domhain. Tá buntáistí suntasacha ag ardáin idirlín do lucht a núsáidte ar fud an Aontais agus níos faide i gcéin i dtaca le leas eacnamaíoch agus sóisialta. Mar sin féin, toisc gur féidir teagmháil a dhéanamh leis an oiread sin daoine ar an gcostas is lú, mealltar coirpigh ar mian leo míúsáid a bhaint as an idirlíon chun críocha neamhdhleathacha. Léiríodh sna hionsaithe sceimhlitheoireachta a rinneadh san Eoraip ar na mallaibh an chaoi a mbaineann sceimhlitheoirí míúsáid as an idirlíon chun lucht tacaíochta a mhealladh agus a earcú, chun gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a ullmhú agus a éascú, chun a gcuid ainghníomhartha a mhóradh agus tathant ar dhaoine eile déanamh amhlaidh agus chun scéin a chur sa phobal i gcoitinne.

    An tábhar sceimhlitheoireachta a chomhroinntear ar líne chun na gcríoch sin, is trí sholáthraithe seirbhísí óstála a scaiptear é, ar soláthraithe iad trína bhféadtar ábhar tríú páirtí a uaslódáil. Is léir go bhfuil ábhar sceimhlitheoireachta ar líne thar a bheith tábhachtach chun ‘cadhain aonair’ mar a thugtar orthu a radacú agus a spreagadh le roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh laistigh den Eoraip. Ní hamháin go mbíonn tionchair an-diúltach ag ábhar den sórt sin ar dhaoine aonair agus ar an tsochaí i gcoitinne, ach is lú an mhuinín a bhíonn ag úsáideoirí as an idirlíon agus déanann sé difear do shamhlacha gnó agus do chlú na gcuideachtaí lena mbaineann. Ní hamháin go bhfuil míúsáid bainte as ardáin mhóra de chuid na meán cumarsáide ag sceimhlitheoirí, ach tá míúsáid mhéadaitheach á baint acu as soláthraithe beaga a thairgeann cineálacha éagsúla seirbhísí óstála ar fud an domhain. Léirítear sa mhíúsáid sin a bhaintear as an idirlíon an fhreagracht shochaíoch ar leith atá ar ardáin idirlín maidir le lucht a núsáidte a chosaint ar ábhar sceimhlitheoireachta agus ar na rioscaí tromchúiseacha slándála a bhaineann leis an ábhar sin don tsochaí i gcoitinne.

    Agus iad ag freagairt d'éilimh ó na húdaráis phoiblí, tá bearta ar leith curtha i bhfeidhm ag na soláthraithe seirbhísí óstála chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta a bhíonn ar a gcuid seirbhísí. Tá dul chun cinn déanta a bhuí le creata agus le comhpháirtíochtaí deonacha lena náirítear Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh a seoladh faoin gClár Oibre Eorpach maidir leis an tSlándáil i Nollaig 2015. Tá comhar deonach agus gníomhaíochtaí deonacha na mBallstát agus na soláthraithe seirbhísí óstála curtha chun cinn ag Fóram Idirlín an Aontais Eorpaigh chun an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú agus chun an chumhacht a thabhairt don tsochaí shibhialta líon na ninsintí malartacha éifeachtacha ar líne a mhéadú. De bharr na niarrachtaí sin, is mó comhar atá ann, is fearr na freagairtí ó chuideachtaí ar tharchuir ó údaráis náisiúnta agus ón Aonad Atreorúcháin ar Líne de chuid Europol freisin, úsáidtear bearta réamhghníomhacha deonacha chun gur fearr a bhraitear ábhar sceimhlitheoireachta ar bhonn uathoibríoch, is mó comhar atá ann idir na cuideachtaí, lena náirítear “bunachar sonraí na haiseanna” a fhorbairt chun cosc a chur le huaslódáil ábhair sceimhlitheoireachta aitheanta ar ardáin nasctha, agus is trédhearcaí na hiarrachtaí freisin. Cé gur cheart leanúint den chomhar faoi Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh amach anseo, is léir go bhfuil na comhaontuithe deonacha teoranta freisin. Ar an gcéad dul síos, níor ghlac gach soláthraí seirbhísí óstála lena mbaineann páirt san Fhóram, agus ar an dara dul síos, ní leor scála agus luas an dul chun cinn atá déanta ag na soláthraithe seirbhísí óstála ina niomláine chun dul i ngleic go leordhóthanach leis an bhfadhb seo.

    De bharr na dteorainneacha sin, tá gá follasach le gníomhaíocht fheabhsaithe ón Aontas Eorpach i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. An 1 Márta 2018, ghlac an Coimisiún Moladh maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne, rud a chuir leis an Teachtaireacht ón gCoimisiún i Meán Fómhair 1 mar aon le hiarrachtaí faoi Fhóram Idirlín an Aontais Eorpaigh. Áiríodh sa Mholadh caibidil ar leith lena sainaithnítear roinnt beart maidir le srian éifeachtach a chur le bolscaireacht sceimhlitheoireachta a uaslódáil agus a chomhroinnt ar líne, amhail an próiseas tarchuir a fheabhsú, teorainn ama uair an chloig chun freagairt do tharchuir, brath níos réamhghníomhaí, aistriú éifeachtach agus cosaintí leordhóthanacha chun ábhar sceimhlitheoireachta a mheasúnú go cruinn. 2  

    Léirítear sna héilimh ag Ballstáit an Aontais freisin an gá atá le gníomhaíocht a fheabhsú maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne, agus tá reachtaíocht rite ag roinnt de na Ballstáit cheana féin nó tá curtha in iúl acu go bhfuil i gceist acu déanamh amhlaidh. Tar éis roinnt ionsaithe sceimhlitheoireachta san Eoraip agus toisc go bhfuil teacht éasca fós ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, d'iarr an Chomhairle Eorpach an 22-23 Meitheamh 2017 ar an tionscal teicneolaíocht nua agus uirlisí nua a fhorbairt chun gur fearr a bhraithfear agus a bhainfear anuas go huathoibríoch ábhar lena ngríosaítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Ba cheart sin a chomhlánú leis na bearta reachtacha iomchuí ar leibhéal an Aontais, más gá. Chuir an Chomhairle Eorpach an 28 Meitheamh 2018 fáilte roimh rún an Choimisiúin togra reachtach a thíolacadh chun gur fearr a bhraithfear agus a bhainfear anuas ábhar lena ngríosaítear fuath agus lena ngríosaítear gníomhartha sceimhlitheoireachta a dhéanamh. Thairis sin, sa rún uaithi maidir le hardáin ar líne agus leis an margadh aonair digiteach an 15 Meitheamh 2017, mhol Parlaimint na hEorpa do na hardáin lena mbaineann bearta a neartú chun dul i ngleic le hábhar díobhálach neamhdhleathach, agus mhol sí don Choimisiún bearta a thíolacadh chun dul i ngleic leis na ceisteanna sin.

    Chun dul i ngleic leis na dúshláin sin agus mar fhreagairt do na glaonna ó na Ballstáit agus ó Pharlaimint na hEorpa, is é is aidhm don togra seo ón gCoimisiún creat soiléir comhchuibhithe dlí a bhunú lena gcuirtear cosc le míúsáid seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a scaipeadh, d'fhonn dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a áirithiú agus muinín agus slándáil a áirithiú san am céanna. Is é is aidhm don Rialachán seo soiléiriú a thabhairt maidir le freagracht na soláthraithe seirbhísí óstála gach beart iomchuí, réasúnta agus comhréireach is gá a ghlacadh chun sábháilteacht a gcuid seirbhísí a áirithiú agus chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhrath agus a bhaint anuas go pras éifeachtach, ag cur san áireamh na tábhachta bunúsaí atá leis an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach. Tugtar isteach leis an Rialachán freisin roinnt cosaintí is gá arb é is aidhm dóibh a áirithiú go dtabharfar urraim iomlán do chearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí dhaonlathach, sa bhreis ar dheiseanna sásaimh bhreithiúnaigh a ráthaítear leis an gceart chun leigheas éifeachtach a fháil mar a chumhdaítear in Airteagal 19 CAE agus in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. 

    Trí thacar íosta de dhualgais chúraim a leagan síos ar na soláthraithe seirbhísí óstála lena náirítear roinnt rialacha agus oibleagáidí sonracha, mar aon le hoibleagáidí ar na Ballstáit, is é is aidhm don togra méadú ar a éifeachtaí atá na bearta atá ann faoi láthair i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a bhrath, a shainaithint agus a bhaint anuas gan teacht salach ar chearta bunúsacha amhail an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Éascófar le creat comhchuibhithe dlí den sórt sin soláthar seirbhísí ar líne ar fud an Mhargaidh Aonair Dhigitigh, áiritheofar cothrom iomaíochta le haghaidh gach soláthraí seirbhísí óstála a dhíríonn a chuid seirbhísí ar an Aontas Eorpach agus déanfar foráil maidir le creat stóinsithe dlí chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus a bhaint a mbeidh cosaintí iomchuí chun cearta bunúsacha a chosaint i dteannta leis. Go háirithe, a bhuí leis na hoibleagáidí i gcomhair na trédhearcachta cuirfear le muinín na saoránach agus le muinín lucht úsáidte an idirlín go sonrach agus feabhsófar cuntasacht agus trédhearcacht ghníomhaíochtaí na gcuideachtaí, lena náirítear maidir leis na húdaráis phoiblí. Leagtar amach leis an togra freisin oibleagáidí chun sásraí leighis agus gearáin a chur i bhfeidhm lena áirithiú go bhféadfaidh úsáideoirí cur i gcoinne baint anuas ábhar dá gcuid. Rannchuideoidh na hoibleagáidí ar na Ballstáit leis na cuspóirí sin, agus is fearr freisin a fhéadfaidh na húdaráis iomchuí bearta iomchuí a dhéanamh i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta ar líne agus an choireacht a chomhrac. I gcás nach gcomhlíonfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála an Rialachán, féadfaidh na Ballstáit pionóis a ghearradh.

    1.2.Comhsheasmhacht le creat dlíthiúil reatha an Aontais Eorpaigh sa réimse beartais

    Tá an togra seo comhsheasmhach leis an acquis a bhaineann leis an Margadh Aonair Digiteach agus go háirithe leis an Treoir maidir le Ríomhthrádáil. Go háirithe, maidir le haon bhearta a dhéanfaidh an soláthraí seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena náirítear aon bhearta réamhghníomhacha, níor cheart don soláthraí seirbhísí sin leas na heisceachta dliteanais a chailleadh dá bharr sin dá bhforáiltear, faoi choinníollacha áirithe, in Airteagal 14 den Treoir maidir le Ríomhthrádáil. Níor cheart, i bprionsabal, forchur oibleagáide ginearálta ar na Ballstáit chun faireachán a dhéanamh, mar a shainmhínítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE, a bheith de thoradh cinneadh arna dhéanamh ag na húdaráis náisiúnta chun bearta réamhghníomhacha sonracha comhchuibhithe a fhorchur. Mar sin féin, toisc a thromchúisí atá na rioscaí a bhaineann le hábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh, leis na cinntí faoin Rialachán seo, féadfar maolú go heisceachtúil ar an bprionsabal sin faoi chreat AE. Sula nglacfaidh sé cinntí den sórt sin, ba cheart don údarás inniúil cothromaíocht chóir a bhaint amach idir riachtanais na slándála poiblí agus na leasanna agus na cearta bunúsacha lena mbaineann lena náirítear go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a sheoladh, sonraí pearsanta agus príobháideachas a chosaint. Ba cheart an chothromaíocht sin a léiriú agus a urramú i ndualgais chúraim na soláthraithe seirbhísí óstála, rud a léirítear leis an Treoir Ríomhthrádála.

    Tá an togra i gcomhréir agus ailínithe go dlúth freisin le Treoir (AE) 2017/541 maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac, arb é is aidhm di comhchuibhiú a dhéanamh ar reachtaíocht na mBallstát maidir le coiriúlú a dhéanamh ar chionta sceimhlitheoireachta. Le hAirteagal 21 den Treoir maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac ceanglaítear ar na Ballstáit bearta a ghlacadh lena áirithiú go mbainfear anuas aon ábhar ar líne go pras, ar briogadh poiblí amháin é agus rogha na mbeart a fhágáil faoi na Ballstáit. Toisc a choiscthí atá an Rialachán seo, cumhdaítear leis ní hamháin ábhar lena ngríosaítear an sceimhlitheoireacht ach cumhdaítear leis freisin ábhar chun críocha earcaíochta nó oiliúna, lena léireofar cionta eile a bhaineann le gníomhaíochtaí sceimhlitheoireachta, gníomhaíochtaí a chumhdaítear le Treoir (AE) 2017/541 freisin. Leis an Rialachán seo forchuirtear dualgais chúraim go díreach ar na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas agus déantar comhchuibhiú ar nósanna imeachta maidir le horduithe baint anuas agus é mar aidhm leis an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú.

    Leis an Rialachán comhlánaítear na rialacha a leagtar síos i dTreoir Sheirbhísí na Meán Closamhairc atá le teacht sa mhéid gur leithne a raon feidhme pearsanta agus ábhartha. Ní ardáin comhroinnte físeán amháin a chumhdaítear leis an Rialachán, ach cumhdaítear leis cineálacha éagsúla soláthraithe seirbhísí óstála. De bhreis air sin, ní físeáin amháin a chumhdaítear leis an Rialachán ach cumhdaítear íomhánna agus téacs leis freisin. Thairis sin, téann an Rialachán seo thar a bhfuil sa Treoir ó thaobh forálacha substainteacha de trí chomhchuibhiú a dhéanamh ar rialacha maidir le hiarrataí ar ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas mar aon le bearta réamhghníomhacha.

    Cuireann an Rialachán atá beartaithe leis an Moladh ón gCoimisiún 3 maidir le hábhar neamhdhleathach Márta 2018. Tá an Moladh i bhfeidhm fós, agus ba cheart dóibh siúd uile a bhfuil ról acu maidir leis an rochtain ar ábhar neamhdhleathach a laghdú - lena náirítear ábhar sceimhlitheoireachta - ba cheart dóibh leanúint de bheith ag cur a gcuid iarrachtaí i gcomhréim leis na bearta a shainaithnítear laistigh den Mholadh.

    1.3.Achoimre ar an Rialachán atá beartaithe

    Áirítear i raon feidhme pearsanta an togra na soláthraithe seirbhísí óstála a thairgeann a seirbhísí laistigh den Aontas, beag beann ar a náit bhunaíochta nó a méid. Leis an reachtaíocht atá á beartú tugtar isteach roinnt beart le cosc a chur le míúsáid seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a scaipeadh d'fhonn dea-fheidhmiú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh a ráthú, agus muinín agus slándáil á náirithiú san am céanna. Tá an sainmhíniú ar ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta a leagtar amach i dTreoir (AE) 2017/541 agus sainítear é mar fhaisnéis a úsáidtear chun déanamh cionta sceimhlitheoireachta a ghríosú agus a mhóradh, chun rannchuidiú le déanamh cionta sceimhlitheoireachta a chothú agus chun treoracha a sholáthar lena ndéanamh agus chun rannpháirtíocht i ngrúpaí sceimhlitheoireachta a chur chun cinn.

    Chun a áirithiú go mbainfear anuas ábhar sceimhlitheoireachta neamhdhleathach, tugtar isteach leis an Rialachán ordú baint anuas ar ordú é a fhéadfaidh údarás inniúil i mBallstát a eisiúint mar chinneadh riaracháin nó breithiúnach. Sna cásanna sin, tá ceanglas ar an soláthraí seirbhísí óstála an tábhar a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar a dhíchumasú laistigh d'uair an chloig. Sa bhreis air sin, leis an Rialachán seo, déantar comhchuibhiú ar na ceanglais íosta maidir le tarchuir arna seoladh ag údaráis inniúla na mBallstát agus ag comhlachtaí an Aontais (amhail Europol) chuig na soláthraithe seirbhísí óstála chun iad a mheasúnú de réir a gcuid téarmaí agus coinníollacha faoi seach. Ar deireadh, leis an Rialachán ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála, i gcás inarb iomchuí, bearta réamhghníomhacha a ghlacadh atá comhréireach leis an leibhéal riosca agus ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas óna gcuid seirbhísí, lena náirítear úsáid uirlisí uathbhraite.

    Tá roinnt cosaintí tábhachtacha i dteannta leis na bearta atá ceaptha chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú chun a áirithiú go gcosnófar na cearta bunúsacha ina niomláine. Mar chuid de na bearta chun a áirithiú nach ndéanfar ábhar nach ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas go hearráideach, leagtar amach leis an togra oibleagáidí chun sásraí leighis agus gearáin a chur i bhfeidhm chun a áirithiú go bhféadfaidh úsáideoirí cur i gcoinne baint anuas ábhar dá gcuid. Sa bhreis air sin, tugtar isteach leis an Rialachán oibleagáidí maidir leis an trédhearcacht le haghaidh na mbeart arna nglacadh ag na soláthraithe seirbhísí óstála i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta, rud a chinnteoidh cuntasacht i leith na núsáideoirí, na saoránach agus na núdarás poiblí.

    Leis an Rialachán seo ceanglaítear ar na Ballstáit freisin a áirithiú go mbeidh na hacmhainní is gá ag a gcuid údarás inniúil chun teacht roimh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. Sa bhreis air sin, ceanglaítear ar na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas agus comhoibriú le chéile agus féadfaidh siad úsáid a bhaint as bealaí arna gcur ar bun ag Europol chun comhordú i ndáil le horduithe baint anuas agus le tarchuir a áirithiú. Déantar foráil leis an rialachán freisin maidir le hoibleagáidí a chur ar na soláthraithe seirbhísí óstála tuairisciú ar bhonn níos mionsonraithe maidir leis na bearta arna ndéanamh agus údaráis forfheidhmithe an dlí a chur ar an eolas nuair a bhraitheann siad ábhar lena gcuirtear beatha nó sábháilteacht i mbaol. Ar deireadh, tá oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí óstála an tábhar a bhaineann siad anuas a chaomhnú, ar cosaint í sin lena áirithiú nach mbainfear anuas ábhar go hearráideach agus lena áirithiú nach gcaillfear ábhar a d'fhéadfadh a bheith ina fhianaise chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    2.BUNÚS DLÍ, COIMHDEACHT AGUS COMHRÉIREACHT

    2.1.Bunús dlí

    Is é Airteagal 114 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh an bunús dlí lena ndéantar foráil maidir le bearta a bhunú chun feidhmiú an Mhargaidh Inmheánaigh a áirithiú.

    Is é Airteagal 114 an bunús iomchuí dlí lena ndéantar comhchuibhiú ar na coinníollacha faoina soláthróidh na soláthraithe seirbhísí óstála seirbhísí ar fud theorainneacha an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus faoina rachfar i ngleic leis na difríochtaí idir forálacha na mBallstát, ar difríochtaí iad a d'fhéadfadh bac a chur ar fheidhmiú an mhargaidh inmheánaigh murach sin. Leis an Airteagal sin, cuirtear cosc freisin le bacainní ar an ngníomhaíocht eacnamaíoch a d'fhéadfadh a bheith ann amach anseo mar gheall ar na difríochtaí idir na bealaí a bhféadfadh dlíthe náisiúnta a theacht chun cinn.

    Féadtar Airteagal 114 CFAE a úsáid freisin chun oibleagáidí a fhorchur ar na soláthraithe seirbhísí atá bunaithe lasmuigh de chríoch an Aontais Eorpaigh i gcás ina ndéantar difear don mhargadh inmheánach leis an soláthar seirbhísí, mar gur gá sin chun críche na sprice atá á saothrú sa mhargadh inmheánach.

    2.2.An rogha ionstraime

    Tugtar deis do reachtóir an Aontais, le hAirteagal 114 CFAE, rialacháin agus treoracha a ghlacadh. 

    Mar go mbaineann an togra le hoibleagáidí ar na soláthraithe seirbhísí sin a thairgeann a seirbhísí i níos mó ná Ballstát amháin de ghnáth, is amhlaidh a chuirfí bac ar sholáthraithe atá ag oibriú i mBallstáit éagsúla seirbhísí a sholáthar murarbh ionann an chaoi a gcuirfí na rialacha seo i bhfeidhm trí chéile. Féadtar le rialachán an oibleagáid chéanna a fhorchur ar bhealach aonfhoirmeach ar fud an Aontais, tá sé infheidhme go díreach, soláthraítear soiléiriú agus deimhneacht dhlíthiúil níos fearr leis agus seachnaítear trasuí éagsúil sna Ballstáit. Ar na cúiseanna sin meastar gur rialachán an fhoirm is iomchuí le haghaidh na hionstraime seo. 

    2.3.Coimhdeacht

    Ó tharla gné thrasteorann a bheith leis na fadhbanna a bhfuiltear ag díriú orthu, is gá na bearta atá san áireamh sa togra a ghlacadh ar leibhéal an Aontais chun na cuspóirí a bhaint amach. Tá gné thrasteorann ag baint leis an idirlíon agus is iondúil gur féidir teacht ar ábhar a óstáiltear i mBallstát amháin ó aon Bhallstát eile. 

    Tá creat ilroinnte de rialacha náisiúnta chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne ag teacht chun cinn agus tá baol ann gur ilroinnte fós a bheidh sé. Is é an toradh a bheadh air sin go mbeadh ualach ar chuideachtaí rialacháin éagsúla a chomhlíonadh agus go gcruthófaí neamhionannas sna coinníollacha do chuideachtaí agus bheadh lúba ar lár sa tslándáil freisin.

    Dá réir sin, a bhuí le gníomhaíocht an Aontais Eorpaigh is fearr an deimhneacht dhlíthiúil agus is éifeachtaí gníomhaíochtaí na soláthraithe seirbhísí óstála i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta ar líne. D'fhágfadh sin gur cheart go bhféadfadh níos mó cuideachtaí gníomh a dhéanamh, lena náirítear cuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas Eorpach, rud a neartódh sláine an mhargaidh aonair dhigitigh. 

    Leis seo tugtar údar leis an ngá atá le gníomhaíocht ón Aontas, faoi mar a aontaíodh i gConclúidí ón gComhairle Eorpach i Meitheamh 2018 inar moladh don Choimisiún togra reachtach a thíolacadh sa réimse sin. 

    2.4.Comhréireacht

    Leagtar síos leis an togra seo rialacha le haghaidh soláthraithe seirbhísí óstála chun bearta a chur i bhfeidhm le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas óna gcuid seirbhísí go gasta. Tá príomhghnéithe an togra teoranta dá bhfuil gá leis chun na cuspóirí beartais a bhaint amach.

    Cuirtear san áireamh leis an togra an tualach atá ar na soláthraithe seirbhísí óstála agus cosaintí, lena náirítear an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil mar aon le cearta bunúsacha eile a chosaint. Ní bhaineann an tréimhse uair an chloig chun ábhar a bhaint anuas ach le horduithe baint anuas, ar ina leith a chinneann na húdaráis inniúla neamhdhleathacht a bheith ag baint le cinneadh atá faoi réir athbhreithniú breithiúnach. Maidir le tarchuir, tá oibleagáid ann bearta a chur i bhfeidhm chun measúnú gasta ar ábhar sceimhlitheoireachta a éascú, gan oibleagáidí a fhorchur é a bhaint anuas áfach ná é sin a dhéanamh laistigh de sprioc-amanna dochta. Is cinneadh deonach de chuid an tsoláthraí seirbhísí óstála fós é an cinneadh deiridh. Laghdaítear ar an ualach ar chuideachtaí an tábhar a mheasúnú mar go dtugann údaráis inniúla na mBallstát agus comhlachtaí an Aontais míniú ar na cúiseanna a bhféadfaí a mheas gur ábhar sceimhlitheoireachta atá ann. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála, i gcás inarb iomchuí, bearta réamhghníomhacha chun a seirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta. Tá na hoibleagáidí sonracha a bhaineann le bearta réamhghníomhacha teoranta do na soláthraithe seirbhísí óstála sin atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta, rud a léirítear trí ordú baint anuas a fháil, ar ordú críochnaitheach é, agus ba cheart iad a bheith comhréireach leis an leibhéal riosca agus le hacmhainní na cuideachta. Tá caomhnú an ábhair a baineadh anuas agus na sonraí lena mbaineann teoranta do thréimhse ama atá comhréireach i ndáil leis na cuspóirí chun imeachtaí i gcomhair athbhreithniú riaracháin nó breithiúnach a éascú agus chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    3.TORTHAÍ Ó MHEASTÓIREACHTAÍ EX POST, Ó CHOMHAIRLIÚCHÁIN LEIS NA PÁIRTITHE LEASMHARA AGUS Ó MHEASÚNUITHE TIONCHAIR

    3.1.Comhairliúcháin leis na páirtithe leasmhara

    Agus an togra reachtach seo á ullmhú aige, chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin le gach páirtí leasmhar ábhartha chun tuiscint a fháil ar a gcuid tuairimí agus chun teacht ar bhealach chun cinn a d'fhéadfadh a bheith ann. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin oscailte phoiblí maidir le bearta chun feabhas a chur ar a éifeachtaí a théitear i ngleic le hábhar neamhdhleathach, agus fuarthas 8 961 fhreagra agus astu sin fuarthas 8 749 bhfreagra ó dhaoine aonair, 172 fhreagra ó eagraíochtaí, 10 bhfreagra ó údaráis riaracháin phoiblí, agus 30 freagra ó chatagóirí eile freagróirí. San am céanna, rinneadh suirbhé Eorabharaiméadair inar baineadh úsáid as sampla randamach 33 500 cónaitheoir AE arbh éirim dó ábhar neamhdhleathach ar líne. Chuaigh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin freisin le húdaráis na mBallstát agus le soláthraithe seirbhísí óstála le linn mhí na Bealtaine agus mhí an Mheithimh 2018 maidir le bearta sonracha chun dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne.

    Ar an mórchóir, thug tromlach na páirtithe leasmhara le fios gur fadhb shochaíoch thromchúiseach é an tábhar sceimhlitheoireachta ar líne, rud a dhéanann difear do lucht úsáidte an idirlín agus do shamhlacha gnó na soláthraithe seirbhísí óstála. Go ginearálta, mheas 65% de na freagróirí ar an suirbhé Eorabharaiméadair 4 nach bhfuil an tidirlíon sábháilte do lucht a úsáidte agus ceapann 90% de na freagróirí gur den tábhacht é teorainn a chur le scaipeadh ábhair neamhdhleathaigh ar líne. Tugadh le fios sna comhairliúcháin leis na Ballstáit go bhfuil toradh ar na comhaontuithe deonacha, ach má tá féin tá go leor den tuairim go bhfuil gá le hoibleagáidí ceangailteacha maidir le hábhar sceimhlitheoireachta, rud a tugadh le fios freisin i gConclúidí ón gComhairle Eorpach i Meitheamh 2018. Cé go raibh na soláthraithe seirbhísí óstála ar an iomlán i bhfabhar go leanfaí de na bearta deonacha, luaigh siad na tionchair dhiúltacha a d'fhéadfadh a bheith leis an ilroinnt dhlíthiúil atá ag teacht chun cinn san Aontas.

    Thug roinnt páirtithe leasmhara dá naire freisin gur gá a áirithiú gur cheart cosaintí maidir le cearta bunúsacha, go háirithe an tsaoirse chun tuairimí a thabhairt, a chur san áireamh in aon bhearta rialála chun ábhar a bhaint anuas, go háirithe bearta réamhghníomhacha agus teorainneacha dochta ama. Thug na páirtithe leasmhara roinnt bearta riachtanacha i ndáil leis an trédhearcacht agus leis an gcuntasacht dá naire mar aon leis an ngá le hathbhreithniú daonna a dhéanamh ar úsáid uirlisí uathoibrithe.

    3.2.Measúnú tionchair

    D'eisigh an Bord um Ghrinnscrúdú Rialála tuairim dhearfach maidir leis an measúnú tionchair, tuairim a raibh agúis áirithe ag dul léi agus a rinne sé moltaí éagsúla chun feabhais 5 . Tar éis na tuairime sin, leasaíodh an tuarascáil um measúnú tionchair chun aghaidh a thabhairt ar phríomhthráchtaí an Bhoird, inar cuireadh béim shonrach ar ábhar sceimhlitheoireachta agus leagadh béim bhreise ar na himpleachtaí ar fheidhmiú an Mhargaidh Aonair Dhigitigh agus chomh maith leis sin soláthraíodh anailís níos cuimsithí ar an tionchar ar chearta bunúsacha agus ar fheidhmiú na gcosaintí a bheartaítear sna roghanna.

    Mura nglacfaí aon bhearta breise, bheifí ag súil go leanfaí de ghníomhaíochtaí deonacha faoin mbunlíne agus go mbeadh tionchar acu fós ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú. Mar sin féin, ní dócha go ndéanfaidh gach soláthraí seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar den sórt sin bearta deonacha a ghlacadh agus meastar gur mó arís an ilroinnt dhlíthiúil a thiocfaidh chun cinn, rud a chuirfeadh tuilleadh bacainní ar sholáthar seirbhísí trasteorann. Breithníodh trí phríomhrogha beartais cé is moite den chás bunlíne, roghanna lena ngabhann leibhéil mhéadaithe éifeachtachta chun aghaidh a thabhairt ar na cuspóirí a leagtar amach sa mheasúnú tionchair agus i sprioc fhoriomlán an bheartais maidir le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú.

    Sna trí rogha uile, díríodh raon feidhme na noibleagáidí sin ar na soláthraithe seirbhísí óstála uile (raon feidhme pearsanta) atá bunaithe san Aontas agus i dtríú tíortha – a mhéid a thairgeann siad a gcuid seirbhísí san Aontas (raon feidhme geografach). Mar gheall ar chineál na faidhbe agus toisc gur gá a áirithiú nach mbainfear míúsáid as ardáin bheaga, níl aon díolúintí ann le haghaidh FBManna faoi aon cheann de na roghanna. Le gach rogha, cheanglófaí ar sholáthraithe seirbhísí óstála ionadaí dlíthiúil a bhunú san Aontas – lena náirítear cuideachtaí atá bunaithe lasmuigh den Aontas – chun in-fhorfheidhmitheacht dhlíthe an Aontais a áirithiú. Faoi gach rogha, bhí sé beartaithe go ndéanfadh na Ballstáit sásraí smachtbhannaí a fhorbairt.

    Beartaíodh le gach rogha córas nua comhchuibhithe um orduithe baint anuas dlíthiúla a chruthú i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne, ar orduithe iad arna neisiúint ag údaráis náisiúnta chuig soláthraithe seirbhísí óstála agus lena gceanglaítear an tábhar sin a bhaint anuas laistigh d'uair an chloig. Níor ghá go mbeadh measúnú ó na soláthraithe seirbhísí óstála i gceist leis na horduithe sin, agus bheidís faoi réir sásamh breithiúnach.

    Is gnéithe coiteanna de na trí rogha iad cosaintí, go háirithe nósanna imeachta maidir le gearáin agus leigheasanna éifeachtacha, lena náirítear sásamh breithiúnach mar aon le forálacha eile chun nach mbainfear ábhar anuas go hearráideach, ábhar nach ábhar sceimhlitheoireachta, agus comhlíonadh ceart bunúsach á áirithiú. Thairis sin, áirítear i ngach rogha oibleagáidí tuairiscithe i bhfoirm na trédhearcachta poiblí agus tuairisciú do na Ballstáit agus don Choimisiún, agus d'údaráis um chionta coiriúla amhrasta freisin. Chomh maith leis sin, déantar foráil maidir le hoibleagáidí comhair idir údaráis náisiúnta, soláthraithe seirbhísí óstála agus i gcás inarb iomchuí Europol.

    Baineann na príomhdhifríochtaí atá idir na trí rogha le raon feidhme an tsainmhínithe ar ábhar sceimhlitheoireachta, le leibhéal comhchuibhithe na dtarchur, le raon feidhme na mbeart réamhghníomhach, le hoibleagáidí comhordúcháin ar na Ballstáit agus le ceanglais caomhnaithe sonraí. Le rogha 1 bheadh an raon feidhme ábhartha teoranta d'ábhar a scaiptear chun gríosú a dhéanamh go díreach le cion sceimhlitheoireachta a dhéanamh, faoi réir sainmhíniú cúng, agus ghlacfaí cur chuige ní ba chuimsithí le rogha 2 agus le rogha 3, cur chuige lena gcuimseofaí ábhar lena mbaineann earcaíocht agus oiliúint freisin. Maidir le bearta réamhghníomhacha, faoi rogha 1, níor mhór do na soláthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta measúnú riosca a dhéanamh ach bheadh na bearta réamhghníomhacha sin lena dtugtar aghaidh ar an riosca fós deonach. Le rogha 2 cheanglófaí ar na soláthraithe seirbhísí óstála plean gníomhaíochta a ullmhú, plean a bhféadfadh úsáid uirlisí uathoibríocha a bheith ar áireamh ann chun cosc a chur le hábhar a baineadh anuas cheana a ath-uaslódáil. Áirítear le rogha 3 bearta réamhghníomhacha níos cuimsithí lena gceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta ábhar nua a shainaithint freisin. I ngach rogha, bheadh na ceanglais a bhaineann le bearta réamhghníomhacha comhréireach leis an leibhéal neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta mar aon le hacmhainní eacnamaíocha an tsoláthraí seirbhísí. Maidir le tarchuir, le rogha 1 ní dhéanfaí comhchuibhiú ar an gcur chuige ina leith ach is amhlaidh a dhéanfaí amhlaidh le rogha 2 i gcomhair Europol agus chuirfí tarchuir na mBallstát san áireamh le rogha 3 freisin. Faoi rogha 2 agus faoi rogha 3, cheanglófaí ar na Ballstáit a chéile a chur ar an eolas, a bheith ag comhoibriú le chéile agus a bheith ag obair i gcomhar le chéile agus i rogha 3, níor mhór dóibh a áirithiú go mbeidh d'acmhainn ag a gcuid údarás inniúil ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus fógra a thabhairt maidir leis an ábhar sin. Ar deireadh, áirítear freisin i rogha 3 ceanglas chun sonraí a chaomhnú mar chosaint i gcásanna inar baineadh ábhar anuas go hearráideach agus chun imscrúduithe coiriúla a éascú.

    Chomh maith leis na forálacha dlí, beartaíodh sraith beart tacaíochta a bheith i dteannta na roghanna reachtacha uile, go háirithe chun comhar ar fud na núdarás náisiúnta agus Europol a éascú, mar aon leis an gcomhar le soláthraithe seirbhísí óstála, agus chun tacú le Taighde, Forbairt agus Nuálaíocht d'fhonn réitigh theicneolaíochta a fhorbairt agus a ghlacadh. D'fhéadfaí ionstraimí breise múscailte feasachta agus tacaíochta le haghaidh FBManna a úsáid freisin tar éis ghlacadh na hionstraime dlí.

    Ba é conclúid an Mheasúnaithe Tionchair gur gá sraith beart chun an cuspóir beartais a bhaint amach. B'fhearr an sainmhíniú cuimsitheach ar ábhar sceimhlitheoireachta lena ngabhtar an tábhar is díobhálaí ná sainmhíniú cúng ar an ábhar (rogha 1). Ba lú an tionchar a bheadh ag na hoibleagáidí réamhghníomhacha arna dteorannú do chosc a chur le hábhar sceimhlitheoireachta a ath-uaslódáil (rogha 2) ná an tionchar a bheadh ag na hoibleagáidí a bhaineann le hábhar sceimhlitheoireachta nua a bhrath (rogha 3). Ba cheart a áireamh i bhforálacha maidir le tarchuir, tarchuir ó Europol agus ó na Ballstáit araon (rogha 3) agus níor cheart na forálacha sin a theorannú do tharchuir ó Europol amháin (rogha 2) mar gur rannchuidiú tábhachtach iad na tarchuir ó na Ballstáit chun rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú trí chéile. Níor mhór bearta den sórt sin a chur chun feidhme de bhreis ar na bearta sin atá coitianta do gach rogha, lena náirítear cosaintí stóinsithe i gcoinne ábhar a bhaint anuas go hearráideach.

    3.3.Cearta bunúsacha

    Is é is aidhm do bholscaireacht sceimhlitheoirí ar líne, daoine aonair a ghríosú chun ionsaithe sceimhlitheoireachta a dhéanamh, lena náirítear treoracha mionsonraithe a thabhairt dóibh maidir le conas a mhéid díobháil is féidir a dhéanamh. Is minic a eisítear tuilleadh bolscaireachta tar éis ainghníomhartha den sórt sin, bolscaireacht ina ndéantar na gníomhartha sin a mhóradh, agus ina spreagtar daoine eile le déanamh amhlaidh. Leis an Rialachán seo rannchuidítear le cosaint na slándála poiblí, trí laghdú a dhéanamh ar an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta lena gcuirtear chun cinn agus lena spreagtar sárú ceart bunúsach.

    D'fhéadfadh sé go ndéanfadh an togra difear do roinnt cearta bunúsacha:

    (a)cearta an tsoláthraí ábhair: an ceart don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh; an ceart go ndéanfar sonraí pearsanta a chosaint; an ceart go nurramófar an saol príobháideach agus saol an teaghlaigh, prionsabal an neamh-idirdhealaithe agus an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil;

    (b)cearta an tsoláthraí seirbhísí: an ceart a bhaineann leis an tsaoirse chun gnó a sheoladh; an ceart chun leigheas éifeachtach a fháil;

    (c)cearta gach aon saoránaigh: agus an ceart don tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

    Ag cur an acquis ábhartha san áireamh, áirítear sa Rialachán atá beartaithe cosaintí iomchuí stóinsithe chun a áirithiú go gcosnófar cearta na ndaoine sin.

    Ar na chéad ghnéithe sa chomhthéacs sin is ea go mbunaítear leis an Rialachán sainmhíniú ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne i gcomhréir leis an sainmhíniú ar chionta sceimhlitheoireachta i dTreoir (AE) 2017/541. Beidh feidhm ag an sainmhíniú sin le horduithe baint anuas agus le tarchuir mar aon le bearta réamhghníomhacha. Áirithítear leis an sainmhíniú sin nach mbainfear anuas ach ábhar neamhdhleathach a chomhfhreagraíonn do shainmhíniú uile-Aontais ar chionta coiriúla gaolmhara. Sa bhreis air sin, áirítear dualgais chúraim ghinearálta sa Rialachán ar sholáthraithe seirbhísí óstála chun gníomhú ar bhealach dícheallach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach maidir leis an ábhar a stórálann siad, go háirithe agus a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin á gcur chun feidhme acu ionas nach mbainfí anuas ábhar nach ábhar sceimhlitheoireachta.

    Go sonrach, ceapadh an Rialachán chun go náiritheofar comhréireacht na mbeart arna ndéanamh i ndáil le cearta bunúsacha. Maidir le horduithe baint anuas, tríd an measúnú ar an ábhar (lena náirítear seiceálacha dlíthiúla, i gcás inar gá) arna dhéanamh ag údarás inniúil, tugtar bonn cirt leis an teorainn ama uair an chloig don bheart seo. Thairis sin, tá na forálacha sa Rialachán seo a bhaineann le tarchuir teoranta do na tarchuir sin a sheolann údaráis inniúla agus comhlachtaí an Aontais lena mínítear na cúiseanna a bhféadfaí a mheas gur ábhar sceimhlitheoireachta atá san ábhar. Cé go bhfuil an soláthraí seirbhísí óstála fós freagrach as ábhar a shainaithnítear i dtarchur a bhaint anuas, éascaítear an cinneadh sin leis an measúnú thuasluaite.

    Maidir le bearta réamhghníomhacha, tá na soláthraithe seirbhísí óstála fós freagrach as ábhar a shainaithint, a mheasúnú agus a bhaint anuas agus tá ceangal orthu cosaintí a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbainfear ábhar anuas go hearráideach, lena náirítear measúnú daonna, go háirithe i gcás inar gá comhthéacsú breise. Thairis sin, murab ionann agus an cás bunlíne, i gcás ina gcuirfidh na cuideachtaí is mó a ndéantar difear dóibh uirlisí uathoibríocha ar bun gan maoirseacht phoiblí, bheadh ceapadh agus cur chun feidhme na mbeart faoi réir tuairisciú do na comhlachtaí inniúla sna Ballstáit. Leis an oibleagáid sin laghdaítear na rioscaí a bhaineann le hábhar a bhaint anuas go hearráideach le haghaidh na gcuideachtaí a bhfuil uirlisí nua á gcur ar bun acu agus dóibh siúd a úsáideann na huirlisí sin cheana. Sa bhreis air sin, ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála sásraí so-úsáidte le haghaidh gearán a sholáthar do sholáthraithe ábhair chun cur in aghaidh an chinnidh a gcuid ábhair a bhaint anuas agus tuarascálacha a fhoilsiú don phobal i gcoitinne freisin.

    Ar deireadh, dá mbainfí anuas aon ábhar agus sonraí gaolmhara go hearráideach in ainneoin na gcosaintí sin, ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí óstála an tábhar sin a chaomhnú ar feadh tréimhse sé mhí chun go bhféadtar é a aischur chun éifeachtacht na nósanna imeachta maidir le gearáin agus maidir le hathbhreithniú a áirithiú d'fhonn cosaint a dhéanamh ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. San am céanna, rannchuidíonn an caomhnú le críocha fhorfheidhmiú an dlí. Ní mór do na soláthraithe seirbhísí óstála cosaintí teicniúla agus eagraíochtúla a chur i bhfeidhm chun a áirithiú nach mbainfear úsáid as na sonraí sin le haghaidh cuspóirí eile.

    Leis na bearta atá beartaithe, go háirithe na bearta a bhaineann le horduithe baint anuas, le tarchuir, le bearta réamhghníomhacha agus le caomhnú sonraí, níor cheart úsáideoirí an idirlín, agus iad sin amháin, a chosaint ar ábhar sceimhlitheoireachta ach ba cheart freisin rannchuidiú le cosaint a dhéanamh ar an gceart atá ag saoránaigh chun na beatha tríd an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú.

    4.IMPLEACHTAÍ BUISÉADACHA

    Níl aon tionchar ag an togra reachtach le haghaidh Rialacháin ar bhuiséad an Aontais.

    5.EILIMINTÍ EILE

    5.1.Pleananna cur chun feidhme, agus socruithe faireacháin, meastóireachta agus tuairiscithe

    Bunóidh an Coimisiún faoi [bhliain amháin ó dháta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na táscairí agus na modhanna lena ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus na tréimhsí chun sin a dhéanamh. Saineofar ann na gníomhaíochtaí atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit maidir leis na sonraí agus leis an bhfianaise eile a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus chun meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo.

    Ar bhonn an chláir faireacháin atá bunaithe, laistigh de dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo, déanfaidh an Coimisiún tuairisciú ar chur chun feidhme an Rialacháin seo bunaithe ar na tuarascálacha trédhearcachta arna bhfoilsiú ag cuideachtaí agus bunaithe ar fhaisnéis arna soláthar ag na Ballstáit freisin. Déanfaidh an Coimisiún meastóireacht tráth nach luaithe ná ceithre bliana tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin.

    Bunaithe ar thorthaí na meastóireachta, lena náirítear an ann do bhearnaí agus do laigí ar leith fós, agus forbairtí teicneolaíochta á gcur san áireamh, déanfaidh an Coimisiún measúnú ar an ngá le raon feidhme an Rialacháin seo a mhéadú. Déanfaidh an Coimisiún tograí a thíolacadh chun an Rialachán seo a oiriúnú, más gá.

    Tacóidh an Coimisiún le cur chun feidhme, le faireachán agus le meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán trí ghrúpa saineolaithe de chuid an Choimisiúin. Chomh maith leis sin, éascóidh an grúpa comhar idir soláthraithe seirbhísí óstála, údaráis forfheidhmithe an dlí agus Europol; cothóidh sé malartuithe agus cleachtais chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath agus a bhaint, soláthróidh sé a chuid saineolais ar an athrú ar modus operandi sceimhlitheoirí ar líne; agus tabharfaidh sé comhairle agus treoir i gcás inarb iomchuí chun go bhféadfar na forálacha a chur chun feidhme.

    D'fhéadfaí cur chun feidhme an Rialacháin atá beartaithe a éascú trí roinnt bearta tacaíochta. Orthu sin, áirítear go bhféadfaí ardán a fhorbairt laistigh de Europol chun cuidiú le tarchuir agus orduithe baint anuas a chomhordú. A bhuí le taighde arna chistiú ag an Aontas maidir leis an gcaoi a bhfuil athrú ag teacht ar modus operandi sceimhlitheoirí, is fearr tuiscint agus feasacht gach páirtí leasmhair ábhartha. De bhreis air sin, le Fís 2020 tacaítear le taighde d'fhonn teicneolaíochtaí nua a fhorbairt, lena náirítear cosc uathoibríoch le hábhar sceimhlitheoireachta a uaslódáil. Thairis sin, leanfaidh an Coimisiún d'anailís a dhéanamh ar conas tacú le húdaráis inniúla agus le soláthraithe seirbhísí óstála maidir le cur chun feidhme an Rialacháin seo trí ionstraimí airgeadais AE.

    5.2.Míniúchán mionsonraithe ar fhorálacha sonracha an togra 

    Le hAirteagal 1 leagtar amach an tábhar, agus cuirtear in iúl go leagtar síos leis an Rialachán rialacha chun cosc a chur le míúsáid seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a scaipeadh, lena náirítear dualgais chúraim ar sholáthraithe seirbhísí óstála agus bearta nach mór do na Ballstáit a chur i bhfeidhm. Leagtar amach ann chomh maith an raon feidhme geografach, lena gcumhdaítear na soláthraithe seirbhísí óstála a thairgeann seirbhísí san Aontas, beag beann ar a náit bhunaíochta.

    Le hAirteagal 2 tugtar sainmhínithe ar na téarmaí a úsáidtear sa togra. Bunaítear le hAirteagal 2 freisin sainmhíniú ar ábhar sceimhlitheoireachta chun críocha coisctheacha agus leas á bhaint as an Treoir maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac chun ábhar agus faisnéis a chuimsiú lena ngríosaítear, lena spreagtar, nó lena moltar cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh nó rannchuidiú leo, ábhar agus faisnéis lena dtugtar treoracha chun cionta den sórt sin a dhéanamh nó lena gcuirtear chun cinn rannpháirtíocht i ngníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta.

    Le hAirteagal 3 déantar foráil maidir leis na dualgais chúraim a bheidh le cur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí óstála nuair atá beart á dhéanamh acu i gcomhréir leis an Rialachán seo agus go háirithe agus aird chuí á tabhairt ar na cearta bunúsacha atá i gceist. Déantar foráil leis maidir le forálacha iomchuí a bheidh le cur i bhfeidhm i dtéarmaí agus coinníollacha na soláthraithe seirbhísí óstála agus lena áirithiú ina dhiaidh sin go gcuirfear i bhfeidhm iad.

    Le hAirteagal 4 ceanglaítear ar na Ballstáit an chumhacht a thabhairt d'údaráis inniúla orduithe baint anuas a eisiúint agus leagtar síos leis ceanglas ar sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le hábhar a bhaint anuas laistigh d'uair an chloig tar éis ordú baint anuas a fháil. Leagtar amach leis freisin na heilimintí íosta ba cheart a bheith in orduithe baint anuas agus i nósanna imeachta le haghaidh na soláthraithe seirbhísí óstála chun aiseolas a thabhairt don údarás eisiúna, agus chun an túdarás inniúil sin a chur ar an eolas mura féidir an tordú a chomhlíonadh nó má theastaíonn soiléiriú breise. Ceanglaítear leis ar an údarás eisiúna dlínse an tsoláthraí seirbhísí óstála a chur in iúl don údarás a mhaoirsíonn bearta réamhghníomhacha an Bhallstáit.

    Le hAirteagal 5 leagtar síos ceanglas ar sholáthraithe seirbhísí óstála maidir le bearta a chur i bhfeidhm chun measúnú a dhéanamh go gasta ar ábhar arna tharchur trí tharchur ó údarás inniúil i mBallstát nó ó chomhlacht de chuid an Aontais gan ceanglas a fhorchur áfach maidir leis an ábhar a tarchuireadh a bhaint anuas agus ní shocraítear leis sprioc-amanna faoi leith le haghaidh gníomhaíochta. Leagtar amach leis freisin na heilimintí íosta ba cheart a bheith i dtarchur agus i nósanna imeachta le haghaidh na soláthraithe seirbhísí óstála chun aiseolas a thabhairt don údarás eisiúna agus chun soiléiriú a iarraidh ar an údarás a rinne an tábhar a tharchur.

    Le hAirteagal 6 ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála bearta réamhghníomhacha éifeachtacha comhréireacha a ghlacadh i gcás inarb iomchuí. Leagtar amach leis nós imeachta lena áirithiú go ndéanfaidh soláthraithe seirbhísí óstála ar leith (i.e. na soláthraithe seirbhísí óstála sin a fuair ordú baint anuas, ar ordú é atá críochnaitheach) bearta réamhghníomhacha breise i gcás inar gá chun na rioscaí a mhaolú agus i gcomhréir le nochtadh ábhair sceimhlitheoireachta ar a gcuid seirbhísí. Ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála obair i gcomhar leis an údarás inniúil i ndáil leis na bearta riachtanacha is gá agus mura féidir teacht ar aon chomhréiteach, féadfaidh an túdarás bearta a fhorchur ar an soláthraí seirbhísí. Chomh maith leis sin leagtar amach leis an Airteagal seo nós imeachta athbhreithniúcháin ar chinneadh an údaráis.

    Le hAirteagal 7 ceanglaítear ar sholáthraithe seirbhísí óstála ábhar a baineadh anuas agus na sonraí lena mbaineann a chaomhnú ar feadh sé mhí le haghaidh imeachtaí athbhreithniúcháin agus chun críocha imscrúdaithe. Is féidir síneadh a chur leis an tréimhse sin chun gur féidir bailchríoch a chur ar an athbhreithniú. Leis an Airteagal ceanglaítear freisin ar na soláthraithe seirbhísí óstála cosaintí a chur i bhfeidhm lena áirithiú nach ndéanfar an tábhar arna chaomhnú ná na sonraí gaolmhara a rochtain ná a phróiseáil le haghaidh cuspóirí eile.

    Le hAirteagal 8 leagtar síos oibleagáid ar sholáthraithe seirbhísí óstála a gcuid beartas i gcoinne ábhar sceimhlitheoireachta a mhíniú agus tuarascálacha trédhearcachta bliantúla maidir leis na gníomhaíochtaí a glacadh ina leith sin a fhoilsiú.

    Le hAirteagal 9 foráiltear cosaintí ar leith maidir le húsáid agus le cur chun feidhme beart réamhghníomhach nuair a úsáidtear uirlisí uathoibríocha lena áirithiú go mbeidh cinntí cruinn agus bunús maith leo.

    Le hAirteagal 10 ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála sásraí le haghaidh gearán a chur chun feidhme maidir le hábhar a bhaint anuas, le tarchuir agus le bearta réamhghníomhacha a chur chun feidhme agus gach gearán a scrúdú go pras.

    Le hAirteagal 11 bunaítear oibleagáid ar na soláthraí seirbhísí óstála faisnéis a chur ar fáil don soláthraí ábhair maidir le hábhar a bhaint anuas, ach amháin má éilíonn an túdarás inniúil nach nochtfar an fhaisnéis sin ar chúiseanna slándála poiblí.

    Le hAirteagal 12 ceanglaítear ar na Ballstáit a áirithiú go mbeidh cumas agus acmhainní leordhóthanacha ag údaráis inniúla chun a gcuid freagrachtaí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

    Le hAirteagal 13 ceanglaítear ar na Ballstáit obair i gcomhar le chéile agus i gcás inarb iomchuí le Europol chun an dúbláil agus an cur isteach ar imscrúduithe a sheachaint. Leis an Airteagal foráiltear go bhféadfadh na Ballstáit agus na soláthraithe seirbhísí óstála sainuirlisí a úsáid, lena náirítear uirlisí de chuid Europol, chun orduithe baint anuas agus tarchuir a phróiseáil agus aiseolas a thabhairt orthu agus chun comhoibriú le chéile maidir le bearta réamhghníomhacha. Ceanglaítear leis ar na Ballstáit freisin na bealaí chumarsáide iomchuí a chur ar bun chun malartú faisnéise a áirithiú go tráthúil maidir le forálacha faoin Rialachán seo a chur chun feidhme agus a fhorfheidhmiú. Leis an Airteagal seo cuirtear d'oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí óstála a chur in iúl do na húdaráis inniúla nuair atá siad ar an eolas faoi aon fhianaise ar chionta sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 3 de Threoir (AE) 2017/541 maidir leis an Sceimhlitheoireacht a Chomhrac.

    Le hAirteagal 14 foráiltear go mbunóidh na soláthraithe seirbhísí óstála agus na Ballstáit araon pointí teagmhála chun an chumarsáid eatarthu a éascú, go háirithe i ndáil le tarchuir agus le horduithe baint anuas.

    Le hAirteagal 15 bunaítear dlínse an Bhallstáit chun críocha maoirseacht a dhéanamh ar bhearta réamhghníomhacha, pionóis a shocrú agus faireachán a dhéanamh ar na hiarrachtaí a dhéantar.

    Le hAirteagal 16 ceanglaítear ar na soláthraithe seirbhísí óstála nach bhfuil bunaíocht acu in aon Bhallstát ach a thairgeann seirbhísí san Aontas ionadaí dlíthiúil a ainmniú san Aontas.

    Le hAirteagal 17 ceanglaítear ar na Ballstáit údaráis a ainmniú chun orduithe baint anuas a eisiúint, chun ábhar sceimhlitheoireachta a tharchur, chun maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beart réamhghníomhach agus chun an Rialachán a fhorfheidhmiú.

    Le hAirteagal 18 leagtar amach gur cheart do na Ballstáit rialacha maidir le pionóis i ndáil le neamhchomhlíonadh a leagan síos agus soláthraítear critéir nach mór do na Ballstáit a chur san áireamh agus cineál agus leibhéal na bpionós á gcinneadh acu. Mar gheall ar an tábhacht ar leith a bhaineann le hábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas go gasta, is ábhar arna shainaithint in ordú baint anuas, ba cheart rialacha sonracha a chur i bhfeidhm maidir le pionóis airgeadais i gcomhair sáruithe córasacha ar an gceanglas sin.

    Le hAirteagal 19 leagtar síos nós imeachta níos tapa agus níos solúbtha chun leasú a dhéanamh ar na teimpléid arna soláthar le haghaidh orduithe baint anuas agus bealaí fíordheimhnithe tíolactha trí ghníomhartha tarmligthe.

    Le hAirteagal 20 leagtar síos na coinníollacha faoina bhfuil an chumhacht ag an gCoimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh chun foráil a dhéanamh maidir le leasuithe is gá ar na teimpléid agus ar na ceanglais theicniúla le haghaidh orduithe baint anuas.

    Le hAirteagal 21 ceanglaítear ar an Ballstáit faisnéis shonrach a bhaineann le cur i bhfeidhm an Rialacháin a bhailiú agus a thuairisciú d'fhonn cuidiú leis an gCoimisiún agus a chuid dualgas faoi Airteagal 23 á bhfeidhmiú aige. Bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo.

    Le hAirteagal 22 leagtar amach go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar chur chun feidhme an Rialacháin seo dhá bhliain tar éis an teacht i bhfeidhm.

    Le hAirteagal 23 leagtar amach go dtabharfaidh an Coimisiún tuairisc ar an meastóireacht ar an Rialachán seo tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis an teacht i bhfeidhm.

    Le hAirteagal 24 bunaítear go dtiocfaidh an Rialachán atá beartaithe i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh agus go mbeidh feidhm aige ansin 6 mhí tar éis an teacht i bhfeidhm. Leis an sprioc-am seo atá beartaithe cuirtear san áireamh an gá atá le bearta cur chun feidhme agus sainaithnítear an phráinn atá le rialacha an Rialacháin atá beartaithe a chur i bhfeidhm ina niomláine. Tá an sprioc-am 6 mhí seo leagtha síos ar an tuiscint go ndéanfar an chaibidlíocht go pras.

    2018/0331 (COD)

    Togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne




    Ionchur ón gCoimisiún Eorpach do chruinniú na gCeannairí in Salzburg an 19-20 Meán Fómhair 2018

    TÁ PARLAIMINT NA hEORPA AGUS COMHAIRLE AN AONTAIS EORPAIGH,

    Ag féachaint don Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, agus go háirithe Airteagal 114 de,

    Ag féachaint don togra ón gCoimisiún Eorpach,

    Tar éis dóibh an dréachtghníomh reachtach a chur chuig na parlaimintí náisiúnta,

    Ag féachaint don tuairim ó Choiste Eacnamaíoch agus Sóisialta na hEorpa 6 ,

    Ag gníomhú dóibh i gcomhréir leis an ngnáthnós imeachta reachtach,

    De bharr an méid seo a leanas:

    (1)Is éard is aidhm don Rialachán seo feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú i sochaí oscailte dhaonlathach trí chosc a chur le míúsáid seirbhísí óstála chun críocha sceimhlitheoireachta. Ba cheart feidhmiú an mhargaidh aonair dhigitigh a fheabhsú trí neartú na cinnteachta dlíthiúla do na soláthraithe seirbhísí óstála, rud a chuirfeadh leis an muinín atá ag na húsáideoirí as an timpeallacht ar líne, agus trí neartú na gcosaintí atá ann chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil.

    (2)Na soláthraithe seirbhísí óstála atá gníomhach ar an idirlíon, is ríthábhachtach an ról atá acu sa gheilleagar digiteach, mar nascann siad lucht gnó agus na saoránaigh le chéile, agus éascaíonn siad an díospóireacht phoiblí agus dáileadh agus glacadh faisnéise, tuairimí agus smaointe, agus cuireann siad go mór leis an nuálaíocht, leis an bhfás eacnamaíochta, agus le cruthú post san Aontas. Mar sin féin, i gcásanna faoi leith, baineann an tríú páirtí míúsáid as a gcuid seirbhísí le gníomhaíochtaí neamhdhleathacha a chleachtadh ar líne. Is údar imní thar a chéile atá sa mhíúsáid a bhaineann grúpaí sceimhlitheoireachta agus a lucht tacaíochta as an soláthar seirbhísí óstála le hábhar sceimhlitheoireachta a roinnt ar líne ar mhaithe lena mbriathar a scaipeadh, ar mhaithe le radacú agus earcú a dhéanamh, agus ar mhaithe le gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a éascú agus a stiúradh.

    (3)An tábhar sceimhlitheoireachta atá ar líne, is mór is diúltach an sliocht a bhíonn air don úsáideoir, don saoránach agus don tsochaí trí chéile, agus do na soláthraithe seirbhísí ar líne a dhéanann óstáil ar an ábhar sin chomh maith, mar creimeann sé an mhuinín atá ag a gcuid úsáideoirí féin astu, agus déanann sé dochar dá gcuid samhlacha gnó. Ós amhlaidh ról lárnach ag soláthraithe seirbhísí óstála ar líne, agus ós acu atá na modhanna agus na cumais teicneolaíochta, tá freagrachtaí faoi leith acu i leith na sochaí, freagrachtaí chun a gcuid seirbhísí a chosaint ar mhíúsáid ó sceimhlitheoirí, agus chun cuidiú le dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta a scaiptear trína gcuid seirbhísí féin.

    (4)Rinneadh tús díchill ar leibhéal an Aontais in 2015 in aghaidh ábhar sceimhlitheoireachta ar líne, agus is creat comhoibre deonaí a bhí ann idir na Ballstáit agus na soláthraithe soláthair seirbhísí ó tharla creat soiléir reachtach de dhíth orthu chun an rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta ar líne a laghdú agus aird leordhóthanach a thabhairt ar fhadhb atá ag fás léi go haibéil. Leis an gcreat dlíthiúil seo, féachtar le cur leis an obair dheonach atá á déanamh, obair a athneartaíodh faoi Mholadh (AE) 2018/334 7 ón gCoimisiún, agus is freagra atá ann don achainí a rinne Parlaimint na hEorpa um neartú na mbeart atá ann chun dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach díobhálach, agus don achainí ón gComhairle Eorpach le feabhas a chur ar bhrath uathoibríoch agus ar bhaint anuas ábhair a bhfuil gríosú chun sceimhlitheoireachta ann.

    (5)Níor cheart difear a dhéanamh do chur i bhfeidhm an Rialacháin seo le cur i bhfeidhm Airteagal 14 de Threoir 2000/31/CE 8 . Thar aon ní, beart ar bith dá ndéanfaidh an soláthraí seirbhísí óstála i gcomhréir leis an Rialachán seo, lena náirítear bearta réamhghníomhacha, níor cheart gurbh é sliocht a bheadh orthu go gcaillfeadh an soláthraí sin an díolúine ó dhliteanas dá bhforáiltear san fhoráil sin. Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do na cumhachtaí atá ag na húdaráis ná ag na cúirteanna náisiúnta chun dliteanas na soláthraithe seirbhísí óstála a bhunú i gcásanna ar leith nach gcomhlíontar na coinníollacha um dhíolúine ó dhliteanas iontu faoi Airteagal 14 de Threoir 2000/31/CE.

    (6)Sa Rialachán seo, leagtar amach rialacha chun cosc a chur le míúsáid seirbhísí óstála lena bhféachtar le hábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar líne ionas go mbeidh feidhmiú rianúil faoin margadh inmheánach, agus is le lán-urraim do na cearta bunúsacha atá á gcosaint i gcóras dlí an Aontais a leagtar amach na rialacha sin, go mór mór na rialacha a ráthaítear i gCairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh.

    (7)Leis an Rialachán seo, cuirtear comaoin ar chosaint na slándála poiblí, agus cuirtear cosaintí téagartha iomchuí ar bun le cosaint na gceart bunúsach atá i gceist a áirithiú. Orthu sin, tá cearta na hurraime don saol príobháideach agus do chosaint sonraí pearsanta, an ceart chun cosaint éifeachtach bhreithiúnach a fháil, an ceart chun tuairimí a nochtadh, rud ar a náirítear an ceart chun faisnéis a fháil agus a chur in iúl, an ceart chun gnó a riar, agus prionsabal an neamh-idirdhealaithe. Ba cheart do na húdaráis inniúla agus do na soláthraithe seirbhísí óstála gan beart a ghlacadh ach an beart atá riachtanach iomchuí agus comhréireach i sochaí dhaonlathach, agus aird a thabhairt ar an tábhacht ar leith a leagtar ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, rud atá ina bhunchloch riachtanach faoi shochaí dhaonlathach, agus é ar cheann de na luachanna ar a bhfuil an tAontas bunaithe. Bearta a thagann salach ar an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, ba cheart díriú orthu gan teip, is é sin, leis na bearta sin, ní mór féachaint le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, ach gan cur isteach dá réir sin ar an gceart chun faisnéis a fháil agus a chur in iúl go dleathach, agus ba cheart an ról lárnach atá ag na soláthraithe seirbhísí óstála a chur san áireamh in éascú na díospóireachta poiblí, agus i ndáileadh agus i nglacadh fíricí, tuairimí agus smaointe i gcomhréir leis an dlí.

    (8)An ceart chun leigheas éifeachtach a fháil, is rud é atá cumhdaithe in Airteagal 19 CAE, agus in Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh. Tá ceart ag gach duine nádúrtha nó dlítheanach chun leigheas breithiúnach éifeachtach a fháil i láthair cúirt náisiúnta inniúil i gcoinne aon cheann de na bearta a glacadh de bhun an Rialacháin seo, lena bhféadfaí dochar a dhéanamh do chearta an duine sin. Is cuid den cheart seo go háirithe deis a bheith ag na soláthraithe seirbhísí óstála agus na soláthraithe ábhair na horduithe bainte anuas a chonspóid go héifeachtach i láthair chúirt an Bhallstáit arb iad a údaráis féin a d’eisigh an tordú baint anuas.

    (9)Ar mhaithe le soiléire faoi na gníomhartha ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála agus do na húdaráis inniúla a dhéanamh araon le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne, ba cheart sainmhíniú a leagan síos sa Rialachán seo ar an rud is ábhar sceimhlitheoireachta ann le cosc a chur i bhfeidhm, agus leas a bhaint chuige sin as an sainmhíniú ar choireanna sceimhlitheoireachta faoi Threoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 9 . Ós amhlaidh gur mithid dul i ngleic leis an mbolscaireacht sceimhlitheoireachta is díobhálaí dá bhfuil ar líne, ba cheart ábhar agus faisnéis a chuimsiú sa sainmhíniú lena ndéantar daoine a ghríosú, a spreagadh nó a mholadh chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh, nó chun lámh a chur iontu, lena dtugtar treoracha chun na cionta sin a dhéanamh, nó lena gcuirtear an rannpháirtíocht i ngníomhaíocht grúpa sceimhlitheoireachta chun cinn. Ar an ábhar sin, tá téacsanna, íomhánna, taifid fuaime agus físeáin go háirithe. Nuair a bheidh measúnú á dhéanamh ar an rud is ábhar sceimhlitheoireachta ann de réir bhrí an Rialacháin seo, ba cheart do na húdaráis inniúla, mar aon leis na soláthraithe seirbhísí óstála, tosca éagsúla a chur san áireamh, an mianach atá sna ráitis agus an fhoclaíocht atá iontu mar shampla, an comhthéacs ina ndearnadh na ráitis, agus an baol atá ann gur dochar an iarmhairt a bheidh orthu, rud a d’imreodh tionchar ar shlándáil agus ar shábháilteacht daoine. Nuair is eagraíocht sceimhlitheoireachta nó duine atá liostaithe san Aontas a thairg an tábhar, nuair is féidir an tábhar a lua le heagraíocht nó le duine den sórt sin, nó nuair is ar a son nó ar a shon atá an tábhar á scaipeadh, is toisc thábhachtach sa mheasúnú a bheidh ann sin. Ábhar a scaiptear i gcomhair an oideachais, i gcomhair na hiriseoireachta nó i gcomhair taighde, ba cheart a chosaint go leordhóthanach. Rud eile, tuairimí radacacha, poileimiciúla nó conspóideacha a chuirtear in iúl sa díospóireacht phoiblí faoi cheisteanna polaitiúla íogaire, níor cheart a mheas gur ábhar sceimhlitheoireachta atá iontu sin.

    (10)Ionas gur féidir seirbhísí óstála ar líne áit a scaiptear ábhar sceimhlitheoireachta a chumhdach, ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir le seirbhísí sochaí faisnéise a stórálann faisnéis a fhaightear ó dhuine de lucht úsáide na seirbhíse má iarrann sé é sin, agus ba cheart an fhaisnéis stóráilte a chur ar fáil don tríú páirtí, fiú mura bhfuil sa ghníomhaíocht seo ach rud teicniúil uathoibríoch nó éigníomhach. Mar shampla, i measc na rudaí atá i gceist le soláthar seirbhísí sochaí faisnéise den sórt sin, tá ardáin na meán sóisialta, seirbhísí sruthaithe físeán, seirbhísí comhroinnte físeán, íomhánna agus fuaime, comhroinnt comhad agus néalseirbhísí eile lena gcuirtear an fhaisnéis ar fáil don tríú páirtí agus do shuíomhanna gréasáin áit a bhféadfaidh na húsáideoirí tuairimí a chur in iúl nó léirmheasanna a fhoilsiú. Ba cheart feidhm a bheith ag an Rialachán seo maidir leis na soláthraithe seirbhísí óstála atá bunaithe lasmuigh den Aontas ach a tháirgeann seirbhísí laistigh den Aontas, mar de na soláthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta, is sna tríú tíortha atá sciar mór díobh bunaithe. Ba cheart a áirithiú leis sin gurbh iad na ceanglais chéanna atá á gcomhlíonadh ag na cuideachtaí ar fad atá ag feidhmiú sa Mhargadh Aonair Digiteach gan beann ar an tír bhunaíochta. Ionas gur féidir a chinneadh an bhfuil seirbhísí á dtairiscint ag soláthraí seirbhíse san Aontas, ní mór a mheas an gcuireann an soláthraí seirbhísí ar a gcumas do dhaoine dlítheanacha nó do dhaoine nádúrtha i gceann amháin de na Ballstáit nó níos mó ná ceann a chuid seirbhísí a úsáid. Mar sin féin, níor cheart gur leor ann féin rochtain ar an suíomh gréasáin atá ag soláthraí seirbhísí, ná ar sheoladh ríomhphoist, ná ar shonraí teagmhála eile i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin mar choinníoll leis an Rialachán seo a chur i bhfeidhm.

    (11)Ceangal tábhachtach leis an Aontas, ba cheart gur rud ábhartha a bheadh ansin le raon feidhme an Rialacháin seo a chinneadh. Ba cheart a mheas gur ann do cheangal tábhachtach den sórt sin i gcás ina bhfuil bunaíocht ag an soláthraí seirbhísí san Aontas, nó i gcás nach bhfuil, más ann do líon mór úsáideoirí i mBallstát amháin nó i níos mó ná Ballstát amháin, nó díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin. Is féidir a chinneadh an bhfuil gníomhaíochtaí á ndíriú ar Bhallstát amháin nó níos mó ar bhonn na nimthosca ábhartha go léir, lena náirítear tosca mar úsáid teanga nó airgeadra a mbaintear úsáid aisti nó as i gcoitinne sa Bhallstát sin, nó an fhéidearthacht a bhaineann le hearraí nó seirbhísí a ordú. An díriú gníomhaíochtaí ar Bhallstát, is rud é a d’fhéadfadh a bheith ann de thairbhe feidhmchlár a bheith ar fáil san aipmhargadh náisiúnta ábhartha, nó fógraíocht áitiúil a bheith á soláthar, nó fógraíocht sa teanga a labhraítear sa Bhallstát sin, nó láimhseáil an chaidrimh le custaiméirí, caidreamh le custaiméirí a sholáthar sa teanga a labhraítear go forleathan sa Bhallstát sin, cuir i gcás. Ba cheart glacadh leis go bhfuil ceangal tábhachtach ann freisin i gcás ina ndíríonn soláthraí seirbhísí a chuid gníomhaíochtaí ar Bhallstát amháin nó níos mó ná Ballstát amháin faoi mar a leagtar amach in Airteagal 17(1)(c) de Rialachán 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 10 . Ar an taobh eile de, mura bhfuil i gceist le soláthar na seirbhíse ach an toirmeasc ar idirdhealú a leagtar síos i Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a chomhlíonadh 11 , ní leor sin ann féin mar fhoras le go measfar go bhfuiltear ag díriú gníomhaíochtaí ar limistéir faoi leith laistigh den Aontas.

    (12)Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí dualgais áirithe chúraim a chur i bhfeidhm ar mhaithe le scaipeadh an ábhair sceimhlitheoireachta a chosc ar a gcuid seirbhísí. Níor cheart dualgas ginearálta faireacháin a bheith sna dualgais chúraim sin. Ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála gníomhú go dúthrachtach comhréireach neamh-idirdhealaitheach agus iad i mbun a ndualgas cúraim i leith ábhair a bhíonn stóráilte acu, go mór mór agus iad ag cur a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin chun feidhme ionas nach ndéanfar ábhar nach ábhar sceimhlitheoireachta é a bhaint anuas. An bhaint anuas ábhair nó an díchumasú a dhéantar ar rochtain, is ceart fearadh na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil a bheith iontu.

    (13)An nós imeachta agus na hoibleagáidí atá mar thoradh ar na horduithe dlíthiúla lena niarrtar ar na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú, ba cheart an nós imeachta agus na hoibleagáidí sin a chomhchuibhiú, tar éis do na húdaráis inniúla measúnú a dhéanamh orthu. Ba cheart é a fhágáil de shaoirse ag na Ballstáit na húdaráis inniúla a roghnú a ligfidh dóibh an cúram sin a leagan ar údaráis riaracháin, údaráis forfheidhmithe an dlí nó údaráis bhreithiúnacha. De bharr a thapa a scaiptear ábhar sceimhlitheoireachta trasna seirbhísí ar líne, leis an bhforáil seo, cuirtear d’iallach ar na soláthraithe seirbhísí óstála a áirithiú go mbaintear anuas an tábhar sceimhlitheoireachta a shainaithnítear san ordú baint anuas nó rochtain air a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig i ndiaidh dóibh an tordú baint anuas a fháil. Is leis na soláthraithe seirbhísí óstála an cinneadh maidir le baint anuas an ábhair atá i gceist, nó díchumasú na rochtana ar an ábhar ar son úsáideoirí san Aontas.

    (14)Ba cheart don údarás inniúil an tordú baint anuas a chur díreach chuig an seolaí agus chuig an bpointe teagmhála trí mheán leictreonach ar bith ar féidir taifead scríofa a bhunú air faoi choinníollacha a ligeann don soláthraí seirbhísí barántúlacht a bhunú air, idir chruinneas an dáta, am a sheolta agus am glactha an ordaithe, trí ríomhphost agus ardáin shlána nó trí bhealaí slána eile, lena náirítear bealaí a chuir an soláthraí seirbhísí ar fáil, i gcomhréir leis na rialacha um chosaint sonraí pearsanta. Is féidir an ceanglas seo a chomhlíonadh go háirithe trí úsáid a bhaint as seirbhísí seachadta leictreonacha cláraithe dá bhforáiltear i Rialachán (AE) 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle 12 .

    (15)Tarchuir a dhéanfaidh na húdaráis inniúla nó Europol, is éifeachtach tapa an modh iad leis an ábhar sonrach atá ar a gcuid seirbhísí a chur ar a súile do na soláthraithe seirbhísí óstála. An sásra atá ann lena gcuirtear na soláthraithe seirbhísí óstála san airdeall ar fhaisnéis a bhféadfaí a mheas gurbh ábhar sceimhlitheoireachta í, rud a bhféadfaidh an soláthraí a mhachnamh a dhéanamh air dá dheoin féin maidir le comhoiriúnacht a chuid téarmaí agus coinníollacha féin, is sásra é ar cheart fáil a bheith air i ndiaidh báire, mar aon leis na horduithe baint anuas. Is tábhachtach an rud go dtabharfadh na soláthraithe seirbhísí óstála tús áite do mheasúnú tarchur den sórt sin, agus aiseolas tapa a sholáthar faoi na bearta a rinneadh mar gheall orthu. An cinneadh deiridh maidir le baint anuas an ábhair de bharr gan é a bheith comhoiriúnach lena gcuid téarmaí agus coinníollacha, is leis an soláthraí seirbhísí óstála an cinneadh sin a dhéanamh. Agus an Rialachán seo a bhaineann le tarchuir á chur chun feidhme, ní dhéanfar aon difear do shainordú Europol a leagtar síos i Rialachán (AE) 2016/794 13 .

    (16)Ó tharla an scála agus an luas atá riachtanach le hábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint agus a bhaint anuas go héifeachtach, is cuid ríthábhachtach den dul i ngleic le hábhar sceimhlitheoireachta ar líne atá i mbearta comhréireacha réamhghníomhacha, agus in úsáid modhanna uathoibrithe i gcásanna ar leith. D’fhonn rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta a laghdú ar a gcuid seirbhísí, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála a mheas an iomchuí bearta réamhghníomhacha a dhéanamh de réir mar a bheidh rioscaí ann, agus de réir leibhéal na neamhchosanta ar an ábhar sceimhlitheoireachta, agus de réir mar a bheadh tionchar ag an ábhar sceimhlitheoireachta ar chearta na dtríú páirtithe agus ar leas poiblí na faisnéise. Dá thairbhe sin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála an beart iomchuí éifeachtach comhréireach atá le cur i bhfeidhm a chinneadh. Níor cheart oibleagáid ghinearálta faireacháin a bheith ann de bharr an cheanglais seo. I gcomhthéacs an mheasúnaithe sin, mura mbeidh orduithe baint anuas ná tarchuir ann agus iad dírithe ar sholáthraí óstála, sin comhartha gur leibhéal íseal neamhchosanta a bhí ann roimh ábhar sceimhlitheoireachta.

    (17)Nuair a bheidh bearta réamhghníomhacha á gcur i bhfeidhm, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála a áirithiú go gcaomhnaítear ceart na núsáideoirí chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, lena náirítear an ceart chun glacadh le faisnéis agus chun faisnéis a roinnt. Mar aon le haon cheangal a leagtar síos sa dlí, lena náirítear an reachtaíocht maidir le cosaint sonraí pearsanta, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála gníomhú le dícheall cuí, agus cosaintí a chur chun feidhme, lena náirítear maoirseacht agus fíorú a dhéanann an duine go háirithe, i gcás inarb iomchuí, le cinneadh earráideach a sheachaint, nó cinneadh a dhéanfaí de thaisme, arbh é toradh a bheadh orthu ábhar a bhaint anuas nach ábhar sceimhlitheoireachta. Baineann seo le hábhar go mór mór nuair is modhanna uathoibrithe chun ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath a úsáideann soláthraithe seirbhísí óstála. Gach cinneadh a ghlactar, más é an soláthraí seirbhísí óstála féin a ghlacann é, nó más de bhun iarraidh de chuid an údaráis inniúil é, ba cheart a mheas i ndáil le hiontaofacht na bunteicneolaíochta agus an tionchar a bheadh ann dá bharr ar chearta bunúsacha.

    (18)Ionas gur féidir a áirithiú go ndéanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála atá neamhchosanta ar ábhar sceimhlitheoireachta bearta iomchuí a dhéanamh le míúsáid a gcuid seirbhísí a chosc, ba cheart do na húdaráis inniúla iarraidh ar na soláthraithe seirbhísí óstála tuairisc a dhéanamh ar na bearta réamhghníomhacha a rinneadh tar éis dóibh an tordú baint anuas a fháil nuair is ordú críochnaitheach atá ann. Is éard a d’fhéadfadh a bheith iontu seo bearta lena gcoiscfí ath-uaslódáil ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain air a dhíchumasú de bharr ordú baint anuas nó tarchuir a fuair siad, agus seiceáil a dhéanamh i gcoinne uirlisí atá i seilbh phoiblí nó phríobháideach a bhfuil ábhar iontu ar fios é a bheith ina ábhar sceimhlitheoireachta. Féadfaidh siad úsáid a bhaint as uirlisí teicniúla iontaofa freisin le hábhar nua sceimhlitheoireachta a shainaithint, is é sin úsáid a bhaint as na huirlisí atá ar an margadh nó as uirlisí a ndearna an soláthraí seirbhíse óstála forbairt orthu. Ba cheart don soláthraí seirbhísí tuairisc a thabhairt ar na bearta réamhghníomhacha sonracha atá curtha i bhfeidhm aige, ionas gur féidir leis an údarás inniúil a mheas an rud éifeachtach comhréireach atá sna bearta, agus má úsáidtear modhanna uathoibrithe, an bhfuil sé ar chumas an tsoláthraí seirbhísí óstála faoi mar is riachtanach maoirseacht agus fíorú a dhéanfadh an duine a chur i bhfeidhm. Nuair a bheidh éifeachtúlacht agus comhréireacht na mbeart á meas, ba cheart do na húdaráis inniúla na nithe seo a leanas a chur san áireamh: na paraiméadair ábhartha ar a náirítear líon na norduithe baint anuas agus líon na dtarchur a eisíodh chuig an soláthraí, an acmhainn eacnamaíoch atá iontu, agus an tionchar a bhíonn ag an tseirbhís atá acu ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta (agus líon na núsáideoirí san Aontas a chur san áireamh, mar shampla).

    (19)I ndiaidh na hiarrata, ba cheart don údarás inniúil dul i mbun plé leis an soláthraí seirbhísí óstála maidir leis na bearta réamhghníomhacha riachtanacha is gá a chur i bhfeidhm. Más gá, ba cheart don údarás inniúil bearta réamhghníomhacha iomchuí éifeachtacha comhréireacha a leagan síos i gcás ina measann sé nach leor na bearta a rinneadh chun an dochar a bhaint as na rioscaí. Má dhéantar cinneadh bearta réamhghníomhacha sonracha a leagan síos, níor cheart gurbh é toradh a bheadh air sin oibleagáid ghinearálta faireacháin a fhorchur dá bhforáiltear in Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE. Ós léir rioscaí tromchúiseacha as cuimse a bheith ag gabháil le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta, na cinntí a ghlacann na húdaráis inniúla ar bhonn an Rialacháin seo, d’fhéadfadh maolú a bheith iontu ar an gcur chuige a bhunaítear in Airteagal 15(1) de Threoir 2000/31/CE maidir le bearta sonracha faoi leith a ndírítear orthu, rud is éigean a ghlacadh ar chúiseanna sáraitheacha a bhaineann le leas an phobail. Sula nglacann an túdarás inniúil cinntí den sórt sin, ba cheart dó cothromaíocht chóir a bhaint amach idir na cuspóirí a bhaineann le leas an phobail agus na cearta bunúsacha atá i gceist, go mór mór an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil, an tsaoirse chun gnó a riar, agus an réasúnú iomchuí a sholáthar.

    (20)An oibleagáid atá ar na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar a baineadh anuas agus sonraí gaolmhara a chaomhnú, is oibleagáid í ba cheart a leagan síos chun críocha ar leith, agus teorainn ama a chur leo de réir an ní is gá. Is gá cur leis an gceanglas chun caomhnaithe ionas go gcuimseoidh sé sonraí gaolmhara, mar murach sin rachadh sonraí den sórt sin amú de dheasca bhaint anuas an ábhair atá i gceist. An rud is sonraí gaolmhara ann, is féidir ‘sonraí síntiúsóirí’ a bheith san áireamh iontu, lena náirítear sonraí faoi leith a bhaineann le céannacht an tsoláthraí ábhair mar aon le ‘sonraí rochtana’, lena náirítear sonraí sainiúla maidir le dáta agus am úsáide an tsoláthraí ábhair, mar aon le seoladh IP a thug an soláthraí rochtana idirlín don soláthraí ábhair.

    (21)Oibleagáid seo chaomhnaithe an ábhair i gcomhair imeachtaí an athbhreithnithe riaracháin nó bhreithiúnaigh, is rud riachtanach é agus údar cuí leis d’fhonn bearta éifeachtacha sásaimh a áirithiú don soláthraí ábhair ar baineadh anuas a chuid ábhair nó a ndearnadh an rochtain air a dhíchumasú, agus d’fhonn aischur an ábhair sin a áirithiú faoi mar a bhí sé roimh an mbaint anuas de réir an toradh a bheidh ar imeachtaí an athbhreithnithe. Oibleagáid seo chaomhnaithe an ábhair i gcomhair imscrúdaithe agus ionchúisimh, is rud riachtanach é a bhfuil údar cuí leis i bhfianaise an fiúntas a d’fhéadfadh a bheith san ábhar le gníomhaíocht sceimhlitheoireachta a chosc nó a chur in aimhréidh. I gcás ina ndéanann cuideachtaí ábhar a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú, go mór mór de bharr bearta réamhghníomhacha dá gcuid féin, gan an túdarás inniúil a chur ar an eolas de bhrí go measann siad nach dtagann an tábhar sin faoi raon feidhme Airteagal 13(4) den Rialachán seo, tharlódh go mbeidh údaráis forfheidhmithe an dlí dall ar an ábhar céanna. Dá bhrí sin, is rud é a bhfuil údar cuí leis atá sa chaomhnú ábhair chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Chun na gcríoch sin, an caomhnú sonraí is gá, is caomhnú é atá teoranta do shonraí ar dóichí nasc acu le cionta sceimhlitheoireachta, sonraí a d’fhéadfadh rannchuidiú dá bhrí sin, le cionta sceimhlitheoireachta a ionchúiseamh, nó rioscaí tromchúiseacha do shlándáil an phobail a chosc.

    (22)Leis an gcomhréireacht a áirithiú, ba cheart teorainn sé mhí a chur leis an gcaomhnú, rud a thabharfadh dóthain ama do na soláthraithe ábhair an próiseas athbhreithnithe a thosú agus lena chur ar chumas d'údaráis forfheidhmithe an dlí rochtain a fháil ar shonraí ábhartha chun cionta sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh. Mar sin féin, pé síneadh is gá, is féidir sin a chur leis an tréimhse sin arna iarraidh sin d'údarás déanta an athbhreithnithe i gcás ina dtosaítear na himeachtaí ach nach gcríochnaítear iad laistigh den tréimhse sé mhí. Ba cheart dóthain ama a bheith sa síneadh ionas gur féidir le húdaráis forfheidhmithe an dlí an fhianaise riachtanach a chaomhnú i dtaca le himscrúduithe, agus an chothromaíocht idir sin agus na cearta bunúsacha lena mbaineann a áirithiú san am céanna.

    (23)Leis an Rialachán seo, ní dhéantar difear do na ráthaíochtaí nós imeachta ná do na bearta um nós imeachta imscrúdaithe a bhaineann le rochtain ar ábhar agus ar shonraí gaolmhara a chaomhnaítear chun críocha cionta sceimhlitheoireachta a imscrúdú agus a ionchúiseamh arna rialú i ndlí náisiúnta na mBallstát agus i reachtaíocht an Aontais.

    (24) Is rud ríthábhachtach atá i dtrédhearcacht bheartais na soláthraithe seirbhísí óstála i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta ar mhaithe lena gcuid cuntasachta i leith a lucht úsáide féin a fheabhsú, agus chun muinín na saoránach sa Mhargadh Aonair Digiteach a atreisiú. Ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála tuarascálacha trédhearcachta bliantúla a fhoilsiú a mbeidh faisnéis fhiúntach iontu faoi ghníomh a rinneadh i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta a bhrath, a shainaithint agus a bhaint anuas.

    (25)Na nósanna imeachta maidir le gearáin atá ann, is cosaint riachtanach atá iontu in aghaidh ábhar a bhaint anuas go hearráideach, ábhar atá á chosaint tríd an tsaoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Dá bhrí sin, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála sásraí soláimhsithe le haghaidh gearáin a chur ar bun lena náiritheofar go ndéileálfar le gearáin gan mhoill agus le trédhearcacht iomlán i leith an tsoláthraí ábhair. An ceanglas atá ar an soláthraí seirbhísí óstála chun ábhar a aischur i gcás inar baineadh anuas trí dhearmad é, is ceanglas é nach ndéanann difear don deis atá ag na soláthraithe seirbhísí óstála a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin a chur i bhfeidhm ar fhorais eile.

    (26)An chosaint dlí éifeachtach, de réir Airteagal 19 CAE agus Airteagal 47 de Chairt um Chearta Bunúsacha an Aontais Eorpaigh, ní mór dá réir go bhféadfadh daoine dearbhú a fháil ar na cúiseanna a bhí ann le hábhar a d’uaslódáil siad féin a bhaint anuas nó le rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú. Chun na críche sin, ba cheart don soláthraí seirbhísí óstála faisnéis a bhfuil fiúntas inti a chur ar fáil don soláthraí ábhair, faisnéis a chuirfidh ar a chumas don soláthraí ábhair an cinneadh a chonspóid. Mar sin féin, ní gá dá bharr sin fógra a chur chuig an soláthraí ábhair i ngach cás. De réir mar atá na himthosca, féadfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála teachtaireacht a chur in ionad ábhar a mheastar a bheith ina ábhar sceimhlitheoireachta, teachtaireacht á rá gur baineadh an tábhar sin anuas nó go ndearnadh é a dhíchumasú i gcomhréir leis an Rialachán seo. Ba cheart tuilleadh faisnéise a thabhairt arna iarraidh sin faoi na cúiseanna a bhí leis an ábhar a bhaint anuas, agus tuilleadh faisnéise faoin deis atá ag an soláthraí ábhair an cinneadh a chonspóid. I gcás inarb é cinneadh a dhéanfaidh na húdaráis inniúla, ar chúiseanna a bhaineann le slándáil phoiblí, i gcomhthéacs imscrúdaithe i measc rudaí eile, gur rud míchuí fritorthúil a bheadh ann scéal a chur go díreach chuig an soláthraí ábhair maidir le baint anuas an ábhair nó é a dhíchumasú, ba cheart dóibh an soláthraí seirbhísí óstála a chur ar an eolas.

    (27)Leis an dúbailt a sheachaint, agus ionas nach mbeifear ag cur isteach ar na himscrúduithe, ba cheart do na húdaráis inniúla eolas a choinneáil le chéile, agus comhordú agus comhoibriú a dhéanamh le chéile, agus i gcás inarb iomchuí le Europol, le linn dóibh a bheith ag eisiúint orduithe baint anuas, nó ag seoladh na dtarchur chuig na soláthraithe seirbhísí óstála. Le linn do Europol a bheith ag cur na bhforálacha seo chun feidhme, d’fhéadfadh sé tacaíocht a chur ar fáil i gcomhréir leis an sainordú reatha atá aige agus i gcomhréir leis an gcreat dlí atá ann.

    (28)D’fhonn cur chun feidhme éifeachtach na mbeart réamhghníomhach a áirithiú, bearta a mbeidh dóthain comhleanúnachais iontu, ba cheart d’údaráis inniúla sna Ballstáit dul i gcaidreamh le chéile maidir leis an bplé a dhéanann siad leis na soláthraithe seirbhísí óstála i dtaca le sainaithint, cur chun feidhme agus measúnú a dhéanamh ar bhearta réamhghníomhacha sonracha. Ar an dóigh chéanna, teastaíonn comhoibriú den sórt sin i dtaca le glacadh na rialacha maidir le pionóis, mar aon le cur chun feidhme agus cur i bhfeidhm na bpionós.

    (29)Is ríthábhachtach an rud an túdarás inniúil atá freagrach as pionóis a ghearradh laistigh den Bhallstát a chur ar an eolas go hiomlán faoi eisiúint na norduithe baint anuas agus na dtarchur, agus faoi mhalartuithe idir an soláthraí seirbhísí óstála agus an túdarás inniúil ábhartha ina dhiaidh sin. Chun na críche sin, ba cheart do na Ballstáit a áirithiú go mbeidh bealaí cumarsáide agus sásraí iomchuí ann a fhágfaidh gur féidir faisnéis a roinnt go tráthúil.

    (30)Le malartú tapa idir na húdaráis inniúla a éascú, agus leis na soláthraithe seirbhísí óstála chomh maith, agus leis an dúbailt díchill a sheachaint, féadfaidh na Ballstáit úsáid a bhaint as uirlisí atá tugtha chun cinn ag Europol, mar an feidhmchlár reatha Bainistíocht na dTarchur Idirlín, nó uirlisí comharba.

    (31)Ó tharla sliocht thar a bheith tromchúiseach a bheith ar chuid den ábhar sceimhlitheoireachta, ba cheart do sholáthraithe seirbhísí óstála údaráis an Bhallstáit lena mbaineann a chur ar an eolas gan mhoill, más bunaithe dóibh nó má tá ionadaí dlíthiúil acu, faoi fhianaise i leith cionta sceimhlitheoireachta a cuireadh ar a súile dóibh. Ionas gur féidir an chomhréireacht a áirithiú, is oibleagáid í seo arb í teorainn atá léi cionta sceimhlitheoireachta mar a shainmhínítear in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541 iad. An oibleagáid seo chun eolas a roinnt, ní hionann í agus a rá go bhfuil sé d’oibleagáid ar na soláthraithe seirbhísí óstála fianaise den sórt sin a chuardach go gníomhach. An Ballstát lena mbaineann, sin é an Ballstát a bhfuil dlínse aige ar imscrúdú agus ar ionchúiseamh na gcionta sceimhlitheoireachta de bhun Threoir (AE) 2017/541 ar bhonn náisiúntacht an chiontóra nó íospartach ionchasach an chiona, nó an áit is sprioc don ghníomh sceimhlitheoireachta. I gcás amhrais de, féadfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála an fhaisnéis a chur ar aghaidh chuig Europol, agus ba cheart do Europol leanúint den fhaisnéis faoi mar is sainordú dóibh, lena náirítear an fhaisnéis a chur chuig na húdaráis náisiúnta ábhartha.

    (32)Ba cheart cead a bheith ag na húdaráis inniúla sna Ballstáit faisnéis den sórt sin a úsáid le bearta imscrúdaithe a dhéanamh, bearta atá indéanta faoi dhlí an Bhallstáit nó faoi dhlí an Aontais, lena náirítear Ordú Eorpach chun Fianaise a Thabhairt ar Aird a eisiúint faoin Rialachán maidir le hOrduithe Eorpacha chun Fianaise a Thabhairt ar Aird agus maidir le hOrduithe Caomhnaithe Eorpacha i gcomhair fianaise leictreonach in ábhair choiriúla 14 .

    (33)Ba cheart do na soláthraithe seirbhíse óstála agus do na Ballstáit araon pointí teagmhála a bhunú chun láimhseáil thapa a dhéanamh ar orduithe baint anuas agus ar an tarchur. Ní hionann agus an tionadaí dlíthiúil, is ar mhaithe le cúrsaí oibríochtúla is ann don phointe teagmhála. Is éard ba cheart a bheith i bpointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí óstála meán tiomnaithe trínar féidir orduithe baint anuas agus tarchur a chur isteach go leictreonach, agus meáin phearsanta trínar féidir na horduithe sin a phróiseáil go tapa. Ní gá gur san Aontas a bheadh pointe teagmhála an tsoláthraí seirbhísí óstála lonnaithe, agus is den tsaoirse atá ag an soláthraí sin pointe teagmhála atá ann cheana a ainmniú, ar choinníoll gur féidir leis an bpointe teagmhála sin na feidhmeanna dá bhforáiltear sa Rialachán seo a chomhlíonadh. D’fhonn a áirithiú go ndéanfar ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig tar éis ordú baint anuas a fháil, ba cheart do na soláthraithe seirbhísí óstála a áirithiú go mbeidh teacht ar an bpointe teagmhála de ló agus d’oíche seacht lá na seachtaine. Mar chuid den fhaisnéis ba cheart a bheith ar an bpointe teagmhála, tá faisnéis faoin teanga is féidir a úsáid chun teagmháil a dhéanamh leis. Le héascaíocht a chur sa chumarsáid idir na soláthraithe seirbhísí óstála agus na húdaráis inniúla, moltar do na soláthraithe seirbhísí óstála cumarsáid a dhéanamh i gceann de theangacha oifigiúla an Aontais a bhfuil a gcuid téarmaí agus coinníollacha féin ar fáil inti.

    (34)Nuair nach ann do cheanglas ginearálta do na soláthraithe seirbhísí chun a áirithiú go mbeidh siad i láthair go fisiciúil laistigh de limistéar an Aontais, is gá soiléire a áirithiú i dtaca le dlínse an Bhallstáit faoina dtagann an soláthraí seirbhísí óstála. Mar riail ghinearálta, is faoi dhlínse an Bhallstáit a bhfuil a phríomhbhunaíocht ann a thagann an soláthraí seirbhísí óstála, nó faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil ionadaí dlíthiúil ainmnithe aige. Bíodh sin mar atá, i gcás ina neisíonn Ballstát eile ordú baint anuas, ba cheart dá chuid údarás a a bheith in ann a gcuid orduithe a chur i bhfeidhm le bearta comhéigneacha a dhéanamh den chineál neamhphionósach, íocaíochtaí pionósacha, cuir i gcás. Maidir le soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil aon bhunaíocht san Aontas aige, soláthraí nach nainmníonn ionadaí dlíthiúil, ba cheart ainneoin sin go bhféadfadh aon Bhallstát pionóis a eisiúint, ar choinníoll go nurramaítear an prionsabal ne bis in idem.

    (35)Na soláthraithe seirbhísí óstála nach bhfuil bunaithe san Aontas, ba cheart dóibh ionadaí dlíthiúil a ainmniú i scríbhinn chun comhlíonadh agus cur i bhfeidhm na noibleagáidí faoin Rialachán seo a áirithiú.

    (36)Ba cheart é a bheith de chumhacht dhlíthiúil ag an ionadaí dlíthiúil gníomhú thar ceann an tsoláthraí seirbhísí óstála.

    (37)Chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart do na Ballstáit údaráis inniúla a ainmniú. Ceanglas seo ainmnithe na núdarás inniúil, ní gá go gcaithfí údaráis nua a bhunú dá bharr, ach is féidir comhlachtaí atá ann cheana a chur i gceist, comhlachtaí ar a leagtar na cúraim atá leagtha amach sa Rialachán seo. De réir an Rialacháin seo, teastaíonn údaráis ainmniúcháin a bheadh inniúil ar orduithe baint anuas agus tarchuir a eisiúint, agus ar mhaoirseacht a dhéanamh ar bhearta réamhghníomhach le pionóis a ghearradh. Is leis na Ballstáit cinneadh a dhéanamh faoi líon na núdarás is mian leo a ainmniú i gcomhair na gcúraimí sin.

    (38)Tá gá le pionóis le háirithiú go gcuirfidh na soláthraithe seirbhísí óstála na oibleagáidí de bhun an Rialacháin seo chun feidhme go héifeachtach. Ba cheart do na Ballstáit rialacha a ghlacadh i dtaca le pionóis, lena náirítear treoirlínte fíneála i gcás inarb iomchuí. Má theipeann ar an soláthraí seirbhísí óstála arís agus arís eile ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain ar an ábhar a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig ó ordú baint anuas a fháil, dearbhófar go ngearrfar pionóis thar a bheith géar air dá bharr. D'fhéadfaí smachtbhanna a chur i bhfeidhm de bharr neamh-chomhlíonadh i gcásanna ar leith ach an prionsabal ne bis in idem agus prionsabal na comhréireachta a urramú, agus a áirithiú go gcuirfear an teip leanúnach san áireamh sna smachtbhannaí. D’fhonn deimhneacht dhlíthiúil a áirithiú, is éard ba cheart a leagan amach sa rialachán a mhéid is féidir na hoibleagáidí ábhartha a bheith faoi réir pionós. Níor cheart pionóis a ghlacadh de bharr neamh-chomhlíonadh Airteagal 6 ach amháin i dtaca le hoibleagáidí a eascraíonn as iarraidh ar thuarascáil de bhun Airteagal 6(2), nó as cinneadh lena gcuirtear breis bearta réamhghníomhacha i bhfeidhm de bhun Airteagal 6(4). Agus cinneadh á dhéanamh an ngearrfar pionóis airgeadais nó nach ngearrfar, ba cheart an aird chuí a thabhairt ar acmhainní airgeadais an tsoláthraí. Áiritheoidh na Ballstáit nach mbeidh gríosú sna pionóis chun ábhar a bhaint anuas nach ábhar sceimhlitheoireachta é.

    (39)Úsáid na dteimpléad caighdeánaithe, is éascaíocht í don chomhoibriú agus don mhalartú faisnéise idir údaráis inniúla agus soláthraithe seirbhísí, agus cuireann sí ar a gcumas cumarsáid a dhéanamh ar bhealach níos tapa agus níos éifeachtaí. Tá tábhacht ar leith ag baint le gníomh a dhéanamh go pras ach a mbeidh ordú baint anuas faighte. Tagann laghdú ar na costais aistriúcháin a bhuí le teimpléid agus cuirtear le caighdeán ardcháilíochta. Ar an dul céanna, ba cheart malartú chaighdeánaithe faisnéise a bheith le baint as foirmeacha freagraí, agus beidh tábhacht ar leith leis sin i gcás nach féidir leis na soláthraithe seirbhísí déanamh dá réir. Bealaí fíordheimhnithe leis an ordú baint anuas a chur isteach, is bealaí iad lena féidir barántúlacht an ordaithe baint anuas a ráthú, lena náirítear cruinneas an dáta, tráth seolta an orduithe, agus tráth a ghlactha.

    (40)Ionas gur féidir ábhar na dteimpléad a leasú go pras i gcás inar gá, is é sin na teimpléid atá le húsáid chun críocha an Rialacháin seo, ba cheart an chumhacht chun gníomhartha a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 290 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh a tharmligean chuig an gCoimisiún chun Iarscríbhinní I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III den Rialachán seo a leasú. Ionas gur féidir leis an gCoimisiún forbairt na teicneolaíochta agus forbairt an chreata dlí ghaolmhair a chur san áireamh, ba cheart a thabhairt de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh, rud a fhorlíonfaidh an Rialachán seo le ceanglais theicniúla maidir leis na modhanna leictreonacha atá le húsáid ag na húdaráis inniúla chun orduithe baint anuas a chur ar aghaidh. Tá sé tábhachtach, go háirithe, go rachadh an Coimisiún i mbun comhairliúcháin iomchuí le linn a chuid oibre ullmhúcháin, lena náirítear ar leibhéal na saineolaithe, agus go ndéanfar na comhairliúcháin sin i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach maidir le Reachtóireacht Níos Fearr an 13 Aibreán 2016 15 . Go sonrach, chun rannpháirtíocht chomhionann in ullmhú na ngníomhartha tarmligthe a áirithiú, gheobhaidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle na doiciméid uile san am céanna leis na saineolaithe sna Ballstáit, agus beidh rochtain chórasach ag a gcuid saineolaithe ar chruinnithe ghrúpaí saineolaithe an Choimisiúin a bheidh ag déileáil le hullmhú na ngníomhartha tarmligthe.

    (41)Ba cheart do na Ballstáit faisnéis a bhailiú maidir le cur chun feidhme na reachtaíochta. Ba cheart clár mionsonraithe a bhunú le faireachán a dhéanamh ar an aschur, ar na torthaí, agus ar an tionchar a bheidh ag an Rialachán seo ar mhaithe le meastóireacht a dhéanamh ar an reachtaíocht.

    (42)Ba cheart don Choimisiún meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo tráth nach luaithe ná trí bliana tar éis an teacht i bhfeidhm, agus an mheastóireacht sin a bhunú ar thorthaí agus ar chonclúidí na tuarascála ar an gcur chun feidhme agus ar an toradh atá ar an obair faireacháin. Is ar chúig chritéar na héifeachtúlachta, na héifeachtachta, na hábharthachta, an chomhleanúnachais agus an bhreisluacha AE ba cheart an mheastóireacht a bhunú. Na bearta éagsúla oibríochtúla agus teicniúla dá bhforáiltear sa Rialachán, is é feidhmiú na mbeart sin a dhéanfar a mheas sa mheastóireacht, lena náirítear éifeachtacht na mbeart chun feabhas a chur ar bhrath, ar shainaithint, agus ar bhaint anuas ábhair sceimhlitheoireachta, agus ar éifeachtacht na sásraí cosanta, mar aon leis an tionchar ar chearta agus ar leas na dtríú páirtithe a bhféadfaí difear a dhéanamh dóibh, lena náirítear athbhreithniú ar an gceanglas a bhaineann leis na soláthraithe ábhair a chur ar an eolas.

    (43)Ós rud é nach féidir leis na Ballstáit cuspóir an Rialacháin seo a ghnóthú go leordhóthanach, eadhon feidhmiú rianúil an mhargaidh aonair dhigitigh a áirithiú trí scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne a chosc, agus gur fearr dá bhrí sin, de bharr fhairsinge agus éifeachtaí an teorannaithe, is féidir é a bhaint amach ar leibhéal an Aontais, féadfaidh an tAontas bearta a ghlacadh, i gcomhréir le prionsabal na coimhdeachta a leagtar amach in Airteagal 5 den Chonradh ar an Aontas Eorpach. I gcomhréir le prionsabal na comhréireachta a leagtar amach san Airteagal sin, ní théann an Rialachán seo thar a bhfuil riachtanach chun an cuspóir sin a chur i gcrích.

    TAR ÉIS AN RIALACHÁN SEO A GHLACADH:

    ROINN I
    FORÁLACHA GINEARÁLTA

    Airteagal 1
    Ábhar agus raon feidhme

    1.Leagtar síos leis an Rialachán seo rialacha aonfhoirmeacha le haghaidh cosc a chur le míúsáid seirbhísí óstála chun ábhar sceimhlitheoireachta a scaipeadh ar líne. Leagtar síos ann an méid seo a leanas go háirithe:

    (a)rialacha maidir le dualgais chúraim atá le cur i bhfeidhm ag soláthraithe seirbhísí óstála chun cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta trí mheán a seirbhísí ar líne agus chun a áirithiú go ndéanfar an tábhar sin a bhaint anuas go pras, i gcás inar gá;

    (b)tacar beart a bheidh le cur i bhfeidhm ag na Ballstáit chun ábhar sceimhlitheoireachta a shainaithint, chun a chur ar a gcumas do na soláthraithe seirbhísí óstála é a bhaint anuas go pras agus chun éascaíocht a dhéanamh maidir leis an gcomhar leis na húdaráis inniúla i mBallstáit eile, le soláthraithe seirbhísí óstála, agus i gcás inarb iomchuí, le comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais.

    2.Beidh feidhm ag an Rialachán seo maidir leis na soláthraithe seirbhísí óstála a thairgeann seirbhísí san Aontas, beag beann ar a bpríomháit bhunaíochta.

    Airteagal 2
    Sainmhínithe

    Chun críocha an Rialacháin seo, beidh feidhm ag na sainmhínithe seo a leanas:

    (1)ciallaíonn 'soláthraí seirbhísí óstála' soláthraí a sholáthraíonn seirbhísí de chuid na sochaí faisnéise arb é atá iontu stóráil na faisnéise arna soláthar ag an soláthraí ábhair arna iarraidh sin don soláthraí ábhair, agus cur ar fáil na faisnéise stóráilte sin do thríú páirtithe;

    (2)ciallaíonn 'soláthraí ábhair' úsáideoir a sholáthair faisnéis atá á stóráil, nó a bhí á stóráil, ag soláthraí seirbhísí óstála arna iarraidh sin don úsáideoir;

    (3)ciallaíonn ‘seirbhísí a thairiscint san Aontas’ a chur ar a gcumas do dhaoine dlítheanacha nó nádúrtha i mBallstát amháin nó níos mó úsáid a bhaint as seirbhísí an tsoláthraí seirbhísí óstála ag a bhfuil nasc substaintiúil leis an mBallstát nó leis na Ballstáit sin, amhail:

    (a)bunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála san Aontas;

    (b)líon suntasach úsáideoirí i mBallstát amháin nó níos mó;

    (c)gníomhaíochtaí dírithe ar Bhallstát amháin nó níos mó;

    (4)ciallaíonn 'cionta sceimhlitheoireachta' cionta mar a shainmhínítear iad in Airteagal 3(1) de Threoir (AE) 2017/541;

    (5)ciallaíonn 'ábhar sceimhlitheoireachta' ceann amháin nó níos mó de na cineálacha faisnéise seo a leanas:

    (a)déanamh cionta sceimhlitheoireachta a ghríosú nó a mholadh, lena náirítear déanamh cionta sceimhlitheoireachta a mhóradh, ar dhóigh is cúis le baol go ndéanfar gníomhartha den sórt sin;

    (b)cothú an rannchuidithe le cionta sceimhlitheoireachta;

    (c)cur chun cinn gníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta, go háirithe trí rannpháirtíocht i ngrúpa sceimhlitheoireachta de réir bhrí Airteagal 2(3) de Threoir (AE) 2017/541, nó tacaíocht do ghrúpa sceimhlitheoireacht den sórt sin, a chothú;

    (d)teagasc modhanna nó teicnící chun críche cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh.

    (6)ciallaíonn 'scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta' ábhar sceimhlitheoireachta a chur ar fáil do thríú páirtithe trí mheán sheirbhísí na soláthraithe seirbhísí óstála;

    (7)ciallaíonn 'téarmaí agus coinníollacha' na téarmaí, na coinníollacha agus na clásail uile, beag beann ar a nainm nó ar a bhfoirm, lena rialaítear an caidreamh conarthach idir an soláthraí seirbhísí óstála agus na húsáideoirí;

    (8)ciallaíonn 'tarchur' fógra ó údarás inniúil nó, i gcás inarb infheidhme, ó chomhlacht ábhartha de chuid an Aontais chuig soláthraí seirbhísí óstála maidir le faisnéis a bhféadfaí a mheas gur ábhar sceimhlitheoireachta í, chun go measfaidh an soláthraí go deonach an bhfuil an fhaisnéis sin i gcomhréir lena chuid téarmaí agus coinníollacha féin a bhfuil sé mar aidhm leo cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta;

    (9)ciallaíonn 'príomhbhunaíocht' an cheannoifig nó an oifig chláraithe ina ndéantar na príomhfheidhmeanna airgeadais agus an rialú oibríochtúil a fheidhmiú.

    ROINN II
    Bearta le haghaidh cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne

    Airteagal 3
    Dualgais cúraim

    1.Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála bearta iomchuí, réasúnta agus comhréireacha i gcomhréir leis an Rialachán seo i gcoinne scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta agus chun úsáideoirí a chosaint ar ábhar sceimhlitheoireachta. Agus an méid sin á dhéanamh acu, gníomhóidh siad ar bhealach dícheallach, comhréireach agus neamh-idirdhealaitheach, ag tabhairt aird chuí ar chearta bunúsacha na núsáideoirí agus ag cur san áireamh thábhacht bhunúsach na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach.

    2.Cuirfidh na soláthraithe seirbhísí óstála forálacha le haghaidh cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta san áireamh ina gcuid téarmaí agus coinníollacha, agus cuirfidh siad i bhfeidhm iad.

    Airteagal 4
    Orduithe bainte anuas

    1.Beidh an chumhacht ag an údarás inniúil chun cinneadh a eisiúint lena gceanglaítear ar an soláthraí seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú.

    2.Bainfidh na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó déanfaidh siad rochtain air a dhíchumasú laistigh d'uair an chloig ón tráth a gheofar ordú a bhaint anuas.

    3.Beidh na heilimintí seo a leanas in orduithe baint anuas i gcomhréir leis an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn I:

    (a)sainaithint an údaráis inniúil a bhfuil an tordú baint anuas á eisiúint aige agus fíordheimhniú an ordaithe baint anuas arna dhéanamh ag an údarás inniúil;

    (b)ráiteas ina mínítear an fáth a meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é an tábhar le tagairt, ar a laghad, do na catagóirí ábhair sceimhlitheoireachta a liostaítear in Airteagal 2(5);

    (c)aimsitheoir aonfhoirmeach acmhainne (URL) agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an tábhar dá dtagraítear a shainaithint;

    (d)tagairt don Rialachán seo mar bhunús dlí an ordaithe bainte anuas;

    (e)dáta agus stampa ama na heisiúna;

    (f)faisnéis maidir le sásamh atá ar fáil don soláthraí seirbhísí óstála agus don soláthraí ábhair;

    (g)i gcás inarb ábhartha, an cinneadh gan faisnéis a nochtadh faoi ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú dá dtagraítear in Airteagal 11.

    4.Arna iarraidh sin don soláthraí seirbhísí óstála nó don soláthraí ábhair, soláthróidh an túdarás inniúil ráiteas mionsonraithe faoi na cúiseanna, gan dochar d'oibleagáid an tsoláthraí seirbhísí óstála an tordú baint anuas a chomhlíonadh faoin sprioc-am a leagtar amach i mír 2.

    5.Is ar phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ar an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhísí óstála de bhun Airteagal 16 a dhíreoidh na húdaráis inniúla orduithe baint anuas agus cuirfidh siad chuig an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 14(1) iad. Seolfar na horduithe sin go leictreonach ar bhealach lena bhféadfar taifead scríofa a tháirgeadh de shórt a fhágann gur féidir fíordheimhniú an tseoltóra a shuí, lena náirítear cruinneas dháta agus am seolta agus fála an ordaithe.

    6.Admhóidh na soláthraithe seirbhísí óstála go bhfuarthas an tordú agus, gan moill mhíchuí, cuirfidh siad an túdarás inniúil ar an eolas go ndearnadh an tábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú, agus léireoidh siad, go háirithe, an tam a rinne siad an gníomh, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn II.

    7.Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an tordú aistrithe a chomhlíonadh de dheasca force majeure nó toisc go bhfuil sé dodhéanta de facto agus nach féidir sin a leagan ar an soláthraí seirbhísí óstála féin, cuirfidh sé an túdarás inniúil ar an eolas faoi, gan moill mhíchuí, agus míneoidh sé na cúiseanna atá leis sin, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh feidhm ag an sprioc-am a leagtar amach i mír 2 a luaithe nach ann a thuilleadh do na cúiseanna a thugtar.

    8.Mura féidir leis an soláthraí seirbhísí óstála an tordú baint anuas a chomhlíonadh toisc go bhfuil earráidí follasacha san ordú aistrithe nó nach bhfuil leordhóthain faisnéise ann chun an tordú a fhorghníomhú, cuirfidh sé an túdarás inniúil ar an eolas faoi gan moill mhíchuí, agus iarrfaidh sé air an soiléiriú is gá a thabhairt, ag baint úsáid as an teimpléad a leagtar amach in Iarscríbhinn III. Beidh feidhm ag an spriocdháta a leagtar amach i mír 2 a luaithe a thugtar an soiléiriú.

    9.Déanfaidh an túdarás inniúil a d'eisigh an tordú aistrithe an túdarás inniúil a mhaoirsíonn cur chun feidhme beart réamhghníomhach, dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c), a chur ar an eolas tráth a bheidh an tordú baint anuas ina ordú críochnaitheach. Bíonn ordú baint anuas ina ordú críochnaitheach i gcás nach ndearnadh achomharc ina aghaidh faoin sprioc-am de réir an dlí náisiúnta is infheidhme nó i gcás inar deimhníodh é tar éis achomhairc.

    Airteagal 5
    Tarchuir

    1.Féadfaidh an túdarás inniúil nó an comhlacht ábhartha de chuid an Aontais tarchur a sheoladh chuig soláthraí seirbhísí óstála.

    2.Cuirfidh na soláthraithe seirbhísí óstála bearta oibríochtúla agus teicniúla i bhfeidhm lena néascófar measúnú gasta ar an ábhar a sheol na húdaráis inniúla agus, i gcás inarb infheidhme, comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais chucu chun go measfaidh siad ar bhonn deonach é.

    3.Is ar phríomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ar an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhísí óstála de bhun Airteagal 16 a dhíreofar an tarchur agus cuirfear chuig an bpointe teagmhála dá dtagraítear in Airteagal 14(1) é. Is go leictreonach a dhéanfar an tarchur sin.

    4.Beidh an fhaisnéis sa tarchur mionsonraithe a dóthain, lena náirítear na cúiseanna a meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é an tábhar, URL agus, i gcás inar gá, faisnéis bhreise lena bhféadfar an tábhar sceimhlitheoireachta dá dtagraítear a shainaithint.

    5.Mar ábhar tosaíochta, déanfaidh an soláthraí seirbhísí óstála measúnú ar an ábhar a shainaithnítear sa tarchur os coinne a chuid téarmaí agus coinníollacha féin agus cinnfidh sé an gá an tábhar sin a bhaint anuas nó rochtain air a dhíchumasú.

    6.Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an túdarás inniúil nó an comhlacht ábhartha de chuid an Aontais ar an eolas go gasta faoi thoradh an mheasúnaithe agus faoi am aon ghnímh a dhéanfar mar thoradh ar an tarchur.

    7.I gcás ina measfaidh an soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil faisnéis leordhóthanach sa tarchur chun measúnú a dhéanamh ar an ábhar a tarchuireadh, cuirfidh sé na húdaráis inniúla nó an comhlacht ábhartha de chuid an Aontais ar an eolas faoi gan mhoill, agus leagfaidh sé amach an fhaisnéis nó an soiléiriú breise is gá.

    Airteagal 6
    Bearta réamhghníomhacha

    1.Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála, i gcás inarb iomchuí, bearta réamhghníomhacha chun a gcuid seirbhísí a chosaint ar scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta. Beidh na bearta sin éifeachtach comhréireach, agus cuirfear san áireamh riosca agus leibhéal an nochta d'ábhar sceimhlitheoireachta, cearta bunúsacha na núsáideoirí, agus tábhacht bhunúsach na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil i sochaí oscailte dhaonlathach.

    2.I gcás inar cuireadh an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) ar an eolas de réir Airteagal 4(9), iarrfaidh sé ar an soláthraí seirbhísí óstála tuarascáil a chur faoina bhráid, laistigh de thrí mhí tar éis dó an iarraidh a fháil agus ar bhonn bliantúil ar a laghad ina dhiaidh sin, faoi na bearta réamhghníomhacha ar leith a ghlac sé, lena náirítear úsáid uirlisí uathoibrithe, d'fhonn an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)cosc a chur le hath-uaslódáil ábhair a baineadh anuas roimhe sin nó a ndearnadh rochtain air a dhíchumasú toisc go meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é;

    (b)ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath, a shainaithint agus a bhaint anuas go gasta nó an rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú.

    Seolfar an tiarratas sin chuig príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó chuig an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhísí.

    Cuirfear an fhaisnéis ábhartha uile san áireamh sna tuarascálacha lena bhféadfaidh an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) a mheas an bhfuil na bearta réamhghníomhacha éifeachtach comhréireach, lena náirítear chun meastóireacht a dhéanamh ar fheidhmiú aon uirlisí uathoibrithe a úsáidtear agus ar an maoirseacht dhaonna agus ar na sásraí fíoraithe a úsáidtear.

    3.I gcás ina measfaidh an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) nach leor na bearta réamhghníomhacha arna ndéanamh agus arna dtuairisciú faoi mhír 2 chun riosca agus leibhéal an nochta a mhaolú agus a bhainistiú, féadfaidh sé a iarraidh ar an soláthraí seirbhísí óstála bearta réamhghníomhacha breise sonracha a dhéanamh. Chun na críche sin, comhoibreoidh an soláthraí seirbhísí óstála leis an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) d'fhonn na bearta sonracha a chuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála i bhfeidhm a shainaithint, príomhchuspóirí agus tagarmhairc a bhunú mar aon le hamlínte chun iad a chur chun feidhme.

    4.I gcás nach féidir teacht ar aon chomhaontú laistigh de thrí mhí ón iarraidh a fháil de bhun mhír 3, féadfaidh an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) cinneadh a eisiúint lena bhforchuirfear bearta réamhghníomhacha sonracha breise atá riachtanach agus comhréireach. Sa chinneadh, cuirfear san áireamh go háirithe acmhainneacht eacnamaíoch an tsoláthraí seirbhísí óstála agus éifeacht na mbeart sin ar chearta bunúsacha na núsáideoirí agus tábhacht bhunúsach na saoirse chun tuairimí a nochtadh agus faisnéis a fháil. Seolfar an cinneadh sin chuig príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála nó chuig an ionadaí dlíthiúil arna ainmniú ag an soláthraí seirbhísí. Tabharfaidh an soláthraí seirbhísí óstála tuairisc go rialta ar chur chun feidhme na mbeart a shonróidh an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c).

    5.Féadfaidh soláthraí seirbhísí óstála a iarraidh ar an údarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) athbhreithniú a dhéanamh ar iarraidh nó ar chinneadh agus, i gcás inarb iomchuí, iarraidh nó cinneadh a chúlghairm de bhun mhír 2, mhír 3 agus mhír 4 faoi seach. Soláthróidh an túdarás inniúil cinneadh réasúnaithe laistigh de thréimhse réasúnta ama tar éis dó an iarraidh a fháil ón soláthraí seirbhísí óstála.

    Airteagal 7
    Ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú

    1.Caomhnóidh na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a díchumasaíodh de bharr ordú baint anuas, tarchuir nó de bharr bearta réamhghníomhacha de bhun Airteagal 4, Airteagal 5 agus Airteagal 6 agus sonraí gaolmhara a baineadh anuas mar gheall ar an ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas agus a bhfuil gá leo:

    (a)le haghaidh imeachtaí athbhreithnithe riaracháin nó bhreithiúnaigh,

    (b)chun cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a bhrath, a imscrúdú agus a ionchúiseamh.

    2.Caomhnófar an tábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara dá dtagraítear i mír 1 ar feadh sé mhí. Déanfar an tábhar sceimhlitheoireachta a chaomhnú, arna iarraidh sin don údarás inniúil nó don chúirt, ar feadh tréimhse níos faide ná sin nuair is gá agus fad is gá le haghaidh imeachtaí athbhreithnithe riaracháin nó bhreithiúnaigh atá ar siúl dá dtagraítear i mír 1(a).

    3.Áiritheoidh na soláthraithe seirbhísí óstála go bhfuil an tábhar sceimhlitheoireachta agus na sonraí gaolmhara arna gcaomhnú de bhun mhír 1 agus mhír 2 faoi réir cosaintí teicniúla agus eagraíochtúla iomchuí.

    Leis na cosaintí teicniúla agus eagraíochtúla sin, áiritheofar nach ndéanfar an tábhar sceimhlitheoireachta arna chaomhnú a rochtain ná a phróiseáil ach chun na críocha dá dtagraítear i mír 1, agus áiritheofar ardleibhéal slándála i dtaca leis na sonraí pearsanta lena mbaineann. Déanfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála athbhreithniú agus nuashonrú ar na cosaintí sin i gcás inar gá.

    ROINN III
    COSAINTÍ AGUS CUNTASACHT

    Airteagal 8
    Oibleagáidí trédhearcachta

    1.Leagfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála a mbeartas amach ina gcuid téarmaí agus coinníollacha chun scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta a chosc, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, míniú fónta ar fheidhmiú beart réamhghníomhach lena náirítear úsáid uirlisí uathoibrithe.

    2.Foilseoidh na soláthraithe seirbhísí óstála tuarascálacha trédhearcachta bliantúla maidir leis an ngníomhaíocht arna déanamh i gcoinne scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta.

    3.Beidh an fhaisnéis seo a leanas ar a laghad san áireamh sna tuarascálacha trédhearcachta:

    (a)faisnéis faoi bhearta an tsoláthraí seirbhísí óstála i ndáil le hábhar sceimhlitheoireachta a bhrath, a shainaithint agus a bhaint;

    (b)faisnéis faoi bhearta an tsoláthraí seirbhísí óstála chun cosc a chur le hath-uaslódáil ábhair a baineadh anuas roimhe sin nó a ndearnadh rochtain air a dhíchumasú toisc go meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é;

    (c)líon na míreanna ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain orthu a dhíchumasú, de thoradh orduithe baint anuas, tarchuir, nó bearta réamhghníomhacha, faoi seach;

    (d)forléargas agus toradh nósanna imeachta maidir le gearáin.

    Airteagal 9
    Cosaintí maidir le bearta réamhghníomhacha a úsáid agus a chur chun feidhme

    1.I gcás ina núsáidfidh na soláthraithe seirbhísí óstála uirlisí uathoibrithe de bhun an Rialacháin seo i leith an ábhair a stórálann siad, soláthróidh siad cosaintí éifeachtacha agus iomchuí chun a áirithiú go bhfuil na cinntí a dhéantar i dtaca leis an ábhar sin cruinn agus go bhfuil bunús maith leo, go háirithe na cinntí chun ábhar a mheastar a bheith ina ábhar sceimhlitheoireachta a bhaint anuas nó a dhíchumasú.

    2.Is éard a bheidh i gceist le cosaintí, go háirithe, maoirseacht agus fíoruithe daonna i gcás inarb iomchuí agus, ar aon chuma, i gcás inar gá measúnú mionsonraithe a dhéanamh ar an gcomhthéacs ábhartha chun a chinneadh cé acu a mheasfar nó nach measfar gur ábhar sceimhlitheoireachta an tábhar.

    Airteagal 10
    Sásraí le haghaidh gearán

    1.Bunóidh na soláthraithe seirbhísí óstála sásraí éifeachtacha inrochtana lena bhféadfaidh na soláthraithe ábhair sin ar baineadh anuas ábhar dá gcuid nó a ndearnadh an rochtain ar ábhar dá gcuid a dhíchumasú de thoradh tarchur de bhun Airteagal 5 nó de thoradh bearta réamhghníomhacha de bhun Airteagal 6, lena bhféadfaidh siad gearán a dhéanamh faoina bhfuil déanta ag an soláthraí seirbhísí óstála agus aischur an ábhair a iarraidh.

    2.Scrúdóidh na soláthraithe seirbhísí óstála gach gearán a gheobhaidh siad agus aischuirfidh siad an tábhar gan moill mhíchuí i gcás nach raibh údar cuí leis an ábhar a bhaint anuas nó leis an rochtain air a dhíchumasú. Cuirfidh siad an gearánach ar an eolas faoi thoradh an scrúdaithe.

    Airteagal 11
    Faisnéis le haghaidh soláthraithe ábhair

    1.I gcás inar bhain na soláthraithe seirbhísí óstála ábhar sceimhlitheoireachta anuas nó ina ndearna siad an rochtain air a dhíchumasú, cuirfidh siad faisnéis ar fáil don soláthraí ábhair faoin ábhar sin a bhaint anuas nó faoi rochtain ar an ábhar sin a dhíchumasú.

    2.Arna iarraidh sin don soláthraí ábhair, cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an soláthraí ábhair ar an eolas faoi na cúiseanna atá leis an ábhar a bhaint anuas nó leis an rochtain air a dhíchumasú agus faoi na féidearthachtaí atá ann an cinneadh a chonspóid.

    3.Ní bheidh feidhm ag an oibleagáid de bhun mhír 1 agus mhír 2 i gcás ina gcinnfidh an túdarás inniúil nár cheart aon nochtadh a dhéanamh ar chúiseanna slándála poiblí, amhail cionta sceimhlitheoireachta a chosc, a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh, a fhad is gá, ach tráth nach faide ná [ceithre] seachtaine ón gcinneadh sin. I gcás den sórt sin, ní nochtfaidh an soláthraí seirbhísí óstála aon fhaisnéis faoi ábhar a bhaint anuas nó rochtain ar ábhar sceimhlitheoireachta a dhíchumasú.

    ROINN IV
    Comhar idir na hÚdaráis Inniúla, Comhlachtaí an Aontais agus na Soláthraithe Seirbhísí Óstála

    Airteagal 12
    Cumais na n
    údarás inniúil

    Áiritheoidh na Ballstáit go mbeidh cumas riachtanach agus acmhainní leordhóthanacha ag a gcuid údarás inniúil chun na haidhmeanna a bhaint amach agus a gcuid oibleagáidí a chomhlíonadh faoin Rialachán seo.

    Airteagal 13
    Comhar idir na soláthraithe seirbhísí óstála, na húdaráis inniúla agus i gcás inarb iomchuí comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais

    1.Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit a chéile ar an eolas faoi orduithe aistrithe agus faoi tharchuir chun dúbláil a sheachaint, comhordú a fheabhsú agus cur isteach ar imscrúduithe sna Ballstáit éagsúla a sheachaint, agus, i gcás inarb iomchuí, cuirfidh siad comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais ar an eolas faoin méid sin, comhordóidh siad le chéile agus oibreoidh siad i gcomhar le chéile.

    2.Cuirfidh na húdaráis inniúla sna Ballstáit an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) agus (d) ar an eolas faoi bhearta arna ndéanamh de bhun Airteagal 6 agus faoi ghníomhaíochtaí forfheidhmiúcháin de bhun Airteagal 18, agus comhordóidh siad leis an údarás inniúil sin agus oibreoidh siad i gcomhar leis. Cinnteoidh na Ballstáit go bhfuil an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(c) agus (d) i seilbh na faisnéise ábhartha uile. Chun na críche sin, déanfaidh na Ballstáit foráil maidir leis na cainéil chumarsáide iomchuí nó na sásraí cumarsáide iomchuí chun a áirithiú go ndéanfar an fhaisnéis iomchuí a roinnt go prapúil.

    3.Féadfaidh na Ballstáit agus na soláthraithe seirbhísí óstála sainuirlisí a úsáid, lena náirítear, i gcás inarb iomchuí, na huirlisí sin a bhunaigh comhlachtaí ábhartha de chuid an Aontais amhail Europol, go háirithe chun an méid seo a leanas a éascú:

    (a)an phróiseáil agus an taiseolas a bhaineann le horduithe aistrithe de bhun Airteagal 4;

    (b)an phróiseáil agus an taiseolas a bhaineann le tarchuir de bhun Airteagal 5;

    (c)comhar d'fhonn bearta réamhghníomhacha a shainaithint agus a chur chun feidhme de bhun Airteagal 6.

    4.I gcás ina mbeidh soláthraithe seirbhísí óstála ar an eolas faoi aon fhianaise ar chionta sceimhlitheoireachta, déanfaidh siad na húdaráis atá inniúil ar chionta coiriúla a imscrúdú agus a ionchúiseamh sa Bhallstát lena mbaineann nó an pointe teagmhála sa Bhallstát de bhun Airteagal 14(2), ar Ballstát é ina bhfuil a bpríomhbhunaíocht nó ionadaí dlíthiúil, a chur ar an eolas go pras. I gcás amhrais, féadfaidh soláthraithe seirbhísí óstála an fhaisnéis sin a chur ar aghaidh chuig Europol chun bearta leantacha iomchuí a dhéanamh.

    Airteagal 14
    Pointí teagmhála

    1.Bunóidh na soláthraithe seirbhísí óstála pointe teagmhála lena bhféadfar orduithe aistrithe agus tarchuir a fháil go leictreonach agus áiritheoidh siad go ndéanfar iad a phróiseáil go pras de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. Áiritheoidh siad go gcuirfear an fhaisnéis sin ar fáil don phobal.

    2.San fhaisnéis dá dtagraítear i mír 1, sonrófar an teanga oifigiúil nó na teangacha oifigiúla de chuid an Aontais, dá dtagraítear i Rialachán 1/58, inar féidir teagmháil a dhéanamh leis an bpointe teagmhála agus inar féidir na malartuithe breise a dhéanamh i ndáil leis na horduithe aistrithe agus leis na tarchuir de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5. Áireofar ar na teangacha sin, teanga amháin de theangacha oifigiúla an Bhallstáit ina bhfuil príomháit bhunaíochta an tsoláthraí seirbhísí óstála nó ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil de bhun Airteagal 16, nó ina bhfuil an tionadaí dlíthiúil bunaithe.

    3.Bunóidh na Ballstáit pointe teagmhála chun déileáil le hiarrataí ar shoiléiriú agus ar aiseolas i ndáil le horduithe aistrithe agus le tarchuir arna neisiúint acu. Cuirfear faisnéis faoin bpointe teagmhála ar fáil don phobal.

    ROINN V
    CUR CHUN FEIDHME AGUS FORFHEIDHMIÚ

    Airteagal 15
    Dlínse

    1.Is ag an mBallstát ina bhfuil príomhbhunaíocht an tsoláthraí seirbhísí óstála lonnaithe a bheidh dlínse chun críocha Airteagal 6, Airteagal 18 agus Airteagal 21. Soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil a phríomhbhunaíocht i gceann de na Ballstáit, measfar é a bheith faoi dhlínse an Bhallstáit ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil dá dtagraítear in Airteagal 16, nó ina bhfuil an tionadaí sin bunaithe.

    2.I gcás nach nainmneoidh soláthraí seirbhísí óstála ionadaí dlíthiúil, beidh dlínse ag gach Ballstát.

    3.I gcás ina neiseoidh údarás de chuid Ballstáit eile ordú aistrithe de réir Airteagal 4(1), beidh dlínse ag an mBallstát sin bearta comhéigneacha a dhéanamh de réir an dlí náisiúnta chun an tordú aistrithe a fhorfheidhmiú.

    Airteagal 16
    Ionadaí dlíthiúil

    1.Déanfaidh soláthraí seirbhísí óstála nach bhfuil bunaíocht aige san Aontas ach a thairgeann seirbhísí san Aontas duine dlítheanach nó nádúrtha a ainmniú i scríbhinn i gcáil ionadaí dlíthiúil san Aontas chun orduithe bainte anuas, tarchuir, iarrataí agus cinntí arna neisiúint ag na húdaráis inniúla ar bhonn an Rialacháin seo a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú. Beidh an tionadaí dlíthiúil ina chónaí nó bunaithe i gceann de na Ballstáit ina dtairgeann an soláthraí seirbhísí óstála na seirbhísí.

    2.Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála de chúram ar an ionadaí dlíthiúil na horduithe aistrithe, na tarchuir, na hiarrataí agus na cinntí dá dtagraítear i mír 1 a fháil, a chomhlíonadh agus a fhorfheidhmiú thar ceann an tsoláthraí seirbhísí óstála lena mbaineann. Tabharfaidh na soláthraithe seirbhísí óstála na cumhachtaí agus na hacmhainní is gá dá nionadaí dlíthiúil chun comhoibriú leis na húdaráis inniúla agus chun na cinntí agus na horduithe sin a chomhlíonadh.

    3.Is féidir an tionadaí dlíthiúil ainmnithe a chur faoi dhliteanas mar gheall ar neamh-chomhlíonadh oibleagáidí faoin Rialachán seo, gan dochar don dliteanas agus do na gníomhartha dlíthiúla a d'fhéadfaí a thionscnamh in aghaidh an tsoláthraí seirbhísí óstála.

    4.Cuirfidh an soláthraí seirbhísí óstála an túdarás inniúil dá dtagraítear in Airteagal 17(1)(d) sa Bhallstát ina bhfuil cónaí ar an ionadaí dlíthiúil nó ina bhfuil sé bunaithe ar an eolas faoin ainmniú. Cuirfear faisnéis faoin ionadaí dlíthiúil ar fáil don phobal.

    ROINN VI
    FORÁLACHA CRÍOCHNAITHEACHA

    Airteagal 17
    Údaráis inniúla a ainmniú

    1.Ainmneoidh gach Ballstát an túdarás nó na húdaráis inniúla chun an méid seo a leanas a dhéanamh:

    (a)orduithe aistrithe a eisiúint de bhun Airteagal 4;

    (b)ábhar sceimhlitheoireachta a bhrath, a shainaithint agus a tharchur chuig soláthraithe seirbhísí óstála de bhun Airteagal 5;

    (c)maoirseacht a dhéanamh ar chur chun feidhme beart réamhghníomhach de bhun Airteagal 6;

    (d)oibleagáidí faoin Rialachán seo a fhorfheidhmiú trí phionóis de bhun Airteagal 18.

    2.Faoin [sé mhí tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na húdaráis inniúla dá dtagraítear i mír 1. Foilseoidh an Coimisiún an fógra agus aon mhodhnuithe orthu in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Airteagal 18
    Pionóis

    1.Leagfaidh na Ballstáit síos na rialacha a bhaineann leis na pionóis is infheidhme maidir le sáruithe ar na hoibleagáidí arna ndéanamh ag na soláthraithe seirbhísí óstála faoin Rialachán seo agus déanfaidh siad gach beart is gá lena áirithiú go gcuirfear chun feidhme iad. Beidh na pionóis sin teoranta do shárú na noibleagáidí de bhun:

    (a)Airteagal 3(2) (téarmaí agus coinníollacha na soláthraithe seirbhísí óstála);

    (b)Airteagal 4(2) agus (6) (cur chun feidhme orduithe baint anuas agus aiseolas fúthu);

    (c)Airteagal 5(5) agus (6) (measúnú ar tharchur agus aiseolas faoi);

    (d)Airteagal 6(2) agus (4) (tuarascálacha maidir le bearta réamhghníomhacha agus glacadh beart de thoradh cinneadh lena bhforchuirtear bearta réamhghníomhacha sonracha);

    (e) Airteagal 7 (sonraí a chaomhnú);

    (f)Airteagal 8 (trédhearcacht);

    (g)Airteagal 9 (cosaintí i ndáil le bearta réamhghníomhacha);

    (h)Airteagal 10 (nósanna imeachta maidir le gearáin);

    (i)Airteagal 11 (faisnéis le haghaidh soláthraithe ábhair);

    (j)Airteagal 13 (4) (faisnéis faoi fhianaise ar chionta sceimhlitheoireachta);

    (k)Airteagal 14(1) (pointí teagmhála);

    (l)Airteagal 16 (ionadaí dlíthiúil a ainmniú).

    2.Beidh na pionóis dá bhforálfar éifeachtach, comhréireach agus athchomhairleach. Faoin [laistigh de shé mhí ó theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, tabharfaidh na Ballstáit fógra don Choimisiún faoi na rialacha sin agus na bearta sin agus tabharfaidh siad fógra dó gan mhoill faoi aon leasú ina dhiaidh sin lena ndéanfar difear dóibh.

    3.Áiritheoidh na Ballstáit, agus cineál agus leibhéal na bpionós á gcinneadh acu, go gcuirfidh na húdaráis inniúla na himthosca ábhartha go léir san áireamh, lena náirítear:

    (a)cineál, tromchúis agus fad an tsáraithe;

    (b)cineál intinneach nó faillitheach an tsáraithe;

    (c)sáruithe atá déanta cheana ag an duine dlítheanach a bhfuil an fhreagracht á cur air;

    (d)acmhainn airgeadais an duine dhlítheanaigh a bhfuil an fhreagracht á cur air;

    (e)an méid a chomhoibrigh an soláthraí seirbhísí óstála leis na húdaráis inniúla.

    4.Áiritheoidh na Ballstáit go ngearrfar pionóis airgeadais suas le 4% de láimhdeachas iomlán an tsoláthraí seirbhísí óstála don bhliain ghnó dheireanach as mainneachtain chórasach oibleagáidí de bhun Airteagal 4(2) a chomhlíonadh.

    Airteagal 19
    Ceanglais theicniúla agus leasuithe ar na teimpléid le haghaidh orduithe bainte anuas

    1.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh i gcomhréir le hAirteagal 20 chun an Rialachán seo a fhorlíonadh le ceanglais theicniúla maidir leis na meáin leictreonacha atá le húsáid ag na húdaráis inniúla chun orduithe baint anuas a chur ar aghaidh.

    2.Tabharfar de chumhacht don Choimisiún na gníomhartha tarmligthe sin a ghlacadh chun Iarscríbhinn I, Iarscríbhinn II agus Iarscríbhinn III a leasú chun aghaidh a thabhairt go héifeachtach ar aon ghá a bheadh ann feabhsú a dhéanamh ar a bhfuil sna foirmeacha le haghaidh orduithe baint anuas agus sna foirmeacha atá le húsáid chun faisnéis a sholáthar i gcás inar dodhéanta an tordú bainte anuas a chur i gcrích.

    Airteagal 20
    An tarmligean a fheidhmiú

    1.Is faoi réir na gcoinníollacha a leagtar síos san Airteagal seo a thugtar an chumhacht don Choimisiún gníomhartha tarmligthe a ghlacadh.

    2.Déanfar an chumhacht chun gníomhartha tarmligthe a ghlacadh dá dtagraítear in Airteagal 19 a thabhairt don Choimisiún go ceann tréimhse neamhchinntithe ama amhail ón [dáta chur i bhfeidhm an Rialacháin seo].

    3.Féadfaidh Parlaimint na hEorpa nó an Chomhairle tarmligean na cumhachta dá dtagraítear in Airteagal 19 a chúlghairm aon tráth. Déanfaidh cinneadh chun cúlghairm a dhéanamh deireadh a chur le tarmligean na cumhachta atá sonraithe sa chinneadh sin. Gabhfaidh éifeacht leis an lá tar éis fhoilsiú an chinnidh in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh nó ar dháta is déanaí a shonrófar sa chinneadh. Ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht aon ghníomhartha tarmligthe atá i bhfeidhm cheana.

    4.Roimh dó gníomh tarmligthe a ghlacadh, rachaidh an Coimisiún i mbun comhairliúchán le saineolaithe arna nainmniú ag gach Ballstát i gcomhréir leis na prionsabail a leagtar síos i gComhaontú Idirinstitiúideach an 13 Aibreán 2016 maidir le Reachtóireacht Níos Fearr.

    5.A luaithe a ghlacfaidh sé gníomh tarmligthe, tabharfaidh an Coimisiún fógra, an tráth céanna, do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle faoi.

    6.Ní thiocfaidh gníomh tarmligthe a ghlactar de bhun Airteagal 19 i bhfeidhm ach amháin mura mbeidh aon agóid curtha in iúl ag Parlaimint na hEorpa ná ag an gComhairle laistigh de thréimhse dhá mhí tar éis fógra faoin ngníomh sin a thabhairt do Pharlaimint na hEorpa agus don Chomhairle nó más rud é, roimh dhul in éag na tréimhse sin, go mbeidh Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle araon tar éis a chur in iúl don Choimisiún nach ndéanfaidh siad aon agóid. Déanfar an tréimhse sin a fhadú dhá mhí ar thionscnamh Pharlaimint na hEorpa nó na Comhairle.

    Airteagal 21
    Faireachán

    1.Baileoidh na Ballstáit faisnéis óna núdaráis inniúla agus ó na soláthraithe seirbhísí óstála atá faoina ndlínse agus déanfaidh siad faisnéis faoi na bearta a rinne siad i gcomhréir leis an Rialachán seo a sheoladh chuig an gCoimisiún gach bliain faoin [31 Márta]. San fhaisnéis sin beidh an méid seo a leanas:

    (a)faisnéis faoi líon na norduithe baint anuas agus na dtarchur arna neisiúint, faoi líon na míreanna ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain orthu a dhíchumasú, lena náirítear an tachar ama comhfhreagrach de bhun Airteagal 4 agus Airteagal 5;

    (b)faisnéis faoi na bearta réamhghníomhacha sonracha arna ndéanamh de bhun Airteagal 6, lena náirítear an méid ábhair sceimhlitheoireachta a baineadh anuas nó a ndearnadh an rochtain air a dhíchumasú agus an tachar ama comhfhreagrach;

    (c)faisnéis faoi líon na nósanna imeachta maidir le gearáin arna dtionscnamh agus faoi na bearta arna ndéanamh ag na soláthraithe seirbhísí óstála de bhun Airteagal 10;

    (d)faisnéis faoi líon na nósanna imeachta maidir le sásamh arna dtionscnamh agus faoi líon na gcinntí arna ndéanamh ag an údarás inniúil i gcomhréir leis an dlí náisiúnta.

    2.Faoin [bliain tar éis chur i bhfeidhm an Rialacháin seo] ar a dhéanaí, bunóidh an Coimisiún clár mionsonraithe chun faireachán a dhéanamh ar aschuir, ar thorthaí agus ar thionchair an Rialacháin seo. Leagfar amach sa chlár faireacháin na táscairí agus na modhanna lena ndéanfar na sonraí agus an fhianaise eile is gá a bhailiú agus na tréimhsí chun sin a dhéanamh. Sonrófar sa chlár sin na bearta atá le déanamh ag an gCoimisiún agus ag na Ballstáit chun na sonraí agus an fhianaise eile a bhailiú agus anailís a dhéanamh orthu chun faireachán a dhéanamh ar an dul chun cinn agus meastóireacht a dhéanamh ar an Rialachán seo de bhun Airteagal 23.

    Airteagal 22
    Tuarascáil chur chun feidhme

    Faoin … [dhá bhliain tar éis theacht i bhfeidhm an Rialacháin seo], cuirfidh an Coimisiún tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo. Sa tuarascáil ón gCoimisiún, cuirfear san áireamh faisnéis faoi fhaireachán de bhun Airteagal 21 agus faisnéis a eascraíonn ó na hoibleagáidí trédhearcachta de bhun Airteagal 8. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

    Airteagal 23
    Meastóireacht

    Tráth nach luaithe ná [trí bliana ó chur i bhfeidhm an Rialacháin seo], déanfaidh an Coimisiún meastóireacht ar an Rialachán seo agus cuirfidh sé tuarascáil faoi bhráid Pharlaimint na hEorpa agus na Comhairle maidir le cur i bhfeidhm an Rialacháin seo lena náirítear feidhmiú agus éifeachtacht na sásraí cosanta. Beidh tograí reachtacha ag gabháil leis an tuarascáil, i gcás inarb iomchuí. Soláthróidh na Ballstáit an fhaisnéis is gá don Choimisiún chun an tuarascáil a ullmhú.

    Airteagal 24
    Teacht i bhfeidhm

    Tiocfaidh an Rialachán seo i bhfeidhm an fichiú lá tar éis lá a fhoilsithe in Iris Oifigiúil an Aontais Eorpaigh.

    Beidh feidhm aige ón [sé mhí tar éis an teacht i bhfeidhm].

    Beidh an Rialachán seo ina cheangal go huile agus go hiomlán agus beidh sé infheidhme go díreach i ngach Ballstát.

    Arna dhéanamh sa Bhruiséil,

    Thar ceann Pharlaimint na hEorpa    Thar ceann na Comhairle

    An tUachtarán    An tUachtarán

    (1)    Teachtaireacht (COM(2017) 555 final) maidir le dul i ngleic le hábhar neamhdhleathach ar líne.
    (2)    Moladh (C(2018) 1177 final) an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne.
    (3)    Moladh (C(2018) 1177 final) an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne.
    (4)    Eorabharaiméadar 469, Ábhar neamhdhleathach ar líne, Meitheamh 2018.
    (5)    Nasc chuig tuairim an Bhoird um Ghrinnscrúdú Rialála ar RegDoc.
    (6)    IO C , , lch. .
    (7)    Moladh (AE) Uimh. 2018/334 ón gCoimisiún an 1 Márta 2018 maidir le bearta chun dul i ngleic go héifeachtach le hábhar neamhdhleathach ar líne (IO L 63, 6.3.2018, lch. 50).
    (8)    Treoir 2000/31/CE ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 8 Meitheamh 2000 maidir le gnéithe áirithe dlí de sheirbhísí na sochaí faisnéise, an trádáil leictreonach, go háirithe, sa Mhargadh Inmheánach (“an Treoir maidir le trádáil leictreonach”) ( IO L 178, 17.7.2000, lch. 1).
    (9)    Treoir (AE) 2017/541 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 15 Márta 2017 maidir leis an sceimhlitheoireacht a chomhrac, agus lena nionadaítear Cinneadh Réime 2002/475/CGB ón gComhairle agus lena leasaítear Cinneadh 2005/671/CGB ón gComhairle (IO L 88, 31.3.2017, lch. 6).
    (10)    Rialachán (AE) 1215/2012 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 12 Nollaig 2012 maidir le dlínse agus le haithint agus forghníomhú breithiúnas in ábhair shibhialta agus thráchtála (IO L 351, 20.12.2012, lch 1).
    (11)    Rialachán (AE) 2018/302 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 28 Feabhra 2018 maidir le haghaidh a thabhairt ar gheobhlocáil nach bhfuil údar maith léi agus ar chineálacha eile idirdhealaithe bunaithe ar náisiúntacht, áit chónaithe nó áit bhunaithe custaiméirí laistigh den mhargadh inmheánach lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 2006/2004 agus (AE) 2017/2394 agus Treoir 2009/22/CE (IO L 601, 2.3.2018, lch. 1).
    (12)    Rialachán (AE) Uimh. 910/2014 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 23 Iúil 2014 maidir le ríomh-shainaitheantas agus seirbhísí iontaoibhe le haghaidh ríomh-idirbheart sa mhargadh inmheánach agus lena naisghairtear Treoir 1999/93/CE (IO L 257, 28.8.2014, lch. 73).
    (13)    Rialachán (AE) 2016/794 ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle an 11 Bealtaine 2016 maidir le Gníomhaireacht an Aontais Eorpaigh i ndáil le Comhar i bhForfheidhmiú an Dlí (Europol) agus lena naisghairtear Cinntí 2009/371/CGB, 2009/934/CGB, 2009/935/CGB, 2009/936/CGB agus 2009/968/CGB ón gComhairle agus a ghabhann ionad na gCinntí sin (IO L 135, 24.5.2016, lch. 53).
    (14)    COM(2018) 225 final.
    (15)    IO L 123, 12.5.2016, lch. 1.
    Top

    An Bhruiséil,12.9.2018

    COM(2018) 640 final

    IARSCRÍBHINNÍ

    a ghabhann leis an togra le haghaidh

    RIALACHÁN Ó PHARLAIMINT NA hEORPA AGUS ÓN gCOMHAIRLE

    maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne

    {SEC(2018) 397 final} - {SWD(2018) 408 final} - {SWD(2018) 409 final}


    IARSCRÍBHINN I

    ORDÚ BAINT ANUAS LE hAGHAIDH ÁBHAR SCEIMHLITHEOIREACHTA (Airteagal 4 de Rialachán (AE) xxx)

    Faoi Airteagal 4 de Rialachán (AE) .... 1 , seolaí an ordaithe baint anuas, bainfidh sé anuas an tábhar sceimhlitheoireachta, nó déanfaidh sé é a dhíchumasú, laistigh d’uair an chloig ón uair a fhaigheann sé an tordú baint anuas ón údarás inniúil.

    I gcomhréir le hAirteagal 7 de Rialachán (AE) .... 2 , ní mór do sheolaithe ábhar agus sonraí gaolmhara a chaomhnú, ábhar agus sonraí a baineadh anuas nó a ndearnadh rochtain air a dhíchumasú, go ceann sé mhí nó tréimhse is faide ná sin arna iarraidh sin do na húdaráis inniúla nó do na cúirteanna.

    Is i gceann de na teangacha a d’ainmnigh an seolaí ba cheart an tordú baint anuas a sheoladh de bhun Airteagal 14(2).

    ROINN A:

    An Ballstát eisiúna: ………………………………………………………………………………….……………..

    NB: tugtar sonraí an údaráis eisiúna ag an deireadh (Roinn E agus Roinn F)

    An seolaí (ionadaí dlíthiúil):

    ………………………………………………………………………………….……………..

    An seolaí (pointe teagmhála):

    ………………………………………………………………………………….……………..

    An Ballstát ina bhfuil dlínse an seolaí: [murab ionann agus an stát eisiúna] ………………………………………………………………………………….……………..

    Am agus dáta eisiúna an ordaithe baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Uimhir thagartha an ordaithe baint anuas: ………………………………………………………………………………….……………..

               

    ROINN B: Baintear an tábhar anuas nó déantar an rochtain air a dhíchumasú laistigh d’uair an chloig:

    URL agus aon fhaisnéis bhreise lenar féidir suíomh an ábhair a bhfuiltear ag tagairt dó a shainaithint go cruinn:

    …………………….…………………………………………………………………………

    An chúis/na cúiseanna a meastar gur de chineál na sceimhlitheoireachta an tábhar, i gcomhréir le hAirteagal 2 (5) de Rialachán (AE) xxx. Leis an ábhar, déantar (cuir tic sa bhosca ábhartha nó sna boscaí ábhartha):

    □ déanamh cionta sceimhlitheoireachta a ghríosú nó a mholadh nó adhmholadh ar dhéanamh cionta sceimhlitheoireachta (Airteagal 2 (5) a);

    □ rannchuidiú le cionta sceimhlitheoireachta a chothú (Airteagal 2 (5) b)

    □ gníomhaíochtaí grúpa sceimhlitheoireachta a chur chun cinn, trí rannpháirtíocht sa ghrúpa nó tacaíocht dó a chothú (Airteagal 2 (5) c)

    □ treoracha nó teicnící a thabhairt chun cionta sceimhlitheoireachta a dhéanamh (Airteagal 2 (5) d)

    Faisnéis bhreise maidir leis na cúiseanna a meastar gur ábhar sceimhlitheoireachta é an tábhar (roghnach): ………………………………………………………………… ………………………………………………………………………………………………….. ………………………………………………………………………………………………….

    ROINN C: Faisnéis don soláthraí ábhair

    Tabhair do d’aire (cuir tic sa bhosca, más cuí):

    □ mar gheall ar chúrsaí slándála poiblí, maidir leis an seolaí, ní mór dó gan an soláthraí ábhair a chur ar an eolas, is é sin an soláthraí a bhfuil a chuid ábhair á bhaint anuas, nó a ndéantar an rochtain air a dhíchumasú.

    I gcás eile: Sonraí na bhféidearthachtaí atá ann leis an ordú baint anuas a chonspóid sa Bhallstát eisiúna (sonraí is féidir a chur ar aghaidh chuig an soláthraí ábhair, má iarrtar sin) faoin dlí náisiúnta; féach Roinn G thíos:

    ROINN D: Ballstát na dlínse a chur ar an eolas

    □ Cuir tic anseo murab ionann stát dhlínse an tseolaí agus an Ballstát eisiúna:

    □ seoltar cóip den ordú baint anuas chuig an údarás inniúil ábhartha i stát na dlínse

       

    ROINN E: Sonraí an údaráis a d’eisigh an tordú baint anuas

    An cineál údaráis a d’eisigh an tordú baint anuas seo (cuir tic sa bhosca cuí):

    □ breitheamh, cúirt, nó breitheamh imscrúduithe

    □ an túdarás forfheidhmithe dlí

    □ údarás inniúil eile → líon isteach Roinn (F) freisin

    Sonraí an údaráis eisiúna agus/nó an ionadaí atá aige le deimhniú go bhfuil an tordú baint anuas cruinn ceart:

    Ainm an údaráis: ………………………………………………………………………………….…………

    Ainm an ionadaí: ………………………………………………………………………………….…………

    Post an ionadaí (teideal/grád): ………………………………………………………………………………….…………

    Uimhir an chomhaid: ….…………………………………..……………………………..……………..

    Seoladh: …………………………………………………………….…………..………..

    Uimhir ghutháin: (cód na tíre) (ceantar/cód na cathrach)……………………………………..............

    Uimhir facs: (cód na tíre) (ceantar/cód na cathrach)……………………………………...................................................

    Ríomhphost: …………………………………………………………..……………..………….

    Dáta:

    ………………………………………………………………………………….…………

    Stampa oifigiúil (má tá sé ar fáil) agus síniú 3 : ………………………………………………...……

    ROINN F: Sonraí teagmhála i gcomhair na hiaroibre

    Sonraí teagmhála áit ar féidir teacht ar an údarás eisiúna le haiseolas a fháil faoi am an bhaint anuas nó faoin am a ndearnadh an rochtain a dhíchumasú, nó le breis soiléire a sholáthar:

    ………………………………………………………………………………..………….

    Sonraí teagmhála údarás an stáit dlínse ina bhfuil an seolaí [murab ionann é agus an Ballstát eisiúna]

    ………………………………………………………………………………..………….

    ROINN G: Faisnéis maidir le féidearthachtaí sásaimh

    Faisnéis maidir leis an gcomhlacht inniúil nó leis an gcúirt inniúil, sprioc-amanna agus nósanna imeachta leis an ordú baint anuas a chonspóid:

    An comhlacht inniúil nó an chúirt inniúil leis an ordú baint anuas a chonspóid:

    ……………………………………………………………………………………….……….

    Sprioc-am leis an gcinneadh a chonspóid:

    Xxx mí ó xxxx amach

    Nasc chuig na forálacha sa reachtaíocht náisiúnta:

    ……………………………………………………………………………………….……….

    IARSCRÍBHINN II

    FOIRM AISEOLAIS I nDIAIDH ÁBHAR SCEIMHLITHEOIREACHTA A BHAINT ANUAS NÓ AN ROCHTAIN AIR A DHÍCHUMASÚ (Airteagal 4 (5) de Rialachán (AE) xxx)

    ROINN A:

    Seolaí an ordaithe baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    An túdarás a d’eisigh an tordú baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Tagairt chomhaid an údaráis eisiúna:
    ………………………………………………………………………………….……………..

    Tagairt chomhaid an tseolaí:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    An tam agus an dáta a bhfuarthas an tordú baint anuas:
    ………………………………………………………………………………….……………..

    ROINN B:

    An tábhar sceimhlitheoireachta/rochtain ar an ábhar sceimhlitheoireachta atá faoi réir ag an ordú baint anuas (cuir tic sa bhosca cuí):

       baineadh anuas é

       Rinneadh an rochtain air a dhíchumasú

    An tam agus an dáta ar baineadh an tábhar anuas nó a ndearnadh rochtain air a dhíchumasú..................................................................

    ROINN C: Sonraí an tseolaí

    Ainm an tsoláthraí seirbhísí óstála/an ionadaí dhlíthiúil:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Ballstát na príomhbhunaíochta nó bhunaíocht an ionadaí dlí: ………………………………………………………………………………….……………..

    Ainm an duine údaraithe:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Sonraí an phointe teagmhála (ríomhphost): ……………………………………………………………………….

    Dáta:

    ………………………………………………………………………………….……………..



    IARSCRÍBHINN III

    FAISNEIS MAIDIR LE DODHÉANTACHT AN tORDÚ BAINT ANUAS A CHUR I gCRÍCH (Airteagal 4(6) agus (7) de Rialachán (AE) xxx)

    ROINN A:

    Seolaí an ordaithe baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    An túdarás a d’eisigh an tordú baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Tagairt chomhaid an údaráis eisiúna:
    ………………………………………………………………………………….……………..

    Tagairt chomhaid an tseolaí:
    ………………………………………………………………………………….……………..

    An tam agus an dáta a bhfuarthas an tordú baint anuas:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    ROINN B: Na cúiseanna nár cuireadh an tordú i gcrích

    (i) Ní féidir an tordú baint anuas a chur i gcrích nó a chur i gcrích roimh an sprioc-am a iarradh ar an gcúis/na cúiseanna seo a leanas:

       force majeure nó dodhéantacht de facto nach bhfuil le leagan ar an seolaí ná ar an soláthraí seirbhísí

       tá earráidí follasacha san ordú baint anuas

       tá an tordú baint anuas ar easpa faisnéise

    (ii) Cuir breis faisnéise ar fáil faoi na cúiseanna nár cuireadh an tordú i gcrích:

    ………………………………………………………………………………………………….

    (iii) Má tá earráidí follasacha san ordú baint anuas agus/nó má tá sé ar easpa faisnéise, abair go sonrach cé na hearráidí iad féin, agus cén fhaisnéis nó cén soiléiriú breise atá de dhíth:

    ………………………………………………………………………………………………….

    ROINN H: Sonraí an tsoláthraí seirbhísí/an ionadaí dlí

    Ainm an tsoláthraí seirbhísí/an ionadaí dlí:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Ainm an duine údaraithe:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Sonraí teagmhála (ríomhphost):

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Síniú:

    ………………………………………………………………………………….……………..

    Am agus dáta: ………………………………………………………………………………….……………..

    (1)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L ...).
    (2)    Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le cosc a chur le scaipeadh ábhair sceimhlitheoireachta ar líne (IO L ...).
    (3)    Tharlódh nach mbeadh gá le síniú más trí na bealaí fíordheimhnithe a leagadh an tordú isteach.
    Top