AN COIMISIÚN EORPACH
An Bhruiséil,24.6.2015
COM(2015) 318 final
2013/0410(COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
an seasamh ón gComhairle maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart
2013/0410 (COD)
TEACHTAIREACHT ÓN gCOIMISIÚN
CHUIG PARLAIMINT NA hEORPA
de bhun Airteagal 294(6) den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh
maidir leis an
an seasamh ón gComhairle maidir le Rialachán ó Pharlaimint na hEorpa agus ón gComhairle a ghlacadh lena leasaítear Rialachán (CE) Uimh. 515/97 ón gComhairle maidir le cúnamh frithpháirteach idir údaráis riaracháin na mBallstát agus maidir le comhar idir údaráis riaracháin na mBallstát agus an Coimisiún chun a áirithiú go gcuirfear an dlí ar ábhair chustaim agus ar ábhair thalmhaíochta i bhfeidhm mar is ceart
1.Cúlra
|
An dáta a seoladh an togra chuig Parlaimint na hEorpa agus chuig an gComhairle
(doiciméad COM(2013) 0796 final – 2013/0410 COD):
|
25.11.2013.
|
|
Dáta an tseasaimh ó Pharlaimint na hEorpa, an chéad léamh:
|
18.03.2014.
|
|
An dáta a glacadh an seasamh ón gComhairle:
|
15.06.2015.
|
2.Cuspóir an togra ón gCoimisiún
Glacadh an togra ón gCoimisiún lena leasaítear Rialachán 515/97 an 25 Samhain 2013. Is é is príomhaidhm dó an comhrac i gcoinne na calaoise custaim ag leibhéal an Aontais agus ag an leibhéal náisiúnta araon a éascú trí infhaighteacht sonraí um allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras mar aon le sonraí faoi ghluaiseachtaí coimeádán a fheabhsú. Fairis sin, féachann an togra lena chinntiú go mbeidh fáil go tráthúil ar dhoiciméid tacaíochta atá i seilbh na noibreoirí eacnamaíocha. Ina theannta sin, is aidhm don togra soiléiriú a dhéanamh ar an bhféidearthacht úsáid a bhaint as faisnéis a fuarthas trí chúnamh frithpháirteach mar fhianaise in imeachtaí coiriúla agus riaracháin sna Ballstáit. Is iad seo a leanas príomheilimintí an togra: eolaire láraithe de Theachtaireachtaí Stádas Coimeádáin (CSManna) a chruthú; eolaire allmhairiú, onnmhairiú agus idirthuras a chruthú; soiléiríonn sé freisin an fhéidearthacht úsáid a bhaint as faisnéis a fuarthas trí chúnamh frithpháirteach mar fhianaise in imeachtaí coiriúla agus riaracháin; agus sonraíonn an nós imeachta chun go bhfaigheadh an Coimisiún doiciméid tacaíochta atá i seilbh na noibreoirí eacnamaíocha.
3.Nótaí tráchta maidir leis an seasamh ón gComhairle
Tacaíonn seasamh na Comhairle a bheag nó a mhór le gnéithe lárnacha den togra ón gCoimisiún, agus déantar roinnt athruithe ar na sonraí. I measc na leasuithe tá soiléiriú nach féidir an fhaisnéis a fuarthas trí chúnamh frithpháirteach a úsáid mar fhianaise in imeachtaí breithiúnacha ach amháin i gcás nach ndéanann an Ballstát a sheol an fhaisnéis agóid ina choinne sin. Leathnaíonn an suíomh freisin an leasú a bhaineann le hinghlacthacht fianaise chun faisnéis a fuarthas trí shásra cúnamh spontáineach a chumhdach; teorannaíonn sé raon feidhme na sonraí a bheidh le cur san áireamh sna heolairí atá beartaithe; cuireann sé isteach foráil a rialaíonn na smachtbhannaí má theipeann ar na hiompróirí CSManna a thuairisciú; díothaíonn sé an fhoráil maidir le haistriú sonraí ó na heolairí atá beartaithe chuig eagraíochtaí idirnáisiúnta agus gníomhaireachtaí an Aontais; agus déanann sé mionathrú ar an nós imeachta maidir le doiciméadú tacaíochta ón gCoimisiún a fháil.
Tacaíonn an Coimisiún leis na leasuithe sin.
Tar éis an phlé thríthaobhaigh neamhfhoirmiúil an 11 Samhain 2014, an 10 Nollaig 2014 agus an 18 Nollaig 2014 tháinig an Pharlaimint, an Chomhairle agus an Coimisiún ar chomhaontú polaitiúil sealadach maidir le téacs an leasaithe ar Rialachán 515/97.
Dheimhnigh an Chomhairle an comhaontú polaitiúil an 10 Meitheamh 2015, agus an 15 Meitheamh 2015 ghlac an Chomhairle a seasamh ar an gcéad léamh.
4.Conclúid
Toisc gur pléadh na leasuithe uile a tugadh isteach ar an togra ón gCoimisiún le linn na ndíospóireachtaí tríthaobhacha neamhfhoirmiúla, is féidir leis an gCoimisiún glacadh leis na leasuithe a ghlac an Chomhairle ina seasamh ar an gcéad léamh.