AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,11.3.2016
SWD(2016) 56 final
DOICIMÉAD INMHEÁNACH OIBRE DE CHUID AN CHOIMISIÚIN
ACHOIMRE FEIDHMIÚCHÁIN AR AN MEASÚNÚ TIONCHAIR
a ghabhann leis an doiciméad
Togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle
maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla, lena leasaítear Rialacháin (CE) Uimh. 1967/2006, (CE) Uimh. 1098/2007 agus (CE) Uimh. 1224/2009 ón gComhairle agus Rialacháin (AE) Uimh. 1343/2011 agus (AE) Uimh. 1380/2013 ón gComhairle agus ó Pharlaimint na hEorpa agus lena n‑aisghairtear Rialacháin (CE) Uimh. 894/97, (CE) Uimh. 850/98, (CE) Uimh. 2549/2000, (CE) Uimh. 254/2002, (CE) Uimh. 812/2004 agus (CE) Uimh. 2187/2005 ón gComhairle
{COM(2016) 134 final}
{SWD(2016) 57 final}
Níl freagrach as an tuarascáil seo ach seirbhísí an Choimisiúin a bhí páirteach san ullmhúchán, gan dochar d'aon chinneadh críochnaitheach a dhéanfaidh an Coimisiún
|
Bileog Achoimre Feidhmiúcháin
|
|
Measúnú tionchair ar an togra le haghaidh Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle maidir le hacmhainní iascaigh a chaomhnú agus éiceachórais mhuirí a chosaint trí bhearta teicniúla
|
|
A. An gá le bearta
|
|
Cén fáth? Cad í an fhadhb a bhfuiltear ag díriú uirthi?
|
|
Níl an córas beart teicniúil (31 Rialachán) atá i bhfeidhm i láthair na huaire oiriúnach a thuilleadh chun cuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh nua a bhaint amach. I dtaca leis na bearta atá ann faoi láthair,
tá siad bunaithe ar dhreasachtaí diúltacha atá comhéigneach ar an gcuid is mó de agus atá ina gcuid de chóras rialachais a fheidhmíonn ón mbarr anuas, rud a chothaíonn drochiontaoibh i measc geallsealbhóirí óir tuigtear dóibh go bhfuil na bearta sin éagothrom agus ní chuireann siad i bhfeidhm iad dá dhroim sin;
ní féidir a dtionchar a mheas a fhad a bhaineann le cuspóirí caomhnaithe an Chomhbheartais Iascaigh a bhaint amach;
tá an iomarca díobh ann agus tá siad róchasta, rud a fhágann gur deacra fós iad a chur i bhfeidhm agus a rialú;
rialaíonn siad an iomad gnéithe d'oibríochtaí iascaireachta, rud a laghdaíonn muinín lucht na hearnála sin astu;
is beag dreasacht atá iontu chun iascaireacht roghnaíoch a dhéanamh ós rud é gur féidir éisc a aischur, speicis leochaileacha a ghabháil nó díobháil a dheanamh do ghrinneall na farraige gan chostas; agus
níl siad chomh maith is a d'fhéadfaidís a bheith a fhad a bhaineann le cuspóirí ginearálta beartais éiceolaíochta agus comhshaoil a bhaint amach.
Is í an earnáil gabhála (tuairim is 82,000 soitheach; 98,500 coibhéis lánaimseartha) is mó atá thíos leis sin ar fad.
|
|
Cad leis a bhfuiltear ag súil ón tionscnamh seo?
|
|
Is éard is aidhm don tionscnamh seo:
(1)an leas is mó is féidir a bhaint as bearta teicniúla d'fhonn príomhchuspóirí an Chomhbheartais Iascaigh nua a tháinig i bhfeidhm an 1 Eanáir 2014 a bhaint amach.
(2)an tsolúbthacht a chruthú a theastaíonn chun bearta teicniúla a choigeartú trí chineálacha cur chuige réigiúnacha (atá ag luí le cuspóirí dhlí an Aontais Eorpaigh) a éascú.
(3)na rialacha reatha a shimpliú chun go mbeidh siad ag luí le Clár an Choimisiúin um Oiriúnacht agus Feidhmíocht Rialála. Tá na rialacha reatha róchasta agus is deacair iad a fhorfheidhmiú; thiocfadh de shimpliú a dhéanamh laghdú ar chostais riaracháin agus ar an ualach riaracháin. Tugann an tionscnamh aghaidh freisin ar an ngá atá le simpliú a dhéanamh ar bhearta teicniúla a leagadh amach roimhe seo i dTeachtaireacht ón gCoimisiún maidir le cur chun feidhme an Chomhbheartais Iascaigh.
|
|
Cén breisluach atá ag bearta ar leibhéal an Aontais?
|
|
De réir Airteagal 3(1d) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh, is faoi inniúlacht eisiach an Aontais Eorpaigh a thig forálacha maidir le caomhnú acmhainní bitheolaíocha muirí. Dá bhrí sin, níl feidhm ag prionsabal na coimhdeachta maidir leis na forálacha sin. Mar sin féin, tá coincheap an réigiúnaithe de dhlúth agus d'inneach an mholta sin, agus de réir an choincheapa sin ba cheart do na Ballstáit comhar a dhéanamh ar an leibhéal réigiúnach d'fhonn bearta caomhnaithe a cheapadh agus a chur chun feidhme.
|
|
B. RÉITIGH
|
|
Cad iad na roghanna beartais reachtacha agus neamhreachtacha a breithníodh? An bhfuil rogha tosaíochta ann? Cén fáth?
|
|
Sa chás bunlíne choinneofaí an 31 Rialachán atá ann i láthair na huaire.
Rogha 1: Comhdhlúthú – Rialachán nua agus raon feidhme teoranta leis a thabharfadh le chéile agus a chomhdhlúthódh in aon Rialachán amháin rialacha comhchoiteanna ach san am céanna bheadh na rialacha a bhaineann le réigiúin shonracha faoi mar atá siad sna rialacháin reatha. Thiocfadh próiseas an réigiúnaithe i gceist i gcás ina ndéanfadh na Ballstáit moltaí comhpháirteacha ina gcuid pleananna ilbhliantúla.
Rogha 2: Creat – Rialachán réime ina mbeadh na nithe seo: forálacha ginearálta agus caighdeáin chomhfhreagracha; rialacha comhchoiteanna agus forálacha teicniúla; caighdeáin íosta de réir réigiúin a bheadh ag freagairt do thorthaí sainaitheanta a d'fhéadfaí a úsáid mar bhearta réamhshocraithe i ndáil le próiseas an réigiúnaithe. Na caighdeáin íosta agus na bearta teicniúla réamhshocraithe a fhreagraíonn do na cuspóirí, bheidís araon infheidhme mura rud é agus go dtí go gceapfar bearta réigiúnaithe agus go dtabharfar isteach mar chuid de dhlí an Aontais iad. Tá forogha (2.1) ann, mar atá, rialachán réime agus gan aon chaighdeán íosta leagtha síos ann a thabhairt isteach.
Rogha 3: Deireadh a chur leis na rialacha reatha – formhór na rialachán atá ann cheana a aisghairm (seachas bearta caomhnaithe dúlra atá fíor-riachtanach). Dá mbeadh gá níos faide anonn le bearta teicniúla, is ar bhonn réigiúnach, trí na pleananna ilbhliantúla, a thabharfaí isteach iad. Glactar leis sa rogha seo gur beart í an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír atá dírithe inti féin ar thorthaí agus gur iascaigh ghlana an toradh atá ceaptha a bheith uirthi.
Is de dhroim rogha 2 is dóichí a bhainfear amach na cuspóirí atá leagtha amach agus tá cinnteacht áirithe ann dá droim go leanfar de chuspóirí caomhnaithe a bhaint amach fad is a bheidh próiseas an réigiúnaithe á fhorbairt.
|
|
Cé atá i bhfách cén rogha?
|
|
Níor mheas aon cheann de na geallsealbhóirí go bhféadfaidís glacadh leis an gcás bunlíne.
Is beag tacaíocht a thug aon cheann de na príomh-gheallsealbhóirí do Rogha 1.
Thacaigh cuid den earnáil gabhála, cuid de na Ballstáit agus roinnt eagraíochtaí neamhrialtasacha le Rogha 2. Bhí tuairimí éagsúla ag na geallsealbhóirí i dtaobh ábhar an chreata. Rinne an earnáil gabhála áiteamh ar son creat gan caighdeáin íosta (forogha 2.1) ann ach chuir na Ballstáit, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus cuid de na Comhairlí Comhairleacha ina choinne.
Bhí codanna áirithe den earnáil gabhála i bhfábhar Rogha 3 ach dhiúltaigh na Ballstáit, na heagraíochtaí neamhrialtasacha agus codanna eile den earnáil gabhála di toisc gur mheas siad gur straitéis mhórphriacail í.
|
|
C. Tionchar rogha na tosaíochta
|
|
Cad iad sochair rogha na tosaíochta (más ann dóibh; murab ann dóibh, cad iad na príomhshochair)?
|
|
Dea-thionchar eacnamaíoch a thiocfadh den rogha sin ar an ábhar go gcuirfí próiseas an réigiúnaithe chun cinn de thoradh an chur chuige chreat-bhunaithe, rud a bheadh ina chuidiú le huastáirgeacht inbhuanaithe a chinntiú do na stoic éisc uile, le gabhálacha neamhbheartaithe a laghdú agus le dea-stádas comhshaoil a bhaint amach faoi chuimsiú na Creat-Treorach um Straitéis Mhuirí. Ba é a bheadh mar thoradh air sin deiseanna iascaireachta a mhéadú agus ioncam a mhéadú (faoi 10–40 %, isteach is amach leis) de dhroim éisc de chineál níos mó agus níos luachmhaire a ghabháil. Thiocfadh feabhas air sin de réir a chéile.
De thoradh na rogha sin ba cheart go bhféadfaí leibhéil fostaíochta a chobhsú go tapa agus breis fostaíochta a chruthú freisin, b'fhéidir. A luaithe a bhainfí amach leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe, thiocfadh méadú ar na deiseanna iascaireachta a bheadh ann (méadú 20 % ar a laghad faoin mbliain 2020). D'fhéadfaí poist nua a chruthú san earnáil gabhála de bharr méadú mór den sórt sin. Mhéadófaí ioncam agus pá freisin de thoradh stoic éisc inbhuanaithe a iascach, rud a mheallfadh tuilleadh fostaithe chun na hearnála. Mhéadófaí faoi dhó nach mór an meánphá de thoradh na hiascaireachta inbhuanaithe.
Bheadh dea-thionchar aige sin ar an gcomhshaol. Dhéanfaí an t-aistriú go córas an réigiúnaithe a bhainistiú trí bhíthin an chreata agus d'áiritheofaí dá dhroim nach gcuirfí cuspóirí inbhuanaitheachta comhshaoil an Chomhbheartais Iascaigh i mbaol. Dhéanfaí tairbhe do na stoic éisc i bhfad na haimsire agus b'fhearr mar a d'fhéadfaí na speicis íogaire agus na gnáthóga íogaire a chosaint.
|
|
Cad iad costais rogha na tosaíochta (más ann dóibh; murab ann dóibh, cad iad na príomhchostais)?
|
|
|
|
Cén difear a dhéanfar do ghnólachtaí, d'fhiontair bheaga agus mheánmhéide agus do mhicrifhiontair?
|
|
Ba lú na costais riaracháin agus an t-ualach riaracháin a bheadh ann ar an ábhar go ndéanfaí na rialacháin reatha a shimpliú láithreach bonn agus go mbeadh ról níos mó ag na Comhairlí Comhairleacha i dtaca le bearta teicniúla a cheapadh. Ina theannta sin, dá rachfaí san fhadtéarma i muinín córais a bheadh bunaithe ar thorthaí leanfadh de sin go ndéanfaí tuilleadh simplithe ar na bearta teicniúla cé gur ar an earnáil gabhála a bheadh an dualgas cruthúnais feasta.
|
|
An mbeidh tionchar mór ar bhuiséid náisiúnta agus ar údaráis riaracháin náisiúnta?
|
|
De dhroim an aistrithe go córas an réigiúnaithe thitfeadh costais bhreise (€80,000–120,000 a mheastar) ar na comhlachtaí riaracháin náisiúnta, is é sin costais aon phlean ilbhliantúil amháin a ullmhú. Ní bhaineann na costais sin ar fad go díreach le bearta teicniúla toisc nach bhfuil i gceist leo ach cuid de phleananna den sórt sin. Bheadh na costais sin tús-ualaithe den chuid is mó fad is a bheadh na pleananna sin á gceapadh. Sa ghearrthéarma laghdófaí na costais rialaithe de thoradh an tsimplithe cé go dtiocfadh costais bhreise as cur chun feidhme na hoibleagáide gabhálacha a thabhairt i dtír. San fhadtéarma ba cheart go dtiocfadh laghdú mór ar chostais rialaithe go háirithe má ghlacann na réigiúin córas bainistíochta chucu féin atá bunaithe ar thorthaí, rud a laghdódh an gá a bheadh le rialacha róshaintreoracha ar muir a fhorfheidhmiú. I láthair na huaire baineann costais an-mhór le bearta teicniúla ar muir a fhorfheidhmiú.
|
|
An mbeidh aon tionchar mór eile ann?
|
|
An cur chuige atáthar a mholadh, simpleoidh sé an struchtúr reachtach mar leanas: cuirfear aon Rialachán amháin in áit gach cuid de shé cinn de Rialacháin, in áit codanna de thrí cinn de Rialacháin agus déanfar deich gcinn de Rialacháin de chuid an Choimisiúin a aisghairm dá thairbhe. Is dóigh dhíreach é sin le córas an réigiúnaithe a chur ar bun i gcomhréir leis an gComhbheartas Iascaigh.
|
|
D. Obair leantach
|
|
Cathain a dhéanfar athbhreithniú ar an mbeartas?
|
|
Ba cheart go ndéanfaí meastóireacht ex-post roimh an mbliain 2020 tráth a bheidh an oibleagáid gabhálacha a thabhairt i dtír ag feidhmiú mar is ceart agus tráth a bhainfear amach leibhéil uastáirgeachta inbhuanaithe do na stoic éisc uile agus dea-stádas comhshaoil do na héiceachórais mhuirí. Cuirfear torthaí na meastóireachta sin san áireamh agus meastóireacht shiarghabhálach an Chomhbheartais Iascaigh ar siúl ón mbliain 2022 amach.
|